Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
moltóra Fhrancaigh a French adjudicator
" Cuireadh i leith moltóra Fhrancaigh go ndearna sí leatrom ar an fhoireann Cheanadach.
na nImpriseanaithe Francacha the French Impressionists
" Dúirt Tom liom go raibh cuimhne aige ar na taispéantais luatha seo, go háirithe grianghrafanna a tháinig ón Ghearmáin i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus ar thaispeántais na nImpriseanaithe Francacha.
Guiana Francach French Guyana
" " Mar a dúirt sé ar an gclár, bhí Guiana Francach ró-chiúin dó.
mar a mhúintear an Fhraincis as French is taught
" Ba cheart go mbeadh curaclam ann, dar léi, ina leagfaí béim ar mhúineadh na Gaeilge mar a mhúintear an Fhraincis, sin le rá i bhfad níos mó béime bheith ar labhairt na teanga.
mar a mhúintear an Fhraincis as French is taught
" Ba cheart go mbeadh curaclam ann, dar léi, ina leagfaí béim ar mhúineadh na Gaeilge mar a mhúintear an Fhraincis, sin le rá i bhfad níos mó béime bheith ar labhairt na teanga.
modúl roghnach Fraincise an optional French module
" Cuirfear oiliúint orthu i nGaeilge agus i mBéarla, i scileanna oifige, ríomhairi agus riaracháin, agus beidh modúl roghnach Fraincise i gceist.
tá na Francaigh ar an dream is measa a casadh orm riamh, the French are the worst group I have ever met
" Admhaím nach bhfuil mé rómhaith ag teangacha, ach tá na Francaigh ar an dream is measa a casadh orm riamh, ó thaobh teangacha de, agus mé ag plé le heachtrannaigh agus a dteangacha dúchais.
bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, I always want to practise my French
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
Fraincis fhoirfe perfect French
" Ach mar sin féin, do dhream a bhíonn ag dréim le Fraincis fhoirfe ó achan duine eile, ar thug tú faoi deara riamh an chaint a bhíonn ag na Francaigh in Éirinn? Tá an tír seo lán eachtrannach, as achan chearn den domhan.
Tá an tír seo lán eachtrannach, this country is full of French people
" Ach mar sin féin, do dhream a bhíonn ag dréim le Fraincis fhoirfe ó achan duine eile, ar thug tú faoi deara riamh an chaint a bhíonn ag na Francaigh in Éirinn? Tá an tír seo lán eachtrannach, as achan chearn den domhan.
go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn. that they might as well be speaking French to us
" Ach na Francaigh – thiocfadh leo a bheith sa tír le tríocha bliain agus bíonn Béarla s’acu chomh “*t’ick*” go mbeadh sé chomh maith acu Fraincis a labhairt linn.
ag gearán faoi na Francaigh bhochta complaining about the poor French
" Ní theastaíonn uaim a bheith ag gearán faoi na Francaigh bhochta i ngach alt a scríobhaim, ach caithfidh mé a rá gur ar éigean a gheobhaidh tú *après-ski* sa Fhrainc.
Ceanadach-Francach, French-Canadian
" Léirigh sé, mar a luadh cheana, clár dar teideal “Rocky World” faoin gceoltóir Ceanadach-Francach, Daniel Lanaois.
luthier French word: someone who makes or repairs stringed instruments
" Lá amháin, agus mé ag tabhairt cuairte ar mo *luthier*, Conor Russell, chonaic mé an veidhlín seo ar an gcornchlár.
Frangais French
" Ciamar a cuireas mi a-steach iarrtas?Lìon foirm-iarrtais (gu h-ìosal) agus cuir thugainn e le briathran an òrain (le eadar-theangachadh dhan Bheurla no am Frangais) agus clàradh dhed òran air CD no mp3.
bpictiúrlanna na Fraince French cinemas
" Agus is é seo an cúlra atá ag an scannán ‘Welcome’ de Philippe Lioret atá á thaispeáint i bpictiúrlanna na Fraince le sé seachtaine anuas.
stair na Fraince French history
" Dar leis an staraí Jean-Pierre Rioux ina leabhar De Gaulle, La France à Vif, b’eachtra ar leith an Appel du 18 juin i stair na Fraince san fhichiú haois, eachtra a léirigh go raibh todhchaí na Fraince ag brath ar dhuine amháin, eachtra a thug dóchas don phobal.
rialtas na Fraince the French Government
" Theith rialtas na Fraince, rialtas Paul Reynaud, go Bordeaux ar an deichiú lá Meitheamh.
dúshlán na bhFrancach the French challenge
" Chuaigh scoth ár bhfear amach thar toinn d’fhonn urraim na Poblachta a ardú agus chun dúshlán na bhFrancach a thabhairt.
dhaonra na Fraince the French population
" 4% de dhaonra na Fraince os cionn na dtrí scór; i mbliana, is ionann agus 22.
Fhrithbheartaíocht na Fraince the French Resistance
" Ceantar foréigneach baolach a bhí ann, agus i 1944 rinne na Naitsithe ár uafásach ar fhir an bhaile mar dhíoltas ar ghníomhartha Fhrithbheartaíocht na Fraince sa dúiche.
mhuintir na Fraince the French
" Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith, de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.
Mhúscail Muirthéacht na Fraince the French Revolution awakened
" ) Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin.
ifreann na Fraince the French hell
" Tagann na híomhánna liteartha agus na seanléachtaí staire aniar aduaidh orainn ina slaoda i mBirdsong agus ifreann na Fraince idir 1914-1918 á shamhlú ag Faulks, ach níor thit an leabhar isteach i ndol Fussell.
nach dtiocfadh fás faoi gheilleagar (French) economy shall not grow
" Agus mar bharr ar gach donas, bhí ar an Uachtarán Sarkozy a admháil le pobal na Fraince ag deireadh 2011 nach dtiocfadh fás faoi gheilleagar na Fraince le linn 2012.
rian na Fraince the French influence
" Ceol Shráid na Boirbe ========== Ar ndóigh, d'fhan rian na Fraince ar an gcathair fiú tar éis Mhargadh Napoléon, ach gan baint polaitiúl a bheith ag an bhFrainc leis an áit, thosaigh saíocht na Fraincise ag dul i laige sa 19ú haois, go háirithe agus inimircigh na hÉireann agus na hIodáile ag plódú isteach.
an Fhraincis chaighdeánach standard French
" Ba ghearr gur thuig mé, ces móite de bheagán canúnachais, gurbh í an Fhraincis chaighdeánach a bhi á labhairt sa mbistro, agus ar fud réigiún na Vallúine dá réir.
ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le French planes attacked
" ’ Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
Níl gar ná gaobhar ag an Fhraincis French isn’t next or near
" Níl gar ná gaobhar ag an Fhraincis, fágaim, ar an Pholainnis ó thaobh líon cainteoirí cumasacha in Éirinn faoi láthair.
Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh school French, French that ‘wouldn’t put the cat out’
" Tá cam muiníl, nó skewing, ar uimhreacha líon na gcainteoirí Francaise sa daonáireamh, dar liom, cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha go bhfuil líofacht na Francaise acu, nuair nach bhfuil acu ach Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh.
rialtas na Fraince ag cur coisc ar the French government banning
" Ag an tréimhse chéanna nuair a bhí rialtas na Fraince ag cur coisc ar an chomórtas seo ina bhfuil béim faoi léith curtha ar áilleacht agus ar chur i láthair na bpáistí—bhí an chéad cheann riamh den chineál chomórtas Mheiriceánach seo ar siúl abhus in Éirinn i mí Meán Fómhair.
Lantán an Aitinn Ghallda place of the French whin/furze
" (7ú Samhain 2013) Scéal Gwen atá sa scannán, bean óg a fhilleann ar a leithinis dúchais, Lann Vras (Lantán an Aitinn Ghallda), tar éis cúig bliana i Meiriceá Theas.
rialtas na Fraince of the French government
" De dheasca claonadh lárnú rialtas na Fraince, is fada a bhí drochamhras ag an stáit ar theangacha ceantair, amhail an Bhriotáinis.
ag cleachtadh do chuid Fraincise practising your French
" Tá frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.
stair na Fraince French history
" Am corrach i stair na Fraince atá faoi thrácht ag PJ Mac Gabhann as Páras.
muintir na Fraince the French people
" Beidh muintir na Fraince ag díriú a n-aird i mbliana ar an té sin sa chomharsain nach gcuimhnítear air de ghnáth.
Alpa na Fraince the French Alps
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
Léaró lucht na Fraincise a glimmer of light from the French speakers
" Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.
Canúint láir na Francaise a centralized dialect of French
" Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.