a léiríonn
which shows
Cad é atá ar siúl in Éirinn faoi láthair?
Tá fianaise ag teacht chun cinn an t-am ar fad na laethanta seo
a léiríonn go bhfuil caimiléireacht fhadbhunaithe i gceist i go leor réimsí de chuid na sochaí.
rud a léiríonn
which shows
" Agus ón lá sin bíonn cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag tarraingt ar an reilig chun bláthanna a fhágail ar an leacht,
rud a léiríonn tionchar an Éireannaigh seo.
a léiríonn
which shows
Chun an cruinneas i do cheantar féin a mheas, is féidir léarscáil a fháil
a léiríonn na haeróga ar fad i gceantar faoi leith ar an suíomh gréasáin cuimsitheach atá ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide anseo in Éirinn (www.
a léiríonn
which shows
Ach tá go leor eolais tar éis teacht chun cinn
a léiríonn gur lean MI6 air ag feidhmiú sa stát seo.
a léiríonn
which show
Chuir an Coimisiún figiúirí nua ar fáil le gairid
a léiríonn cuid de na contrárthachtaí a bhaineann le polasaithe talmhaíochta an Aontais Eorpaigh.
mar a léiríonn an stair dúinn
as history shows us
I gcúrsaí spóirt, chomh maith le cúrsaí eile an tsaoil,
mar a léiríonn an stair dúinn, tagann deireadh le gach réimeas agus gach ríocht dá fhad iad.
a léiríonn an íomhá
which show the image
Is tréith thábhachtach é sin mar itheann na ceamaraí digiteacha cadhnraí - go háirithe toisc go mbíonn go leor cumhachta á shú ag an scáileán beag "teilifíse" ar na ceamaraí
a léiríonn an íomhá.
a léiríonn
which shows
Anuas air seo, tá Brainse Speisialta an Gharda Síochána tar éis a chur in iúl don Bhreitheamh Cory le déanaí go bhfuil eolas acu siúd
a léiríonn gur eagraigh an IRA luíochán ar thrí bhóthar éagsúla an lá céanna agus, dá bharr seo, nach gá go raibh aon réamheolas ag an IRA maidir leis an mbóthar ar a bhfillfeadh an bheirt oifigeach abhaile.
nach léiríonn go soiléir
who doesn't show clearly
Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir
nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
Léiríonn tuairiscí eitleoireachta
aviation reports show
Léiríonn tuairiscí eitleoireachta go ndeachaigh an t-eitleán as Caireo go Washington an lá dár gcionn agus gur stad sé sa tSionainn fá choinne breosla.
rud a léiríonn
which shows
Deir Aer Lingus gur cuireadh go leor de na suíocháin seo in áirithe sa chéad trí mhí de 2005,
rud a léiríonn go raibh sé socraithe i bhfad siar ag daoine gur i Nua-Eabhrac a dhéanfadh siad siopadóireacht na Nollag.
Léiríonn dhá ráiteas an aeróstaigh
the two statements of the air steward show
Léiríonn dhá ráiteas an aeróstaigh an teannas atá ann in intinn phobal Mheiriceá i gcoitinne.
mar go léiríonn sé
because it shows
Cinneadh an-tromchúiseach ab ea é seo
mar go léiríonn sé nach dócha go scaoilfí an buneolas faoin iarratas bréige amach dá ndéanfaí é a lorg tríd an bhealach oifigiúil atá leagtha amach ag an Stát.
fiafraím di an léiríonn sé sin
I ask her if that shows
”
Tá go leor amhrán comhaimseartha ar an dlúthdhiosca seo, cinn le Richard Thompson agus Gerry O'Beirne ina measc, agus
fiafraím di an léiríonn sé sin go measann sí go bhfuil na hamhráin thraidisiúnta rótheoranta, ó thaobh ábhair agus mothúchán de.
a léiríonn
which show
Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil
a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
a léiríonn
which show
Mar sin féin, an mhí seo caite, agus an chaint ar fad ar siúl faoin scannán The Da Vinci Code,tharla dhá eachtra
a léiríonn go bhfuil deacracht fós ag an eaglais le daoine a nochtann tuairimí atá contrártha le creideamh na heaglaise.
go léiríonn sé
that it shows
Is dóigh liom
go léiríonn sé nach bhfuil an spórt chomh tábhachtach dom is a cheapas.
rud a léiríonn
which shows
Tá an t-eagrán aige den *An tOileánach* tiomnaithe do Kelleher,
rud a léiríonn an meas atá ag an gCoileánach air.
rud a léiríonn
which shows
Bhí sí ar tí imeacht go Meiriceá Theas nuair a bhuail mise léi agus trí seachtaine a chaitheamh ansin ar saoire,
rud a léiríonn go bhfuil dearcadh an-sláintiúil aici i leith na hoibre.
léiríonn na figiúirí
the figures show
Arís eile,
léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
a léiríonn
which show
Ach tá ráitis ag teacht on pháirtí
a léiríonn go bhfuil imní ag teacht orthu.
ní léiríonn ceann ar bith acu chomh hiontach is atá sé.
not one of them shows how wonderful it is.
Is dócha go bhfuil na céadta pictiúr feicthe ag gach duine d'Uluru, agus fós féin
ní léiríonn ceann ar bith acu chomh hiontach is atá sé.
léiríonn na torthaí seo
these results show
Dar leis an Ollamh Michael Ryan in OCBÁC,
léiríonn na torthaí seo na deiseanna ar fad atá ar fáil d’iarchéimithe ríomhaireachta faoi láthair.
a léiríonn radharcanna sealgaireachta
which depict hunting scenes
Tá snoíodóireacht iontach air,
a léiríonn radharcanna sealgaireachta agus an Rí Dáibhí ón Sean-Tiomna.
Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir.
The statistics show that clearly.
Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir.
léiríonn sé
it shows
Agus
léiríonn sé go raibh Ennis é féin an-ghéarchúiseach faoina sheinm agus go raibh cur chuige comhfhiosach aige.
léiríonn sé meas
he shows respect
Iompraíonn sé é féin gan sotal agus
léiríonn sé meas ar chuile dhuine a gcasann sé leis.
má léiríonn an pobal
if the public display
Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin
má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
Léiríonn leabhar na gcuairteoirí
the visitors' book shows
Léiríonn leabhar na gcuairteoirí go dtagann daoine anseo go rialta.
go léiríonn fianaise DNA
that DNA evidence shows
Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois
go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
a léiríonn sainfhís an mháistir:
which show the distinctive voice of the master:
In ord a ndéanta, tá na teidil seo a leanas i measc na scannán is fearr
a léiríonn sainfhís an mháistir:
*Smiles of a Summer Night* (1955)
*The Seventh Seal* (1957)
*Wild Strawberries *(1957)
*The Virgin Spring* (1960)
*The Devil’s Eye *(1960)
*Through a Glass Darkly *(1961)
*Winter Light *(1962)
*The Silence *(1963)
*Persona *(1966)
*Cries and Whispers (*1972)
Tá áit acusan ar aon seilf DVDanna agus tá a bhformhór le fáil ar an idirlíon.
léiríonn taighde
research shows
Níl fáil acu ar na seirbhísí seo in ainneoin go
léiríonn taighde gurb iad na fir Éireannacha an t-aon ghrúpa imirceach amháin ar tháinig ísliú ar a n-ionchas saoil i ndiaidh dóibh teacht go Sasana.
Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath
statistics from Dublin Bus show
Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath tionchar mhéadú an tráchta.
rud a léiríonn a laghad measa
something which shows how little respect
Dá bharr sin, tugann lucht leanúna na gcomórtas trialach “cruicéad
pitseámaí” ar na cluichí teoranta mar leasainm,
rud a léiríonn a laghad measa is atá ag na traidisiúnaithe ar an gcineál seo cruicéid.
mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas,
as the statistics in the above paraghraf show
Ach,
mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil i gceist ach tuile agus trá na taoide – nó na bpáirtithe – mar a tharlaíonn go rialta i bpolaitíocht na tíre seo.
léiríonn
show(s), is indicative
Sílim go
léiríonn sraitheanna mar “The X-Factor” an t-uafás faoi chúrsaí ceoil, agus faoi staid an oideachais ceoil ach go háirithe.
léiríonn siad dímheas ar dhaoine eile.
they disrespect other people
Bíonn iompar míchuí ar siúl acu agus
léiríonn siad dímheas ar dhaoine eile.
go léiríonn an eachtra seo
that this incident shows
Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe
go léiríonn an eachtra seo go bhfuil
easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
his decision to resign shows this
Tuigeann an chéad fhear a luadh mothúcháin agus tuairimí an phobail –
léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
Léiríonn an t-eolas seo
this information shows
Léiríonn an t-eolas seo go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí nach bhfuil orthu staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméarachta le trí bliana anuas.
a léiríonn bealach eile
which show another way
Ach tá fiúntas ag baint le siamsaíocht – tá fiúntas i rudaí a osclaíonn do chuid súl, a spreagann ceisteanna agus
a léiríonn bealach eile le smaoineamh ar chúrsaí, nó bealach eile le rud a chur in iúl.
a léiríonn
which shows
Mhair sé go dtí seo leis na ballstáit nua agus tá taighde déanta ag Ollscoil Science-Politique i bPáras
a léiríonn go bhfuil an tAontas Eorpach méadaithe ag feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí anois le 27 ballstát ná mar a bhí sé ag feidhmiú sa dá bhliain roimh an leathnú le 15 ballstát.
mar eachtra a léiríonn go paiteanta
as an event which clearly shows
Breathnaítear ar an tragóid seo
mar eachtra a léiríonn go paiteanta go mbíonn an Afraic, go minic, faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.
Léiríonn torthaí an taighde
the results of the study show
(Paragraf 4)
Léiríonn torthaí an taighde go mbíonn páistí scoile chomh hóg le dhá bhliain déag d’aois á gciapadh ag na bulaithe trí ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí ríomhphoist, fóraim idirlín, seomraí cainte agus suíomhanna greasánaithe shóisialta mar Bebo, Facebook agus MySpace.
léiríonn sé an dealbh den deachtóir
he shows the statue of the dictator
Maraíodh deartháir al-Hamdany faoi réimeas Saddam Hussein agus
léiríonn sé an dealbh den deachtóir a leagadh chun talaimh i mBagdad i lár an chanbháis mar chomhartha go bhfuil deireadh tagtha leis an tseanré.
léiríonn sé go soiléir
it clearly shows
Ach
léiríonn sé go soiléir go bhfuil foinsí eile de dhíth chun fís fhadtéarmach a thabhairt i gcrích.
Léiríonn an cultúr
the culture exemplifies
Léiríonn an cultúr gnéithe de stair na tíre do dhuine agus tugann sé a brí agus a sainiúlacht féin leis.
léiríonn
demonstrate
6 agus ráta dífhostaíochta 10%
D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach
léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
Léiríonn
displays
Léiríonn dearcadh an rialtais gur chuma leo faoin timpeallacht nuair a bhí postanna á gcruthú agus nuair a bhí saol an duine níos rathúla.
léiríonn
shows
Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís,
léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
léiríonn
demonstrates
Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a
léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.
a léiríonn
which demonstrate
Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí
a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
Léiríonn
demonstrate
Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú.
Léiríonn taighde
research demonstrates
Léiríonn taighde agus fianaise go leor gur tábhachtaí le daoine a bheith sona, go bhfuil gaol acu le daoine eile, go bhfuil siad i bpobal a bhfuil nascanna sóisialta le daoine eile, agus ní tharlaíonn sé sin as forbairt gheilleagair.
léiríonn
demonstrates
Ní
léiríonn na staidrimh oifigiúla ach chuid bheag den deacracht.
léiríonn
shows
Ach
léiríonn an toghchán is deireanaí san India go bhfuil muintir na tíre sin ag féachaint ar aghaidh in áit a bheith ag amharc siar.
léiríonn
demonstrate
Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach
léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
Léiríonn
shows
Léiríonn gach tuarascáil a foilsíodh riamh faoi stádas mhuintir dhúchais na hAstráile go bhfuil caighdeán maireachtála i bhfad níos measa acu ná an caighdeán atá ag muintir eile na tíre saibhre seo.
léiríonn
show
Aimsíonn Michael radharcanna a
léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann sé ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann sé ina chuid pictiúr.
léiríonn
demonstrates
Ach tá fianaise ann a
léiríonn go raibh roinnt acu a tharraing trioblóide orthu féin agus ar mhuintir St Germain.
Léiríonn
shows
“
Léiríonn an daonáireamh i dTuaisceart Éireann in 2001 go bhfuil méadú 55% tagtha ar líon na mac léinn a fhaigheann oideachas i ngaelscoileanna i nDoire agus go bhfuil eolas ar an nGaeilge ag 13.
Léiríonn
shows, demonstrates
Léiríonn sé seo go bhfuil an-spéis ag daoine i stair a sinsir.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn taighde de chuid Fáilte Ireland go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
léiríonn
demonstrates, shows
Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach
léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor.
Léiríonn
shows, demonstrates
Léiríonn scéal na Fionlainne go mbíonn athruithe casta agus cuimsitheacha de dhíth chun réiteach a fháil ar bhriseadh den chineál a bhuail an tír seo le déanaí.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá.
léiríonn
shows
”
I gclár faisnéise den chéad scoth dar teideal Defamation a rinne an scannánóir Iosraelach Yoav Shamir faoin bhfrith-Ghiúdachas,
léiríonn an tOllamh Norman Finkelstein an straitéis seo, .
Léiríonn
demonstrates
Ach tuigtear faoi láthair gur féidir leis an pháiste dhá bhliain d’aois idirdhealú a dhéanamh idir cur i gcéill agus an réaltacht – nó idir an súgradh agus an dáiríre!
Léiríonn Alison Gopnik ina leabhar cáiliúil ‘The Philosophical Baby’, go dtuigeann an naíonán nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist nuair a bhíonn siad ag súgradh.
a léiríonn
which shows
Tá gá mór ann do litríocht
a léiríonn an saol ina bhfuil tú.
léiríonn
demonstrates
Cúthaileacht, géilliúlacht agus ceann-fé bhean traidisiúnta na Seapáine a
léiríonn Haru - gamine/ingénue ina bhfuil macallaí Audrey Hepburn, Jean Seberg agus Audrey Tatou le feiscint inti.
léiríonn
demonstrates
Ach
léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
léiríonn
demonstrates
Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é,
léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn bua Chorcaí agus bua chailíní Átha Cliath sa pheil, agus ní den chéad uair é, cé gur minic an díomá seachas an ríméad a bheith mar dhuais i gcúrsaí spóirt gur féidir, gan an misneach a bheith caillte, an bua a bhaint i ndeireadh báire.
léiríonn
is demonstrated
Mar a
léiríonn a ainm, cónaíonn an crogall seo sna haibhneacha, sna seascainn agus sna lochanna fionnuisce intíre i dtuaisceart na hAstráile.
Léiríonn
shows
Léiríonn sé an easpa intleachta atá i gcroí an rialtais anseo nuair atá bearna billiún punt idir luach na ciorruithe atá á thuar ag an Aire Airgeadais, Sammy Wilson (£4bn) agus ag an Chéad-Aire, Peter Robinson (£5bn).
Léiríonn
shows
Léiríonn staidéar i ndiaidh staidéir go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is ‘domhanda’ dá bhfuil ann.
Léiríonn taifid eile
other records show
Inis Oírr Fadradharcach
==============
Léiríonn taifid eile ó Roinn an Taoisigh go raibh deacrachtaí in Oileáin Árainn go mór faoi chaibidil ag an am.
Léiríonn
demonstrates
Cuma na Maitheasa, Ceilt na hAinnise
===============
Léiríonn an tuarascáil leis go bhfuil dlúthcheangal ann idir an bhochtaineacht agus an t-uaigneas.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn sé leis na figiúrí san alt sin go raibh titim 44% in ioncam fógraíochta, idir 2006 is 2010 i nuachtáin Mheiriceánacha, chló agus ar líne san áireamh.
léiríonn
demonstrate
Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a
léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
léiríonn
demonstrate
Ar an drochuair,
léiríonn eachtraí na míosa seo caite sa Bhrasaíl agus san Ísiltír go bhfuil fírinne éigin ag baint leis an dearcadh sin.
Léiríonn sé seo
this shows
Léiríonn sé seo a lárnaí is atá teanga don duine agus don chomhluadar daonna.
léiríonn
shows
Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a
léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí.
má léiríonn tú iarracht
if you show an attempt
Iontas na n-iontas, seasfaidh na carranna díreach romhat
má léiríonn tú iarracht siúl trasna na sráide! Dealraíonn sé go bhfuil daoine i bhfad níos réchúisí ná na hÉireannaigh, go fiú más in ollchathair thú.
Léiríonn
demonstrate
Léiríonn figiúirí díolacháin leithéidí *The Irish Daily Star* agus an *News of the World* go bhfuil ráchairt mhór ar scéalta den chineáil sin in Éirinn.
léiríonn
shows
Níl aon amhras ach gur éirigh go maith le hiarrachtaí na n-údarás thuas líon na gcaiteoirí tobac a laghdú, mar a
léiríonn an staidreamh seo a leanas.
Léiríonn
demonstrate
Léiríonn torthaí PISA 2009 go bhfuil droch-chaighdeán oideachais againn i gcomórtas le tíortha forbartha eile.
léiríonn anam
demonstrates the soul
Má thagann tú ar aon chruthú scáileáin eile i mbliana is fearr a
léiríonn anam, dínit, agus áilleacht an duine, ná fág dall orm é.
Léiríonn géarchéim an euro
the euro Crisis shows
“Na daoine!” arsa Jiabao go magúil, “nach bhfuil tanc ar bith agaibh?”
Léiríonn géarchéim an euro gur ar éigean a éiríonn le tíortha daonlathacha cos a choinneáil leis na hathruithe móra gasta a thagann ar chúrsaí airgeadais.
Léiríonn comhaid
files reveal
Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur éirigh le Ann agus Eileen Gillespie, as an Bhun Beag, Gaoth Dobhair litreacha a smuigleáil ó sciathán speisialta i bPríosún Durham agus a chur faoi bhráid cheannairí an rialtais.
Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta
cabinet meeting minutes show
Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta ón bhliain 1981 go mb’éigean don stát teacht i gcuidiú le linn na bliana sin ar ocht gcomhlacht a fuair deontais ón Údarás nó ó Ghaeltarra roimhe sin.
léiríonn
demonstrates
Tharla dhá rud spéisiúla le linn na dturas an dá oíche chuig an gcoláiste, ceann amháin a
léiríonn fláithiúlacht agus cairdeas na ndaoine, agus ceann eile a
léiríonn a mhalairt - ach gur gá an taobh ghreannmhar a fheiceáil agus tú i do ‘choimhtíoch’! Chaill mé an bus deiridh chuig an gcoláiste mar bhí an cheolchoirm in Baddeck rómhaith lena fhágáil i do dhiaidh.
Léiríonn
displays
Léiríonn an pictiúr, déanta le pastal ar chlár, duine ag screadaíl go léanmhar agus bhí sé mar chuid de shraith eispriseanach, a rinne an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch breis is céad bliain ó shin.
Léiríonn an phobalbhreith
the poll shows
Léiríonn an phobalbhreith a foilsíodh i Paris Match ag deireadh mhí an Mhárta go rachaidh Sarkozy agus Hollande tríd go dtí an dara lá vótála ach go mbeidh bua éasca go leor ag Hollande ar Sarkozy sa deireadh.
Léiríonn
demonstrates, shows
”
Léiríonn an obair atá á déanamh in Koutal, tábhacht an togra mór atá á bheartú.
a léiríonn
which demonstrate
Déanann an Fhéile ceiliúradh ar na meáin chumarsáide Ceilteacha agus i gcaitheamh tri lá gach bliain, cuirtear ar fáil sárthaispeántas de na forais agus de na táirgí craoltóireachta agus scannáníochta is fearr
a léiríonn cultúr na dtíortha Ceilteacha.
léiríonn
demonstrates
Tá fírinne áirithe ag baint leis mar sin, sa chaoi go
léiríonn sé an drochmheas a bhí ag údaráis náisiúnta na Fraince ar theangacha réigiúnda – agus an chaoi a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar fhéiníomhá na gcainteoirí.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn an fichiú haois go bhfuilimid ag brath ar an daonlathas agus an cheannaireacht cheart chun an smacht sin a choinneáil.
léiríonn staidreamh
statistics show
De réir ailt ar an North Belfast News,
léiríonn staidreamh ón Fheidhmeannas Tithíochta ó thuaidh, tá 2427 duine ar an liosta feithimh do thithe i dtuaisceart Bhéal Feirste, 970 acu ina gCaitlicigh, 283 a bhfuil creidimh eile acu, 779 nár léirigh an creideamh a bhí acu.
mar a léiríonn
as shown
Éirionn leis an gcóras méid áirithe Gaeilge a mhúineadh do sciar maith den daonra ach,
mar a léiríonn an tábla seo thíos atá bunaithe ar staidreamh ón Daonáireamh a tógadh i 2011, is beag acu a labhraíonn an Ghaeilge ina dhiaidh sin.