Pota Focal Intergaelic
amass | ass | mais | maos | Mars
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tslua-thurasóireacht mass tourism
" Go hádhúil, níl an t-oileán millte ag an tslua-thurasóireacht go fóill.
airm ollscriosta weapons of mass destruction
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
ollmhargú na mbréagan the mass-marketing of toys
" Ní dóigh liom go bhfuil an céatadán baileach chomh hard céanna in Éirinn (go háirithe ó seo go Nollaig nuair a bheas ollmhargú na mbréagan ar siúl), ach is cinnte go gcuireann siad go mór leis an mbrú.
airm ollscriosta arms of mass destruction
" Tá an rialtas ag rá go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic agus, dá bhrí sin, gur chóir deireadh a chur leo.
arm ollscriosta arms of mass destruction
" Tá roinnt mhaith arm ollscriosta ag Iosrael fosta.
ollscriosta of mass destruction
" I measc na n-arm ollscriosta a dhéanann sé, tá an diúracán Tomahawk, an Patriot, an Sidewinder, agus an Stinger.
scáthláin open shelters built over Mass-rocks
" Timpeall na leithinise tá scáthláin, carraigeacha Aifrinn agus go leor toibreacha beannaithe, mar thobar Cholm Cille agus tobar Phádraig.
olldúnmharú mass murder
" "Is scéal é atá uafásach amach is amach, faoi chéasadh, olldúnmharú agus gabháil talún," a dúirt an t-údar agus gníomhaíoch comhshaoil George Monbiot i mBaile Átha Cliath le gairid.
Chosán an Aifrinn the Mass Track
" Chuir an áit faoi dhraíocht mé - ach seans nach bhfuil sí an-oiriúnach do mhuintir na háite! Chuaigh mé ar ais go dtí an bóthar, ansin tháinig mé díreach ar Chosán an Aifrinn agus lean mé de.
á chaitheamh isteach in olluaigh being tipped into a mass grave
" Tá macasamhla ann de rudaí a tharla ag an am, mar shampla corp á chaitheamh isteach in olluaigh agus reithe cogaidh á úsáid le daoine a díshealbhú.
na sluaite masses of people
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
hairm ollscriosta weapons of mass destruction
" Bhain sé sin go háithrid leis an eolas a cuireadh ar fáil faoi na "hairm ollscriosta" a dúradh a bhí ag an Iaráic agus a bhí ag bagairt an domhain.
i gcalcacha cúir in a mass of foam
" Bhí sprais fearthainne leis an ghaoth anois, agus d'amharc Louis uaidh agus chonaic sé go raibh fás ar an fharraige agus go raibh an bád ar snámh i gcalcacha cúir.
aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair the ugly face of Western mass business
" Ar thaobh amháin, ba é seo aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair ar cuma leis faoi nósanna nó cultúr aon dream eile.
airm ollscriosta arms of mass destruction
" Léirigh pobalmheas le gairid gur chreid formhór na ndaoine a raibh sé i gceist acu vóta a thabhairt do na Poblachtánaigh go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic, agus go raibh ceangal láidir ag réimeas Saddam Hussein le hAl-Qaeda.
fá choinne an Aifrinn for Mass
" "Bhí orthu fíon a fháil fá choinne an Aifrinn," arsa Finbar, "mar sin, bhí orthu trádáil a dhéanamh.
arm ollscriosta weapons of mass destruction
" An inseoidh mé scéal Fiannaíochta daoibh, an sásóidh sin sibh? Lá dá raibh Fionn Mac Cumhaill ar thaobh mhala shléibhe is é ar thóir eilite nó carria nó caidé mar thig le duine sruth a shamhlaíochta a shaorú ar mhaithe lena mhuinéal a choinneáil in aon chuid amháin? Caidé mar thig liom fear na hordóige a thaithíodh críocha driseacha na hÉireann a chur in oiriúint do sceimhlitheoirí an Mheánoirthir? Lá dá raibh sé ag tóraíocht ola/arm ollscriosta ar ghaineamhlach na Trá Bréagaí, ach teipeann ar mo chuid prislíní is triomaíonn na focla, galaítear cibé maothas bhí i spúinse mo mheanman.
córais oll-iompair uirbeacha urban mass transit systems
" Thar na blianta, tá sé tar éis cuid de na leabhair is tábhachtaí dá bhfuil ann a scríobh faoi na córais oll-iompair uirbeacha, ina measc *Under the Sidewalks of New York*, an staidéar deifnídeach, b'fhéidir, ar stair chóras Nua-Eabhrac.
airm ollscriosta arms of mass destruction
" Bhí roinnt mhaith cainte aige féin agus sceimhlitheoirí eile an rialtais faoi na "hairm ollscriosta" a bhí san Iaráic, iad ag déanamh aithrise ar bhréaga Bush agus Blair.
ollchruinniú mass meeting
" Ní dhearnadh tagairt ar bith do dhrámaíocht na Gaeilge agus is ar an gceist sin a dhíreoidh an t-ollchruinniú speisialta a bheas ar siúl in axis le linn na féile Borradh Buan Fásta.
airm ollscriosta arms of mass destruction
" Ar ndóigh, ní mór a mheabhrú do dhaoine gurb é seo an rialtas céanna a dúirt go raibh airm ollscriosta san Iaráic agus go bhfuil bréagadóireacht de chuile shaghas cleachtaithe acu le tamall de bhlianta.
na hairm ollscriosta the weapons of mass destruction
" “Na bréaga a d’inis Tony Blair fá na hairm ollscriosta, bhí siad sin i bhfad ní ba mheasa.
ollchruinniú éigeandála mass emergency meeting
" Na nithe atá ag teastáil ón GPA ======= Céard tá ag teastáil ón GPA ar aon nós? Tar éis ollchruinniú éigeandála den eagraíocht i bPort Laoise agus i mBéal Feirste i mí Aibreáin seo caite, d’eisigh eagraíocht na n-imreoirí idirchontae de CLG preasráiteas.
an meicniúchán agus an t-olltáirgeadh mechanisation and mass production
" Ar dtús, chuir an Nua-aoiseachas tóraíocht Útóipe in iúl agus chonacthas an meicniúchán agus an t-olltáirgeadh mar chuid lárnach den tionscadal.
Airm Ollscriosta Sadaam Hussein Sadaam Hussein's Weapons of Mass Destruction
" Scríobhadh an tuarascáil i gcomhair an Joint Intelligence Committee – an dream a raibh páirt lárnach i scéal/bréag Airm Ollscriosta Sadaam Hussein.
ag treascairt an tslua knocking down the masses
" Tuin bhreá Chocnaí ag chuile dhuine díobh, ag fiafraí dínn, “Ave ye bin oiver, mait?” Má chuir “Scéim Máthair is Leanbh” Noel Browne caidhp an bháis ar chéad chomhrialtas Fhine Gael – bachall John Charles McQuaid “ag treascairt an tslua is ag tuargain treon” i measc Fheisirí faona ar dhá thaobh na Dála – fáiltíodh arís roimh Fhianna Fáil Dev in olltoghchán na bliana 1951.
an ollturasóireacht seo this mass tourism
" Ach, faraor, bhí i bhfad an iomarca bád amuigh ar an sceir – bheadh imní ort go ndéanfadh an ollturasóireacht seo an-damáiste don sceir.
millte ag an ollturasóireacht. spoilt by mass tourism.
" Ach i mo thuairimse, tá an ceantar seo millte ag an ollturasóireacht.
ollmheán cumarsáide amháin one mass communications medium
" Ag an am sin, ní raibh ach ollmheán cumarsáide amháin againn, an chlódóireacht.
sular tháinig an t-ollscrios. before the mass destruction came.
" Tagann tocht ort agus tú i do sheasamh i lár na heaglaise, foirgneamh a bhí mar fhinné ar an lá millteanach sin, ag meabhrú ar an chuma a bhí ar an bhaile sular leagadh é agus an saol a bhí ag daoine sular tháinig an t-ollscrios.
easpa Arm Ollscriosta. the lack of Weapons of Mass Destruction.
" De réir an mheabhráin, ba chuma leis faoi na Náisiúin Aontaithe nó easpa Arm Ollscriosta.
Aifreann pósta wedding mass
" Is é an rud is fearr liom faoin suíomh ná gur féidir leat leabhrán don Aifreann pósta a ullmhú go héasca air.
Aifreann bli annual Mass
" Chomh maith leis sin, bíonn Aifreann bliantúil ann ar an chéad Domhnach de mhí Iúil.
na hollslógaí seo these mass rallies
" Thosaigh na hollslógaí seo i 1923, an chéad cheann in München agus ceann eile an bhliain chéanna in Nürnberg.
súile na hollsochaí. in the eyes of mass society.
" Is maith leo a bheith ag féachaint ar dhaoine óga atá dóighiúil, neamhspleách agus *cool*, an dóigh atá siad féin ag iarraidh a bheith i súile na hollsochaí.
cártaí Aifrinn a mhic his son's Mass cards
" In earrach na bliana 2002 d’iarr sé orm dul go hÉirinn ina theannta mar thaca dó agus é ag tabhairt cártaí Aifrinn a mhic dá ghaolta.
ollshlógadh a mass meeting
" “Is cuimhin liom a bheith ag tuairisciú ar ollshlógadh a bhí ag na Peace People i Londan.
hollpháirtí mass-movement
" “Theastaigh uaim a bheith i m’eagraí náisiúnta don Ghluaiseacht agus í a athrú go hollpháirtí sóisialach agus bhí sin indéanta.
Aifreann mass
" Rachaidh níos mó daoine ar ais ag urnaí agus ag an Aifreann! Níl ceann ar bith de na hábhair thuasluaite chun muid a dhaoradh chun báis agus ní bheidh sa bhrú, ach athrú ón chaighdeán beatha an-ard go ceann a bheas compordach fós i gcomparáid le go leor de mhuintir eile an domhain.
ollscriosúla mass destruction
" Gnó brabúsach an chogaidh Dhá bhliain i ndiaidh tacú go láidir leis an ionradh ar an Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla, nárbh ann dóibh, agus mar gheall ar na nascanna, mar dhea, idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, d’éirigh Marc Grossman as a phost i Roinn an Stáit.
airm ollscriosúla weapons of mass destruction
" Mar is eol do chách anois, ní raibh 'airm ollscriosúla' ag Saddam Hussein ach oiread.
ollchruinniú a mass-meeting
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
sluaite neamhinniúil the masses unable
" Agus luachanna tithe ag titim, agus na sluaite neamhinniúil a morgáistí a íoc, thit na bancanna as a chéile freisin, ceal íocaíochtaí.
ollscriosúla mass destruction
" Thug 9/11 an deis a bhí ó lucht Iosrael i SAM ionradh a éileamh ar an Iaráic, i ndiaidh gur chuir siad dallamullóg ar mhuintir Mheiriceá maidir leis ‘na hairm ollscriosúla’ nárbh ann dóibh.
aifreann mass
" Bhí an-bhrón ar a cuid neachtanna agus nianna faoina bhás agus d'fhriotháil beirt acu, James agus Luke ag aifreann na marbh ag Teach Pobail Naomh Helen, Crosby, i dTuaisceart Merseyside.
oll-eisimirce mass outward emigration
" Cuireadh tús leis an oll-eisimirce de dheasca an Drochshaoil agus na bochtaineachta.
olluaigh mass grave
" Is é an dóigh gur tógadh ise ar an Mall, an tsráid a thrialladh muintir Shligigh leis na coirp a bhailítí gach oíche lena gcur in olluaigh le taobh Otharlann Fiabhrais Shligigh.
aifrinn mass
" Tá mise in ann siúl isteach, ‘hello’, ‘cén chaoi a bhfuil tú’, ‘cén chaoi a bhfuil rudaí’? Siúl síos an dorchla, na glaochanna gutháin, na cártaí aifrinn a bhí curtha dom, sin mo chomhleacaithe.
toirt mass, size
" Agus ag amharc ar chuma, nó toirt na gcailíní a bhí ag obair ann, níl amhras ar bith go bhfuil siad díograiseach go maith ag cinntiú go bhfuil ardchaighdean ar na seilfeanna – bhuel bosca milseán ar bith a éiríonn leis éalú uathu agus an tseilf a bhaint amach slán .
Aifreann mass
" Téann go leor daoine ar Aifreann na Nollag go fóill agus iad siúd nach bhfuil creideamh ar bith acu, bíonn sé de nós acu an Nollaig a chaitheamh le daoine muinteartha nó le cairde.
ollchruinniú mass meeting
" Bhí toirmeasc fós ar Tamazight, áfach, agus d’fhonn aitheantas a ghnóthú don teanga d’eagraigh an Ghluaiseacht Chultúrtha Bheirbeireach ollchruinniú i 1990 sa phríomchathair.
ollchruinniú mass meeting
" Bhí cainteanna idirnáisiúnta ar siúl ar feadh bliana roimh an ollchruinniú féin agus ba chóir go mbeadh dréachtphlean curtha le chéile roimh ré.
hairm ollscriosúla weapons of mass destruction
" Le os cionn milliún daoine maraithe agus beagnach cúig mhilliún díláithrithe san Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla nárbh ann dóibh, cheapfá go mbeadh doilíos éigin ar Netanyahu.
ollscriosúla of mass destruction
" Roimh an ionradh ar an Iaráic, ba iad Perle agus Wolfowitz ba mhó a chuir chun cinn bréaga an Iarácaigh maidir le hairm ollscriosúla.
léirscriosúla of mass destruction
" Mar sin, is é an dream is mó atá ag béicíl faoi bhagairt na sceimhlitheorí Ioslamacha, is é sin, na nuachoimeádaigh ar nós Perle, Feith agus Grossman agus a gcuid cairde Iosraelacha, atá ag cabhrú leis na sceimhlitheorí, ar a laghad, go hindíreach teacht ar armáin léirscriosúla.
mathshluaite masses
" Agus ghair sé in ard a chinn chruipinnigh ar a dheisceabail le go mbaileoidís thart air ina sluaite agus ina mathshluaite agus ina mórshluaite.
toirt leorthábhachtach critical mass
" Aisteach go leor, ba leor é an méid sin teaghlach le go mbainfí amach an toirt leorthábhachtach a mbíodh Éamon Ó Cuív ag caint go minic air agus é ina Aire Gaeltachta.
Aifreann mass
" Ní bhíonn orthu siúd dul chuig faoistin ná chuig Aifreann, agus níl peacaí marfacha acu.
airm ollscriosúla weapons of mass destruction
" ” Níl an dara rogha ag rialtas Mheiriceá, dar leis an seanadóir, má tá siad chun ‘cibear-ionsaí 9/11’ – finscéal eile ó na daoine céanna a chum na scéalta faoi ‘airm ollscriosúla na hIaráice’ agus ‘buama eithneach na hIaráine’ – a sheacaint.
ilchríche na Rúise of the Russian land mass
" Tá sé ráite ag an bhfear céanna gur “leis an Rúis é an tArtach, agus caithfimid a chruthú nach bhfuil sa Mol Thuaidh ach síneadh scairbh ilchríche na Rúise”.
ollshlógadh mass demo
" D'fhógair sé cúpla mí ó shin gur cheart dóibh siúd a raibh an dearcadh céanna acu i leith an uachtaráin, an rialtais, agus cúlú eacnamaíochta na tíre, teacht go dtí ollshlógadh i Washington ar an 28ú Lúnasa chun a bhfearg a chur in iúl don rialtas.
ollshlua a mass rally
" Mar sin, is ag scoilteadh atá pobal Mheiriceá faoi láthair, agus cuirtear Abraham Lincoln i gcuimhne dom agus é ag labhairt os comhair ollshlua i Springfield, Illinois in 1858: "Gach teach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin, ní féidir leis seasamh".
ollchomhlacht mass-company
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
holltáirgeadh mass production
" Sna fichidí, ámh, le holltáirgeadh carranna, tharla athrú meanman i measc Meiriceánach.
toirt an oighir the ice’s mass
"toirt an oighir tuairim's ar 10 faoin chéad níos mó ná toirt an uisce.
a n-innéacs corpmhaise their body mass index
" Bailíodh airde, meáchan agus toise coime na rannpháirtithe mar chuid den staidéar agus ríomhadh a n-innéacs corpmhaise.
fluirseacht gan fhoirfeacht mass without perfection
" Tá buntáistí ag baint le fluirseacht gan fhoirfeacht sa teanga.
mórmheáin mass media
" Tá gá le caighdeán don teagasc, do na mórmheáin.
Aifreann mass
" Bhí Mary 22 bliana d’aois nuair a scaoileadh marbh í i mí Aibreáin 1984 agus í ag teacht amach as an Aifreann lena hathair, an breitheamh Tom Travers, agus lena máthair.
n-ollsluaite masses
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
na Mathshluaite of the masses
" (Ciallaíonn an focal Seamaithiriat, ‘Stát na Mathshluaite’.
hollbhradaíl na linne seo féin mass robbery of our own times
" Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus.
I bhFad ó Aifreann an Mheán-Oíche a long way from midnight mass
" I bhFad ó Aifreann an Mheán-Oíche ================= Thóg an t-aistear sin chomh fada le hOíche Nollag muid agus táim lánchinnte de nach gcaithfidh mé Oíche Nollag mar sin riamh arís.
mórshléachtanna mass slaughters
" An bhfuil an ceart acu, meas tú? Ar ndóigh, bhí baint nach beag ag cúrsaí ionannais – ionannas cine agus cultúrtha – leis na heachtraí ba bharbartha a tharla le linn an fhichiú haois agus arís ar na mallaibh – na mórshléachtanna a mharaigh na milliúin daoine san Uileloscadh, gan trácht ar Ruanda agus ar Bhoisnia.
ollscriosúil of mass-distruction
" Cúig bliana roimh Oibríocht Shaoirse na hIaráice, scríobh PNAC litir oscailte chuig Uachtarán Clinton ag impí air deireadh a chur le réimeas Saddam Hussein mar gheall ar bhagairt na n-arm ollscriosúil nárbh ann dóibh.
ollscrios mass destruction
" Is cinnte gur spreag An Scread ealaíontóirí eile ar nós Pablo Picassso, nuair a phéinteáil sé Guernica mar fhreagra ar an ollscrios a rinneadh ar an bhaile Bhascach ag na Naitsithe.
an fearas olltáirgthe the mass-produced equipment
" Is é an pobal féin a scríobhann na hailt seo, ag déanamh cur síos go minic ar thogra ar thug siad faoi chun inneallra nó rud éigin ina saol féin a dhéanamh níos fearr nó níos gaire don rud atá uathu ná an fearas olltáirgthe as áit éigin i bhfad thar lear.
ní théim ar Aifreann I don’t attend mass
" (Nuair a deirim sin, ní théim ar Aifreann, níl mórán suime agam sa pholaitíocht ach i dtuaisceart Éireann, tá na lipéid i bhfad níos tábhachtaí ná na fíricí.
olluaigh a mass-grave
" Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.
Reáchtáladh Aifreann éagnairce a funeral mass was said
" Reáchtáladh Aifreann éagnairce i bparóiste Naomh Pádraig in Wangaratta, an baile is mó i ndúiche Uí Cheallaigh, i mí Eanáir agus bhí teach an phobail ag cur thar maoil le daoine.
holl-léirsithe mass demonstrations
" Tá na holl-léirsithe sa Bhrasaíl a thosaigh i lár Mhí an Mheithimh ar an achrann sóisialta is mó sa tír le scór bliain anuas.
An líon is mó leabhar the mass of the books
" An líon is mó leabhar, go háirithe sna siopaí leabhair beaga, is le cúrsaí coiriúlachta, maruithe agus olcais trí chéile a bhaineann siad.
aifreann mass
" Ar an Chéadaoin (14 Lúnasa) beidh ceiliúradh eile ann in Eaglais Phreispitéireach First Derry a mbeidh ceoltóirí ó Dhoire agus ón Oileán Sgitheanach ann agus ag deireadh na seachtaine beidh aifreann traidisiúnta na Fleá in Ardeaglais Eoghain.
an Ollphobail dhísheilbhithe of the dispossessed masses
" Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach: ‘Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’ (Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain: ‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn.
na holluaigheanna the mass graves
" Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.
thaispeáin sé olluaigh dúinn he showed us a mass grave
" “Is cuimhin liom go maith gasúr beag amháin a tháinig aníos chugam nuair a bhí mé ag déanamh ‘míreanna ceamar “piece to camera” a rachadh amach ar Nuacht a Seacht ar TG4, agus dúirt sé “come over here, come over here, there's bodies behind my house,” agus thaispeáin sé olluaigh dúinn a bhí ar chúl a thí.
aon mheall scamaill amháin one cloud mass
" Ar mo bhealach isteach chuig an ollscoil tráthnóna ina dhiaidh sin, chaith mé mo shúil ar an spéir agus chonaic mé aon mheall scamaill amháin a raibh deich ndath láidir nach bhfaca mé riamh le chéile in aon scamall amháin roimhe ná ó shin.
Na hAirm Ollscriosúla weapons of mass destruction
" Na hAirm Ollscriosúla ========= Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
airm ollscriosúla arms of mass destruction
" Na hairm ollscriosúla ========= Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
an slua the mass(es)
" com>)…? Bhuel…) Cuireann sé íonadh ormsa a laghad uair is nach féidir leis an slua ar líne ceist a fhreagairt.
aifreann mass
" Rinne an Pápa Prionsias ceiliúradh ar aifreann speisialta ina raibh urraim do bhloghanna iarsmaí, a chreidtear gur le Naomh Peadar iad, le feiceáil go poiblí don chéad uair leis na cianta.
I ndiaidh aifreann na maidine after morning mass
" I ndiaidh aifreann na maidine, bhí scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite.
an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann the number of people who attended mass
" Chuaigh an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann i laghad, agus taobh istigh de dheich mbliana chuaigh an ráta beireatais ón gcúige is airde i gCeanada go dtí an ráta is ísle sa tír.
ollghluaisceacht ag dul a fhás a mass movement was going to grow
" Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh.
ollchultúr Angla-Mheiriceánach Anglo-American mass culture
" Measann Robert McMillen go bhfuil Éirinn ar fad go mór faoi smacht ag na comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus ag an ollchultúr Angla-Mheiriceánach agus nach n-athróidh sé seo, fiú má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo.
gcnapscuaine a mass queue
" Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl.
ollmharú na sluaite mass murder of throngs of people
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.