Pota Focal Intergaelic
ais | aos | as | asc | ash
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Brisigí bhur dtóineachaí break your asses
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, Nó níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
fá scread asail within an ass's roar
" "Anois, a Áine," ar seisean, "má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.
ina phóca tóna in his ass pocket
" Nuair nach mbeidh le híoc acu ach an cúpla pingin beidh i bhfad níos mó ama acu le seanchac a scríobh agus an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, a choinneáil chomh gnóthach sin agus nach mbeidh am aige an *highlighter* buí sin a chur ar ais isteach ina phóca tóna.
ag scríobadh a dtóineacha scratching their asses
" "Gabh agus (blíp) tú féin a dúirt siad liom!" Samhlaigh! Le hAire sinsearach rialtais! Seo iad na *feckers *ar stailc agus mise sásta iad a fhágáil amuigh ar an tsráid ag scríobadh a dtóineacha, nuair a léim ar an *Sunday Dependent *go bhfuil fadhb acu sa tSín le rud a dtugann siad SARS air.
fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn within an ass's roar of the Isle of Man
" Maíonn sé gur fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn a bhí seisean ag an am ar polladh an Cabin Fever.
fá fhad scread asail within an ass' roar
" "Ní rachaidh mé fá fhad scread asail do *flat pack *go ceann bliana.
ag bladar fríd a dtóin talking through their ass
" Tá Feargus Finnicky Finlay, a iar-shaoiste Ruairí Ropaigh Uí Chuinn, agus Gerrymander Adams ar a mbealach go Féile na bhFéasóg i gCúba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don réabhlóid atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó a raibh siad uilig fós ábalta bheith ag bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é.
bhur dtóineachaí your asses
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraigí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
ag croitheadh a thóna leis an cheol fhiáin shaking his ass to the wild music
" Bhí Tadhg amuigh ag croitheadh a thóna leis an cheol fhiáin a bhí ag dul chomh hard sin gur mheas Deirdre go raibh croí breise ag bualadh ina hucht.
déanann a thóin a thochas scratches his ass
" Tá sé *leath bealaigh *nuair a stadann sé, amharcann sé thart, sánn ordóg amháin isteach ina bhéal, déanann a thóin a thochas leis an ordóg eile, agus cuireann sé ceist air féin: “An ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag teacht *anuas*? Nó an ag dul *síos *an staighre a bhí mé nó ag teacht *aníos*? An *thuas *a bhí mé nó *thíos*, nó an *leath bealaigh *a bhí mé an t-am uilig? Nó an san áit seo atá mé ar chor ar bith?” Níl cuimhne aige.
ag briseadh a thóna ag gáire breaking his ass laughing
" Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá a dtabharfadh dílseoir faoi Ian Mór agus Gerry Mór in aon iarracht amháin? Ní mise ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Bithiúnach Bladhmannach agus é ag briseadh a thóna ag gáire agus ag fágáil slán ag Mickey Stoned.
agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas and many cheeks will be rubbed and many asses scratched
" Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigeann a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta.
tharraing an tóin as rithim an phíosa which pulled the ass out of the rhythm of the piece
" Ceol iomlán nua den chuid is mó a bhí ann agus polca amháin a tharraing an tóin as rithim an phíosa chomh minic sin gur cheap mé nach raibh ann don cheol.
a las an tine faoi thóin na mórghrúdairí Meiriceánacha. which lit a fire under the asses of the big American brewers.
" Gan dabht, ba é teacht na n-ollghrúdlanna Guinness (ar a dtugtar anois Diageo, ar ndóigh) agus Interbrew (ar a dtugtar InBev anois) sna nóchaidí a las an tine faoi thóin na mórghrúdairí Meiriceánacha.
trína tóin, through her ass,
" Is maith leis fosta nach gcuireann sé isteach ná amach uirthi nuair a bhíonn sí ag caint trína tóin, nó nuair a bhíonn a fhios ag an domhan mór gur trína tóin a bhíonn sí ag caint.
faoi bhúir asail do near to (ass's roar)
" Ag cruinniú éigeandála de mhuintir na Seirbhíse Rúnda agus na bhFórsaí Cosanta socraíodh go raibh sé i bhfad róchontúirteach an Tóirse a ligean faoi bhúir asail do Ghleann Cholm Cille ag an am sin den bhliain, cionn is go raibh daoine aisteacha as gach aon chearn den domhan ann, agus mic léinn chomh maith.
scread asail an asses roar
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
bhúir asail ass's roar
" Ná héistigí, a léitheoirí dílse, le cúlchaint na spídeoirí éadmhara a mhaíonn go maraíonn bréantas a chuid bromanna gach dúil bheo a chónaíonn fá bhúir asail den phluais chéanna gach uair a thagann geonaíl ar a chuid putóg.
thóin ass
" com/watch?v=nuZEsHja7Js&feature=related) Anois, cad é is féidir le Balor a rá faoina chara, an Tánaiste Máire Ní Chlochráin, agus a meancóg (mo thóin!) faoi na Glasraí sa Chomhaontas Glas.
fá scread asail within an asses roar
" ) Cnap Gael ag Féile na nGael ============ Ar scor ar bith, bhí dea-spionnadh ar Éamó agus bhí sé ag cur in iúl don domhan is dá mháthair nach raibh dualgas ar bith ní ba mhó air, cionn is nach raibh sé ina Aire Gaeltachta ní ba mhó, dul fá scread asail de Ghaeltacht Milwaukee.
scread asail an asses roar
" Ar ór ná ar airgead, nó fiú ar son ainmniúchán an Taoisigh don Seanad (€70,000 in aghaidh na bliana), ná téir i ngiorracht scread asail do *‘Let Me In’* (Matt Reeves, 2010), athdhéanamh ar *‘Let The Right One In’* (Tomas Alfredson, 2008), an scannán Vaimpíre, nó Súmaire Fola, is fearr dá bhfaca mé le sciar fada blianta.
fá bhúir asail di within an asses roar of her
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
fá bhúir asail d’áit within an ass’s roar of the place
" An duine a mbeadh smidín céille aige, dhéanfadh sé gach iarracht gan a bheith fá bhúir asail d’áit mar sin ag am mar seo, dá mbeadh neart aige air.
Leithéid an NRA such as the National Rifle Ass.
" Leithéid an NRA agus a mbrústocairí sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe ar *Capitol Hill*, ar ndóigh.
in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste within an ass’s roar of the Irish language medium secondary school
" Anuas ar sin, níl aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaelscoil sin in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste.