Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
baineadh siar as mo chuid compánach fir my male companions were taken aback
" Bhí an gliomach go breá ach baineadh siar as mo chuid compánach fir nuair a tairgíodh gnéas (bean go maidin ar $30) dóibh! Caithfidh tú a bheith ar d'airdeall i gcónaí.
baineadh geit asam I was taken aback
" Caithfidh mé a admháil gur baineadh geit asam an chéad uair a chonaic mé m'ainm Gaelach féin i measc na n-ainmneacha Indiacha go léir (agus é litrithe i gceart, ar ndóigh).
Baineadh stangadh as go leor daoine A lot of people were taken aback
" Baineadh stangadh as go leor daoine le gairid nuair a cuireadh in iúl go raibh an scian i ndán do bhuiséad Raidió na Gaeltachta.
Baineadh siar as he was taken aback
" Baineadh siar as i mbliana, áfach.
bhain a ráiteas stad asam his statement took me aback
" Ós rud é gur duine é mo chara atá go mór in éadan Shinn Féin, bhain a ráiteas stad asam.
nuair a bhain mise siar as when I took him aback
" Ag taibhreamh a bhí sé faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh sé i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile.
Baineadh siar asam I was taken aback
" Baineadh siar asam nuair a shiúil mé isteach i dteach an phobail ansin mar cé a bhí os mo chomhair amach ach Naomh Pádraig féin, é cósúil go maith leis an Naomh Pádraig a chífeá in Éirinn, ach a chraiceann daite ag an ghrian agus cúpla crann pailme sa chúlra.
Baineadh stangadh aisti she was totally taken aback
" Baineadh stangadh aisti ar tús, ach nuair a tháinig sí chuici féin dúirt sí, "Cinnte Adam, cén t-am?" Ní raibh a dhath ag cur bhuartha uirthi ó shin ach cad é a chaithfeadh sí.
Baineadh stangadh asam cúpla uair I was taken aback a few times
" Baineadh stangadh asam cúpla uair ar an tsaoire sin.
bhain áilleacht na háite siar asam I was taken aback by the beauty of the place
" Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam.
bhain áilleacht na háite siar asam I was taken aback by the beauty of the place
" Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam.
baineadh siar asam I was taken aback
" Faraor, ní radharc as an ngnách é sin san ardchathair, ach nuair a d’fhéach mé níos cúramaí baineadh siar asam: bhí ríomhaire glúine breá ar oscailt taobh leis, bhí cluasáin ar a cheann agus micreafón as comhair a bhéil.
Baineadh siar as go leor daoine a lot of people were taken aback
" Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Motorola go raibh seans ann go mbrisfidís 350 oibrí as a bpoist i gCorcaigh.
baineadh siar as. he was taken aback.
" Nuair a fuair Tadhg Mac Dhonnagáin glao ó Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, roimh an Nollaig ag rá go raibh an coiste áitiúil i gCathair na Mart agus an coiste náisiúnta ag iarraidh a ainm a chur chun cinn mar Uachtarán, baineadh siar as.
baineadh siar asam I was taken aback
" Bhí orm cúpla sampla a cheannach – agus baineadh siar asam nuair a dúirt fear an chuntair “Go raibh maith agat” liom.
baineadh siar asam I was taken aback
" Agus mé ag freastal ar léacht a thug an tOllamh Ken Nilsen ag comhdháil Éireannach le déanaí, baineadh siar asam nuair a thaispeáin sé fógra cuardaithe dúinn ina ndearnadh cur síos ar bheirt sclábhaithe Éireannacha a theith óna n-úinéir.
Baineadh siar as go leor daoine le déanaí a lot of people were taken aback recently
" Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá cinneadh ceann dá satailítí féin a scrios.
Bhain sé sin an-gheit asainn that really took us aback
" Bhain sé sin an-gheit asainn ach sin mar a bhí cúrsaí ag am sin.
baineadh siar astu were taken aback
" Iadsan a bhí tíosach cheana féín, ní raibh athrú ar bith le déanamh, ó bhí carranna eachtrannacha ceannaithe acu cheana féin mar mhalairt ar na súmairí breosla a bhí á ndéanamh sa bhaile, ach iadsan a bhí ag lorg carranna a bhí módhúil ar bhreosla, an timpeallacht, agus ar an sparán, baineadh siar astu nach raibh a leithéid ar fáil ó chomhlachtaí Mheiriceá.
Baineadh siar as was taken aback
" Baineadh siar as Balor, mar ba léir nuair a tháinig sé chuige féin, nó thosaigh sé ag caint faoi rún Fatima nár scaoileadh fós agus faoin Apacailipsis.
Baineadh stangadh as were taken aback
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá nuair a d'fhógair an tUachtarán Obama, gan é bheith ach 24 uair a chloig in oifig, go ndúnfadh sé príosún Guantanamó ar oileán Chuba.
Baintear siar asam I'm taken aback
"Baintear siar asam nuair a luann sí an Mhainistir Thuaidh mar gur le buachaillí amháin a ghlactaí agus cairde de mo chuid féin ag freastal ar an meánscoil sin.
Baineadh stangadh as were taken aback
" Baineadh stangadh as go leor daoine ar fud an domhain chláir nuair a chonaic siad an fháilte mhór a chuir muintir na Libia roimh Abdel Baset al Megrahi, nó buamadóir Loch Earbaí, mar is fearr aithne air.
Baineadh geit asam I was taken aback
baineadh stangadh as were taken aback
" Bíodh sin mar atá, baineadh stangadh as daoine go leor nuair a foilsíodh painéal na hAirgintíne i gcomhair Chorn an Domhain le gairid.
baineadh siar as were taken aback
" Bíodh is go raibh corrthagairt sa tuairimíocht ar mhíshástacht i measc na gcúlbhinseoirí, ní raibh éinne ag súil le haon uisce faoi thalamh agus baineadh siar as beagnach gach duine nuair a d’fhógair Gillard go raibh sí chun dúshlán Rudd a thabhairt.
bhain sí geit agus scéin as daoine people were taken aback
" I ngeall ar an eachtra is déanaí seo a bheith ar taispeáint ‘beo’ ar an teilifís, bhain sí geit agus scéin as daoine.
baineadh siar as daoine people were taken aback
" É sin ráite, ámh, baineadh siar as daoine go leor nuair a thug an Príomh-Aire, Julia Gillard, le fios ar na mallaibh gur mheas sí go mbeadh fórsaí Astrálacha fós gníomhach san Afganastáin go ceann deich mbliana eile ar a laghad.
baineadh stangadh as were greatly taken aback
" Bíodh sin mar atá, baineadh stangadh as go leor daoine nuair a fógraíodh an tairiscint is flaithiúla riamh le déanaí.
siar mór as taken aback
" Bhain an scéala ar theacht an CAI siar mór as an phobal.
Baineadh geit astu they were taken aback
" Baineadh geit astu arís nuair a nochtadh le gairid go raibh caipiteal breise de dhíth ar Bhanc Aontas Éireann.
Baineadh stangadh as were taken aback
Baineadh siar as were taken aback
" Baineadh siar as daoine go leor abhus nuair a d’fhoilsigh Biúró Staidrimh na hAstráile torthaí an *National Health Survey (NHS)* de chuid an Roinn Sláinte, a rinneadh sna blianta 2004-05.
bhain siar beag na dochreidteachta asam took me aback slightly in disbelief
" Bheidís ar scáth a chéile os cionn Halla na Cathrach i gCorcaigh nuair a dhúisíos os a gcomhair ar an Aoine an 20ú Bealtaine 2011 – rud a bhain siar beag na dochreidteachta asam roimh mo bhricfeasta.
Baintear siar astu they’re taken aback
" Baintear siar astu nuair a nochtar dóibh go bhfuil deartháir acu - an leanbh a saolaíodh fadó sa Liobáin.
Baineadh siar as were taken aback
" 7 Milliún de Dhrogall ============ Baineadh siar as daoine go leor, mar sin, nuair a thug Abbott le fios i dtús báire go raibh sé in amhras faoin reachtaíocht.
baineadh siar asam I was taken aback
" Cheap mé go soineanta go n-iompródh m’fhear céile an trealamh dom dá mbeadh sé trom ar aon chaoi ach baineadh siar asam nuair a dhiúltaigh sé glan amach toisc go raibh a threalamh féin á iompar aige! Nuair a taispeánadh na bunghníomhartha dom sa rang teagaisc, bhain mé an-taitneamh as an sciáil.
go raibh creathadh bainte as shook, taken aback
" “B’shin é Taoiseach na tíre”, a dúirt sé os íseal, agus an chuma ar go raibh creathadh bainte as.
Shuigh muid uilig suas we were taken aback, shocked, took notice
" An Staidéar Teangeolaíoch ============= **SMM: An bhfuil tú ar aon tuairim le tátal an Staidéir Teangeolaíochta a mhaíonn gurb é teann a dícheall go seasfadh an Ghaeltacht fiche bliain eile?** DMFh: Shuigh muid uilig suas nuair a chonaic muid sin, ach caithfidh mé a rá, mar fhear Ghaeltachta, gur dhúirt sé an rud a shíl mé féin, agus go leor eile, a bhí ag tarlú ins na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil an teanga faoi bhrú ins an Ghaeltacht.
Baineadh an anáil as (he) was taken aback
" Baineadh an anáil as fear RTÉ nuair a labhair an bheirt acu i nGaeilge líofa leis.
shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam I thought I couldn’t be taken aback
" Tagann Fionnachrith Orm ========== Dúirt Sheila Coleman, ón HJC, leis an slua “shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam go dtí gur léigh mé faoin dóigh a rinne na póilíní scrúdú do dheoch mheisciúil ar chorp buachalla 10 bliana d’aois mar cuid den fheachtas a bhí acu an locht a chur ar na tacadóirí.
Baineadh siar as an gcara géarshúileach seo this sharp-eyed friend was taken aback
" Baineadh siar as an gcara géarshúileach seo nuair a chonaic sé crú capaill os cionn phríomhdhoras an tí ag Bohr.
Baineadh siar as pobal na Gaeilge Irish speakers were taken aback
" Baineadh siar as pobal na Gaeilge dornán blianta ó shin nuair a d'fhógair Enda Kenny an oíche sular thosaigh comhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn, Co.
Bhainfeadh sé siar as cuid mhaith de mhuintir na tíre a lot of people would be taken aback
" Bhainfeadh sé siar as cuid mhaith de mhuintir na tíre nuair a chuimhnítear siar gur choir é a bheith aerach go dtí an bhliain 1993, nuair a thug an Seanadóir David Norris rialtas na hÉireann chun cúirte.
tá creathadh bainte as an rialtas the government has been taken aback
" Tá ré nua agóidíochta tosaithe i measc lucht na Gaeilge agus tá creathadh bainte as an rialtas.
bainfidh an t-alt seo siar asat you will be taken aback by this article
" Is eagras iontach é Ciste Fiadhúlra an Domhain, nach ea? Más é sin do bharúil, bainfidh an t-alt seo siar asat: níl an t-eagras féin chomh gleoite céanna leis an bpanda ar a lógo, dar le Maidhc Ó Cathail.