Pota Focal Intergaelic
aba | abair | acar | agar | bar
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ná habair nár cuireadh ar do shúile é don't say you weren't warned
" Ná habair nár cuireadh ar do shúile é," arsa Lillian.
ná habair tada saying nothing
" Ag breathnú air ón taobh amuigh cheapfá gurb é an sean-nós Gaelach i gcónaí acu é: ná habair tada, agus nuair a chuirtear ceist "leochailleach" - faoi BSE, abair - tarraing anuas na seanráitis chéanna a mbaintí úsáid astu nuair a bhí an galar sin i mbéal an phobail.
in abar polaitiúil in a political morass
" Chaill siad a gceannasaíocht ar a bpobail i dtoghchán an Tionóil agus is léir go bhfuil an dá pháirtí in abar polaitiúil.
san abar bogged down
" Cad é mar atá Paisley ag dul a fhuascailt na fadhbanna atá os ár gcomhair? Tá sé féin agus a pháirtí san abar as siocair na ráitisí atá déanta acu, mar ní ghéillfidh poblachtánaigh go humhal dá n-éilimh," ar sé.
go mbeadh obair aige gan a dhul in abar that it would be an effort for him not to get bogged down
" Bhí an log a bhí ar dhá thaobh na cruite chomh híseal sin agus go mbeadh obair aige gan a dhul in abar leis an charr.
abair amhrán sing a song
" “abair amhrán” an teideal a bhí air, is dóigh liom.
san abar in difficulty
" Agus an deachtafón á chur in oiriúint agam ag an tús, deirim léi gur fágadh san abar mé cúpla uair de dheasca mhí-iompar an deachtafóin seo.
ná habair faic say nothing
" Agus ná habair faic faoin dualgas atá ar an tír astuithe carbóin a laghdú! Mar sin, cá háit ar féidir linn smaointeoireacht chomhtháite a fháil? Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair, Martin Cullen, Údarás Iompair Átha Cliath a chur ar bun, chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí iompair sa chathair.
san abar in this muddy ground
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
Dhál Riata Antrim, Argyll, Bute, Loch Abar
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
in abar in a fix, trouble
" Bhí sé in abar ag an dá dhream, MI5 agus ag an Fíor-IRA mar sin.
abair, i gCeatharlach take Carlow
" Tá ag éirí go hiontach linn in áiteanna áirithe, abair, i gCeatharlach mar shampla, tá an-ráchairt ar na cúrsaí ansin, agus ansin theip go huile is go hiomlán orainn i Muineachán.
Ná habair don’t tell me
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
abair let’s say
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
abair say
" Roghnóimis uimhir, abair €200,000 in aghaidh na bliana, agus bainimis an farasbarr, más ann dó (is ea, é ar fad!), mar cháin ioncaim.
abair let’s say
" Forbairt an Cheantair ============ **SMM: Chonaic daoine cuid d'áilleacht an cheantair sa scannán sin An Píopa agus rinneadh iarracht, áitiúil, leis an idirlíon daoine a mhealladh isteach ar saoire, ach ar cheart tuilleadh a dhéanamh ar bhonn contae nó go hidirnáisiúnta? – Dá ndéanfaí nascadh le ranna Gaeilge sna forais tríú leibhéal, nó le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge abair?** BNC: Ceapaim go bhfuil deiseanna iontacha ansin, forbairt a dhéanamh ar an méid a dúirt tú ansin.
abair let’s say
" Cé nach léir dúinn fós cén chuma a bheas ar chúrsaí na tíre sin go hinmheánach, tá pictúir níos soiléire againn anois ar an seasamh a thógfaidh iar-chomhghuaillithe na Siria (seasamh iad siúd a bhí sásta tacú le al-Assad go nuige seo ar mhaithe lena leas féin sa réigiún, ba chirte a rá) an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe, abair.
ag titim níos doimhne san abar sinking more in the mire
" Meath Abhus & Feabhas Thall ============= San áit a bhfuil na Sé Chontae ag titim níos doimhne san abar, tá feabhas ag teacht ar chúrsaí sa Bhreatain.
leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn a half hour of slipping through muck ahead of us
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol let’s say nothing else is happening in the life (of hip-hop)
" Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
le deireanas abair lately let’s say
" De réir a chéile mar a fheicimid an chaoi a chaitheann rialtas a bhfuil tromlach mór acu le daoine, sa díospóireacht faoin nginmhilleadh le deireanas abair, beidh daoine a rá gur chóir go mbeadh bac de chineál ar mhí-úsáid rósciobtha na cumhachta.
abair ach beagan is abair gu math e say few words but say them well
" Comhairle eile nár mhiste ceann a thabhairt dó ná an mhéid atá greannta i gcloich ar bhallaí Pharlaimint na hAlban: “abair ach beagan is abair gu math e.
Chuaigh sí in abar she slipped up
" Chuaigh sí in abar cúpla iarraidh leis, ach má chuaigh, thug seisean leide daoithi achan iarraidh.
b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair as against a city scene perhaps
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.
fear na bó san abar that’s not our problem
" Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.