Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thall agus abhus here and there
" Rinne Eibhlín mar a iarradh uirthi agus chaith sí tuairim is leathuair ag cuidiú léi maisiúcháin a chur suas thall agus abhus sa halla.
abhus agus i gcéin at home and abroad
" Tá bronntanas ar leith ag Balor do Dhaithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chónra na Gaeilge, é siúd a chuireann sé mhilliún teachtaireacht ríomhphoist amach in aghaidh an lae chuig muintir na Gaeilge abhus agus i gcéin.
corralt thall is abhus the odd article here and there
" Bhailigh sé béaloideas agus scéalta, chuir sé fios logainmneacha (agus ní cruinn i gcónaí a bhí sé ina chuid tuairimí) agus scríobh corralt thall is abhus faoi cheisteanna teanga.
thall nó abhus. over there or over here.
" Ach mar aon leis an spreagadh sin, is breá le Bob cuidiú le cúiseanna maithe, bíodh siad thall nó abhus.
ar na gaolta abhus. about their relations over here.
" “Mothaíonn na daoine atá i Sasana ciontach mar gur fhág siad a dteaghlach anseo in Éirinn agus mothaíonn siad ciontach go ndearna siad dearmad ar na gaolta abhus.
abhus over here
" Tá clú agus cáil ar an Astráil mar thír atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus is breá leis an lucht leanúna abhus cluichí idirnáisiúnta d'aon saghas a fheiceáil beo.
i measc na nÉireannach abhus amongst the Irish over here
" ÉireannachÓs ag plé na mban sa rialtas nua a rugadh thar lear atá mé, is údar áthais é i measc na nÉireannach abhus gur atógadh an t-aon Éireannach sa pharlaimint náisiúnta – an Seanadóir Ursula Stephens.
abhus. over here
" Agus, a chairde, thig libh é a mhaíomh le clanna bhur gclann, gur anseo a chuala sibh ar dtús é: tá na zheimers abhus.
san iliomad réimsí den tsochaí abhus. in so many areas of society over here.
" Is léir dom freisin, áfach, go ndéantar idirdhealú fós ar dhaoine aeracha san iliomad réimsí den tsochaí abhus.
sular chuir muid fúinn abhus before we settled over here
" In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
Bhí imní ar dhaoine áirithe abhus certain people over here were worried
" Bhí imní ar dhaoine áirithe abhus go ndéanfaí an-dochar don chomhaontas míleata straitéiseach idir an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá dá dtabharfaí na trúpaí Astrálacha abhaile in éadan mhianta na Meiriceánach.
sínte thall is abhus ar an urlár laid out here and there on the floor
" Bhí Dónal Ó Liatháin agus na Sínigh istigh faoin chuntar ina sámhchodladh, lucht Ionad Buail Isteach sínte thall is abhus ar an urlár, agus an Tóirse Oilimpeach athbhreoslaithe le trí bhuidéal de 12 Year Old Jameson ag soilsiú go geal agus é ag gobadh aníos as fualán i leithreas na bhfear.
músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus a particular interest is awakened in sports fans over here
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
abhus over here
" Is fada an lá, cinnte, ó bhí éileamh ag grúpa polaitiúil nó ag eagraíocht eile abhus, pionós an bháis a chur i bhfeidhm arís.
abhus over here
" Beidh $200 milliún sa bhreis ar fáil do na stáit agus do na críocha roimh dheireadh na bliana airgeadais – 30 Meitheamh abhus – le caitheamh ar an dtionscadal.
thall is abhus here and there
" Ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus.
ceardchumainn abhus trade unions over here
" Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.
stair an chine ghil abhus the white man's history here
" Mar a tharla go minic i stair an chine ghil abhus, bhí ganntanas oibrithe i gceist.
abhus over here
" Níl aon easpa foinsí do chultúir na hÉireann anseo, agus is dóigh liom mar sin, gurb é an mothú go bhfuil Éire i bhfad uait atá ag spreagadh daoine abhus i leith an chultúir.
abhus here
" Ach níl aon ‘Lá ’le Palladius’ ag na Gaeil abhus.
abhus over here
" Tugann daoine áirithe an leasainm seo ar an Astráil de bharr go mbíonn laethanta saoire poiblí go leor i rith na bliana abhus, agus tapaíonn muintir na tíre an deis iad a cheiliúradh go fonnmhar.
abhus here
" Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.
abhus over here
" Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
abhus here
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
thall is abhus here and there
" Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort in d’óige? Múinteoir thall is abhus, déarfainn.
abhus here
" Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort in d’óige? Múinteoir thall is abhus, déarfainn.
abhus over here
" An Tílicín Is dócha gurb é an tílicín, nó tíogar na Tasmáine, an mamach is iomráití i measc iad siúd atá imithe in éag abhus sa tréimhse sin.
abhus over here
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
abhus here
" Achan seans go bhfuil dhá oiread as an stát seo againn féin ag trasnú na teorann ó thuaidh (nó ag dul thar lear) go tráthrialta, le liúntas leanaí agus dól a tharraingt sa dá stát abhus, ó thuaidh agus ‘theas’, agus thar lear.
abhus here
" Aisteach le rá, ní ar shaoire ó thuaidh atá dreamanna áirithe eachtrannach abhus ag smaoineamh, ach ar thuras siar go lár na tíre le breathnú ar fheiniméin nádúrtha annamha a thiteann amach an t-am seo bliana: glasú an láir agus líonadh Loch Eyre.
thall is abhus here and there
" Ar bhonn fánach a bhí mé ag obair, thall is abhus.
abhus over here
" Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-bhrón ar ghaolta agus ar chairde an naonúir abhus, ach chuaigh an tubaiste i gcion ar mhuintir na hAstráile i gcoitinne.
abhus here
" Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.
abhus here
" Creideadh go forleathan abhus ag an am gur d’aon ghnó a nimhíodh Phar Lap agus go raibh lucht na coirpeachta eagraithe freagrach as.
abhus here
" "Ar ámharaí an tsaoil, táthar ag comóradh shaoradh na gcampaí géibhinn i gcaitheamh an dara cogadh domhanda leathchéad bliain ó shin faoi láthair ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn don Drochshaol céad caoga bliain ó shin a bheith á thabhairt chun cuimhne abhus" a deir sé.
abhus here
" Is iad na cluichí peile a imrítear go proifisiúnta abhus ná an pheil Astrálach, an rugbaí, rugbaí sraithe agus an sacar.
abhus here
" (Seán de Fréine, 1978, 70-72) Ar nós gach áit eile ar domhan, an Fhrainc san áireamh (a luaim anseo tharla gur luaigh Cumann Múinteoirí na hÉireann í), foghlaimeoidh na hÉireannaigh nua teanga na tíre abhus, Béarla na hÉireann, gan stró! Is teanga iláitiúil, ilréimsiúil agus ilmheáin é an Béarla in Éirinn na linne seo.
abhus here
" Bhí sé choilíneacht de chuid Impireacht na Breataine abhus sular bunaíodh an Astráil mar thír neamhspleách sa bhliain 1901, agus bhí bunreacht, parlaimint agus rialtas ar leith acu go léir.
abhus here
" Níl a fhios ag éinne, áfach, cén daonra go beacht a bhí abhus nuair a cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788.
abhus here
" Níl sí pósta, an chéad phríomhaire ‘díomhaoin’ abhus riamh, cé go bhfuil páirtí aici, agus níl clann aici.
thall is abhus odd, here and there
" Agus an braon deireanach ag sileadh de bhéal an dara buidéil *Jameson 15 Year Old Reserve*, dúirt Balor go dtosódh sé le roinnt ceisteanna boga, chun Dermo a chur ar a shuaimhneas: **Balor: Ar mhiste leat a rá liom, a Ardeaspaig, an raibh bean agat riamh?** Dermo: Bhuel, a Bhaloir, seachas mo mhamaí agus mo chuid deirfiúracha, bhí cúpla aintín agam agus bean tí thall is abhus nuair a bhí mé i mo shagart cúnta.
abhus over here
" Is tír í an Astráil atá fothaithe ar inimirce agus glacadh leis go forleathan le linn stair na nEorpach abhus go raibh daonra mór ag teastáil leis an tír a fhorbairt agus a chosaint.
thall is abhus here and there
" Caithfear díriú ar an bhall lag thall is abhus agus cuidiú leis nó léi ón chéad lá a chraolfaidh sé/sí.
abhus over here
" Tugtar an Charraig uirthi sa ghnáthchaint abhus agus is áit an-íocónach í Uluru do mhuintir na hAstráile.
abhus over here
" Tá dhá theach parlaiminte abhus agus bíonn an páirtí a bhfuil móramh aige sa teach íochtarach, ar a dtugtar Teach na nIonadaithe, i gcumhacht.
abhus sa Fhrainc here in France
" Éiric Fuascailte ======= Bíonn an lúbaireacht chainte chéanna ar siúl ag lucht polaitíochta abhus sa Fhrainc chomh maith ar ndóigh.
abhus over here
" Sular chuir muid fúinn abhus ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
abhus here in Australia
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
abhus over here
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
Ní luaithe thú abhus no sooner were you here
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
thall nó abhus here and there
" Dimple beag thall nó abhus – sin an méid a bhíonn de dhíth chun milliún Euro de dhuaischiste a chaitheamh i dtraipisí.
abhus here
" Roghnaíodh an dáta seo don lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.
abhus here
" Is éard a thug ann iad, bhí siad ag iarraidh roinn oideachais dá gcuid féin agus córas scolaíochta a chur ar bun agus theastaigh uathu an scéala a iniúchadh leis an Aire Oideachais abhus.
abhus here
" Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.
abhus over here
" Measann daoine go leor abhus gur laoch é, ach tá cuid nach beag eile den tuairim láidir gur chladhaire a bhí ann.
abhus over here
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
abhus here
" Tá éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus.
abhus here
" Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
abhus over here
" Tagann na daoine deireanacha seo chun na hAstráile ar víosaí éagsúla agus fanann siad abhus nuair a bhíonn téarma an víosa imithe in éag.
abhus um an dtaca sin here at that time
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
thall agus abhus here and there
" Bhí bairillí folmha thall agus abhus.
abhus over here
" Meastar go raibh tuairim is 250 teanga éagsúla ag muintir dhúchais na hAstráile faoin am ar cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus sa bhliain 1788.
dífhostaíochta abhus unemployment here
" Seasann an ráta dífhostaíochta abhus ag 5.
Geallúintí Abhus promises over here
" Agus Geallúintí Abhus ======== Ach cén baint atá ag seo leis na Sé Chontae? Cúpla seachtain ó shin, fuair clann Pat Finucane scairt ghutháin ó oifigeach shinsearach de chuid Rialtas na Breataine, ag inse dóibh go raibh an Príomh-Aire, David Cameron, ag iarraidh bualadh leo agus go mbeadh siad sásta lena mbeadh le rá aige.
thar lear agus abhus overseas and domestically
" Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus.
abhus here
" Nuair a thug Éilís II, Banríon na hAstráile, (nó Banríon Shasana/na Ríochta Aontaithe/na Breataine mar is fearr aithne uirthi i measc thomhaltóirí na meán Gaeilge) cuairt ar a géillsinigh dhílse sna Fritíortha sa bhliain 2006, bhí tráchtairí áirithe abhus den tuairim go raibh sí ag tabhairt a cuairte deiridh ar an Astráil.
abhus here
" Is é barúil choiteann na ndaoine abhus go bhfágadh an mhuintir dhúchais gach uile shórt faoin chinniúint agus go mbíodh a mbeathú ó lá go lá ag brath go hiomlán ar an méid a bhíodh le fáil gan dua sa dúiche ina mbídís ina gcónaí.
abhus here
" Tá an córas rialtais abhus bunaithe ar chóras Westminster de chuid na Ríochta Aontaithe agus ní thoghann lucht vótála an príomh-aire go díreach, sa chaoi ina dtoghtar, go hiondúil, Uachtarán na hÉireann, cuirim i gcás.
córas an stáit abhus the state apparatus here
" An méid Preispitéireach nár theith go Ceanada nuair a thiontaigh córas an stáit abhus glan ina n-éadan i ndiaidh 1798 agus 1803, bhí orthu umhlú agus is féidir céatadán sách ard díobh a shonrú i bPáirtí na Comhghuaillíochta inniu.
thugtar orthu abhus they’re called over here
" Cuireadh tús oifigiúil le cur chuige an athmhuintearais idir muintir dhúchais na hAstráile agus muintir eile na tíre – nó Indigenous agus non-Indigenous Astrálaigh, mar a thugtar orthu abhus - sa bhliain 1991, nuair a bunaíodh an Council For Aboriginal Reconciliation.
abhus here
" Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil.
abhus (over) here
" Tá an cheist chéanna i lár an aonaigh i gcúrsaí polaitíochta abhus go rialta ó shin i leith, agus í ina hábhar achrainn idir na páirtithe móra.
thall agus abhus here and there
" Bhí urlár an tí clúdaithe le brat geal, agus brait bheaga bhána thall agus abhus leis na soithí a leagan orthu.
húdaráis abhus authorities here
" Rinne na húdaráis abhus neamhaird iomlán den ghabháltas sin go ceann caoga bliain go dtí gur thosaigh coilínigh as an Astráil ag cur fúthu ann.
is coitianta abhus most common here
" Tá sa bhreis ar 40 milliún caora sa Nua-Shéalainn, agus, in ainneoin go bhfuil i bhfad níos mó acu san Astráil, bíonn an greann gáirsiúil is coitianta abhus bunaithe ar an gcaidreamh collaí a mhaítear a bhíonn ag fir na Nua-Shéalainne lena gcaoirigh.
le cur fúthu abhus to live here
" Tá corradh is leathmhilliún duine de bhunadh Nua-Shéalannach ina gcónaí san Astráil agus tagann na mílte eile le cur fúthu abhus gach bliain.
I mBéal an Phobail Abhus all the talk here
" I mBéal an Phobail Abhus ============= Caintítear cuid mhaith ar an *crisis* abhus, ach ní hé an duairceas is bonn leis an allagar céanna de ghnáth, agus ní tréith í a shamhlaím le muintir na Gailíse trí chéile.
is muirní abhus most beloved over here
" Tá an cangarú ar an ainmhí Astrálach is so-aitheanta ar fud na cruinne, ach is ea an cóála an t-ainmhí is muirní abhus.
síorbháisteach abhus a continual downpour
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
abhus here
" Cuid láidir den tsaíocht abhus is ea an bhéim a leagtar ar an teaghlach.
le mo linn abhus in my time over here
" Tá scéal bhás an linbh seo ar an gcás cúirte a tharraing ní ba mhó aird ná aon chás eile i stair na tíre agus tharla an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le mo linn abhus mar gheall ar an mbás freisin.
abhus over here
" Is mithid dúinn, dar le Robinson, muid féin a cheistiú faoin dul chun cinn atá déanta agus próiseas na síochána abhus mar eiseamláir agus mar spreagadh ar fud na cruinne.
abhus here at home
" Meastar go gcaithfidh na hÉireannaigh 50 milliún oíche leapa i gcéin i 2012, rud a chiallaíonns go bhfágfar 16 milliún oíche leapa folamh abhus.
Ceist Chigilteach Abhus a problematic case here
" Ceist Chigilteach Abhus =========== Cén t-iontas mar sin gur ag tarraingt ar na tíortha eile sin a bhíonn turasóirí a bhfuil suim acu i siúl sléibhe.
Ghlac staraithe eile abhus le other historians here accepted
" * (liomsa an bhéim) Ghlac staraithe eile abhus le seasamh O Farrell agus thug siad neamhaird iomlán ar an teanga, dá bhíthin sin.
Bíonn gliomach thall is abhus there’s an odd jewel (to be picked up)
is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus and only old people are speaking it here and there
" Síleann siad gur teanga mharbh í is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus.
Tá mé abhus I’m here
" Tá mé abhus le cúpla ceist a chur ort faoi na pictiúir seo de Kate Middlesex.
Chuir muidne fúinn abhus we settled here
" Chuir muidne fúinn abhus an bhliain chéanna agus is iontach an t-athrú atá le sonrú i gcúrsaí inimirce in imeacht na mblianta ó shin i leith.
ar an chosán abhus on this footpath
" Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
abhus her
" Bhog an tromlach na ndaoine in achan teaghlach thar lear mar ní raibh aon obair ná tithe ar fáil acu abhus agus an cleas is mó a bhí ag na haontachtaithe a bhí i gceannas ná, cé go raibh tromlach náisiúnaíoch sa chathair, b'éigean iad a chur faoi smacht agus rinne siad sin fríd an chlaonroinnt.
i réimsí áirithe sa saol abhus in particular realms of life here
" Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
thall is abhus here and there
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
na teifigh seo abhus these refugees over here
" Tugtar ‘boat people’, nó muintir na mbád, go forleathan ar na teifigh seo abhus.
abhus thart ar here around
" ) as Dòmhnullaigh na hAlban agus as Ó Donnghaile abhus thart ar Articlave, Cúil Raithin.
a bhunaigh siad abhus which they founded here
" Bhaist coilínigh sna Fritíortha ainmneacha Eorpacha ar na cathracha agus bailte a bhunaigh siad abhus i dtús báire, ach thosaigh siad ag baint feidhme as logainmneacha dúchais ar áiteanna éagsúla roimh i bhfad.
tionchar mór Albanach abhus a large Scottish influence over here
" Tá sé soiléir go bhfuil tionchar mór Albanach abhus agus go bhfuil siad bródúil as sin.
meas ar cháil na nGael abhus anois an estimation of the Irish here now
" Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.
in earnálacha éagsúla abhus in various sectors over here
" Luafaidh mé beirt acu le samplaí a thabhairt de na Gaeil a bhfuil saothar éachtach déanta acu in earnálacha éagsúla abhus.
rompu abhus for them here
" Tá cáil na fáilte agus na féile orainn i measc go leor agus is eol do chuid mhaith tíortha an Céad Míle Fáilte a bheith rompu abhus, ach an féidir níos mó béim a leagan ar ár dteanga agus sinn inár n-óstaigh faoi láthair? Tar éis dom a bheith ag an ‘*Citizen Dialogue*’ i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus ag ‘*Ireland 40 Years On*’ in Óstán Chaisleán Cnucha, mar Gaeilgeoir, nílim róchinnte.