Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Bhí cur síos sa tuairisc imscrúdaitheach ar an dóigh ar aistríodh sagart ó pharóiste go paróiste ar feadh tríocha bliain, agus líomaintí faoi mhí-úsáid ghnéasach á leanúint gach áit dá ndeachaigh sé.
mí-úsáid leanaí child abuse
" "Níl i gceist anseo ach mí-úsáid leanaí.
drochíde abuse
" Is í an cheist anois ná cén praghas a bheas le híoc amach anseo ag na himreoirí de bharr na traenála go léir? Deirtear go bhfuil leath d'fhoirne Átha Cliath agus Chiarraí ó na seachtóidí ina mbacaigh anois agus go bhfuil cromáin nua faighte ag cuid acu de bharr an mhéid drochíde a tugadh dá gcorp agus iad i mbun traenála agus imeartha.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Ní scéal nua é mí-úsáid ghnéasach a bheith á cur i leith sagairt.
drochíde abuse
" drochíde ======= Tá a fhios ag an tsaol mhór fán drochíde a tugadh do na cailíní anuraidh.
a bhain mí-úsáid as leanaí who abused children
" Tá an páirtí agus an tír iontach buíoch gur fhág an ceannaire úr, Gach Éinne Ó Cionnaith, a chuid féin sa bhaile i Maigh Eo (an *charisma*, chan an custard!) "De réir mar a chuaigh an bhliain isteach bhí níos mó eolais ag teacht amach faoi na sagairt a bhain mí-úsáid as leanaí ar fud na tíre.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Ansin, i mí Dheireadh Fómhair, léirigh an clár "Prime Time" ar RTÉ gur chosain an Cairdinéal Connell é féin sagairt a bhí ag déanamh mí-úsáid ghnéasach ar pháistí.
híde béil verbal abuse
" Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
an t-uafás drochíde a lot of verbal abuse
" Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth.
a bhain mí-úsáid as leanaí who abused children
" Tá an páirtí agus an tír iontach buíoch gur fhág an ceannaire úr, Gach Éinne Ó Cionnaith, a chuid féin sa bhaile i Maigh Eo (an *charisma*, chan an custard!) "De réir mar a chuaigh an bhliain isteach bhí níos mó eolais ag teacht amach faoi na sagairt a bhain mí-úsáid as leanaí ar fud na tíre.
mhí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.
shárú cearta daonna the abuse of human rights
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
mhí-úsáid ghnéasach sex abuse
" Rinne sé dhá chlár fosta ar Chogadh na mBórach agus léirigh sé dráma dar teideal "Care", a rinne plé ar mhí-úsáid ghnéasach i ndílleachtlanna sa Bhreatain Bheag.
mhí-úsáid drugaí drug abuse
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Cuireann scéal Buckley i gcuimhne do dhaoine an chumhacht a bhaineann le creideamh, ag am nuair atá go leor ag ceistiú cuid d'airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais; cuireann sé i gcuimhne do dhaoine chomh maith gurb é atá i gceist leis an Eaglais Chaitliceach ná friotháil ar na daoine breoite, na bochtáin agus na díbeartaigh, seachas líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach agus cur i bhfolach coireanna amháin.
mí-úsáid ghnéasach sex abuse
" Tá cáineadh géar déanta ag Caitlicigh de shliocht Éireannach ar oifigigh de chuid na hEaglaise, áfach, de bhrí go bhfuil siad dian ar Kerry ach nár bhac siad le dul sa tóir ar pheacaithe sa tsagartóireacht a bhí ciontach as mí-úsáid ghnéasach.
ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí the tragic sexual-abuse crisis
" McBrien, Ollamh le Diagacht in Ollscoil Notre Dame, a dúirt: "As na leabhair ar fad atá tar éis a theacht chun cinn mar gheall ar ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí san Eaglais Rómhánach Chaitliceach, tá niche dá chuid féin ag leabhar Jimmy Breslin.
mí-úsáid alcóil agus drugaí alcohol and drug abuse
" Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir.
go mbainfear mí-úsáid astu that they'll be abused
" Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu.
go mbainfear mí-úsáid astu that they'll be abused
" Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu.
á maslú being verbally abused
" Taispeánadh bean amháin ceangailte do chathaoir, daoine eile á maslú agus á gcothú i gcoinne a dtola.
Rinne siad íospairt ar a dtréad. They abused their flock.
" Rinne siad íospairt ar a dtréad.
mhí-úsáid drugaí drug abuse
" Tá siad i gcoinne mhí-úsáid drugaí agus deir siad nár tugadh dóthain airde ar an dochar a dhéanann drugaí sa gcás seo.
mí-úsáid ghnéasach leanaí child sexual abuse
" Mar a dúirt an tAthair Brian Darcy le déanaí, ní nach ionadh nach bhfuil muinín níos mó ag daoine ina bhfuil le rá ag an eaglais, nuair a chuireann tú san áireamh chomh mór ar strae is a bhí compás morálta na heaglaise agus iad ag plé le líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí.
go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh that teenagers would be reluctant to write abuse messages
" Tá mé cinnte go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh ar an idirlíon nó a sheoladh óna nguthán dá mbeadh an baol ann go mbéarfaí orthu.
go ndearnadh treascairt ar a gcearta príobháideachais that their right to privacy was abused
" Mhaígh an teaghlach go ndearnadh treascairt ar a gcearta príobháideachais agus gur chaith muintir an bhaile go holc leo ón uair a chuir na gardaí an scéal i mbéal an phobail.
an íde béil the abuse
" Rud amháin eile faoi fhoireann Átha Cliath: ní maith liom an bhéalscaoilteacht agus an íde béil d'imreoirí eile agus do réiteoirí a bhí á chleachtadh ag imreoirí Átha Cliath i mbliana.
íde abuse
" Dar leisean gur siombail í bratach Iosrael den chos ar bolg agus den dúnmharú atá ar siúl faoi láthair, iompar a shamhlódh roinnt daoine leis an íde a d’imigh ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
mí-úsáid a bhaint as a stádas. to abuse his status
" Agus measaim gurb é an rud is déistiní is féidir le duine a bhfuil cumhacht aige a dhéanamh ná mí-úsáid a bhaint as a stádas.
mí-úsáid alcóil alcohol abuse
" Tá siad á dtógáil mar gheall ar na fadhbanna uafásacha a bhaineann le caighdeán maireachtála na mBundúchasach – go háirithe drochthithíocht, mí-úsáid alcóil agus drugaí, agus mí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil a bheith a dtabhairt ar na páistí.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Tá siad á dtógáil mar gheall ar na fadhbanna uafásacha a bhaineann le caighdeán maireachtála na mBundúchasach – go háirithe drochthithíocht, mí-úsáid alcóil agus drugaí, agus mí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil a bheith a dtabhairt ar na páistí.
an mhí-úsáid cumhachta that abuse of power
" Níl an mhí-úsáid cumhachta a léiríodh sa scannán ceart, cothrom nó inghlactha.
a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí who was convicted in 1998 of sexually abusing boys
" Is amhlaidh gur chaith an tAthair Dónal Collins -a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí - cúpla lá i dteach mo thuismitheoirí i Nua-Eabhrac samhradh amháin.
gur cheart go ndéanfaí neamhiontas iomlán de shárú cearta daonna. that the abuse of human rights should be ignored
" Níl duine ar bith ag iarraidh pilleadh ar na laethanta duairce úd, ach ní hionann sin agus a rá gur cheart go ndéanfaí neamhiontas iomlán de shárú cearta daonna.
gur tugadh mí-úsáid ghnéasach do pháistí. that children were sexually abused
" Bhí iontas ar go leor daoine i mí Aibreáin i mbliana nuair a d'úsáid póilíní in Texas tanc agus armáin uathoibríocha agus iad i mbun oibríochta chun páistí a thógáil ó ghrúpa ceartchreidmheach Mormannach mar gheall ar líomhaintí a bheith déanta gur tugadh mí-úsáid ghnéasach do pháistí.
íde béil verbal abuse
" Is iomaí uair a fhaighim íde béil ó dhaoine as áiteanna eile sa tír nuair a chuirim in iúl dóibh go bhfuil cónaí orm in Canberra.
sciolladh abuse
" Uaireanta, bím báúil lena gcuid gearán faoin rialtas, ach nílim ag rá go mbíonn an sciolladh tuillte agam.
drochíde fhíochmhar béil the ferocious verbal abuse
" Ba bhreá liom fáil amach cad é a bhí taobh thiar den drochíde fhíochmhar béil a thug sé do Chaitlicigh gan choir sna caogaidí agus sna seascaidí.
an sciolladh a fhulaingt to suffer the abuse
" Ní raibh sí in ann an sciolladh a fhulaingt níos mó agus chinn sí ar dheireadh tragóideach a chur lena saol.
téann siad i mbun drochíde a thabhairt they start their abuse
" (Paragraf 6)Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de nó an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol.
sárú abuse
" An Spéis ina Leithscéal Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
bhain sé mí-úsáid aisti he abused her
" Bhí a iníon an-óg nuair a bhain sé mí-úsáid aisti don chéad uair agus ní raibh sí ach ocht mbliana dhéag nuair a shac sé isteach ina chuile rúnda í.
Mí-úsáid abuse
" Mí-úsáid na meán atá ansin, go ndéanfaí iarracht an dream scabhaitéirí a scanradh le bladar nuachta tráthnóna, in áit an rud ceart a dhéanamh.
mí-úsáid abuse
" * Tá feabhas éigin le sonrú i gcúrsaí oideachais, de réir na tuarascála, ach bhíothas díomách a léamh inti go bhfuil cúrsaí níos measa i dtaca le neamhchúram agus mí-úsáid na bpáistí dúchasacha: *The rate of substantiated notifications for child abuse or neglect increased for both Indigenous and non-Indigenous children between 1999-2000 and 2007-08.
mí-úsáid abuse
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
mhí-úsáid abuse
" Táthar ann a fhiafraíonn cad é mar is féidir linn a bheith ag rá go daingean go gcaithfidh na heaspaig a raibh a fhios acu fá mhí-úsáid ghnéasúil i measc sagart éirí as agus gan an rud céanna a rá fá Gerry Adams.
giolla an díspeagtha brunt for abuse
" San am céanna, is giolla an díspeagtha é do chleas riartha na carcrach agus dá ‘chosantóirí’ cruálacha araon.
drochíde ghnéis sexual abuse
" SF agus SDLP Agus muid ag teannadh a fhad le holltoghchán Westminster (6ú Bealtaine, is dócha) an ndéanfaidh na líomhaintí seo dochar ar bith d'Adams agus do Shinn Féin? An mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste sásta vóta a thabhairt d'fhear - más fíor do Brendan Hughes - a d'ordaigh bás mhná a raibh 10 bpáiste aici, beag beann ar na líomhaintí ina éadan? Tá an brú ag méadú ar Uachtarán Shinn Fein agus daoine a rá nach ndearna sé go leor nuair a hinseadh dó go raibh a dheartháir, Liam, ag tabhairt drochíde ghnéis ar a iníon.
drochíde abuse
" Ós rud é go mbíonn na himircigh seo lasmuigh dá stáit féin, bíonn siad níos mó i mbaol na drochíde is an dúshaothraithe.
íde béil verbal abuse
" Ba ghnáthrud é an íde béil agus níor ligeadh di a cuid a ithe i gcuideachta an teaghlaigh.
mí-úsáid abuse
" Mar bharr ar an mí-úsáid agus an masla seo go léir, cheap an fostóir ainm nua di.
mhí-úsáid abuse
" Proinnsias Ó Gallchóir, Shane Mac Grianna agus Tomás Ó Duibheannaigh a rinne an tionscadal ar thug siad ‘Fiosrú ar an mhí-úsáid a fhaigheann oifigigh CLG i gcomparáid le hoifigigh rugbaí ar an pháirc’ air.
gnáthsclamhairt usual abuse
" Thosaigh an gnáthsclamhairt amach ina choinne.
ag caitheamh anuas ar piling abuse
" Tugann scaoilteacht an idirlín ardán d’achan chineál cancráin a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile faoi sciath na ganfhiosaíochta.
mí-úsáid abuse
" B’fhéidir go raibh mí-úsáid á déanamh orthu sa bhaile.
drochbhail a cuireadh dóibh abuse they suffered
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
mí-úsáide abuse
" Is maith linn ar fad roinnt ama a chaitheamh ag imirt cluichí air ach tá na páistí rud beag ró-óg go fóill fá choinne cuid de na dúshláin atá air agus tá na tuismitheoirí rud beag ró-shean! Dá bharr, tá méid áirithe mí-úsáide faighte ag an rialaitheoir cluichí.
Tá mí-úsáid cheart á baint as it’s really being abused
" Tá mí-úsáid cheart á baint as agus tá iarrthóirí ag sodar na gcúlbhealaí agus na gcosán le teacht ar láthair chónaithe na gComhairleoirí.
méid mí-úsáide a imríodh ar amount of abuse done to
" Chomh maith leis an méid míchleachtais atá soiléir ó na himscrúduithe a rinneadh, agus an méid mí-úsáide a imríodh ar ‘mhic léinn’ na gcoláistí úd, tá drochthaobh eile leis an scéal seo.
mí-úsáid a cuid cumhachta abusing her power
" ’ Fritheadh ciontach Tymoshenko, 51, i mí Dheireadh Fómhair seo caite i mí-úsáid a cuid cumhachta san am a raibh sí ina Príomh-Aire de bharr beartas gáis a d’aontaigh sí leis an Rúis i 2009.
Déanann sí mí-úsáid ar it abuses
" Déanann sí mí-úsáid ar dhaoine óga agus déanann sí an-dochar.
mhí-úsáid údaráis abuse of authority
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh abuse the welcome which they received
" Ní amach amháin a shaothraíonn an Gaeil, nó ‘an tÉireannach Nua’ ach oiread, an dea-cháil, ach is féidir leis an duine a thiocfas isteach chun na tíre cur linn mar dhream daoine nó baint dínn agus b’fhéidir an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh.
ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile shouting abuse at each other
" Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d'éirigh sé níos measa agus d'imigh sé go hiomlán as smacht agus Gearóid Ó hEára i lár an aonaigh.
D’fhonn deireadh a chur le calaois in order to end abuse
" D’fhonn deireadh a chur le calaois den sórt seo, teastaíonn ó Theresa May córas nua a thabhairt isteach ina gcuirfí daoine faoi agallamh i gcomhair víosa mac léinn.
mí-úsáid sexual abuse
mí-úsáid abuse
" Tháinig mí-úsáid chun solais i Meiriceá, in Éirinn, san Ostair, sa Bheilg, agus sa Ghearmáin.
léiríonn an drochíde the abuse shows
" Agus fiú dá rachaidís i muinín na n-údarás tá gach seans go mba mheasaide iad é, mar a léiríonn an drochíde a fuair Eric Tabo ag teorainn Mhelilla.
bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo abuses this advantage
" Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile.
rop buíon stócach an rud céanna chugam féin a group of teenagers flung the same abuse at me
" Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann.
faoi cheilt, leis, a tharlaíonn an íospairt concealed from view, also, abuse happens
" Ciallaíonn sé sin gur faoi cheilt, leis, a tharlaíonn an íospairt, idir fhoréigean gnéasach agus choinníollacha tarcaisneacha oibre.
fir chéile in ainneoin mí-úsáid husbands despite abuse
" Is minic nach dtréigfidh siad fir chéile in ainneoin mí-úsáid a bheith á fulaingt acu ar eagla go mbeidh orthu filleadh ar an tír dhúchais.
tsaint, do mhí-úsáid chumhachta greed, to abuse of power
" Cuirtear béim go minic ar ealaín a theánn i bhfeidhm mar ‘eispéireas coincheapúil’ in áit mar shaothar ealaíne atá luachmhar ina cháilíocht féin agus in ainneoin nach bhfuil téama i gcoitinne ag na píosaí sa taispeántas i mbliana, is minic tagairtí iontu don tsaint, do mhí-úsáid chumhachta agus do phobail ag obair faoi scáth a chéile.
Bhaintí mífheidhm as creideamh religion was abused
" Bhaintí mífheidhm as creideamh i bpolaitíocht na tíre seo na blianta ó shin.
nár baineadh mí-úsáid as an iontaoibh that trust wasn’t abused
" Bhí an t-ádh orm go raibh an saghas caidreamh sin agam le sagart is nár baineadh mí-úsáid as an iontaoibh.
ar mhí-úsáid rósciobtha na cumhachta against the too rapid abuse of power
" De réir a chéile mar a fheicimid an chaoi a chaitheann rialtas a bhfuil tromlach mór acu le daoine, sa díospóireacht faoin nginmhilleadh le deireanas abair, beidh daoine a rá gur chóir go mbeadh bac de chineál ar mhí-úsáid rósciobtha na cumhachta.
mhí-úsáid deochanna meisciúla alcohol abuse
" I roinnt de na tíortha seo, cuirim i gcás Sasana agus na Stáit Aontaithe, tá laghdú beag tagtha ar líon na n-úsáideoirí drugaí agus ar mhí-úsáid deochanna meisciúla.
faoin mhí-úsáid gnéis about the sexual abuse
" Tá leathbhliain ann ó tháinig ceathrar fear cróga chun tosaigh chun labhairt go hionraic ar Nuacht TG4 faoin mhí-úsáid gnéis a rinne an Lubhlaíoch orthu.
Bhain sé mí-úsáid as he abused this
" Bhain sé mí-úsáid as an stádas seo agus tháinig sé i dtír ar a gcuid soineantachta.
mí-úsáid gnéasúíl sexual abuse
" Go malltriallach, tá cuimhne ag teacht chuige faoin dóigh ar láimhseáil sé scéal a nia, Áine Dahlstrom ar bhain a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, mí-úsáid gnéasúíl aisti.
mí-úsáid mhíthrócaire, bhreoite, chruálach, leanúnach merciless, sick, cruel, continual abuse
" Lupita N’ygong’o – ‘Patsey’, an sclábhaí óg mná a phioc 500 punt chadáis in aghaidh an lae chun ‘fanacht istigh’ le Ebbs, an té a rinne mí-úsáid mhíthrócaire, bhreoite, chruálach, leanúnach uirthi.
thosaigh an drochíde ciníoch the racist abuse started
" Níorbh fhada gur thosaigh an drochíde ciníoch ar an idirlíon, maslaí pearsanta ar Anna Lo, ar na Sínigh agus ar an dóigh a labhraíonn siad Béarla, rud a chuir alltacht ar dhaoine - seachas an DUP.
mí-úsáid cumhachta abuse of power
" Bhí siad ag cur in aghaidh na caimiléireachta agus mí-úsáid cumhachta.
an drochíde bad abuse
" Ar an drochuair, áfach, tá an díospóireacht ag dul ó mhaith mar gheall ar an nimh agus an drochíde a bhíonn á bagairt ar Bates agus ar a leathbhádóirí.
mí-úsáid chorpartha physical abuse
" Tá aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus ní fios cad eile tráth den saol.
mhí-úsáid alcóil alcohol abuse
" Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig.
drochíde abuse
" Bhí an bainisteoir cispheile Lenny Wilkins an-bhocht agus é ag éirí aníos agus tugadh drochíde dó de bharr go raibh athair dubh agus máthair bhán aige, ach d'éirigh leis go leor a bhaint amach ina shaol mar sin féin.
an mhí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.
in ainneoin na drochíde go léir despite all the abuse
" Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta, in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.
na mí-úsáide of abuse
" Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.
ag baint mí-úsáide as abusing
" Tá Caitlicigh stuama trína chéile faoin méid atá tagtha chun solais maidir leis na scéalta faoi shagairt ag baint mí-úsáide as leanaí lena mianta gnéis a shásamh agus le hiarrachtaí na Vatacáine an oilbhéim a cheilt.
ach cruatain agus drochíde other than hardship and abuse
" Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.