Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achrann strife
" Bhí achrann ag Ned i gcaitheamh a shaoil leis na póilíní i Victoria, fórsa a bhí sáite sa gcaimiléireacht.
hachrainn dhomhanda global conflicts
" Nárbh fhiú dúinn seasamh siar ón mhíleatacas agus an cúram síochána seo a ghlacadh orainn féin? Níl polasaithe idirnáisiúnta Mheiriceá gan locht agus tá míthuiscintí go forleathan ar gach taobh de na hachrainn dhomhanda, ach is féidir linne iarracht a dhéanamh cairdeas a bhunú sa domhan.
achrann dispute
" Seo mar a thosaigh siad: Bhí achrann ann idir féitheoir Caitliceach agus oibrí Protastúnach sna dugaí.
achrainn strife
" Tá boladh achrainn san áit seo, a sméid sí ar ais orm le caochadh dá súil.
achrann strife
" Ní chloiseann an domhan mór mórán faoi na Sé Chontae ach amháin nuair a bhíonn drochnuacht agus achrann ann.
in achrann le quarrelling with
" Níos túisce i mbliana bhí bainisteoir iomána Chontae na Mí in achrann le Coiste an Chontae toisc gur socraíodh cluichí craoibhe iomána do na clubanna lá nó dhó roimh cluiche tábhachtach ag foireann na Mí.
achrainn quarelling
" Thit an lug ar an lag acu ó shin de bharr achrainn agus anois níl ach beirt acu sin fanta.
achrann quarrell
" Caitear oícheanta fada geimhridh ansin os comhair na tine, ag imirt chártaí, cuir i gcás, ag argóint faoin chor is deireanaí sa saol polaitiúil, nó ag cur is ag cúiteamh faoi achrann éigin i gclub áitiúil an Chumainn Lúthchleas Gael.
in achrann leis na gardaí fighting with the gardaí
" Mar dhuine fásta bhíodh sé in achrann leis na gardaí go minic.
achrann quarrel
" Cuideoidh sé go mór leis an Chomhairle an t-airgead a dháileadh amach ar bhealach cothrom, agus má bhíonn ceisteanna nó achrann ann faoin stádas atá ag an cheol dúchais, an bealach is fearr chun sin a réiteach ná leis an fhochoiste seo.
achrann strife, trouble
" Ach má bhíonn achrann arís ann faoin toradh ní bheifear in ann athchomhaireamh a dhéanamh, faoi mar a tharla in 2000, mar ní bheidh páipéir bhallóide ann.
achrann quarrel
" " Ní raibh ach eisceacht amháin ann le linn an ama sin, nuair a tharla achrann idir na haontachtaithe agus thit siad amach lena chéile.
achrann argument, quarrel
"achrann ar siúl i measc cuid Caitliceach Éireannach na Stát Aontaithe faoi láthair faoin pholaitíocht, mí-úsáid ghnéasach agus na sacraimintí, agus is beag seans go dtiocfaidh maolú air seo go luath.
achrann polaitiúil political unrest
" Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
ag tarraingt achrainn causing trouble
" Tá sé breis is bliain ó maraíodh aon duine ar an teorainn leis an Indinéis agus deir fórsaí na hIndinéise go bhfuil deireadh leis na mílístí a bhí ag tarraingt achrainn ansin.
achrann quarrel
" Beidh sé píosa sula mbeidh deireadh leis an achrann seo.
in achrann leis quarrelling with
" Ní hamháin gur dhiúltaigh an páirtí don triúr acu seo, ach i measc an chúigir a thogh siad bhí triúr a bhfuil clú orthu as a bheith in achrann leis an Taoiseach: an Seanadóir Mary White a chuaigh glan i gcoinne sheasamh an Taoisigh i leith an triúir Éireannach a bhí i bpríosún sa Cholóim; John Cregan TD a labhair amach i gcoinne an rialtais nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an deontas do dhaoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair; agus an Seanadóir Michael Kitt a lochtaigh an Taoiseach go poiblí nuair a chaill sé féin a shuíochán Dála sa toghchán deireanach.
achrainn quarrelling
" Nílim ag rá gur oileáin na naomh atá in Árainn, nó nach mbíonn oiread achrainn agus aighnis ann faoi chúrsaí cé agus farantóireachta agus a bhíonn in áiteanna eile.
achrainn rows
" ” Bhí sé, ar ndóigh, ag tagairt don raic atá ann faoi láthair mar gheall ar an FDNY agus d’achrainn eile a bhí ann roimhe seo mar gheall ar chosc bheith ar dhaoine aeracha máirseáil suas Fifth Avenue.
achrann quarrel
" Ó shin i leith tá sé ina achrann faoi na pictiúir – an bhfuil siad muiníneach, nó ar déanadh láimhdeachas orthu? Tá stair truamhéalach ag baint leis an tíogar Tasmánach.
achrann quarrelling
" Cinnte beidh achrann ann ach go mall tiocfaidh siad ar réiteach nó ar *modus vivid* de chineál éigin agus beidh sin le leas achan duine.
achrann quarrel
" Lean an t-achrann an oíche dár gcionn sular tháinig feabhas ar an scéal nuair a cuireadh na mílte póilín ar na sráideanna.
achrainn quarrelling
" Tá an pobal atá ag breathnú air ag iarraidh conspóide, ag iarraidh achrainn, ag iarraidh paisin.
achrann quarrelling
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
le linn achrainn inmheánaigh during an internal dispute
" Ó shin i leith, dúirt Rabbitte go raibh baint ag Haddock le dúnmharú Gary Convie agus Eamon Fox (beirt Chaitliceach a scaoileadh ar láithreán tógála i mí na Bealtaine 1994); Thomas Sheppard (brathadóir líomhanta a scaoileadh i 1996); an tOirmhinneach David Templeton (a bualadh go holc i mí an Mhárta 1997); Billy Harbinson (1997); Tommy English (iarpholaiteoir de chuid an UDP, 2000); agus David Greer (a maraíodh le linn achrainn inmheánaigh de chuid na ndílseoirí in 2000.
le linn an achrainn dheireanaigh during the last quarrel
" Tá leisce ar na cúirteanna dílseoirí ar nós na Shoukris a choinneáil i bpríosún, agus mar a léirigh Rialtas na Breataine le linn an achrainn dheireanaigh taobh istigh den UDA, ní chuirfidh sé ó chodladh na hoíche iad má bhíonn dílseoirí ag marú a chéile ar bhonn “housekeeping.
an t-achrann strife
" Is cuma céard a deir daoine eile faoi, ní féidir a shéanadh ach gur cuid lárnach de chluichí Gaelacha í an bhruíon agus an t-achrann sa lá atá inniu ann.
ag achrann leis an gceol struggling with the music
" Muid ag achrann leis an gceol go fóill.
achrann confrontation
" Bhíodh smacht an-mhaith i gceist, léirítí ómós don réiteoir agus ní bhíodh achrann ná troid ann riamh.
achrann dispute
" ”* Tagairt a bhí anseo do Ghaelscoil Mhic Easmainn - scoil ina raibh achrann faoina bpolasaí gan Béarla a theagasc i ranganna na naíonán.
ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach in constant battle
" Bhí baill áirithe den fhoireann ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach agus d’éirigh cúrsaí chomh holc sin sa deireadh go raibh ailt sna nuachtáin náisiúnta, fiú, faoi chúrsaí ansin.
achrann feud
" Theith sé go Missouri, áit a raibh achrann i gceist cheana féin idir an Eaglais Mhormannach agus an stát.
achrann trouble
" Rinne sé comparáid idir na himeachtaí i Clichy-sous-Bois agus i mbruachbhailte eile faoi mhíbhuntáiste ina raibh troid agus achrann iontu oíche i ndiaidh oíche agus círéibeanna Los Angeles in 1992.
troid agus ag achrann fighting and complaining
" D’imigh sé leis cosa in airde agus é sásta go mbeadh roinnt suaimhnis aige agus é ag tiomáint in ionad a bheith ag éisteacht le daoine ag troid agus ag achrann ar a chúl sa charr.
Achrann dispute
" Achrann áitiúil a bhí ann idir an dá thír sin, ach mothaíodh a thionchar sách géar fada go leor ó bhaile.
achrann dispute
" Tá an cinneadh seo i ndiaidh easaontas agus achrann a spreagadh i measc cuid mhaith daoine go háirithe James Dean Bradfield, ceoltóir de chuid na Manic Street Preachers, a dúirt gur shíl sé go raibh an scéal ‘go hiomlán áiféiseach’.
t-achrann siúd that strife, dispute
" Pléascann an t-achrann siúd amach go fuilteach ó am go chéile, ach tríd is tríd, d’fheabhsaigh rudaí le blianta beaga anuas.
achrann an tsaoil life's tribulations
" Braithim an gaol idir mé féin agus Paul uaim chomh maith sar a dtáinig buairt agus achrann an tsaoil eadrainn.
achrann trouble
" Níl rud ar bith cearr leis sin go teoiriciúil ar ndóigh, ach b’ionann riamh anall, cuid bheag de na mórshiúlta seo agus achrann, foréigean (http://www.
achrann trouble
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
t-achrann trouble
" com/watch?v=op-lX8B9iMk) Bhí fear ar an raidió a rá gur thuig sé an fáth gur tharla an t-achrann i bPort an Dúnáin agus gur eascair achrann an deireadh seachtaine as aighneas Bhóthar Gharbh Achaidh.
Achrann trouble
" Achrann pearsanta atá i gcás Adams, ní Achrann institiúide.
achrann trouble
" Bhí tráth ann nuair a bhí cáil ar an Ollainn mar thír ina raibh an chaoinfhulaingt i réim; tír inar chónaigh daoine de gach uile dhath agus de gach uile chreideamh taobh le taobh a chéile gan achrann arbh fhiú trácht air eatarthu.
achrainn dispute
" Tá na páirtithe ag comhoibriú lena chéile i *Stormont*, ach tá ábhar achrainn de dhíth orthu ar leibhéal siombalach – rud éigean a bhfuil tábhacht áirithe leis ach nach bhfuil chomh tábhachtach is go dtarraingeoidh siad an teach anuas orthu féin.
hachrainn teaghlaigh family troubles
" Tá an scannán beo agus ar barr creatha, go deimhin, le hachrainn teaghlaigh, le héad agus le cumhachtaí dorcha an tsaoil.
ag achrann disagreeing
" Brúnn na Sínigh ar aghaidh fad is atá tíortha an iarthair ag cur is ag cúiteamh nó ag achrann.
achrann dispute
" Bagairt na Creimile ======== Ar ais ag Fóram an Artaigh, bhí Artur Chilingraov ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den achrann, á áitiú arís gur ar son na heolaíochta amháin a bhí a éacht féin.
hachrann trouble
" Le hachrann i gcathracha eile mar Hull, bhí imni ar an rialtas go raibh an tír i mbéal muirthéachta.
croílár an achrainn central in the dispute
" 
Mhaigh RTÉ go raibh na líomhaintí seo “damaging to RTÉ's fiscal reputation” ach dúirt Príomhfheidhmeannach an ÚCÉ, Michael O Keeffe, go raibh an teip comhshocrú a dhéanamh idir na comhlachtaí agus RTÉNL - RTÉ Transmission Network Limited, fochomhlacht de cuid RTÉ a chraobhscaoileann cláracha RTÉ idir Radio agus theilifís, TV3, TG4, agus Today FM - ag croílár an achrainn.
hachrann disturbance
" Le hachrann i gcathracha eile mar Hull, bhí imni ar an rialtas go raibh an tír i mbéal muirthéachta.
Lucht achrainn ceart críochnaithe real trouble makers
" Lucht achrainn ceart críochnaithe a bhí sna déagóirí seo.
achrann sibhialta civil unrest
" Dúirt Len McCluskey, ceannaire Unite, an ceardchumann is mó sa tír, go spreagfaidh an rialtas achrann sibhialta má leanann siad ar aghaidh leis na beartais atá acu faoi láthair.
achrann trouble
" Gaeilgeoir diongbháilte ab ea a athair, Seán, fear nár ghéill riamh don bhéarlachas, fiú nuair a chruthaigh an naimhdeas cultúrtha sin achrann dá chlann.
an t-achrann strife
" Ansin thosaigh na géarchéimeanna ola agus an t-achrann sóisialta i Sasana, a bhí fós ar an chomhpháirtí thrádála is mó dá raibh againn.
achrann trouble
" (Féach an obair chéanna deich mbliana ó shin, Beo 18, Deireadh Fómhair 2002) Údar Imní ==== Mar gheall ar an achrann i Mí Feabhra bhí imní ar na hÉireannaigh faoin mhórshiúl ar Lá Fhéile Pádraig, go mór mór nuair a chuir an BNP stainnin i lár na cathrach an tseachtain roimh ré agus spreag siad daoine le cur in aghaidh an mhórshiúil.
ina hábhar achrainn a matter of dispute
" Tá an cheist chéanna i lár an aonaigh i gcúrsaí polaitíochta abhus go rialta ó shin i leith, agus í ina hábhar achrainn idir na páirtithe móra.
Cuireadh go mór leis an achrann the trouble escalated greatly
" Cuireadh go mór leis an achrann idir na páirtithe polaitíochta i dtaca le maoiniú na scoileanna le linn an fheachtais olltoghchánaíochta sa bhliain 2004.
gan foréigean agus achrann without violence nor conflict
" Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.
achrann ar pháirceanna trouble on the field
" Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).
Siocair Achrainn a cause of dispute
" Siocair Achrainn ======= Chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú le hacht Comhdhála a chuir cosc iomlán ar phósadh aerach sna Stáit Aontaithe i 1996.
Tá an dlí seo ina údar achrainn this law is a cause of dispute
" Tá an dlí seo ina údar achrainn anois de bharr seanbhean as Nua-Eabhrac, a thug dúshláin an Achta um Cosaint an Phósta, ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi.
cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann how much longer the trouble will last
" Agus Corn an Domhain 2014? ============= Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
achrann sóisialta social upheaval
" Léirítear sa saothar seo, go deimhin, mórchuid na gcúiseanna atá leis an achrann sóisialta a thosaigh sa tír sin le déanaí.
den achrann inmheánach of the internal dispute
" Glactar leis go forleathan gur chaill Páirtí an Lucht Oibre toisc go raibh an lucht vótála dubh dóite den achrann inmheánach a bhí ar siúl sa pháirtí le breis is trí bliana anuas.
tsíor-achrann constant strife
" Ba dheimhniú do mhuintir na hÉireann í cuairt na banríona go raibh deireadh leis an choimhlint agus leis an tsíor-achrann.
i gconspóidí agus achrainn go leor in plenty of controversies and strife
" Bhí fuacht agus teas againn ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais de; agus bhí dubh agus bán againn i gconspóidí agus achrainn go leor, fiú cinn nár bhain le cúrsaí ciníochais.
an t-achrann seo this trouble
" Éiginnte i dTólamh ======== Níor ghlac saineolaí Vatacánach eile riamh le comhairle Margherita Guarducci agus dar le John Thavis a scríobh ‘Dialanna Chathair na bhFáithe’ go raibh an t-achrann seo ina ‘ábhar náire’ ag an Eaglais, nár spreag ‘mórán muiníne san Eaglais a bheith ábalta a stair féin a athnochtadh’.
iad féin a chur in achrann getting themselves into a dispute
" Tá an t-aisteoir Meiriceánach George Clooney, mar aon lena chomhaisteoirí Bill Murray agus Matt Damon, i ndiaidh iad féin a chur in achrann le bunaíocht Shasana mar gheall ar thuairimí a nocht siad ar na mallaibh faoi úinéireacht an tsaothair chlasaicigh – na fríosanna a tháinig ón Phartanón sa Ghréig.
ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann should I undertake the arduous trip
" Má éiríonn liom mo rothar a aimsiú leis an teicneolaíocht seo, ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann go teálta na sladaithe a ghoid é agus úinéireacht an rothair a phlé leo mé féin, nó ar chóir dom cúpla uair, lá, mí ag plé na ceiste leis an nGarda agus le mo chomhlacht árachais?
Chun na rógairí a choimeád as achrann to keep the rogues out of trouble
" Chun na rógairí a choimeád as achrann a chuirtí imeachtaí mar sin sin ar siúl, de réir dealraimh, ócáidí le haghaidh scliúchais is cearrbhachais agus ‘giota de conas tá t’athair’ mar a deir an Gall.
achrainn of trouble
" Tá Brian Ó Broin den tuairim gur ré chorraíola agus achrainn atá I ndán do shaol na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.