Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a achtú to enact
" Deir sé go dtógann sé tamall fada gach bille a achtú agus go bhfuil dul chun cinn an-sásúil déanta ag an mbille áirithe seo "ag cur san áireamh gur rud as an nua ar fad atá ann".
sula ndéantar iad a achtú before they are enacted
" Is é an dá argóint a chuirtear chun cinn de ghnáth ar son an dara teach ná go dtugann sé ardán agus guth do dhreamanna beaga polaitiúla nach mbeadh ionadaíocht acu sa príomhtheach agus, chomh maith leis sin, go dtugann sé seans athbhreithniú deiridh a dhéanamh ar bhillí sula ndéantar iad a achtú.
a achtú enact
" Anuas air sin, chomh luath agus a dhéanann an rialtas Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna a achtú, is lú go mór an gá a bheidh le dul chun na hEorpa.
Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú although the new laws will be enacted
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
a achtú to enact
" Rinneadh an Bille Teanga a achtú sa deireadh, ceapadh an Coimisinéir Teanga, fuarthas réiteach ar cheist liúntas cánach na mban tí Gaeltachta agus bunaíodh Acadamh na Gaeilge le dlús a chur leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge.
a achtú to enact
" ) Ach i ndeireadh thiar thall má tá an rialtas dáiríre faoi chúrsaí sláinte is turasóireachta níor mhór “cead fánaíochta” a achtú, a chiallódh nach mbeadh aon srian ar chearta an tsiúlóra.
a achtú to enact
" Má éiríonn leis an Bille um Chlúmhilleadh a achtú, bunófar Comhairle Preasa neamhspleách, nach mbeadh faoi choimirce an rialtais.
nuair a achtaíodh é when it was enacted
" Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
ag achtú enacting
" Tugtar “Aire Chill Mhantáin” air go magúil agus níl sé cruthaithe aige go dtí seo go dtig leis bogadh ó bheith ina pholaiteoir áitiúil go polaiteoir atá ag achtú agus ag rialú ar mhaithe le leas na tíre.
a achtú to enact
" Ach is é an príomhrud, má tá an rialtas dáiríre faoi thurasóireacht siúlóide, ná cead fánaíochta a achtú chomh luath agus is féidir.
nuair a bhí sí á hachtú. when it was being enacted.
" Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú.
Nuair a achtaíodh dlíthe When laws were passed
" Nuair a achtaíodh dlíthe chun comhshaol agus dúlra na tíre a chosaint, thapaigh neart treibheannaan deis.
achtaíodh legislated, enacted
" Ba i 1978 a achtaíodh an Forógra um Úsáid Talún a thug úinéireacht is cearta talún don rialtas agus tugadh an Forógra isteach sa Bhunreacht an bhliain dár gcionn.
achtaíodh ratified
" An tEisiamh Stairiúil Ba shaoránaigh iad na Rohingya faoin mBunreacht a achtaíodh i ndiaidh do Bhurma neamhspleáchas a fháil i 1948 ach ghabh an t-arm an chumhacht chucu féin i 1962 agus thug Bunreacht nua na bliana 1974 isteach nár aithin na Rohingya mar phobal dúchais.
n-achtófaí would be enacted
" ”* Seans gur míniú é seo ar an mhéid a tharla i gCill Rímhinn, tráth ar aontaíodh faoi choim le Sinn Féin go n-achtófaí reachtaíocht teanga ó thuaidh.
achtú enact
" Ar an dtaobh eile, bíonn buntáiste ag baint le córas an aon seomra: is féidir dlí a achtú níos gasta agus bíonn níos mó freagrachta ann cionn is nach bhfuil ach aon dream amháin daoine i gceist.
achtú to enact
" Tiocfaidh méadú dá réir ar an bhrú a bheas ar pholaiteoirí na tíre dlíthe príobháideachais a achtú in Éirinn.
achtaithe enacted
" Go deimhin, tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, go mbeidh an Bille achtaithe roimh mhí Mheán Fómhair.
nach bhfuil aon dlí achtaithe no law has been enacted
" Níl éirithe ag riarachán Obama an tacaíocht dhépháirteach sin a fháil, áfach, rud a fhágann nach bhfuil aon dlí achtaithe ag Tithe na Comhdhála a dheiseodh an córas briste.
a achtaítear which is enacted
" 3 den Bhunreacht céanna go mbíonn ar an stát leagan Ghaeilge a chur amach de gach dlí a achtaítear i mBéarla.
achtaíodh reachtaíocht legislation was enacted
" Mar sin, is le háthas a glacadh le fógra an Aire Dlí agus Cirt go raibh Úna Ní Dhubhghaill molta mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás Rialála Carthanas na hÉireann atá le bunú i mbliana, cúig bliana ó achtaíodh reachtaíocht ar an gceist seo.