Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fánaíocht adrift
" Má théann an cnoc oighir ag fánaíocht san aigéan mór, beidh sé i bhfad rómhór aon athrú slí a chur air, fiú ag na comhlachtaí ola a mbeidh a n-ardáin ola sa tslí roimhe, amuigh ó chósta Thalamh an Éisc.
fán a chur ar Putin to send P. adrift
" I mí Feabhra 2012, chuaigh baill den bhuíon Pussy Riot isteach in Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir, gléasta i mbalaclavaí agus éadaí ildaite, chun taibhiú a dhéanamh ar phaidir punc dá gcuid féin, inar iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire fán a chur ar Putin agus cosaint a dhéanamh ar chóras rialtais na tíre.
a maidí le sruth their oars adrift
" Ní ligeann aon fhoireann, Cill Chainnigh san áireamh, a maidí le sruth san am nach mbraitear an dúshlán rompu rómhór.