Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dearthóir eitleán aeroplane designer
" Tá seisean ina chónaí sa Bheilg le beagnach bliain anuas agus is dearthóir eitleán é.
na déantóirí eitleán the aeroplane manufacturers
" Déantar gnó, itear mórán ceapairí agus óltar loch mór fíona agus *champagne*, agus déanann na déantóirí eitleán a ndícheall a n-eitleáin a thaispeáint agus mórtas a dhéanamh.
an déantóir Eorpach eitleán the European aeroplane manufacturer
" Bheadh sé éasca an léiriú seo a fheiceáil mar mheafar do na fadhbanna atá ag Airbus, an déantóir Eorpach eitleán.
eitleán ollmhór nua a massive new aeroplane
" Cúig bliana ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh plean den scoth acu: thógfadh Airbus eitleán ollmhór nua, an ceann is mó ar domhan, a mbeadh breis is 500 suíochán ann.
ag lorg eitleán mór nua looking for a big new aeroplane
" Agus nach cinnte go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán mór nua dá gcuid bealaí is gnóthaí? Bhuel, ní mar a shíltear a bítear.
eitleán príobháideach dá gcuid féin a private aeroplane of their own
" Ócáid mhór a bhí ann do lucht an rachmais, iad siúd a bhfuil eitleán príobháideach dá gcuid féin acu nó ar a laghad héileacaptar, daoine – cuid de na himreoirí ina measc – a bhfuil níos mó airgid sa bhanc acu ná mar atá ag cuid de na tíortha is boichte san Afraic.
na heitleáin the aeroplanes
" Agus faoi láthair, tá na heitleáin seo á dtógáil ag ráta níos sciobtha ná mar a tharla riamh roimhe: tagann ceann amháin nó an ceann eile amach as monarcha gach lá den bhliain.
ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, on the production of its massive aeroplane,
" Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380.
forbairt an eitleáin seo, developing this aeroplane,
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo these massive Russian aeroplanes
" Níor nochtadh na heitleáin ollmhóra Rúiseacha seo go dtí gur thit an tAontas Sóivéadach, agus baisteadh an leasainm “Ollphéisteanna Caispeacha” (“Caspian Sea Monsters”) orthu.
ar bord eitleáin on board an aeroplane
" Ar scor ar bith ní féidir ba a thabhairt ar bord eitleáin ó Manchester.
cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, new taxes on aeroplane emissions,
" Ach is cinnte go mbeidh (agus gur cheart go mbeadh) srianta eile ag teacht: cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, mar shampla, agus chuige sin tá Coimisiún na hEorpa ag iarraidh scéim chánach a chur ar bun a chuimseoidh ní hamháin an Eoraip ach na Stáit Aontaithe freisin.
breosla eitleán aeroplane fuel
" Tá tionscadal taighde ar siúl ag an mhonaróir ollmhór eitleán Meiriceánach, Boeing, ag iarraidh algaí a úsáid chun breosla eitleán a dhéanamh.
Dála Ryanair, thuirlingeodh an t-eitleán like Ryanair, the aeroplane would land
" Dála Ryanair, thuirlingeodh an t-eitleán in aerfort beag, iargúlta agus saor, turas bus cúpla uair an chloig ó Nua-Eabhrac nó ó Bhostún.
In ionad eitleán mór amháin a bheith ar fáil do gach duine, Instead of one big aeroplane being available for everyone,
" In ionad eitleán mór amháin a bheith ar fáil do gach duine, déanfaidh cuid de na paisinéirí an turas in eitleán compordach, lán le suíocháin ghrád gnó, agus an chuid eile acu in eitleán atá níos saoire agus i bhfad níos cúinge.
in eitleán ag taisteal ó thuaidh travelling north in an aeroplane
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
eitleáin aeroplanes
" Tá cosc ar go leor gléasanna leictreonacha ar eitleáin faoi láthair, gutháin shoghluaiste san áireamh, ach d'fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal sin sna blianta atá amach romhainn.
eitleáin mhíleata military aeroplanes
" Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean d’eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
na heitleáin the aeroplanes
" Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.