Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Nach bhfuil sé tuillte againn? don't we deserve it?
" "Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
Nach bhfuil sé tuillte againn? don't we deserve it?
" "Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
ar leic an dorais againn on our doorstep
" Ní thiocfaí sibh a fhágáil gan chomhluadar lá Nollag agus sibh ar leic an dorais againn, anois an dtiocfaí?" Ní raibh cónaí ar Dervla agus Daire sa tsráid seo ach le cúpla mí anois agus cé go raibh aithne shúl acu ar go leor de na comharsana ní raibh cuma ar aon duine go raibh faill cainte aige.
bhí am ar dóigh againn we had a great time
" Ach bhí am ar dóigh againn, bhí sé iontach *exciting.
Tá an bhlagaid sa dream againn baldness runs in the family/our lot
" "Tá an bhlagaid sa dream againn, tá a fhios agat.
chaon duine againn every one of us
" Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár mbonnachaí os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogtha ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana na mílaoise ar fud an domhain.
ceachtar againn either of us
" Rinne mé amhlaidh ach ní fhaca ceachtar againn an cluiche.
atá sé in acmhainn againn a íoc that we can afford
" An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
ag dó na geirbe againn worrying us
" An cheist mhór atá ag dó na geirbe againn faoi láthair ná an Bosca Lóin: céard ba cheart a chur ann, nó a fhágáil ar lár.
sa doras againn nearby
" Is cinnte gur ceantar é ar fiú saoire a chaitheamh ann, agus ainneoin nach bhfuil muid cois trá, tá tránna Charraig Fhinne agus Mhullach Dearg sa doras againn.
dá bhfuil bainte amach againn of all we have achieved
" Sin an rud is tábhachtaí dá bhfuil bainte amach againn, is dócha.
dá bhfuil bainte amach againn of all we have achieved
" Sin an rud is tábhachtaí dá bhfuil bainte amach againn, is dócha.
i nglúin s'againne in our generation
" B'fhéidir nach dtiocfaidh sé i nglúin s'againne.
bhí sé de ghustal againn we could afford
" Nuair a bhí an geillgear faoi lánseol tuairim is 15 bliana ó shin, bhí sé de ghustal againn costais an mhaonlathais a íoc.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois but we've taken a step forward now
" Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné, ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
atá á gcruthú againne anois that we are creating now
" Is iad na struchtúir atá á gcruthú againne anois a bheas mar dhúshraith d'fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí.
nuair nach mbíonn súil againn leo when we don't expect them
" Agus cá bhfios nach dtarlóidh sé sin mar, tar éis an tsaoil, nach é iontas agus díol spéise cúrsaí spóirt ná go dtarlaíonn an toradh gan choinne agus an t-éacht glórmhar nuair nach mbíonn súil againn leo.
bhí sé ar intinn againn i gcónaí it was always our intention
" D'fhásamar suas lena chéile ó thaobh an cheoil de agus bhí sé ar intinn againn i gcónaí (ó bhíos sé bliana déag d'aois) albam a dhéanamh.
níl cent rua déanta againn we haven't earned a cent
" Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo níl cent rua déanta againn.
atá á dtairiscint againn that we are offering
" Tá muid ag obair ar shuíomh gréasáin a thabharfas eolas ar an cheantar agus ar na cúrsaí atá á dtairiscint againn.
Go bhforbrófar an suíomh s'againne that our site will be developed
" Go bhforbrófar an suíomh s'againne, (www.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin we had intended looking at the birds
" "Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Have we anything to laugh at?
" An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.
na ceanna atá anois againn the ones we now have
" Ní bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách de ló is d'oíche ar a laghad 400 nó 500 ciliméadar sula mbeidh gá le tuilleadh breosla agus go mbeidh sé sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta.
an bhfuil ár sáith feicthe againn have we seen enough
" Ainmhithe picilthe, leapacha neamhchóirithe, cac eilifinte, spásanna bána agus solas lom iontu … An bhfuil rud ar bith fágtha amuigh ansin i saol na healaíne chun scannal a chur orainn nó an bhfuil ár sáith feicthe againn? Tá am Dhuais Turner tagtha arís agus an rírá agus ruaille buaille a théann leis.
atá ar cíos againn which we're renting
" AÓF: Cén áit a bhfuil sibh lonnaithe? TM: Ó 1980 i leith tá muid lonnaithe i dteach i Sráid Henrietta, atá ar cíos againn ó Chomhairle Chathair Átha Cliath le haghaidh céad bliain ar scilling sa bhliain (má iarrtar í).
Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath. We'll be announcing three new jobs shortly.
" Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath.
tá cúrsaí á dtairiscint againn we're offering courses
" Tá solúbthacht in ár gcur chuige maidir le freastal ar rannpháirtithe ár gcláracha agus ár gcúrsaí, is é sin, tá cúrsaí á dtairiscint againn ag amanna agus le hábhar a oireann do na rannpháirtithe seo.
tá súil againn aistriú ann we hope to move there
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
Bímis buíoch as a bhfuil againn. Let's be thankful for what we have.
" Bímis buíoch as a bhfuil againn.
do bhaicle bheag againn to a small group of us
" "Thagadh sé isteach leathuair an chloig luath gach maidin chun Fraincis a mhúineadh do bhaicle bheag againn mar nach raibh an Fhraincis ar chlár na scoile ag an am.
á íoc againne being paid by us
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
go leic an dorais againn féin to our own doorstep
" Bhí gach duine in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, ach an túisce is a tháinig siad go leic an dorais againn féin, d'éiríomar sprionlaithe, agus ceachartha agus just fucking barbartha i ndáiríre.
tá dúil mhór againn i gceol Shligigh we have a great liking for the music of Sligo
" AÓF: An raibh aon rud áirid ar theastaigh uaibh a dhéanamh nó a bhaint amach leis an albam? Cén chaoi ar phioc sibh na tiúin, mar shampla? JNíC: Bhuel, tá dúil mhór againn i gceol Shligigh, mar shampla, agus mar sin de chas mise cúpla port le Michael Coleman agus le Josie McDermott as Ros Comáin air.
ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn we must have immigration laws
" San am i láthair, is éard a deirimid le hinimircigh ná seo: "ar son leas an phobail, ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn.
á soláthar againn being supplied by us
" "Tá leaganacha dár n-earraí i 29 dteanga áitiúil á soláthar againn le tamall anuas agus, mar a bheifeá ag súil, teangacha móra idirnáisiúnta ar nós na Fraincise, na Spáinnise agus Seapáinise a bhí i gceist.
marófar duine againn one of us will be killed
" Lá éigin marófar duine againn mar gheall ar dhath ár gcraicinn agus an áit arb as muid.
ionsaíodh teach s'againn our house was attacked
" Rinneadh damáiste dár ngluaisteán, ionsaíodh teach s'againn, caitheadh clocha orainn, agus bhíodh daoine ag scairteadh linn.
shraith ceolchoirmeacha úra s’againn our new series of concerts
" Gheall Bertie an Bowsie dúinn bliain ó shin go dtiocfadh sé féin agus an chomh-aireacht agus páirtí parlaiminte Fhianna Fáil agus a gcuid teaghlach uilig chun na hAfraice le hobair dheonach a dhéanamh ar feadh cúpla mí ach go dtabharfaimis ainm de rogha Bertie féin ar shraith ceolchoirmeacha úra s’againn.
shraith ceolchoirmeacha úra s’againn our new series of concerts
" Gheall Bertie an Bowsie dúinn bliain ó shin go dtiocfadh sé féin agus an chomh-aireacht agus páirtí parlaiminte Fhianna Fáil agus a gcuid teaghlach uilig chun na hAfraice le hobair dheonach a dhéanamh ar feadh cúpla mí ach go dtabharfaimis ainm de rogha Bertie féin ar shraith ceolchoirmeacha úra s’againn.
rud a mhothaím atá caillte againn something I feel we've lost
" Bíonn am ag daoine dá chéile, rud a mhothaím atá caillte againn san Iarthar.
rud a mhothaím atá caillte againn something I feel we've lost
" Bíonn am ag daoine dá chéile, rud a mhothaím atá caillte againn san Iarthar.
Níl an dara suí sa bhuaile againn we have no alternative
" “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.
nach raibh á lorg againn that we weren't looking for
" Ach nuair a bhíonn muid ag úsáid ríomhairí agus ag lorg eolais ar an idirlíon is beag deis a bhíonn againn “féachaint timpeall” agus teacht ar aon eolas nach raibh á lorg againn.
nach raibh á lorg againn that we weren't looking for
" Ach nuair a bhíonn muid ag úsáid ríomhairí agus ag lorg eolais ar an idirlíon is beag deis a bhíonn againn “féachaint timpeall” agus teacht ar aon eolas nach raibh á lorg againn.
beidh níos lú den tseanchaint againn we'll have less of that old cheek
" “Seo,” ar sise, “beidh níos lú den tseanchaint againn” agus í ag amharc ar an bhean úr agus an stócach dóighiúil ag imeacht uaithi lámh ar lámh.
aeráid fhionnuar s'againne our cool climate
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
á láimhseáil againn being handled by us
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
tá plean straitéiseach á fhorbairt againn we are developing a strategic plan
" Tá muid i mbun idirbheartaíochta leis an Roinn ina leith seo agus tá plean straitéiseach á fhorbairt againn i láthair na huaire chun fadhb seo an easpa maoinithe a réiteach.
á soláthar againn being provided by us
" Tá seirbhís riachtanach á soláthar againn atá ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi.
nach raibh aon ionchur againn i gcúrsaí oideachais riamh who never had an input in matters of education
" Ach is pobal sinn nach raibh aon ionchur againn i gcúrsaí oideachais riamh, nach bhfuil baint rófhada againn leis an earnáil oideachais go fóill agus táthar ag foghlaim achan uile lá.
bhí an-mhisneach againn we were very courageous
" Bhí muid óg, bhí muid fuinniúil, bhí an-mhisneach againn.
riail nár chomhlíon cuid againn a rule that some of us didn't fulfill
" Ní raibh cead amach againn chomh minic agus is dóigh gur coinníodh súil orainn i ngan fhios dúinn, gan a bheith ag caint an iomarca leis na cailíní agus leis na mná óga a bhí ag staidéar linn, riail nár chomhlíon cuid againn chomh maith sin!” D’fhág Ó Ciardha na cléirigh tar éis dhá bhliain go leith ach deir sé nach raibh sé sin chomh dian is a cheapfadh daoine é sin a dhéanamh.
rud nach bhfuil baileach againn something we don't quite have
" Creidim go dtugann sé saoirse eagarthóireachta dúinn ar iomlán an ábhair atá againn, rud nach bhfuil baileach againn faoi láthair mar go dtagann cuid den ábhar ó RTÉ agus go bhfuil muid faoi scáth RTÉ.
lonnaithe sa gceannáras againne based in our headquarters
" ” “Sílim go n-aontódh aon duine réasúnach go bhfuil an soláthar nuachta a chuireann RTÉ ar fáil dúinn, go bhfuil sé éagsúil ón rud a bhíonn ar a gcuid cainéal eile, go bhfuil an fhoireann lonnaithe sa gceannáras againne i mBaile na hAbhann, go bhfuil an smacht eagarthóireachta atá ansin, go bhfuil sé go háitiúil ann agus go bhfuil blas na Gaeltachta agus na Gaeilge go láidir ar an soláthar sin.
ar eagla go dtitfeadh duine againn in case one of us fell
" Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann.
Tá níos fearr ná sin tuillte againn. We deserve better than that.
" Tá níos fearr ná sin tuillte againn.
droim á tabhairt againn ar an másailéam. turning our backs to the mausoleum.
" Bogaimid i dtreo an phríomhbhóthair, droim á tabhairt againn ar an másailéam.
go raibh aithne againn ar a chéile, we knew each other,
" Ó tharla go raibh aithne againn ar a chéile, thug sé cead dom déanamh amhlaidh.
go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn. that we have discovered some atmosphere.
" Tá ní éigin speisialta ar bun idir na deartháireacha, b’fhéidir, agus gan focal a rá, tuigeann muid go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn.
bhí am ar dóigh againn. we had a great time
" Agus muid ansin cúpla seachtain ó shin, bhuail mé le mo sheanchairde agus bhí am ar dóigh againn.
Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó. He is a person that we love to hate.
" Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó.
idir lámha againn, that we have in progress
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
a bhí faoi chaibidil againn we were discussing
" Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil a bhí faoi chaibidil againn agus muid sa Barge, an teach tábhairne ar Shráid Charlemont.
as cead a bheith againn because we have permission
" Tá go leor tíortha eile in éad linn as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi who nobody has ever heard of
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais access to independent sources of information
" Lena chinntiú go mbeimid san iomaíocht le tíortha eile agus go mbeidh teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais dár gcuid féin, caithfimid fáil a bheith againn ar ár seirbhísí satailíte féin.
tá rún againn we intend
" Ónár dtaobhna de, tá rún againn an cosc atá curtha ar fhógraíocht trí Ghaeilge a bhriseadh.
Bhí lucht leanúna mór againn we had a lot of fans
" Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí.
an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn the most important state document that we have
" Ní vótáil theibí ar chonradh teibí a síníodh i Liospóin atá ann ach bunathruithe atá á moladh ar an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn chun ár gcearta mar shaoránaigh Éireannacha a chosaint.
nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn that we weren't getting enough food for the spirit
" Cinnte, d'éirigh go hiontach leis na ceolchoirmeacha agus dhíolamar slám mór dlúthdhioscaí, ach sílim nach raibh ár ndóthain bia spioradálta á fáil againn astu.
agus iad inár seilbh againn when we have them in our possession
" Dé réir na mbileog ildaite atá curtha ar fáil leis na cártaí "simplí" don bhus a mhíniú dúinn, tá gá leis na ticéid nua chun gur féidir linn taisteal ar an mbus agus ar an traein araon agus iad inár seilbh againn.
go raibh na tuilte tuillte againn that we deserved the floods
" Is ann dóibh siúd a deir go raibh na tuilte tuillte againn, agus táthar ann a deir go raibh a thuilleadh den tuile tuillte againn.
beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn we will have made the result into flesh and bones
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
nach raibh an dara suí sa bhuaile againn that we have no alternative
" Bheartaigh mé féin agus Norrie nach raibh an dara suí sa bhuaile againn ach dul i mbun gnímh ar son na bpáistí seo.
is mór againn we value greatly
" Bheir sé mórtas dúinn a ndéanfaimid agus is mór againn lorg ár láimhe ar ghné éigin sa timpeall, á mhaisiú is á mhóradh.
bhí sé le brath againn we could feel it
" A lán nár scríobhadh is nár léiríodh ar an teilifís dár tharla in Éirinn le tamall de bhlianta beaga anuas, bhí sé le brath againn ar an tsráid.
bhí dóchas againn we hoped
" An Kinder Downfall Leis an tréimhse fhada fhuar i Mí Nollag, bhí dóchas againn go mbeadh muid ag filleadh ar 'an seansaol breá'.
na tíre againn féin our own country
" In Athbheochain na tíre againn féin, d’fhoghlaim an Piarsach an-chuid ó mhodh oideachais fhear an chórais thall, Nikolaj Frederik Severin Grundtvig.
is fíor a rá aithne againn uile
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
is mór againn we think a lot of
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
dóchas againn we have hope
" Bheul, tá an spás ansin thart timpeall orainn, agus tá muidinne ag dul a dhreapadh air agus tá an ghealach agus na pláinéid ansin chomh maith agus dóchas againn go n-aimseoidh muid eolas úr agus síocháin iontu.
againne our
" Tugtar an chreidiúint do Cholm Cille agus don 12 manach a bhunaigh an mainistir ar Í in éindí leis, as leathnú na Críostaíochta i measc na gCruithean agus tugtar ómós dá réir ar fud na hAlban do ‘Cholumba’, an bunainm Laidine a thugtar in Albain ar Cholm Cille sin againne.
Níl neart againn air we can't help it
" ” Níl sé i nádúr an Éireannaigh labhairt mar seo fá dtaobh de féin, ach tá céad agat ar Facebook! Níl neart againn air – is cuma cé chomh cinnte atá tú fá ‘bheith in aghaidh rud éigin – téann sé i bhfeidhm ort i ngan fhios duit cibé, agus cé nach bhfuil barúil agam cad é ’rud an twittereáil seo, beidh mé ag ’ul do roimhe ’bhfad chomh maith!
bheas againn we shall have
" Sea, is é a bheas againn feasta, fuacht agus dorchadas: tréithe an bháis.
glór na beirte againn both our voices
"glór na beirte againn iontach cosúil lena chéile agus caithfidh sé go raibh daoine measctha suas linn.
Is mór againn we think the world (of)
" Is mór againn an comhoibriú agus an dlúthú pobail sin.
níl againn ach bonnachaí we’ve gained nothing
" “Tá muidinne ag troid in éadan Acht 1737 le fiche bliain agus níl againn ach bonnachaí as an iarracht” a admhaíonn Aodán.
bheas againn we’ll have
" Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
bealach s’againne our way
" Beidh thart faoi chéad billiún €uro ag teacht bealach s’againne gan mhoill, agus má shíleann duine ar bith go dtiocfadh le muintir bhocht bhrúite na hÉireann a leithéid sin de shuim airgid a íoc ar ais riamh, tá géarghá ag an duine sin le cuairt ar shíciatraí.
na bainc s’againne our banks
" Dá dheasca, tá na bainc s’againne ag brath ar Bhanc Ceannais na hEorpa agus ar Bhanc Ceannais na hÉireann chun a gcuid riachtanais airgid a sholáthar.
Tá deis againn we have the chance
" ’* Tá deis againn tosú as an nua.
ar na gaobhair againn féin in our own vicinity
" Chuaigh mé chuig lá oiliúna agus míníodh dom go bhfuil an t-eolas amuigh sa saol, ar na gaobhair againn féin.
cur amach againn orthu we know about them
" In ionad an tsionnaigh nó in ionad tabhairt faoi na hainmhithe atá níos coitianta agus a bhfuil cur amach againn orthu anseo in Éirinn, díreoidh mé ar an Loscann (Rana temporaria), ar an gCnádán (Bufo calamita) agus ar an Earc Luachra (Triturus vulgaris) an t-am seo.
ná mar a bhí beartaithe againn than we had planned
" Bhí seachtain rothaíochta fágtha againn, mar sin chinn muid ar níos faide a chaitheamh i dTuaisceart Éireann ná mar a bhí beartaithe againn.
bhí an deis againn we had the chance
" Lá an aonaigh a bhí ann nuair a bhain muid baile Avarua amach agus bhí an deis againn bia an cheantair a bhlaiseadh, mar aon le hearraí lámhdhéanta agus éadaí a cheannach.
ar ghort an bhaile againn is near at hand
" Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de.
thírín iathghlas s'againn our little emerald country
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
tógtha ar cíos againn we rented
" Is ar ár mbealach go Méribel a bhíomar agus deifir orainn a bheith ann chun an sneachta a fheiceáil agus socrú isteach san árasán a bhí tógtha ar cíos againn, greim a réiteach le hithe agus oíche mhaith chodlata a fháil.
cheathrar againn four of us
" An mbeimis in ann teacht ar sheomra óstlainne don cheathrar againn ar gearrfhógra? Agus ar phraghas réasúnta? Ní bheadh sé éasca, bhí fhios againn é sin, ach b’fhiú tabhairt faoi.