Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag stróiceadh na gruaige asainn pulling our hair out
" ES: Ar bhain sibh taitneamh as bheith ag taifeadadh nó an raibh sibh ag troid le chéile uaireanta? BNGP (ag gáire): An fáth go bhfuil mé ag gáire ná go raibh laethanta ann go rabhamar ag stróiceadh na gruaige asainn le frustrachas, mar nach raibh sé ag teacht le chéile go héasca, b'fhéidir amhrán a chanamar go breá beo.
Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir the news of his death really shocked all of us
" Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir a raibh cion agus meas againn air.
Ní raibh gíog ná míog asainn there wasn't a peep out of us
" Ní raibh gíog ná míog asainn agus má bhog tú bealach amháin nó an bealach eile bheifeá ag teacht chun an bhaile agus fearbacha ar do chuid cos.
geit a bhaint asainn surprise us
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
nach mbuailfear an cac amach asainn where we won't be beaten up
" ” Ansin thiontaigh siad a ndroim lena n-óstach agus chrom siad ar chogar: “Inis dom anois, a JP,” arsa Magnier, “Cén áit a dtig linn dul ar na laethanta saoire nach mbuailfear an cac amach asainn? Smaoineamh ar bith agat?” “Níl ach an t-aon áit amháin ar chlár na cruinne nach mbuailfidh muid le tacaithe Manchester United – agus sin é an cúrsa Gaeilge in Odious Gael i nGleann Cholm Cille.
ag spochadh asainn making fun of us
" Uaireanta, bíonn siad ag spochadh asainn – mar shampla, deir siad, ‘Ach, cén chéad teanga atá agaibh? Cén fáth a bhfuil sibh ag labhairt Gaeilge? Níl sé nádurtha.
Níor buaileadh an cac amach asainn we didn't have the shit beaten out of us
" Níor buaileadh an cac amach asainn nó an tuiseal ginideach isteach ionainn.
chun leas a bhaint asainn, to use us,
" Cén fáth a bhfuil tú sásta foireann cheamara mar seo a ligean isteach chun leas a bhaint asainn, as ár *tipuna* (sinsear), agus brabús a dhéanamh as? Céard a bheidh againne?’” Léiríonn an méid sin, b’fhéidir, an fáth ar mhair an cultúr Maorach, ainneoin bhrú an domhain Pākehā – níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, cuireann siad ceisteanna, tá anam an phobail fós láidir.
Bhain sé sin an-gheit asainn that really took us aback
" Bhain sé sin an-gheit asainn ach sin mar a bhí cúrsaí ag am sin.
Rinne sé an fuinneamh a shú asainn. it sapped the energy from us
" Rinne sé an fuinneamh a shú asainn.
Ag iarraidh stangadh a bhaint asainn trying to jolt us
" Ag iarraidh stangadh a bhaint asainn, an lucht féachana, atá Haneke agus na deartháireacha Dardenne agus cé a déarfadh nach n-éiríonn go maith leo a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích? Téann na scannáin seo i bhfeidhm orainn ar shlí aisteach nach raibh tuartha againn.
asainn féin on our own
" Ní hé go ndearna muid é asainn féin, má thuigeann tú mé.
baineann a cuid eachtraí gáire asainn her incidents make us laugh
" Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith.
asainn féin feasta on our own from then on
" Bhíomar fágtha tréighte, asainn féin feasta.
gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin we ought to shake ourselves
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.