Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gclár gnó agenda
" An phríomh-mhír ar an gclár gnó acu méadú deontais a bhaint amach agus caitear é sin ar thuarastail feidhmeannach nach bhfeictear i measc an phobail ó cheann ceann na bliana.
chlár oibre agenda
" B'éigean dúinn cur suas leis seo, cé nach raibh muid sásta, agus lean muid ar aghaidh leis an chlár oibre, cé nach raibh mórán ama fágtha againn.
clár oibre agenda
" Nó tig leis dul chuig suíomh gréasáin an rialtais agus an clár oibre a léamh ó chompord a oifige féin.
chláir oibre agenda
" Na laethanta seo, agus sceon ar an bpobal faoi ghalair den uile chineál, cheapfá go mbeadh an ghné sin den cheist ar bharr an chláir oibre ag an Roinn.
chlár oibre agenda
" Ar an chlár oibre ag an am sin, bhí bunú naíscoile agus bunscoile lán-ghaelaí, soláthar ranganna oíche agus imeachtaí sóisialta, chomh maith le feachtas stocaireachta chun seirbhísí Gaeilge a fháil don phobal.
chlár radacach homaighnéasach radical homosexual agenda
" Dúirt an *Christian Coalition *gur "cladhairí" a bhí sna polaiteoirí, a bhí tar éis géilleadh "don chlár radacach homaighnéasach".
ar an chlár oibre on the agenda
" Marc: D *Cathy Ní Ghoill (Ball ainmnithe, Neamhspleách) * D'éirigh go maith le Cathy Ní Ghoill riachtanais na n-oileán a chur ar an chlár oibre.
ar an gclár oibre acu on their agenda
" “I ndáiríre, leis an gcaidreamh atá againn leis na heagraíochtaí Stáit, ní shílim gur ábhar an-mhór ar an gclár oibre acu é seo.
clár oibre phróiseas na síochána the peace process agenda
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
clár agenda
" Todhchaí na hiomána: bíonn sé sin ar an gclár ag gach uachtarán.
clár oibre éifeachtach effective agenda
" Tús úr atá ann don Fhoras, mar thig le príomhfheidhmeannach nua dul i bhfeidhm go cruthaitheach ar eagras agus a fhoireann, agus clár oibre éifeachtach a leagan amach don am atá le teacht.
clár oibre agenda
" Sin clár oibre atá iomlán i dtiúin le mo chlár oibre féin.
clár oibre dá gcuid féin an agenda of their own
" Is minic, ar ndóigh, go mbíonn clár oibre dá gcuid féin acu agus caithfear a bheith faichilleach faoina n-údarás.
ar an chlár polaitiúil. on the political agenda
" Ní cosúil go bhfuil aon fhlosc mór ann an chonspóid a réiteach nó go bhfuil sé mar ábhar práinne ar an chlár polaitiúil.
ar chlár gnó an tseisiúin, of the sessions's agenda
" Mar chéad mhír ar chlár gnó an tseisiúin, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile as ucht a gcultúr a bheith scriosta ag muintir gheal na hAstráile.
chlár oibre an Rialtais agenda for government
" Cuireadh an bille áirithe seo ar chlár oibre an Rialtais ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, ach is léir nach mó ná sásta atá John Gormley leis an dréacht deiridh mar gur measann sé é a bheith easnamhach.
an clár a bhí á bhrú the agenda being pushed
" Ba é an clár a bhí á bhrú ag Manitou ná rialachas domhanda i leith cúrsaí comhshaoil.
clár oibre agenda
" Ardfheiseanna atá iontu, ach is ardfheiseanna iad a bhfuil sainsprioc ag baint leo: déantar na hiarrthóirí a sheasfaidh i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin a roghnú acu agus déantar an clár oibre a leagan amach don fheachtas toghchánaíochta.
foshruth another agenda
" Measadh gur rud maith a bhí san ollshlógadh ach bhí foshruth ann fosta a léirigh an eachtra siúd agus sin an fáth gur scríobh mé fán mhionsonra sin.
chlár oibre folaithe hidden agenda
" Ba sna nuachtáin Bhéarla a tharla an díospóireacht faoi chostaisí aistriúcháin agus cearta bunreachtúla phobal na Gaeilge agus níor mhiste a rá go raibh cuid de bunaithe ar aineolas is ar chlár oibre folaithe.
ar an gclár on the agenda
" Creidim go n-éireoidh le rialtas Cowen an chéad Cháinaisnéis eile a chur tríd an Dáil ar dhá chúis: (i) ní bheidh na neamhspléaigh ag iarraidh dul sa seans le toghchán agus staonfaidh cuid acu ó vótáil ar chúiseanna tírghrá agus (ii) ní bheadh an freasúra ag iarraidh tíocht i gcumhacht agus Cáinaisnéis uafásach crua a bheith rompu ina céad rud ar an gclár.
ar gclár náisiúnta on the national agenda
" Bhí Bord na Gaeilge sásta dul sa seans, seasamh amach ón slua, an Ghaeilge a chur an ar gclár náisiúnta más maith leat.