Pota Focal Intergaelic
age | abed | ad | Aden | ae | ag
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mheánaoista middle-aged
" Fir mhóra mheánaoista a bhí iontu agus iad cairdiúil cainteach.
bhean mheánaosta mhíghnaíúil an uncomely middle-aged woman
" Bhí ráfla ann gur striapach nuabháite a bhí sa mhainicín a d'úsáid sé don phictiúr ina léiríonn sé an Mhaighdean mar bhean mheánaosta mhíghnaíúil, í sínte amach ar leaba agus a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach.
meánaosta. middle-aged.
" Mar sin, d'fhoghlaim sé scríobh na Gàidhlig uaidh féin agus é meánaosta.
faoi fhir mheánaosta about middle-aged men
" Aisteoirí den chéad scothD’admhaigh Collins gur shíl sé ag an tús go mbeadh deacrachtaí aige tacaíocht airgid a fháil do scannán a bhí faoi fhir mheánaosta agus faoin alcól ach, mar a tharlaíonn sé, ní raibh.
cuntasóir meánaosta middle-aged accountant
" I rith an lae, is cuntasóir meánaosta é Micheál.
fear meánaosta middle-aged man
" Bhí Barry, ar fear meánaosta ó Londain é, ina shuí i gcarr nua taobh amuigh den óstán ag fanacht orm.
bean mheánaosta a middle-aged woman
" (Paragraf 2) Is iomaí cor agus casadh sa scéal seo, ach i ndeireadh báire fuarthas amach gurbh é an “Josh” a raibh Megan i dteagmháil leis ar líne ná bean mheánaosta darb ainm Lori Drew.
na seanóirí the aged
" Reilly ina Uachtarán ar Chumann Leighis na hÉireann nuair a rinne siad socrú sa bhliain 2001 go bhfaighfeadh dochtúirí teaghlaigh ceithre oiread táillí as na seanóirí leis na cártaí leighis úrnua is a bhfaighfidís as an ghnáthothar.
meánaosta middle-aged
" Rinne Bush oiread praisigh le linn a réimis ocht mbliana is gur fáiltíodh roimh iarrthóir a bhí difriúil uaidh ar mórán chuile bhealach, seachas a ghnéas: óg agus dubh seachas bán agus meánaosta, daonlathach ón tuaisceart seachas poblachtánach ón deisceart, deisbhéalach agus síochánta ina chuid cainte in áit a bheith místuama agus trodach.
sheanóirí aged (people)
" Bhí mé ag obair go deonach i Nantes an samhradh seo caite do charthannacht a bhí ag tabhairt cuairte ar sheanóirí, ar dhaoine a raibh fadhbanna acu, daoine dalla agus daoine a chaill lúth na gcos agus mar sin de.
mheánaosta middle-aged
" Is cinnte nach n-iarrfaidh póilíní a gcáipéisí aitheantais ar fhir mheancógacha mheánaosta fhionngheala.
meánaosta middle-aged
" B’fhéidir go mbaineann sé le bheith meánaosta – ach faighim deacair díriú ar an bpeann agus ar an scríbhneoireacht ar feadh tréimhsí fada.
Meánaosta middle-aged
" An Cur le Chéile, Úinéir Dánlainne agus Údar Meánaosta ============================ Níl éinne a dheineann neamh-infhiosaitheacht mná níos fearr ná Juliette Binoche.
imithe in aois aged
" Daoine óga, má fhaigheann tú an deis agus má tá seantuismitheoirí agat nó uncal atá imithe in aois, caithidh am leo, mar cuidíonn sé leat mar dhuine.
t-imirceach meánaosta middle-aged immigrant
" Tá an t-imirceach meánaosta Nawal Marwan tar éis bás d’fháil.
meánaosta middle-aged
" Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte.
freastalaithe meánaosta middle aged personnel
" Comharthaí an Bháis: ========= Tá comharthaí an bháis chuile áit anois: i roinnt de na siopaí is le gnúsacht a fhreagraítear mé nuair a labhraím Gaeilge; sna ollmhargaí áitiúla cloisim freastalaithe meánaosta ag labhairt Béarla le seandaoine nár chleacht Béarla riamh cé go labhrann siad Gaeilge liomsa agus le corrchancrán eile ar nós mé féin; tá roinnt de na foirne peile sa gceantar á dtraenáil trí Bhéarla, amhail is nach bhféadfaí duine le Gaeilge a fháil.
mheánaosta middle-aged
" ”* Bean mheánaosta ar chosúil nár chaith an saol go cineálta léi a scread an mhallacht thuas agus í ag siúl thart liom taobh amuigh de Theach Pobail Caitliceach Naomh Pádraig i Sráid Dhún na nGall i mBéal Feirste Dé Satharn seo caite, na mílte ball den Ord Dubh ag siúl ar an tsráid taobh léi.
fir mheánaosta middle-aged men
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
fir mheánaosta a bhformhór acu most of them are middle aged men
" Cé go dtugtar an t-arm craiceáilte ar na tacaithe Sasanacha caithfear a rá gur daoine deasa iad, fir mheánaosta a bhformhór acu, murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga a thacaíonn le foireann sacair Shasana.
idir óg agus shean agus mheánaosta both young and old and middle aged
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
scaifte meánaosta a middle-aged group
" Chonaic mé scaifte meánaosta ag déanamh ar an phríomhdhoras mar a bheadh cipe ann, beagnach gualainn ar ghualainn a chéile, mar is dorchla an-leathan é.
in aois seacht mbliana fichid aged 27 yrs
" Gabhadh Corby ag aerfort Denpasar i mBali sa bhliain 2004, agus í in aois seacht mbliana fichid.
cromann agus imíonn ar lár becomes aged and dies
" Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár.