Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
D'aontaigh an lucht gnó the business people agreed
" D'aontaigh an lucht gnó go raibh an eagraíocht tábhachtach i bhforbairt shaol na Gaillimhe agus go raibh sí ag cur go mór le híomhá chultúrtha na cathrach.
aontaithe faoi chomhchaighdeán agreed on a common standard
" Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go mbeidh na déantóirí agus na soláthraithe seirbhíse aontaithe faoi chomhchaighdeán.
straitéis aontaithe agreed/united strategy
" Cén fáth ar bunaíodh é? Mhothaigh daoine go raibh géarghá le fóram daonlathach agus straitéis aontaithe do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.
aontaithe agreed
" Ach d'fhéadfaí na rudaí is tábhachtaí a shocrú - clár toghcháin aontaithe agus cé a gheobhadh an aireacht airgeadais agus cúpla móraireacht eile.
thoiligh an RUC the RUC agreed
" Bhí an oifig i Sráid Duibhise, ceantar lán-náisiúnaíoch, ach thoiligh an RUC an bhratach a thógáil, rud a chuir tús le tréimhse fhada de racán fíochmhar.
Ní dhearna Cian ach moladh leis Cian agreed with him (to keep the peace)
" " Ní dhearna Cian ach moladh leis.
thoiligh sí bualadh leo she agreed to meet them
" Ghéill Moratti sa deireadh agus thoiligh sí bualadh leo.
Moladh léi Just agreed with her to please her
" Moladh léi nó bhí a fhios ag gach duine dá suífeadh sí bomaite go ligfeadh sí le sruth agus nach mbeadh ceansú le déanamh uirthi.
dearcadh comhaontaithe bródúil proud agreed viewpoint
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh dearcadh comhaontaithe bródúil ag pobal na Gaeilge agus na hÉireann faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.
aontaithe agreed
" Tá plean forbartha ag an gComhairle Contae, atá aontaithe leis an gComharchumann, nach dtugann cead dó seo tarlúint agus tá súil againn go gcloífidh an chomhairle leis.
Mhol Áine lena hathair Áine agreed with her father just to please him
" " Mhol Áine lena hathair agus í ag smaointiú go gcaithfeadh dóigh inteacht a bheith thart air seo.
a d'aontaigh leis féin who agreed with himself
" Dúirt John Howard nárbh eol dó go bhféadfaí tuairim an phobail a oibriú amach ó léirsithe den tsórt sin agus go raibh cuid mhaith den phobal a d'aontaigh leis féin ach nach rabhadar chomh glórach sin.
go raibh sé ag teacht lena chuntas that he agreed with his account
" " D'inis an fear eile an scéal mar a chonacthas dósan é agus ní raibh cuma ar an gharda go raibh sé ag teacht lena chuntas ar dhóigh amháin nó an dóigh eile.
comhaontaíodh ar an aon téacs amháin one text was agreed on
" Ach comhaontaíodh ar an aon téacs amháin atá le cur in ionad na gconarthaí uile atá ann cheana.
straitéis aontaithe agreed strategy
" Ceann de na rudaí ba shuimiúla a dúirt sé ná go rachadh sé chun cainte leis an DUP le straitéis aontaithe aontachtach a chur le chéile.
Mhol Eilís leis Eilís agreed with him to please him
" " Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga.
Mhol Colm léi Colm agreed with here (to please her)
" Ní thabharfaidh sé an bás chugat cúpla punt breise a dhíol ar áit dheas, anois an dtabharfaidh?" Mhol Colm léi nó chonaic sé go raibh na súile ag éirí tintrí aici agus dá ndiúltódh sé í, bheadh sí á chaitheamh suas dó go dtiocfadh thiar aniar.
thoiligh Hain casadh leis Hain agreed to meet him
" I 1987, i bhfad sula raibh Rialtas na hÉireann sásta casadh le Gerry Adams, thoiligh Hain casadh leis i Londain.
comhaontaithe agreed
" Tuigeann tú cén obair atá amach roimh Sheán Ó Cuirreáin nuair a thugann sé anuas fillteán mór dearg a bhfuil na scéimeanna teanga atá comhaontaithe le scór eagraíocht Stáit ann.
le haontú to be agreed
aontaithe agreed
" Tuigeann tú cén obair atá amach roimh Sheán Ó Cuirreáin nuair a thugann sé anuas fillteán mór dearg a bhfuil na scéimeanna teanga atá comhaontaithe le scór eagraíocht Stáit ann.
socraithe agreed
" 5 milliún ón rialtas leis na fiacha a ghlanadh ach in ionad tuarascáil Vantagepoint a thabhairt do na Gobharnóirí, mar a bhí socraithe, chuir an príomhoide an tuarascáil i bhfolach orthu.
iarrthóir aontaithe agreed candidate
" Slógaí a bhí teasaí go maith nuair a thugadh “Broy Harriers” Fhianna Fáil agus “Léinte Gorma” Chumann na nGaedhal fána chéile le bataí, doirne agus liúireach fhiáin troda! Insealbhaíodh Dúbhglas de hÍde, a raibh glactha leis mar iarrthóir aontaithe idir na páirtithe uilig, mar chéad Uachtarán na hÉireann.
aontaithe agreed
" Bhí sí ag feitheamh san fhorhalla mar a bhí aontaithe againn agus níorbh aon fhadhb í í a aithint mar go bhfuil cúl gruaige fada catach uirthi agus í ard tanaí, leis.
aontaíodh it was agreed
" Is cosúil ó mheamram a d’ullmhaigh Martin Hanevy agus Eamon Stack ón roinn ar an 4 Aibreáin 2007 -- meamram a thugann achoimre ar chonclúidí an chruinnithe a bhí acu leis an aire an lá roimhe sin -- gur aontaíodh gur chóir bunús dlíthiúil a chur faoin churaclam: *“It is proposed to proceed as follows: .
socraíodh it was agreed
" Bheachtaigh an Bord Pleanála feidhm agus paraiméadair an choinníll i gcásanna éagsúla ó shin i leith agus socraíodh go mairfeadh an ceangal ar feadh cúig bliana déag.
aontaigh agreed
" Bhain an freasúra ollbhua amach sna holltoghcháin sin, agus dá bhrí sin, mhaígh Kerr gur aontaigh vótálaithe na hAstráile lena chinneadh.
aontaigh agreed
" B’éigean do Robinson gníomhú agus táthar ag caint ar chás dlí a chur sa tsiúl le go bhfillfear ar an leagan ar aontaigh an Tionól air.
fátha ar thoiligh sé reasons he agreed
" Deir sé freisin gur chreid an Rinneach féin nach raibh aon duine níos fearr ná é agus nach raibh eolas níos fearr ag aon duine eile faoin gcluiche ná mar a bhí aige féin – fátha ar thoiligh sé an scannán a dhéanamh is dóigh.
socraithe agreed
" Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
réitigh agreed
" Ní sin le rá gur réitigh siad lena chéile b’fhéidir (m’aram go raibh siad réidh lena chéile a mharbhadh), ach is cuma fá sin.
ar aon intinn leo agreed with them
" Fágadh ar lár sna tuairiscí chomh maith go bhfuil go leor nach Libiaigh iad, atá eolasach faoina chás, ar aon intinn leo.
socraíodh agreed
" Is oilbhéim – is scannal amach is amach é an méid a íocadh le Rody Molloy nuair a socraíodh go gcaithfeadh sé imeacht ón eagraíocht FÁS.
comhréitithe agreed
" Agus an t-alt seo á scríobh, tá Seanad na Stát Aontaithe tar éis vóta a chaitheamh a chuirfidh deireadh le díospóireacht faoi bhille sláinte "comhréitithe", a chuir an Páirtí Poblachtánach (a bhfuil 40 ball acu sa seanad) chun tosaigh mar mhalairt ar an mbille sláinte a chuir rialtas Obama os comhair na comhdhála leath bliana ó shin.
ar aon tuairim agreed
" Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé.
socraíodh was agreed
" Thiar sa bhliain 1982, socraíodh sa chonradh síochána idir an Airgintín agus an Bhreatain nach bhféadfadh ceachtar den dá thír feidhm a bhaint as na hacmhainní nádúrtha sna farraigí timpeall ar na hoileáin go haontaobhach: chaithfeadh an dá thír a bheith páirteach in aon togra dá leithéid.
d'aontaigh agreed
" Is é an sprioc a bhí againn ansin, an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus d'aontaigh muid le chéile go raibh comhoibriú agus pleanáil eadrainn de dhíth chun an sprioc sin a bhaint amach.
d'aontaigh agreed
" Fuair Tionscnamh Córdoba cead an seanfhoirgneamh a leagan le déanaí, agus d'aontaigh coimisiún pleanála na cathrach.
aontaíodh it was agreed
" ”* Seans gur míniú é seo ar an mhéid a tharla i gCill Rímhinn, tráth ar aontaíodh faoi choim le Sinn Féin go n-achtófaí reachtaíocht teanga ó thuaidh.
aontaithe agreed
" Tá sé ráite go mbeidh an Straitéis chríochnaithe foilsithe agus aontaithe roimh dheireadh na bliana.
d’aontaigh agreed
" Ag cruinniú ar Mhárta 12ú 1892, mhol George Mahon, orgánaí ó Séipéal St Domingo, slán a fhágáil le John Houlding agus Anfield, agus d’aontaigh an móramh leis.
aontaíodh was agreed
" Dúirt an t-Aire Pat Carey gur aontaíodh an Straitéis ag cruinniú den Choiste Rialtais faoin nGaeilge an lá roimhe ach níor inis sé don Dáil céard go díreach a aontaíodh.
aontaithe agreed
" ”* Dúirt sé go raibh an treoir seo aontaithe le húdaráis poist na tíre seo.
ar aon intinn le agreed with
" Bhí bunús na leasaitheoirí Protastúnacha ar aon intinn le Luther maidir leis an aontumhacht: mhaigh Calvin nár chóir go mbeadh sí riachtanach.
aontaithe agreed
" Mar is gnách i gcásanna mar seo, tá an uile dhuine ag cur an loicht ar an uile dhuine eile, ach tá gach taobh aontaithe go bhfuil praiseach déanta ag NIW - bhuel, seachas Conor Murphy an tAire Forbartha Réigiúnach, a bhfuil freagracht air as cúrsaí uisce i ndeireadh na dála.
gClár Comhaontaithe agreed program
" Ní hamháin go raibh gealltanas scríofa i gClár Comhaontaithe don Rialtas go reáchtálfar leagan áirithe den bhille seo, ach chomh maith leis sin níor mhaith a lán polaiteoirí fós do na heagraíochtaí feirmeoireachta as an scaoll a chuir siad ar fheirmeoirí roimh an chéad Reifreann ar Chonradh Liospóin.
D'aontaigh agreed
" D'aontaigh roinnt acu go raibh géarchéim gheilleagair rompu, ach - múinteoirí? "Cén fáth nach ndéanfaí sin?" a fhiafróidh múinteoirí na hÉireann, ar ndóigh, a chaill airgead agus cumhacht go leor i gComhaontú Pháirc an Chrócaigh, ach an difríocht is mó idir an dá bheart ná go ndearna rialtas agus ceardchumainn na hÉireann margadh lena chéile.
D’aontaíomar we agreed
" D’aontaíomar gurbh fhearr síneadh lae a chur lenár saoire sciála, dá bhféadfaí é ar chor ar bith.
aontaithe agreed
" Ina n-áit, ba cheart go mbeadh bunchearta maidir le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge aontaithe agus foilsithe agus ba cheart go mbeadh idirdhealú déanta idir na cearta atá ag daoine sa nGaeltacht agus daoine nach bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht, an Ghaeilge a úsáid.
thaitin pleased, agreed
" Caidé mar a thaitin Air Force 1 leat?” “Ó bhí sé ar fheabhas ar fad, a Bheairic,” arsa Balor.
comhaontú socraithe settlement agreed
" An Imirt Chothrom ar Chách ======== D’fhógair an tAire Inimirce, Chris Bowen, go raibh comhaontú socraithe le rialtas na Malaeisia scéim mhalartaithe i dtaca le teifigh a cur i dtreoir.
Thoiligh agreed
" Thoiligh seisean agus anois bhí údarás acu.
socraithe agreed
" Bhí sé socraithe agam coicís a chaitheamh ar fheirm sa gceantar sin.
Thoiligh agreed
" Thoiligh an Caisideach rud a dhéanamh ar an mbainisteoir nua.
ar aon intinn agreed
" Ach ar chóir go ngearrfaí an cháin bhreise ar thithe (nó ar luach talaimh) ar ioncaim, ar chaiteachas (CBL), nó ar fhoinsí eile? Is cosúil go bhfuil na heacnamaithe ar aon intinn maidir le cén cháin is mó a dhéanann dochar don fhás gheilleagair.
insint aontaithe an agreed version
" Urlacan teilgthe ar leabhair ealaíne boird ísil nuair a thugann tuistí na beirte leads fána chéile tar éis dóibh ‘insint aontaithe’ ar an eachtra a chur le chéile in árasán an íobartaigh.
nár thoiligh éinne againn none of us agreed
" Deoraithe a thugtar orainn ach tá a fhios ag an saol nár thoiligh éinne againn teacht anseo.
D'aontaigh agreed
" Leas Dílsithe ===== D'aontaigh Tom Hartley, iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste de chuid Sinn Féin, leis go raibh athrú le feiceáil, sa Tuaisceart féin agus idir an Tuaisceart agus an Deisceart, ach go raibh slánaonad polaitiúil ar leith ag an bheirt acu go fóill.
D’aontaigh an bheirt acu both of them agreed
" D’aontaigh an bheirt acu go láidir, i ndiaidh dóibh pilleadh ar Éirinn, go bhfuil muintir na Polainne níos míshásta ná na hÉireannaigh faoin drochdhóigh ina bhfuil geilleagar a dtíre, faoi chur chuige an AE, nó faoi aimhréidhe an AE le bheith cruinn.
Socraíodh it was agreed
" Socraíodh ag an deireadh go scríobhfadh Joe 15 eagrán eile agus rinne sé sin.
bheas aonaithe shall be agreed
" Anuas ar sin, beidh ar an Roinn na pleananna, a bheas aonaithe ag na pobail Ghaeltachta éagsúla le hÚdarás na Gaeltachta, a cheadú.
bheith socraithe libh being agreed with you
" Is cosúil nach bhfuil aon dul chun cinn déanta idir an dá linn, ó thaobh an dréacht sin a bheith socraithe libh.
ar aon fhocal agreed
" Níl na saineolaithe ar aon fhocal fós faoi cé chomh réidh mín is atá an paiste.
comhaontaíodh was agreed
" Fuarthas comhairle chúntach ó chainteoirí dúchais as gach ceann de na Gaeltachtaí, ó mhúinteoirí, agus ó dhaoine eile a raibh eolas ar leith acu ar na teanga, agus comhaontaíodh leis an Roinn Oideachais an leabhrán seo a fhoilsiú mar chaighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne (CO 1958, viii).
aontaíodh it was agreed
" uk> Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí cruinniú ag Cairde na hÉireann leis an Mhéara Joe Anderson agus aontaíodh gur chóir go mbeadh stad láithreach leis na ionsaithe ar na hÉireannaigh agus go mbeadh siad ábalta imeachtaí a eagrú gan bagairti.
gur aontaigh sé leis an chinneadh that he agreed with the decision
" Dúirt sé gur aontaigh sé leis an chinneadh a ghlac a réamhtheachta mar Aire Oideachais, Mary Hanafin, a oiread sin marcanna a bhronnadh ar an scrúdú cainte.
ná “raibh siad ar aon aigne that they weren’t agreed
" Tagann na daoine seo anuas go hÉirinn ó Mars! Cuireann siad ceist ar bheirt Ghaeilgeoirí mar gheall ar stair na teangan, agus sula bhfad ba léir ná “raibh siad ar aon aigne in aon cheist díobh.
an áirithint a bhí socraithe acu the booking they’d agreed on
" Bhí sé pléite ag lucht polaitiúla agus rinneadh iarracht an méid is mó drochphoiblíocht a tharraingt air sa dóigh gur bheartaigh dhá cheann de na hóstáin an áirithint a bhí socraithe acu le lucht an chomórtais a scaoileadh uathu.
cé nár aontaigh achan duine although not everyone agreed
" Bhain an t-ealaíontóir suiteála Laure Provost an chéad áit agus cé nár aontaigh achan duine leis an chinneadh seo, d’éirigh go hiontach leis an taispeántas, a bhí le feiceáil taobh amuigh de Shasana don chéad uair riamh.
tá sé beartaithe acu they’ve agreed
" Agus mé ag scríobh tá uachtarán sealadach ceaptha ag an Pharlaimint agus tá sé beartaithe acu toghchán a reáchtáil i mí na Bealtaine.
a d’aontaigh leis who agreed with
" Caitheadh lasadh sa bharrach leis an bhfógra seo, agus d’eascair díospóireacht fhíochmhar eatarthu siúd a d’aontaigh leis an gcairt, na Franca-Cheanadaigh (scarúnaíthe agus lucht na tuaithe don chuid is mó), agus an chuid eile a d’easaontaigh leis (muintir na cathrach agus lucht an Bhéarla don chuid is mó).
ar aon intinn le agreed with
" ” Dá mbeadh litir mar sin scriofa ag Pádraig Mac Piarais nó ag laoch Éireannach eile, bheadh siad cáinte go láidir ag lucht an athbreithnithe! Bhí mé ar aon intinn le Dan Mulhall maidir leis na ‘craobhaibhneacha’ stair atá ann, ach an mbeidh staraí i Sasana sásta aitheantas a thabhairt dóibh fosta? Bíonn a lán cainte faoi Noel Chavasse i Learpholl, ach ní luaitear a chol ceathrar, Claude Chavasse, ar chor ar bith.
réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin this frugality agreed with his own dark nature
" Loime an tSaoil agus Searc don tSaothar ================ Chaith Giacometti a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal i bPáras, nach raibh ann ach 'poll' mar a dúirt sé féin, ach ar bhealach éigin, réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin.
d’aontaigh siad le they agreed with
" De réir Facebook, ghlac na húsáideoirí le rannpháirtíocht sa triail nuair a d’aontaigh siad le téarmaí agus le coinníollacha úsáide.
Aontaítear it’s agreed
" ”* An tOll-Mhórshiúl i mBaile Átha Cliath =============== Aontaítear go mba é an t-oll-mhórshiúl a eagraíodh i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 19 Meán Fómhair 1909, buaicphointe an fheachtais phoiblí ar son stádas na Gaeilge san ollscoil nua.
aontaithe agreed
" Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas.