Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun an aidhm seo a bhaint amach to achieve this aim
" Ach, faraor, tá cuid mhaith samplaí timpeall a léiríonn nach leor iomaíocht an mhargaidh chun an aidhm seo a bhaint amach.
a aidhmeanna pearsanta his personal aims
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
lena gcuid aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach to achieve their political aims
" Agus pé argóint faoi mhoráltacht atá ag na rialtais sin, beidh deireadh leis nuair a fheicfear an sléacht a bheas déanta ag na sceimhlitheoirí agus na dúnmharfóirí atá fostaithe acu lena gcuid aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
bhunaidhm main aidhm
" Tá grúpaí ar nós Taisce Árainn Teoranta agus Comharchumann Árainn Mhór ar a ndícheall ag iarraidh infrastruchtúr turasóireachta a chruthú don oileán agus tá forbairt na turasóireachta cultúrtha mar bhunaidhm acu.
aidhmeanna polaitiúla political aims
" Na hÉireannach atá ag cleachtadh na Gaeilge sa Bhruiséil sa lá atá inniu ann, tá an-ghrá againn don teanga ach níl aidhmeanna polaitiúla againn ó thaobh na teanga de.
caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta we have to be able to broaden our aims as well
" Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta.
a n-aidhmeanna a bhaint amach to achieve their aims
" Polaitíocht seachas foréigean ======= Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
aidhm ghearrthréimhseach short-term aim
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
na haidhmeanna céanna the same aims
" Tá an t-aighneas seo maidir le Giobráltar ag cur isteach ar an gcaradas idir dá thír ag am nuair atá na haidhmeanna céanna acu ó thaobh na hEorpa de.
chun an aidhm sin a bhaint amach to achieve that aim
" Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu chun an aidhm sin a bhaint amach.
aidhm fhadtéarmach longterm aim
" “Sa cheathrú bliain b’éigean dúinn plean gnó a chur le chéile, so bhí sé mar aidhm fhadtéarmach ag an gcúrsa go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin agus is dócha gur sin an ghné is mó a thaitin liom agus a mheall mé chuig an gcúrsa sin, agus toisc go raibh sé trí mheán na Gaeilge.
a n-aidhm eile a bhaint amach to achieve their other aim
" Muna gcuirfear, ní bheidh siad in ann forbairt a dhéanamh ar na forais trasteorann a bunaíodh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus is lú seans go n-éireoidh leo a n-aidhm eile a bhaint amach, sin le rá bheith páirteach i rialtas sa deisceart.
go bhfuil an aidhm seo bainte amach. that this aim has been achieved.
" Nuair a fheictear an meon dearfach i leith na teanga atá ag na daoine óga atá ag plé le Cumann na bhFiann, tá sé soiléir go bhfuil an aidhm seo bainte amach.
na haidhmeanna the aims
" “Measaim go bhfuil an chuid is mó de na haidhmeanna a leagadh síos ag an tús bainte amach againn,” a deir sé.
aidhm fhadtéarmach long-term aim
" Is é an aidhm fhadtéarmach atá ag Peter don Choimisiún ná nach mbeadh gá leis sa todhchaí, agus tá sé ag súil go bhfuil go leor forbartha déanta chun an aidhm sin a bhaint amach.
an aidhm is mó the biggest aim
" Is é an aidhm is mó atá agam anois ná a bheith i mo láithreoir ar chlár as Béarla agus dá dtairgfeadh RTÉ nó TV3 jab dom ghlacfainn leis ar an toirt.
céard a bhí mar aidhm aige, what was his aim,
" Ach ní dóigh liom go raibh sé ríshoiléir dó féin céard a bhí mar aidhm aige, nó céard a theastaigh uaidh a bhaint amach.
ar thionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu on projects which aim
" Agus go gcaitear an oiread sin airgid ar thionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu cuma dhátheangach a chur ar an tír.
Ba é aidhm na comhdhála it was the aim of the conference
" Ba é aidhm na comhdhála seo ná aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís.
aidhm aim
" Bhí sé mar aidhm ag Barbara, agus an leabhar seo á scríobh aici, aird a tharraingt ar an bhfulaingt nimhneach a dtéann roinnt páistí trithi mar gheall ar ionsaithe gnéis, ionsaithe a mbíonn baill teaghlaigh ciontach astu go minic.
aidhmeanna aims
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
luaite mar aidhm mentioned as an aim
" Ar ndóigh tá caomhnú na teanga luaite mar aidhm ag Comhairle Contae na Gaillimhe ina bPlean Forbartha agus tá a leithéid de chleachtas ag teacht salach ar an aidhm sin.
i gcoinne aidhmeanna an fheachtais against the aims of the campaign
" “Rinneamar iarracht le linn an fheachtais áirithe sin na páirtithe leasmhara ar fad a thabhairt le chéile – mic léinn altranais ó na hinstitiúidí tríú leibhéal uilig, cuir i gcás, agus na ceardchumainn CSTGT agus INO – go dtí nach raibh dream ar bith i gcoinne aidhmeanna an fheachtais ach amháin rialtas an lae! Aon áit a dtéadh Mícheál Martin, a bhí ina aire sláinte ag an am, bhíodh grúpa mac léinn altranais ag fanacht air le hé a chrá!” Nuair a tháinig deireadh lena théarma mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, thug de Spáinn aghaidh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath lena MSc a bhaint amach, agus ba le linn na tréimhse sin a chonacthas dó go bhféadfadh sé cuid mhór a bhaint amach i saol na Gaeilge mar go raibh tiomantas aige don teanga.
i bhfách leis an aidhm in favour of the aim
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
aidhmeanna folaigh hidden aims
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
aidhm aim
" ” Bhí sé mar aidhm ag lucht eagraithe Phuball na Gaeilge spás a chur ar fáil ag an bPicnic Leictreach ina labhrófaí Gaeilge amháin.
haidhmeanna aims
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
aidhm aim
" Ba é an aidhm a bhí ag an rialtas, an fhorbairt a chothú, bíodh sé olc, maith, nó dona.
aidhm aim
" Tá na milliúin dollar tugtha isteach ag an Lance Armstrong Livestrong Foundation a bhfuil sé mar aidhm aige an galar marfach a chloí.
aidhm aim
" “Fuair muid ráiteas polasaithe (ó na hIosraelaigh) a dúirt: ‘Tá sé mar aidhm againn bonneagar na sceimhle a scriosadh agus le deireadh a chur le seoladh diúracán ar Iosrael.
aidhm aim
" Chuirfeadh sé seo deireadh leis an fhadhb seo go gcaithfidh daoine, tar éis dóibh a bheith tofa, a gcuid ama ag freastal ar an aidhm a bheith atofa an chéad iarraidh eile ina dhiaidh sin arís.
mar aidhm as a target
" Tá sé earráideach, mar aidhm.
aidhm an stáit the state's aim, target
" Is é saol níos fearr sa stát agus ní fás geilleagair sa stát, i ndeireadh báire, aidhm an stáit! Caighdeán saoil, sin é an sprioc.
d'aidhm of aim
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
aidhm aim
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
aidhm target
" Nuair a chuirtear aidhm amháin roimh an uile ní, is deacair caidreamh fiúntach, cneastacht idir dhaoine ná suaimhneas intinne a chothú.
aidhm aim
" Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair.
haidhmeanna aims
" Bhí na haidhmeanna céanna ag achan duine agus thoisigh siad ag titim amach lena chéile.
aidhm aim
" Thairis sin, más é caomhnú na Foraoise is aidhm don rialtas, d’fhágfaí na hOgiek mar a bhfuilid.
aidhme target, in mind
" Sin é an saghas aidhme atá agamsa, saghas Gaelainn a thabhairt isteach ann, ach gan, is dóigh, é a shá síos scornach aon duine ionas mar san, go mbeidh sé nádúrtha ag duine í a úsáid.
aidhm aim
" An aidhm atá leis an bhforneart seo ná na Mandaean a iompú ina Moslamaigh.
aidhm aim
" uk/pr_disturbances_portadown_301109) Ní raibh clog ag bualadh i bPort an Dúnáin ach sa 21ú haois seo, baineadh feidhm as téacsanna gutháin póca le drong dílseoirí a bhailiú le chéile agus é mar aidhm acu "to show republicans that we will not tolerate their behaviour or presence in our area.
aidhm aim
" Is é an aidhm atá leis an gcomhaontú seo ná seirbhísí aistrithe airgid a chur ar fáil sa líonra ionad díolta is mó san Fhrainc, is é sin siopaí tobac.
aidhm aim
" Nach raibh sé i ‘gConradh’ Cameron le bunadh na Sé Chontae “Tuaisceart Éireann a chur ag croí an aontais”? Nárbh é Paterson a thionscain na cainteanna rúnda a raibh sé mar aidhm aige aontas Aontachtach a chothú i dTeach Hadfield? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil UCUNF - más ann dó go fóill - ag déanamh neamhaird ar, cuir i gcás, lán Pháirc Mhic Easmainn, daoine nach mbeadh ag iarraidh a bheith i gcroí an aontais? Sin ráite, nárbh é Ted Heath a chuir Stormont ar ceal i 1972? Nárbh í Margaret Thatcher a chuir an Comhaontú Angla-Éireannach i bhfeidhm i 1987? Agus nárbh é Peter Brooke a dúirt nach raibh *“selfish economic or strategic interest”* ag an Bhreatain i dTuaisceart Éireann? Triúir Coimeádach! An tseachtain seo caite, fógraíodh gur cuireadh cuireadh ar Martin McGuinness labhairt ag bricfeasta ar imeall Chomhdháil na gCoimeádach in Birmingham i mí Dheireadh Fómhair.
aidhm aim
" org, eagraíocht tathanta a bhfuil sé mar aidhm acu fadhb truailliú na teiscinne a phoibliú, téann 50% den dramhaíl phlaisteach a chruthaímid chuig an líonadh talún, agus déantar athchúrsáil ar thimpeall 5% breise arís.
haidhmeanna uaisle noble aims
" Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe.
aidhm aim
" Bean Beann ar Bhacainní ============= Tá Catherine Morris ag obair ar an taispeántas seo le dhá bhliain anuas, agus an aidhm a bhí aici ón tús ná go ndéanfaí ceiliúradh ar shaothar Ní Mhaolagáin agus go dtabharfaí aitheantas do ról na bProtastúnach Ultach i stair na hÉireann.
aidhm aim
" Tá sé sin curtha ina cheart anois agus é mar aidhm go dtiocfadh méadú de 25% ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.
aidhm aim
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
aidhmeanna aims
" Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.
aidhm aim
" 
Ba é an aidhm a bhí ag an CRD ná ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha coimhthíocha a raibh coimhlintí iontu a socraíodh trí idirbheartaíocht agus iad a chur in oiriúint d'Éirinn, thuaidh agus theas.
aidhm aim
" Bhíothas ag dúil agus ba é aidhm Thuairisc Patten ar an Phóilíneacht, go mbeadh ionadaíocht Chaitliceach sa PSNI tuairim's ar 33%.
d’aidhm aige has the intention to
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
aidhm aim
" Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige *“to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.
aidhm na scéime the aim of the scheme
" Shíl siad gurb é a bhí sa scéim ná *“income support to Irish-speaking households in Gaeltacht areas”* agus gurb é aidhm na scéime *“to incentivise inhabitants to remain in Gaeltacht areas”*.
aidhmeanna na meithle the group’s aims
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
aidhmeanna cruinne accurate aims
" Ní léir go bhfuil aidhmeanna cruinne acu, ná ceannaireacht shoiléir.
haidhmeanna aims
" ) Ar cheann de na haidhmeanna a bhain le haontas Bharcelona, bhí go gcuirfeadh na tíortha Eorpacha eolas cultúrtha ar a chéile.
ba ea a n-aidhm was their aim
" Tar éis d'Alexander Dubček agus leasaitheoirí eile an Pháirtí Chumannaigh tabhairt faoi 'chrot nua' a chur ar dhúnghaoisí an pháirtí in Aibreán 1968 ('aghaidh dhaonna an tSóisialachais' a chur chun cinn ba ea a n-aidhm) mhéadaigh ar dhóchas na ndaoine go bhféadfaí athruithe suntasacha teacht ar an saol.
Aidhm Luachmhar Tráth a precious objective once upon a time
" Aidhm Luachmhar Tráth ========== De réir an chórais atá ann san am i láthair, is iad comhaltaí na Dála nuathofa, comhaltaí an iar-Sheanaid agus comhaltaí na gComhairlí Contae agus Cathrach ó cheann ceann na tíre a dhéanann an 43 Seanadóir ó na painéil ghairmiúla a thoghadh.
leis an aidhm with the purpose
" D’fhan cuid acu sa tír tar éis threascairt an rialtais sin leis an aidhm, go fios dom, an tír a dhéanamh daonlathach agus síochánta.
mar aidhm as an aim
" Tá sé mar aidhm ag an díolaim seo aird a dhíriú ar an saibhreas a bhaineann leis an ngné áirithe seo dár dtraidisiún.
d'aidhm aim
" Is bunaitheoir na fondúireachta *The Mary Robinson Foundation* í, eagraíocht a bhfuil sé d'aidhm aige cearta a chaomhnú dóibh sin atá ag fuilstin agus a fhulaingeoidh mar thoradh ar an athrú aeráide.
Ceann de na haidhmeanna one of the aims
" Ceann de na haidhmeanna a chuir Saorstát Éireann roimhe i 1922 ná an Ghaeilge a chothú mar theanga choiteann sa tseirbhís phoiblí, go háirithe sa chóras oideachais.
Ní gá go dtiocfadh an dá aidhm sin salach ar a chéile the two aims don’t have to conflict
" Ní gá go dtiocfadh an dá aidhm sin salach ar a chéile.
Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael it’s the aim of the GAA
" Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin.
roimh fíorú na haidhme sin about the realisation of that aim
" Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin.
agus é d'aidhm aici intending
" Mar shampla, le hairgead a bhailiú do Clocks, bhain Julie úsáid as an suíomh sluamhaoinithe, Fundit agus é d'aidhm aici €20,000 a thógáil.
aidhm náisiúnta national aim
" Leag an Stát dualgas reachtúil ar Údarás RTÉ sa reachtaíocht bunaithe (1960) a bhí sách éiginnte sa mhéad is nach raibh le déanamh ag RTÉ ach an aidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge a choiméad ‘i gcuimhne i gcónaí’ agus an dícheall a dhéanamh cabhrú leis an aidhm sin ‘a chur i gcrích’.
aidhm chinnte a defined aim
" Ealaín ársa ab ea an reitric nó an ars rhetorica, ealaín a raibh aidhm chinnte aici ó aimsir lucht cleasaíocht cainte na Sean-Ghréige, na Sofaistí, i leith .
An aidhm the aim
" An aidhm atá ag Mídia Periférica – ‘Meáin an Imill’ – ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht.
an aidhm (is) the aim
" I gcás ‘An Bród Club’, daoine a mhealladh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid an aidhm agus na próisis ná casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh go raibh mé féin sásta an iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim agus gur thosaigh mé amach ag leibhéal an-íseal.
haidhmeanna nó spriocanna aims or targets
" Gach Cineál Duine a Thabhairt Linn =============== **CMS Cé na haidhmeanna nó spriocanna a bhí leis an gclár?** BD An bhunaidhm a bhí leis an gclár ná teagmháil a dhéanamh le gnáthdhaoine trí mheán na Gaeilge.
ba é aidhm na cairte the purpose of the charter
" Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
cionn is go raibh sé mar aidhm aige because he aimed
" Tá sé ráite gur roghnaigh Joseph Ratzinger ainm éarlaimh na hEorpa, Benedict, cionn is go raibh sé mar aidhm aige an Eoraip a athshoiscéalú.
aidhm ríthábhachtach a really important aim
" An Dushlán ===== Tá aidhm ríthábhachtach ag an bpobal, ag bailte, agus ag tuismitheoirí an chloch is mó ar a bpaidrín agus a dtuairimí a chur in iúl don Rialtas agus an Roinn Oideachais.
agus d’aidhm aige holding the brief
" Kiernan agus Delia Murphy ======== Chuir de Valera Kiernan chun na hAstráile sa bhliain 1946 mar ‘Aire Lánchumhachtach’ agus d’aidhm aige an caidreamh íogair idir an dá thír a chur ina cheart.
is í aidhm the aim is
" Ealaín phragmatach spriocdhírithe is ea an pholaitíocht agus is í aidhm na polaitíochta torthaí coincréideacha a bhaint amach.
d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach in order to obtain political aims
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
le haidhmeanna uaisle with the noble aims
" Ní róshásta a bhí lucht na dTorthaí Aontaithe le haidhmeanna uaisle an uachtaráin Árbenz, ar ndóigh.
Is í aidhm an leithscéil the apology is intended
" Is í aidhm an leithscéil, an ciúnas a sheachaint agus an chiontacht a choinneáil uait, go fóill.
d’aon aidhm amháin thinking of one thing
" Thug mé ruaig faoin tsiopa ar an bhealach abhaile d’aon aidhm amháin.
a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna which aimed to take in the sights
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
mar aidhm as an aim
" Níor deineadh aon leithscéal ariamh go raibh sé mar aidhm ag an togra brabach a shaothrú don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir.
cheann d’aidhmeanna one of the aims
" Ós rud é go bhfuair breis is 17,000 duine bás idir 1993 is 2012 agus iad ag iarraidh dul chun nó fanacht san AE, ní hionadh go luaitear laghdú ar líon na mbásanna ar muir mar cheann d’aidhmeanna EUROSUR, leis.
haidhm ar leith a particular aim
" Níl aon amhras, le straitéis chuí agus le haidhm ar leith, d’fhéadfaí naisc ghnó iontacha a chruthú agus a chothú ag a leithéid d’imeacht.
mar aidhm as an aim
" **CB: An raibh sé mar aidhm agat i gcónaí Páirc an Chrócaigh a bhaint amach?** DÓC: Ní chuireann tú romhat amach riamh a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh – is sórt aisling í.
Tá sé mar aidhm aige he aims
" Tá sé mar aidhm aige dearcadh an phobail a athrú i leith na ndaoine seo, nuair a fheiceann siad duine gan dídean ar an tsráid agus daoine a spreagadh le rud eigin a dheánamh le cuidiú leo.
bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar who intended to put manners on
" *’ Bhí macasamhail Elliot Ness ag na póilíní fosta a bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar lucht an fhoréigin.
an aidhm atá léi its purpose in being
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
aidhm ag an AE an aim of the EU
" Tá sé mar aidhm ag an AE tionchar a imirt ar a chomharsanacht ar mhaithe le cúrsaí trádála, cúrsaí síochána, agus, le bheith fírinneach, cúrsaí geopholaitíochta.
agus é mar aidhm bhunúsach acu while they hold the basic aim
" Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin? Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta.
aidhm ag gach malrach scoile the aim of every schoolboy
" … Ba í an imirce a bhí mar aidhm ag gach malrach scoile.
mar aidhm acu seilbh a ghlacadh ar they have the aim to control
" Tugann siad ‘Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint’ (SIIL) orthu féin agus tá sé mar aidhm acu seilbh a ghlacadh ar an talamh uilig idir Cósta na Meánmhara agus Bagdad (áit a bhfuil cónaí ar thromlach mór Sunnaíoch).
An aidhm the intention
" An aidhm atá le Vóta na Míosa san eagrán seo ná buille faoi thuairim a fháil an mbeadh sibhse, na léitheoirí, sásta €25 sa bhliain a dhíol le cinntiú go mbeadh Beo.
aidhm an státchórais the state apparatus aim
" Bhí fiúntas nach beag ag baint le cuid mhaith de na haighneachtaí a cuireadh faoina mbráid ach ba léir nárbh ionann mianta phobal na Gaeilge a bhí ag iarraidh an tAcht a neartú agus aidhm an státchórais a bhí ag iarraidh é a lagú.
bhí sa chúiseamh d’aon aidhm amháin the charging was of one aim
" Drámaíocht a bhí sa chúiseamh d’aon aidhm amháin, dar leis an teoiric sin, le dearcadh an phobail a mhúnlú.