Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níor airigh muid riamh we never felt
" "Níor airigh muid riamh gurbh áit í an tuaisceart a mbeadh fonn orainn an chuid eile d'ár saol a chaitheamh inti.
airí ministers
" Ag an am chéanna, tá baill den UUP ina suí ar an Choimisiún Dílseach, ar a bhfuil, dar le tráchtairí poblachtánacha, an lámh in uachtar ag an UDA/UFF, an dream a mharaigh Gerard Lawlor an mhí seo caite.
neamh-aireach careless, heedless
" Beidh siad neamhanálaithe, neamh-araíonach, neamh-aireach agus ní fada go mbeidh siad neamh-mhealltach.
airí ministers
" Ach deir sé mura bhfaigheann sé é, go dtarraingeoidh sé a chuid airí amach as an Fheidhmenannas ó thuaidh.
mí-aireach careless
" "Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas.
d'airigh mé I felt
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
an-aireach faoi very wary of
" Má tá an tuairisc sin fíor - agus ba chóir bheith an-aireach faoi thuairisc ar bith ón gcogadh na laethanta seo - is comhartha sóirt marfach é don fhórsa beag Angla-Mheiriceánach atá sáinnithe ar an mbóthar go Baghdad.
i measc na n-airí among the ministers
" Tá céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige.
D'airigh mé I felt
" D'airigh mé i gcónaí gur rud an-nádúrtha a bhí ann dom féin nuair a d'fhoghlaim mé an Ghaeilge.
airí áirithe certain ministers
" Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.
an t-athrú airí the cabinet reshuffle
" Nuair a rinne Bertie Ahern an t-athrú airí ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d'fhág an tAire Noel Dempsey carn amháin fadhbanna ina dhiaidh i réimse an oideachais chun glacadh le carn eile fadhbanna.
airí ministers
" Ach, ní chiallaíonn sé sin go n-airím go bhfuil sé de chead agam stop a chur le duine éicint eile.
airí rialtas government ministers
" Ó 2003 anall, mar shampla, táthar ag diúltú eolas a chur ar fáil faoi chinntí a dhéanann airí rialtas.
ceapachán na n-airí sóisearacha the appointment of the junior ministers
" Láimhsigh sé ceannairc inmheánach a chúlbhinseoirí go paiteanta ach ba go tuathalach a dhéileáil sé le ceapachán na n-airí sóisearacha.
airí gnóthaí eachtracha an Aigéin the foreign ministers of the Ocean
" Beidh cruinniú ar siúl inniu (1 Nollaig) ag airí gnóthaí eachtracha an Aigéin i Sydney leis an scéal a phlé ach ní léir an féidir leo tada a dhéanamh faoin scéal.
go haireach, attentively,
Níor airigh siad they didn't feel
" Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é, ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.
ar Chomhairle na n-Airí on the Council of Ministers
" Toghfar uachtarán, mar shampla, ar Chomhairle na n-Airí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (cé go mbeidh cead é/í a athcheapadh ar feadh tréimhse amháin eile).
ceathrar airí four ministers
" Anois, tá Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire agus tá ceathrar airí acu as an dáréag atá san Fheidhmeannas ó thuaidh.
ar chóir a bheith ag airí that ministers should have
" Is maith leis nach bhfuil mórán den bhréagchráifeacht ag baint léi, ná mórán den chur i gcéill, ná mórán den eolas sin ar chóir a bheith ag airí faoi chúrsaí na hEorpa.
na n-airí of the ministers
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
aireach aware
" Iomlán aireach b'fhéidir – gach ní á chloisint agam – bhí gach ní á bhrath agam.
airigh mé I felt
" Airím, le hais an chaoi ar airigh mé, airím i bhfad níos fearr, fiú, i mo chloigeann agus gach rud, go deimhin.
aireach aware
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
Ar airigh tú riamh did you ever hear
" SMM: Ar airigh tú riamh gurbh é ‘An Caorthanach’ an t-ainm a bhí ar bhean chéile an diabhail? BNC: Mar sin é? Tá a fhios againn go dtagann go leor as sin mar sin.
scaifte airí a group of ministers
" Tá ócáidí ann fosta nuair is siosmaidí agus nuair is saoire i bhfad scaifte airí agus a gcuid comhairleoirí is státseirbhísigh a eitilt in aon árthach amháin.
haireach attentive
" Anuas air sin, ní bhíonn an páiste chomh haireach céanna i gceantair a thaithíonn sé go rialta, bíodh sé sin gar dá áit chónaithe, ar a bhealach chuig an siopa áitiúil nó i ngiorracht dá scoil.
d'airigh siad they realised, heard of
" Nuair a bhí sé 11 bliain d'aois, bhog an teaghlach go léir go dtí an Fhrainc, mar is maith a d'airigh siad an chontúirt a bhí ann do Ghiúdaigh na Polainne tar éis urghabháil chumhachta na Naitsithe sa Ghearmáin.
go haireach carefully
" Sampla maith de dhea-rún míréasúnta is ea leithéidí: “Éistfidh mé go haireach i gcónaí nuair a bhíonn urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael ag caint faoi thodhchaí na Gaeilge i mBéarla.
d’airigh siad dís both of them realised, felt
" Is maith a thuig MacKellar agus Hartigan na deacrachtaí a bhaineann le talmhaíocht san Astráil, ach d’airigh siad dís an misneach a thug spreagadh do mhuintir na tuaithe, in am an ghátair go háirithe.
airí an rialtais government ministers
" Fágann sé fosta go mbíonn cead a gcinn ag airí an rialtais sa Dáil, rud a chuireann bac mór ar Theachtaí Dála cuntas a iarraidh ar an rialtas.
n-airí ministers
" Is leamh le haithris gurb é an chéad rud a rinne an rialtas úr tuarastail agus deolaí agus na n-airí a chiorrú.
D’airigh mé I felt
" D’airigh mé ón gcéad lá a tháinig muid chun na hAstráile, beagnach ceathracha bliain ó shin, go raibh mé i measc mo chairde gaoil abhus agus thug an taispeántas dom léargas ar bhunús an mhothúcháin sin.
airí na láimhe the manual symptoms
" Is mó a shuim siúd gur theip an focal ‘aibhléis’ uirthi ina cur síos ar airí na láimhe.
níor airigh didn’t feel
" Sula raibh TG4 ann, níor airigh go leor de mhuintir na hÉireann ceangal leis an nGaeilge.
airí rialtais government ministers
" Níor leor dó Uachtarán na hÉireann agus iar-Uachtarán na hÉireann a bheith ag freastal ar an chúrsa ann – duine acu ar feadh ceithre bliana déag agus an duine eile díreach tosaithe i mbliana; beirt ambasadóirí de chuid na Breataine; ambasadóir na Sualainne; airí rialtais agus teachtaí Dála agus seanadóirí… Cé a shamhlaigh go dtabharfadh Daniel cuairt ar Ghleann i mbliana? Ní Daniel Day Lewis atá i gceist agam, ná Daniel Boone; ní Daniel Radcliffe a bhí ann, ná Daniel Craig; ach Daniel O Donnell, an Daniel is clúití ar domhan, réalta Thír Chonaill agus réalta na hÉireann.
d’airigh mé an tuairisc spóirt I heard the sports report
" Agus mé ag ithe mo leite sa chistin ag trí nóiméad déag tar éis a hocht maidin Dé Céadaoin, 21 Samhain seo caite, d’airigh mé an tuairisc spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
a mholfainn dho na daoine a bheith aireach faoi which I’d advise people to careful about
" Ach rud amháin a mholfainn dho na daoine a bheith aireach faoi, ná litriú agus fuaimniú Ghaeilge dhúchais na háite a úsáid i gcónaí.
airí agus feisirí áirithe ministers and particular MPs
" Ní hamháin go raibh airí agus feisirí áirithe sa pharlaimint ina mball den chlub, ach bhí na státseirbhísí náisiúnta ba cheannasaí agus ba chumhachtaí ar a bhord rialacháin.
Beidh siad aireach fosta they’ll be mindful also
" Beidh siad aireach fosta ar an fhírinne lom, gur beag buíochais a fhaigheann an páirtí is lú i gcomhrialtas nuair a caitear vótaí sa tír seo.
airí mná san aireacht women ministers in cabinet
" Ba é ab aite faoi sin nár éirigh fiú duine amháin den ochtar airí mná san aireacht as a post le dlúthpháirtíocht a léiriú le céad príomh-aire mná na tíre, bean a bhí i dtús cadhnaíochta ar mhaithe le cur chun cinn cearta na mban.
Airí Rialtais government ministers
" In ainneoin na mbagairtí ó Airí Rialtais, lá i ndiaidh lae tríd na meáin cumarsáide nuair a bhí an vótáil ar bun, níor glacadh le socrú Pháirc an Chrócaigh II, rud a bhain creathadh as Breandan Howlin go háirithe.
D’airigh mé ina measc I felt among them
" D’airigh mé ina measc neamhshuime i mo thír dhúchais nach raibh tugtha faoi deara agam roimhe sin, agus chuir sé olc orm.
Airí na Marfachta the killer ministers
" Airí na Marfachta ====== Cháin an tAire Iompair agus Poist agus Teilegraif, Jim Mitchell go láidir an moladh go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge roimh 1987.
d'airigh mé féin I myself heard
" A mhalairt go hiomlán a d'airigh mé féin.
bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu they’d cut the government ministers’ salaries
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
Ceapadh beirt airí sóisir úr two new junior ministers were appointed
" Ceapadh beirt airí sóisir úra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ceann le Gaeilge líofa agus ceann gan Ghaeilge líofa.
airí ministers
" Tá dúshlán mór roimh go leor de na hairí nua atá ceaptha ag Bertie Ahern, go háirithe do Mary Harney sa Roinn Sláinte.