Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aisling vision
" Loighciúil? Pilleadh ar an Riail Dhíreach ======= Agus cén aisling atá ag na haontachtaithe den todhchaí? Labhair mé le Pastor Jack McKee, ministir Elim Pentecostal ó Bhóthar na Seanchille, fear a d'iompair crois 6 troithe ar airde thart ar cheantracha Caitliceacha agus Protastúnacha Bhéal Feirste.
an aisling the dreams
" " Tá The Villages i seilbh teaghlaigh le daichead bliain anuas agus deirtear san ábhar bolscaireachta gur "pobal riartha" atá i gceist, a bhfuil sé mar sprioc aige cuidiú le daoine "an aisling atá acu maidir le stíl mhaireachtála thaitneamhach, ar phraghas réasúnta" a bhaint amach.
aisling gheal a bright vision
" Agus é i lár an támhnéil, nochtaíodh fís dó: aisling gheal darbh ainm Conor Cruise Missile O'Brien.
aisling dream
" Bhí a leathshúil druidte go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtaíodh dó: Éire mar a bheas i gcionn deich mbliana! Éire i samhradh na bliana 2013! Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar aisling.
an Aisling Mheiriceánach the American Dream
" Dúirt sé go leagtar oiread béime ar "an Aisling Mheiriceánach" ach nach mbíonn aon trácht ar an chaoi a mbíonn ar dhaoine áirithe a bheith "ag maireachtáil le francaigh agus a bheith ag sracadh leis an saol.
aisling dream
" Ba dheas cinnte dá dtarlódh a leithéid, ach faoi láthair níl ansin ach aisling.
aisling dream
" Cad é mar a leandáil an bhean seo de bhunadh na Gaeltachta ina leithéid d'áit a raibh eachtraí a bhí suarach agus eipiceach ag an aon am amháin ag titim amach? Nuair a bhíonn cailíní óg, bíonn siad ag brionglóidí fá bheith ina mbanphrionsaí nó ina réalta pop, ní bhíonn siad ag dúil go mbeidh siad ina bpolaiteoirí, agus leoga, ní sin an aisling a bhí ag Bríd Rodgers.
aisling dream
" Agus is é aisling an athar/nó na máthar an páiste acu féin a fheiceáil ag imirt i ngeansaí an chontae i gcluiche ceannais na hÉireann.
tóraíocht i ndiaidh na hAislinge Bréige chasing the False Dream
" Agus ceapaim gur tóraíocht i ndiaidh na hAislinge Bréige cuid mhór de.
aisling dream
" Ionadaí é O'Rawe, agus easaontóirí eile ar nós Brendan Hughes, Anthony McIntyre agus Tommy McKearney, dóibh siúd a chaith blianta fada i gcarcair ar mhaithe le haisling nár baineadh amach.
aisling vision, dream
" Ansin rinne Balor Fáidh tuar agus tairngreacht agus dúirt: "Roghnaigh mé sibh as measc mhuintir dhúr na tíre seo nó aithníonn sibh sladmhargadh maith nuair a fheiceann sibh é, fiú i gceo na haislinge.
aisling vision
" Bhí Balor Bocht faoi dhraíocht, ach nuair a tháinig sé faoi fhad cainte don aisling thug sé cúpla rud faoi deara.
Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí Fulfilling the European Dream
" Bhí moladh eile ag Conradh na Gaeilge ina bpolasaí oideachais, “1+1+1 - Ardchumas i 3 theanga –Ag Fíorú na hAislinge Eorpaí”.
gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige that it was his dream to have a music library
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
aisling dream
" An aisling a bhí ag George Bain ná Coláiste na gCultúr Ceilteach a bhunú sna Garbhchríocha, áit a rachadh daoine áitiúla le staidéar a dhéanamh ar an ealaín, an drámaíocht, an stair agus an talmhaíocht.
aisling vision
" An té atá bródúil as a Shasanachas, níl sé le cáineadh mura nglactar leis an tírghrá uaidh: I’ve been dreaming of a time When to be English is not to be baneful, To be standing by the flag not feeling shameful, racist or partial Cuirtear foirceann fíochmhar leis an aisling: I’ve been dreaming of a time When the English are sick to death of Labour and Tories And spit upon the name Oliver Cromwell And denounce this royal line that still salute him And will salute him Forever Ag cuimhneamh ar an raic a tharraing sé le bratach na Breataine i 1993, bhain tábhacht nach beag lena chinneadh bratach eile a tharraingt amach agus a chaitheamh isteach sa slua ag an gceolchoirm sin i Manchain i 2004.
aisling dream
" Tá ár stáisiún teilifíse féin againn anois, rud nach raibh ina aisling fiú tríocha bliain ó shin.
aisling vision, dream
" As bréantas agus graostacht agus súlachas na háite sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
an tionscadal Aisling the Aisling project
" “Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
aisling bhréige false vision
" ) Tá ciolar chiot déanta de chúrsaí ach leanann Gregory Campbell de bheith ag tabhairt tacaíochta agus spreagtha do lucht aisling bhréige na hUltaise.
aisling dream vision
" Ag tabhairt dúshláin d’iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh a bhí Obama: "An mbeidh iar-uachtarán ar bith agatsa mar chainteoir an tseachtain seo chugainn? An mbeidh aisling agatsa freisin?" Níl a fhios ag aon duine go fóill.
aisling vision
" Bhí sé mar a bheadh aisling Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann fíoraithe! Dúradh liom go raibh bratach na hÉireann le feiceáil ag na *Proms* i Londain agus i Manchain, ach d'imigh an bheirt againne ó Halla na Cathrach píosa maith roimh "Rule Britannia".
réimse na haislinge the Irish visionary genre
" Tá an traidisiún seo le feiceáil i réimse na haislinge nuair a shamhlaíonn an file gur bean óg í Éire atá ag iarraidh an pobal a mhúscailt le cur in aghaidh an chos ar bolg.
haislingí visions
" Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan ar ‘*Let the Right One In*’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair.
ábhar aislinge dream material
" Nixon ar an éacht a bhí bainte amach acu - éacht nach raibh ach ina ábhar aislinge go dtí sin agus a mhaireann ina choincheap mhealltach go fóill a spreagann agus a thugann ábhar inspreagtha d’ealaíontóirí.
aislinge visionary
" Ach, mar a léiríonn an traidisiún aislinge i litríocht an ochtú haois déag in Éirinn, bhí dóchas riamh ann i measc na nGael go dtiocfadh na Stiúbhartaigh i gcumhacht arís.
aisling eile another dream, vision
" Mholfainn sin do dhaoine, a bheith níos baintí leis an saol, ní hamháin in Éirinn féin ach taobh amuigh den tír, straitéisí úra a bheith acu agus iad a bheith ag caint lena chéile chun teacht ar aisling eile, ar léiriú eile ar an saol mór.
Aisling Scripte written fantasy
" “A Uncail Bhriain,” ar siad, “an mbeadh muidne in ann freastal ar ardscoil i Meiriceá? An mar Glee a bhíonn sé i gcónaí?” Aisling Scripte ====== Go deimhin, is maith is cuimhin liom dul go dtí an scannán Grease nuair a tháinig sé amach in Éirinn i 1978 agus ionadh den saghas céanna a bheith orm.
aisling lucht turasóireachta tourist organizers vision
" Bhí aisling lucht turasóireachta anois ina thromluí.
haislingí nár fíoradh unfulfilled dreams
" Cuireadh ceol le go leor dá cuid dánta agus b’fhuirist sin a dhéanamh mar is friotal simplí liriceach macánta a chleacht sí den chuid is mó, dánta úra a bhaineann leis an ngrá leatromach, leis an mbás agus le haislingí nár fíoradh.
d’aisling an stiúrthóra the director’s vision
" Tugann an dís réalta fireann, Brad Pitt agus Seán Penn, an-seirbhís d’aisling an stiúrthóra.
aisling a gineadh sa diamhracht a vision begotten in mystery
" As bréantas agus graostacht na pluaise sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
aisling a dream
" Is aisling ag na mílte déagóirí in Éirinn a bheith earcaithe le foireann sacair i bpríomhshraith Shasana.
Aislingí Ceoil musical visions
" An Duais ==== Cóip den dd 'Aislingí Ceoil’, Cóip den dd ‘Amhráin Ghrá’ agus cóip den dd ‘Ceolta Mhúscraí’ Aislingí Ceoil: ==== Tá an ceol agus na seanamhráin Ghaeilge ar an scáthán is fearr atá againn ar chroí agus ar anam ár gcine.
Ré na hAislinge Dreamtime
" An Dinnseanchas Beo ======== Tugtar Ré na hAislinge, nó an Dreamtime, ar dhéscéalaíocht mhuintir dhúchais na hAstráile a bhaineann le cruthú an domhain.
faoin aisling atá imithe ar strae about the vision gone astray
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
snoíodóir spórt-aislingí na muintire the carver of the community’s sporting dreams
" Fear umhal, snoíodóir spórt-aislingí na muintire.
bhí beocht san aisling the vision was alive
" Díograiseoirí Gaeilge a chuir INNIU ar bun i 1943, nuair a bhí beocht san aisling faoi Éire Shaor agus Éire Ghaelach.
Aisling eile réabtha another dream shattered
" Aisling eile réabtha! An ridireacht! Cé a chuir tús leis an mbréag mhór? File.
aisling vision, dream
" Nochtadh do Bhalor in aisling cuid de na rudaí a thitfidh amach sa bhliain atá romhainn.
cuid oibre na heagraíochta Aisling the work of the Aisling organisation
" Spreag cuid oibre na heagraíochta Aisling i Londain an stiúrthóir scannán Tom Collins le scannán a dhéanamh mar gheall ar na himircigh Éireannacha sa chathair sin agus anois, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann, tá seans ann go bhfaighidh an saothar ainmniúchán do Ghradam Oscar.
fíorú na haislinge Meiriceánaí bringing the American dream to life
" Sonia Sotomayor a hainm agus tá sí ag fíorú na haislinge Meiriceánaí.
a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge who set about realising their dream
" Chuaigh Colm Mac Séalaigh i dteagmháil le dream iontach aislingeach san ardchathair, dream gníomhach a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge, Na Gaeil Óga.