Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is lú aithne least known
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
aitheanta recognised
" Is í an dealbhóireacht bheo (saothar a ghluaiseann le hinneall) a comhartha aitheantais.
aitheanta recognised
" Tá forbairt ar leith déanta ar an phuball Gaeltachta ansin le seacht mbliana anuas agus tá sé anois aitheanta mar an áit a dtagann na céadta le chéile don chomhrá, don cheol, don amhránaíocht agus don chraic i rith an deireadh seachtaine.
aitheanta recognised
" Bhí reachtaíocht roimh an Seanad Ceanadach in 1881 chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar an tríú teanga oifigiúil sa tír.
aitheanta recognised
" Tá an eagraíocht aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar cheann de an comhpháirtithe oideachais agus tugtar deis di tionchar a imirt ar pholasaithe na Roinne.
aitheanta recognised
" Cumann deonach ======= Sin ábhar tábhachtach dúinne i gCumann Gearmánach-Éireannach Rhéin-Máin (DIGRM ón leagan Gearmánach), cumann deonach cultúrtha a bunaíodh anseo cúpla bliain ó shin agus atá aitheanta ag an Stát ó mhí Dheireadh Fómhair 2001 i leith.
aitheanta recognised
" Cumann deonach ======= Sin ábhar tábhachtach dúinne i gCumann Gearmánach-Éireannach Rhéin-Máin (DIGRM ón leagan Gearmánach), cumann deonach cultúrtha a bunaíodh anseo cúpla bliain ó shin agus atá aitheanta ag an Stát ó mhí Dheireadh Fómhair 2001 i leith.
ceann scríbe gan aithne unknown distination
" Chonaic sé grianghraf san *Irish Times* de theaghlach ón Afganastáin agus iad ag siúl trasna an fhásaigh go dtí ceann scríbe gan aithne, agus a sealúchas uilig leo i mbara rotha.
imithe as aithne glan totally unrecognisable
" Bhí ailse ar Myrtle le dhá bhliain anois agus ionach nach raibh sí imithe as aithne glan.
Chuir mise mé féin in aithne I introduced myself
" Chuir mise mé féin in aithne ansin do Cloherty agus don Phríomhchigire Julie Cook mar iriseoir Éireannach.
mar is fearr aithne uirthi as she is better known
" Ní mar sin a bhí i gcás Ghearóidín Bhreathnach, nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi.
gan aithne gan urlabhra comatose
" Tar éis an tsaoil ba é féin an chéad duine a bhí ar an láthair ceathrú uaire roimhe sin, a chonaic é gan aithne gan urlabhra agus a scaip an scéinscéal, a ghair daoine, daoine a bhí anois ag tabhairt cluas bhodhar dó.
scolardach aitheanta recognised pundit
" Cad chuige gur roghnaíodh oíche Déardaoin? Chuir mé an cheist ar Leamh Ó Cuinneagáin, fear mór gaoise agus scolardach aitheanta.
aitheanta recognised
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Láidreachtaí Táimid aitheanta mar eagras cruthaitheach, fiontraíoch.
shaibhrigh an aithne sin mo shaol go mór knowing him enriched my life greatly
" Dhá bhliain déag nó mar sin a bhí aithne agamsa ar Bharra Ó Donnabháin (Seán Ó Donnabháin a tugadh air an lá a baisteadh é ach thug gach éinne Barra air) agus, ar nós mórán nach mé, do shaibhrigh an aithne sin mo shaol go mór.
gan aithne gan urlabhra in a coma
" I 1997, sádh Sean O'Connor, tacaí eile de chuid na gCeilteach, san áit chéanna; ansin, ar an 29 Bealtaine 1999, d'ionsaigh lucht tacaíochta Rangers Liam Sweeney, tacaí eile de chuid an chlub, agus d'fhág ina luí gan aithne gan urlabhra é; bhuail saighead crosbhogha Karl Roarty, tacaí de chuid na gCeilteach, agus sádh Thomas McFadden, 16, tacaí eile.
scríbhneoir aitheanta ar an cheist a recognised writer on the matter
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
aitheanta recognised
" Thabharfadh sé an-dóchas do dhaoine as todhchaí na Gaeilge an teanga a bheith i lár an aonaigh, i gcuideachta na Laitvéise, na Máltáise, agus an fiche teanga eile a bheas aitheanta go hoifigiúil.
poblachtánach aitheanta a well-known republican
" An féidir leo? "*No*," a dúirt poblachtánach aitheanta ar an toirt liom nuair a d'fhiafraigh mé dó.
aitheanta well-known
" Cad chuige, mar sin, go raibh siad seo agus Fat Mac Cormaic, fear an Easy Peasy Reader, agus cuid mhór Gaeilgeoirí móra aitheanta eile cruinnithe le chéile i nGleann Beag Lách sin an Cheoil ag deireadh mhí Iúil? Ar mhaithe leis an aimsir? Ar mhaithe lena sláinte? Ní shíleann muid é.
aitheanta recognised
" Is muidne atá aitheanta mar Aonad Fódhla chun Rós Fódhla (Rós na Gaeilge) a roghnú do chomórtas idirnáisiúnta Rós Thrá Lí.
aitheanta recognised
" " Tá an íomhá chráite atá lárnach sa phictiúr chomh haitheanta céanna le carachtar i "mórphictiúr" ar bith eile ar nós *Lus na gréine *le Van Gogh nó *Elizabeth Taylor *le hAndy Warhol.
aitheanta recognised
" Bheith ina ghnó aitheanta iontaofa atá ag síorfhorbairt a chuid seirbhísí agus a chuid oibre ar mhaithe leis an nGaelige Oileán Chléire bheith mar lárionad againn agus cúpla post buan eile bheith cruthaithe againn anseo.
is aitheanta best-known
" " Léargas beag ó Niall O'Dowd, foilsitheoir an *Irish Voice*, ar Eoin Mac Tiarnáin, duine de na Gaeil Mheiriceánacha is tábhachtaí agus is aitheanta le céad bliain anuas.
aitheanta recognised
" Bheith ina ghnó aitheanta iontaofa atá ag síorfhorbairt a chuid seirbhísí agus a chuid oibre ar mhaithe leis an nGaelige Oileán Chléire bheith mar lárionad againn agus cúpla post buan eile bheith cruthaithe againn anseo.
aitheanta recognised
" I 1904, is dóigh liom, bhí conspóid ann faoi ar cheart an Corn a aithint mar thír Cheilteach – ní raibh ach cúig thír aitheanta ag an am sin.
aitheanta recognised
" An bhféadfadh a leithéid tarlú arís? Guinness, Naomh Pádraig agus U2 – táid ar fad le fáil ar fud an domhain agus aitheanta le hÉirinn.
deich n-aitheanta ten commandments
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
i ndúnmharú coirpigh aitheanta in the murder of a known criminal
" Chuir *The Star *tús leis an chéasadh faoin cheannlíne *“Lotto Dolores Family Link to Gang War”* agus d’fhoilsigh siad sonraí faoin bhaint a bhí ag nia léi i ndúnmharú coirpigh aitheanta i Luimneach.
deich n-aitheanta ten commandments
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
lena aithne a cheilt to hide his identity
" Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt nó cé eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.
aitheanta well-known
" Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt nó cé eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.
so-aitheanta easily recognised
" Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt nó cé eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.
aitheanta recognised
" “I gceann cúig bliana, ba mhaith liom go mbeadh ainm Raidió na Life aitheanta i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath, idir óg agus aosta, go mbeadh a fhios ag an tsaol mór faoi agus go mbeadh sé in úsáid sna scoileanna mar áis foghlamtha.
aitheanta well-known
" ” Is é an comhlacht aitheanta Nemeton ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge a léiríonn an tsraith agus go leor eile de sholáthar spóirt TG4.
aitheanta recognised
" Cuimhnigh nach raibh Wisconsin aitheanta fiú mar “territory” (sé sin, dúiche faoi choimirce na Stát Aontaithe) go dtí 1836, agus aithníodh é mar stát den chéad uair in 1848.
aitheanta recognised
" Na healaíona ======= Tá aitheantas ag Amstardam le fada mar chathair fháilteach iltíreach a thug tacaíocht do na healaíona.
aitheanta recognised
" Tá duaiseanna aitheanta náisiúnta bainte ag Glór Bhréifne mar aitheantas don obair dhearfach agus phraiticiúil ata déanta acu i bhforbairt na Gaeilge – ina measc, duaiseanna ó Ghlór na nGael dhá bhliain i ndiaidh a chéile.
so-aitheanta easy to recognize
" Tá poblachtánaigh easaontacha mar dhream amháin i measc an oiread sin aicmí ó dheas, ach tá na poblachtánaigh so-aitheanta.
aitheanta leis an stáisiún associated with the station
" Thóg sé misneach do TG4 cead a thabhairt do cheann de na haghaidheanna is mó atá aitheanta leis an stáisiún Béarla a labhairt ar an gclár.
mar ab fhearr aithne air as he was better known
" Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.
mar ab fhearr aithne air as he was better known
" Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.
aitheanta recognised
" De réir suirbhé a rinne an Roinn Airgeadais sa bhliain 2002, níor thug ranna agus oifigí stáit aitheanta mar an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Cosanta, an Roinn Sláinte agus Leanaí, Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste marcanna breise d’iarrthóirí ag an am a raibh Gaeilge acu.
ag dul as aithne becoming unrecognisable
" Bhí a mháthair ag dul as aithne, bhí an oiread sin meáchain caillte aici, agus bhí cuma ghiobach sheanchaite ag teacht ar a athair.
scoileanna aitheanta recognised schools
" Bím féin agus oifigeach eile ag plé le scoileanna aitheanta mar a bhaineann sé le polasaithe, bainistíocht, cúrsaí buiséid, cúrsaí áitribh agus araile.
ar chuir siad aithne ar a chéile. that they got to know each other.
" D’éirigh Justine an-chairdiúil le bean óg ó Thiobraid Árann agus is suimiúil an tslí ar chuir siad aithne ar a chéile.
tá aithne fhorleathan ar Nicholas Nicholas is widely known
" Ar ndóigh, tá aithne fhorleathan ar Nicholas mar láithreoir na gcláracha teilifíse “Come West Along the Road” agus an leagain Ghaeilge, “Siar an Bóthar”, ar TG4.
a chuireas aithne cheart air that I got to know him properly
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
is mian liom aithne a chur ar a muintir, I want to get to know its people,
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
ó Thuaisceartach aitheanta from a well-known Notherner
" “Ar lorg tú comhairle ó dhuine ar bith eile agus tú i mbun do roghnaithe?”“Sea, lorg mé comhairle ó Thuaisceartach aitheanta – Tuaisceart Bhéal Feirste atá i gceist agam, dar ndóigh, agus is í Íosa Mhic Giolla Mháire an Tuaisceartach sin.
duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn. of the the best known entrepreneurs and public personalities in Ireland.
" Theastaigh uaim a chuid tuairimí a fháil ar réimse leathan ábhar agus foghlaim faoi na nithe a spreag duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn.
níos so-aitheanta. more easily recognised.
" B’fhéidir nach mbeadh an toradh níos ciallmhaire mar fheathal náisiúnta ná an t-éan, ach bheadh sé níos so-aitheanta.
cáilíochtaí aitheanta recognised qualifications
" Bheadh cáilíochtaí aitheanta agus taithí bhainistíochta ag na daoine seo.
de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan of the most well-known artists in the world
" D’éirigh le Drewe cur ina luí ar a chomhchealgaire Myatt saothair de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan a chóipeáil.
Gaeilgeoirí aitheanta, recognized Irish speakers,
" Bullaí fir, a Gharage! “Agus, ós ag caint dúinn ar an Seanad, nach bhfuil sé lán go doras cheana féin le Gaeilgeoirí aitheanta, leithéidí Davina Norris agus Shane Cross agus Ivana Bare Cheek! An cineál teanga a labhraíonn an triúr sin ó Choláiste na Trioblóide níl cuma Bhéarla na hÉireann uirthi, agus mar sin tá sé chomh maith le bheith ag labhairt Gaeilge.
dioplóma aitheanta recognised diploma
" Mairfidh sé ceithre seachtaine is fiche agus bronnfar dioplóma aitheanta ar na rannpháirtithe.
chuir mé an-aithne ar Éireannaigh I got to know Irish people very well
" Sa tslí sin chuir mé an-aithne ar Éireannaigh agus thaitin siad go mór liom.
nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu. which don't add to our knowledge of them.
" Is nós leis an údar sonraí áirithe a thabhairt dúinn i dtaobh na gcarachtar nach gcuireann beag ná mór lenár n-aithne orthu.
Gael aitheanta mór le rá a well-known Gael
" Deir sé go gcasfar air Gael aitheanta mór le rá agus é ag rith amach an doras ar cosa in airde.
go raibh aithne againn ar a chéile, we knew each other,
" Ó tharla go raibh aithne againn ar a chéile, thug sé cead dom déanamh amhlaidh.
Tá aithne ort mar fhidléir, you are known as a fiddler
" *Antaine Ó Faracháin: Tá aithne ort mar fhidléir, ach céard iad* *na huirlisí eile a sheinneann tú* *seachas an fhidil?* Tara Connaghan: Bhuel, is í an fhidil mo phríomhuirlis, ach thosaigh mé ag seinm an ghiotáir ar dtús agus mé naoi mbliana d’aois.
mar is fearr aithne air, as he is better known
" Cuirfear príosún ar an Teachta Dála Brian Ó Sé, n ó Brains Ó Shea mar is fearr aithne air, ó Pháirtí an Lucht Oibre i bPort Láirge, as siocair é a bheith ag iarraidh deireadh a chur leis an scrúdú Gaeilge atá le déanamh ag dlíodóirí na hÉireann.
nach bhfuil mórán aithne orthu, who are not widely known
" Is éard atá ann ná deireadh le hollsmacht docht líon beag comhlachtaí ar an ngnó; anois, is féidir le bannaí agus ceoltóirí, nach bhfuil mórán aithne orthu, a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo.
Tá aithne agam I know
" Tá aithne agam ar go leor daoine a fhreastalaíonn ar gach comórtas trialach ar fud na tíre.
go bhfuil aithne acu ar Myers. that they know Myers.
" D’fhéadfaí a rá go mbraitheann Éireannaigh go bhfuil aithne acu ar Myers.
Tá aithne agam I know
" Tá aithne agam ar Éireannaigh a bhfuil a leanaí fós ina gcónaí sa bhaile agus iad in aois a dtríocha bliain.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, by the well known writer
" Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
Chuir mise aithne air den chéad uair I got to know him for the first time
" Chuir mise aithne air den chéad uair ag Fleadh Uladh, i 1982.
mar is fearr aithne air as it is better known
" B'as na ceoltóirí a tháinig go dtí na cathracha a d'eascair snagcheol – nó *Jazz*, mar is fearr aithne air – agus i measc scríbhneoirí na tréimhse sin, bhí daoine mar Langston Hughes agus Zora Neale Hurston.
mar is fearr aithne uirthi, as she is better known
" B'amhrán éadrom é nach raibh mórán téagair ag baint leis, a cheap sí féin! Rugadh Eunice Kathleen Waymon, nó Nina Simone mar is fearr aithne uirthi, sa bhliain 1933 in South Carolina.
mar is fearr aithne air as he is better known
" Ealaíontóir amháin atá ag teacht i dtír ar an ghnó nua seo ná Jeffrey Lipsky, nó Filthy Fluno mar is fearr aithne air ar Second Life.
údair aitheanta well known authors
" Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí.
an tsainghné is aitheanta dá stíl the most recognisable aspect of his style
" Is é an tsainghné is aitheanta dá stíl ná go mbíonn sé ag léiriú aghaidheanna agus figiúirí a bhfuil imlínte loma dubha orthu.
nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile. who don't know each other in the least.
" Tá eolas maith ag daoine ar Eaglais Aontaithe an Oirmhinnigh Sun Myung Moon mar gheall ar na póstaí ollmhóra ina mbíonn daoine páirteach nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile.
Ar chuireadar iad féin in aithne mar phóilíní did they identify themselves as police
" Ar chuireadar iad féin in aithne mar phóilíní sular thosaíodar ag scaoileadh leis na híospartaigh? Is cosúil nár chuir.
mar is fearr aithne air as it is better known
" Armán coitianta is ea an raidhfil AR-15 – nó an Armalite, mar is fearr aithne air – i measc phóilíní na Stát Aontaithe.
Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Lunny got to know the singer and musician
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
chuir sí aithne ar dhuine she got to know someone
" (Paragraf 1) Cúpla mí roimhe sin, chuir sí aithne ar dhuine a d'úsáid an t-ainm “Josh” ar líne.
bhí aithne aici ar shíceolaí she knew a psychologist
" Mura ndéanfadh Dia an gnó, bhí aithne aici ar shíceolaí a dhéanfadh an beart.
á chur as aithne. becoming unrecognisable
" Deir sé, “Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol á chur as aithne.
go bhfuil an saol curtha as aithne that life has changed beyond recognition
" Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol curtha as aithne.
seandálaithe aitheanta recognised archaeologists
" Tagann seandálaithe aitheanta chun na háite le breathnú air – measann siad gur ochtú hiontas an domhain atá ann – ach scriosann Gusaí Gaimbín Cillín *Chait*ríona sular féidir é a chur ar liosta caomhnaithe.
scannánóir aitheanta well known film-maker
" Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus a chuir i láthair.
so-aitheanta recognisable
" Tá cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda.
Chuireas aithne I got to know
" Sin ráite, caidé faoi Bhuiséidí a thugann Jim Kemmy agus Earnán de Blaghad chun cuimhne dom? Chuireas aithne fadó ar Jim Kemmy agus bóithre na hÉireann á siúl agam sna hochtóidí le ‘Ireland’s Eye’.
gcuireann sé aithne ar becomes acquainted with
" Téann sé ag traenáil chuile lá i linn snámha an bhaile, áit a gcuireann sé aithne ar gharda tarrthála, Simon.
aithne mhaith knew well
" Bhí aithne mhaith acu ar a chéile agus dúirt John Lennon i 1969 go raibh an-tionchar ag Brendan McCormack air.
tá aithne mhaith agam I know well
" Creid é nó ná creid, tá aithne mhaith agam ar ghirseach atá ina cónaí ansin.
coirpigh aitheanta well-known criminals
" Dála an scéil, an General agus coirpigh aitheanta eile na tíre, is sna hinstiúidí céanna sin a múineadh an mhoráltacht dóibh.
cuirimid aithne ar we get to know
" D’réir mar a fhásann an scéal cuirimid aithne ar Lily.
nDeich nAithne Ten Commandments
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
is fíor a rá aithne againn uile
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
oiread aithne such acquaintance
" Deireadh na gcaogadaí, tús na seascaidí a bhí ann agus bhí oiread aithne ag Charlie ar imreoirí de chuid foireann Chiarraí go mbíodh cead isteach aige i seomra feistis Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh lá cluichí ceannais na hÉireann.
gan aithne gan urlabhra unconscious
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
aithne know(ledge)
" Cóipeáil an tuairisc sin, TNG, agus sín chuig garáiste beag ionraic a bhfuil aithne agus meas agat orthu agus a bhfuil taithí ar obair an TNG acu.
aithne bhlasta know well
" Measaim gur uachtarán an-mhaith í Mary McAleese, tá aithne bhlasta agam uirthi.
údar aitheanta well known author
" Ar Muir is ar SliabhISBN 978 1 901176 97 1€12 Úrscéal eachtraíochta nua ag Dermot Somers ó Cois LifeAr Muir is ar Sliabh atá ar an úrscéal nua seo ó pheann Dermot Somers, sléibhteoir agus údar aitheanta.
gan aithne gan urlabhra unconscious
" Ach seo 1989 - tá falla Bheirlín is an DDR féin tar éis titim fad a bhí sí gan aithne gan urlabhra san otharlann.
aithne known
" Baineadh stangadh as go leor daoine ar fud an domhain chláir nuair a chonaic siad an fháilte mhór a chuir muintir na Libia roimh Abdel Baset al Megrahi, nó buamadóir Loch Earbaí, mar is fearr aithne air.
aithne know, acquainted
" Is é an chaoi gur fhiafraigh mé de bhean as Áth Troim ní ba luaithe an lá sin, an raibh aithne aici ar Bhláthnaid, mar go raibh mé le cúpla scairt ghutháin a chur an lá sin faoi agallamh.