Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina fhortacht nó ina aithrí a comfort or a penance
" Uaireanta, níl mé cinnte a thuilleadh faoin turas seo ar an idirlíon, an bhfuil sé ina fhortacht nó ina aithrí, an ríomhaire ina fhásach dochuimsithe agam faoin am seo.
aithrí repentance
" Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois.
ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí. fulfilling his penance.
" Bíodh sin mar atá, tá rudaí athraithe go mór ón uair a bhí an Teachta McQuillan ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí.
mar áis aithrí as a repentance facility
" Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin.
haithrí repentance
" Ní leor an féinmhilleadh dá haithrí, tá ar a fear fulaingt léi de bharr a ról siúd ina neamairt.
aithrí iarrtha attrition requested
" Ómós agus maithiúnas tugtha, umhlaíocht taispeánta, aithrí iarrtha ag Liz an chromchinn.
a haithrí of her attrition
" Scuabadh chun siúil pé míshó idir-eatarthach im’ chroíse le dáiríreacht a haithrí.
aithrí umhal a humble repentance
" Agus ní ghlacfaidh Forster le haon gotha níos lú ná aithrí umhal, dáiríre na beirte tuistí agus leithscéal fial an chiontóra tugtha don íobartach mac (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir freisin).
gá le haithrí mar sin a need to repent so
" **Balor: Caithfidh go ndearna tú an-chuid peacaí le do shaol nuair atá gá le haithrí mar sin.