Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi thionchar an óil under the influence of alcohol
" Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.
mí-úsáid alcóil agus drugaí alcohol and drug abuse
" Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir.
iomarca dí too much alcohol
" Ach tá a fhios agam gur tháinig sé abhaile oíche amháin timpeall an ama seo agus iomarca dí ólta aige agus gur bhris sé gach fhuinneog ina sheomra.
iomarca dí too much alcohol
" Ach tá a fhios agam gur tháinig sé abhaile oíche amháin timpeall an ama seo agus iomarca dí ólta aige agus gur bhris sé gach fhuinneog ina sheomra.
slog alcóil a gulp of alcohol
" Cheap me go ndéanfadh slog alcóil maitheasdo mo chomhgleacaí".
díolachán alcóil sna hollmhargaí alcohol sales in supermarkets
" An toradh atá air sin ná go bhfuil díolachán alcóil sna hollmhargaí i ndiaidh méadú go mór agus tá daoine ag fanacht sa bhaile in áit dul amach mar a théadh siad roimhe seo.
an teorainn alcóil the alcohol limit
" Chomh maith leis sin, tá roinnt bheag míshástachta leis an teorainn alcóil de 80mg in aghaidh 100ml atá ann faoi láthair; deir 32% go bhfuil sé ródhian (líon níos mó fear agus daoine faoin tuath), creideann thart ar a leath (48%) go bhfuil sé díreach ceart agus ní mheasann ach 13% go bhfuil sé ró-réidh.
Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil noisy teenagers under the influence of alcohol
" Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil (agus rudaí nach é, b’fhéidir) ar fud na páirce.
a gcuid alcóil féin their own alcohol
" San am atá caite, b’éigean do chuid mór den lucht féachana a bheith ina seasamh, agus bhí cead acu a gcuid alcóil féin a thabhairt isteach sna staideanna leo.
a eascraíonn ón alcól which stems from alcohol
" Ní bhíonn ach beoir a bhfuil méid beag alcóil inti ar díol taobh istigh de staideanna agus, dá bhrí sin, ní bhíonn an mí-iompar a eascraíonn ón alcól uaireanta,le feiceáil.
i leith an alcóil regarding alcohol
" D’fhreastail mé ar chluichí lae cúpla uair, agus measaim go bhfuil an seasamh céanna i leith an alcóil ag a lucht leanúna is a bhí ag leantóirí na gcomórtas trialach tríocha bliain ó shin.
mí-úsáid alcóil alcohol abuse
" Tá siad á dtógáil mar gheall ar na fadhbanna uafásacha a bhaineann le caighdeán maireachtála na mBundúchasach – go háirithe drochthithíocht, mí-úsáid alcóil agus drugaí, agus mí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil a bheith a dtabhairt ar na páistí.
nach gceadaítear alcól ann in which alcohol is not permitted
" Bíonn gach ócáid ar siúl in ionad nach gceadaítear alcól ann agus meallann sé sin daoine a aithníonn go bhfuil gá le siamsaíocht mar sin a bheith ar fáil.
cosc ar dheoch mheisciúil alcohol prohibition
" ” An tSindeacáit Shíónach Leanann Gates lorg na caimiléireachta Síónaí siar go dtí na 1920í, san am a raibh cosc ar dheoch mheisciúil sna Stáit Aontaithe.
dheoch mheisciúil alcohol
" Cuireadh srianta ar dheoch mheisciúil sna comhphobail, rinneadh scrúdú dochtúra ar gach páiste agus ní raibh cead ag na daoine 50 faoin gcéad de na sochair leasa shóisialaigh a chaitheamh ach amháin ar bhia agus ar earraí bunriachtanais eile.
deoch mheisciúil alcohol(ic)
" Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil.
an deoch mheisciúil alcohol
" Seo na daoine a thiteann fríd eangach sábhála an oideachais agus a chríochnaíonn suas le fadhbanna drugaí agus an deoch mheisciúil nó sna paraimíleataigh nó an dá rud.
gan deoch mheisciúil a ól not to drink alcohol
" Dúirt sé liom gan deoch mheisciúil a ól ar feadh trí mhí agus bia le neart siúcra a ithe.
scrúdú do dheoch mheisciúil a test for alcohol
" Tagann Fionnachrith Orm ========== Dúirt Sheila Coleman, ón HJC, leis an slua “shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam go dtí gur léigh mé faoin dóigh a rinne na póilíní scrúdú do dheoch mheisciúil ar chorp buachalla 10 bliana d’aois mar cuid den fheachtas a bhí acu an locht a chur ar na tacadóirí.
mhí-úsáid deochanna meisciúla alcohol abuse
" I roinnt de na tíortha seo, cuirim i gcás Sasana agus na Stáit Aontaithe, tá laghdú beag tagtha ar líon na n-úsáideoirí drugaí agus ar mhí-úsáid deochanna meisciúla.
deoch mheisciúil alcohol
" Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha.
an dochar a níos an deoch mheisciúil the damage that alcohol does
" Meabhraíonn tú don duine gan dídean dhá ní an-tábhachtach: an mhaith a dhéanann an bia dúinn agus an dochar a níos an deoch mheisciúil.
deoch mheisciúil alcohol
" Gan dóchas ar bith, téann pobail na gceantar seo, Afra-Mheiriceanaigh a mórchuid, i muinín drugaí, deoch mheisciúil, agus foréigean sráide.
mhí-úsáid alcóil alcohol abuse
" Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig.
fadhbanna alcóil agus drugaí alcohol and drug problems
" Tá obair iontach ar siúl ag Irish Community Care Merseyside i measc na nÉireannach bocht i Learpholl agus iad siúd a bhfuil fadhbanna alcóil agus drugaí acu.