Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Ach níl sa chéapar seo ar fad ach mugadh magadh mar tá raidhse deochanna meisciúla ar fáil sna hóstáin go léir agus ní gá dhuit faic a chruthú sna háiteanna sin ach go bhfuil béal ort.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá an tAire Dlí agus Cirt Micheal McDowell chun reachtaíocht nua a chur tríd an Dáil go luath a dhéanfaidh níos deacra é do dhaoine óga deochanna a cheannach agus a chuirfidh dualgas ar lucht tithe tábhairne gan deochanna meisciúla a dhíol le daoine atá ar meisce cheana féin.
alcólach alcoholic
" Is beag teaghlach in Éirinn nach bhfuil alcólach ann nó nach bhfuil tionchar éigin ag duine a bhfuil fadhb óil aige air.
díolachán na ndeochanna meisciúla the sales of alcoholic drinks
" "Tá díolachán na ndeochanna meisciúla méadaithe 60% agus díolachán an bhia i ndiaidh dúblú," arsa Jones.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Ní ólann a bhformhór aon deoch mheisciúil tar éis an chéad lá de mhí Eanáir agus is beag saol sóisialta atá acu taobh amuigh den "chraic" sa seomra feistis agus ar an mbus ag taisteal chuig cluiche agus ar an mbealach abhaile má bhíonn an bua acu.
dheochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá cosc ar dheochanna meisciúla i Lubbock agus, ó bhí 1995 ann, tá cosc chomh maith ar oideachas cuimsitheach gnéasachta.
bhuidéal beorach gan alcól a bottle of non-alcoholic beer
" 50 ar bhuidéal beorach gan alcól agus ar a laghad an méid céanna ar ghnáthphionta beorach.
i gcás alcólaigh in the case of an alcoholic
" Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Gan amhras, tá sé in aghaidh an dlí deoch mheisciúil a ól amuigh ar an tsráid, ach ón mhéid rírá a rinne na póilíní fá dtaobh de, shílfeá go raibh gunna i lámh an tsiúlóra, seachas deoch.
fhantasaíocht alcólach the alcoholic fantasy
" Ag tógaint san áireamh an drochmheas a bhí aige orthusan a bhí ag iarraidh bheith deas leis, an fhantasaíocht alcólach inar mhair sé go minic agus a chuaigh in olcas agus é fá bhrú, paranáia leanúnach an bhréagadóra go bhfaighfí amach é, gan trácht ar an chlisteacht chiútálta fhéinchosantach a sheas go maith dó riamh anall, creidim nár thug sé fábhar speisialta ná deis riamh d’éinne a thug oiread agus pingin rua dó.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Níor cheart go mbeadh cead acu siúd aon deoch mheisciúil a ól agus iad ag tiomáint agus níor cheart cead a thabhairt dóibh bheith ag tiomáint ina n-aonar.
faoi thionchar deochanna meisciúla under the influence of alcoholic drinks
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Agus seans go bhfuil stíl mhaireachtála, ghlan, mheasúil acu, leis na piontaí ag ocht euro an ceann, agus deochanna meisciúla taobh amuigh de na tithe tábhairne beagnach dodhéanta a theacht orthu.
dheoch ghlan non-alcoholic
" Bhí mé in Ukiyo, bialann seapáineach i lár na cathrach agus tharraing mé amach *Foursquare* chun nod a fhágáil i leith a “Nojito”, leagan de dheoch ghlan de Mojito a bhí an-bhlasta go deo.
bhraon meisciúil alcoholic drink
" Ní bheidh aon bhraon meisciúil ar fáil le linn ár gcomhdháil bhliantúil as seo amach.
deoch mheisciúil alcoholic drink
" Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín sé a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh sé ag meabhrú.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
deochanna glana non-alcoholic drinks
" Bhí na céadta daoine óga ann, iad ar fad idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois, iad gléasta i mbréagriocht agus ag ól deochanna glana.
tá lucht an óil ann there are the alcoholics
" Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh.
ach deoch glan leanna just non-alcoholic beers
" An moladh atá ag Balor ná go ngeallfadh an tUasal Fingers nach n-ólfadh sé ar feadh bliana ach deoch glan leanna.