Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
Bhí Sarajevo fuascailte nuair a bhain foireann “Léargas” amach forhalla an Holiday Inn i gceartlár “Chaolsráid na Snípéirí”, Lúnasa 1996.
Tugaim faoi deara difríocht shuntasach idir bailte beaga na nDílseoirí agus bailte na Náisiúnaithe nuair a thaistealaím trí dheisceart Chontae Dhoire: bíonn áiseanna iontacha ag an gclub áitiúil den Chumann Lúthchleas Gael, idir pháirc, chlub sóisialta agus phiniúir.