Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
alltacht astonishment
" Ní bheadh an alltacht chéanna anois ar dhaoine faoin eolas nua atá tagtha chun cinn faoi rólanna Des O'Malley agus Jack Lynch murach an stádas beannaithe a bhí tugtha dóibh i gcaitheamh na mblianta.
alltacht astonishment
" Cé go gcuirfeadh sé seo iontas agus b'fhéidir alltacht agus déistin ar éinne, is mó an déistin a bhí ormsa a leithéid a léamh tar dom seal a bheith caite agam leis an tSiúr Stanislaus Kennedy, bean a bhfuil na blianta fada caite aici ag déanamh obair cheannródaíoch ar son daoine bochta agus daoine gan dídean in Éirinn.
alltacht astonishment
" Chuir íomhánna na dtúr ag titim alltacht ar na milliúin ar fuaid na cruinne.
alltacht surprise, shock
" Ní fhaca Nuala an leabhar go dtí díreach roimh an seoladh agus chuir an clúdach bándearg alltacht cheart uirthi.
alltacht astonishment
" Ar fhleasc a dhroma a bhí fear na súile nimhe, é buailte amach ar fad le halltacht, le hiontas agus le huafás go raibh Údarás na Galltachta chomh hamaideach agus chomh doscaí agus gur cheap siad Leamh Ó Cuinneagáin mar Chathaoirleach.
bhí alltacht orthu they were astonished
" Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an *naga*, an nathair dhiaga! Timpeall an chúinne uainn tá brainse d'Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain.
alltacht amazement, astonishment
" Chuir cuid den scéal alltacht orm, agus i gcás cuid eile de bhraith mé gur beag a bhí athraithe le breis agus 75 bliana anuas.
alltacht surprise
" Ainneoin seo is uile, chuir an t-eolas a tháinig amach i gclár de chuid an BBC faoi ionsaithe a rinne an tAthair Fortune ar pháistí i ndeoise Fhearna alltacht agus uafás ar go leor.
alltacht amazement
" Chuir an ceol gaelach iontas agus alltacht orm.
alltacht amazement
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
alltacht surprise, great fear
" Cinnte, cuirfidh *entente cordiale *idir an bheirt cheannairí alltacht ar chuid dá lucht leanúna, ach tá oiread sin smachta acu - Paisley ar an DUP, ainneoin na troda a bheas ann a oidhreacht a chaomhnú i ndiaidh dó an saol seo nó a shaol polaitiúil a fhágáil, cibé a thagann ar tús; agus Adams/McGuinness (ainneoin na n-easaontóirí) - gur féidir leo tromlach mór a lucht leanúna a thabhairt leo.
alltacht astonishment
" Cén fáth? Chuir torthaí suirbhé sa mBreatain a thug le fios nár chuala leath d'ógánaigh na Breataine faoi uafás Auschwitz alltacht ar thráchtairí áirithe sna meáin.
alltacht ina ghnúis surprise on his face
" *Aniar *leis de phreab agus an phléasc fós ag goin na gcluas aige: “Cé a bhuail rap mar sin ar an doras?” a fhiafraíonn sé, agus alltacht ina ghnúis, “Agus arbh é doras na gaoithe nó doras an fhoscaidh?” Léaráid: Seán Ó Domhnaill ((www.
alltacht shock
" Cuireadh alltacht ar Phrotastúnaigh chomh maith le Caitlicigh, is gá a rá.
alltacht surprise
" Ach ba é tuarascáil an Ghiúistís Lynch, a foilsíodh an samhradh dár gcionn, is mó a chuir alltacht ar dhaoine.
faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail struggling to understand the horrors and the terrors of the world
" Bhí sé faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail.
alltachta astonishment
" Cuireann sé sin cineál alltachta orm.
alltacht surprise
" Samhlaigh, mar sin, an alltacht a bheadh orthu dá dtiocfadh sé chun solais i gceann scór bliain nár tugadh na marcanna breise úd dóibh ar chor ar bith.
alltacht surprise, shock
" Chuir siad seo alltacht ar an bpobal, go háirithe na cinn a bhain le hionsaithe ar pháistí.
a chuirfeadh alltacht ar éinne which would have anyone aghast
" Ciúnas na reilige a bhí mar fhreagra sa tír seo ar fhoilsiú Thuarascáil Stern i dtús mhí na Samhna – tuarascáil a chuirfeadh alltacht ar éinne ar chás leis cúrsaí comhshaoil nó go deimhin todhchaí na cruinne.
idir alltacht agus iontas both surprise and wonder
" Chuir éileamh Uachtarán Chónaidhm Fíoncheannaitheoirí Éireann, Paul Stevenson, go ndíolfaí cúiteamh le tábhairneoirí as an mhéid airgid atá caillte acu de bharr fheachtas na nGardaí i leith tiomáint agus ól, idir alltacht agus iontas ar dhaoine.
alltacht astonishment
" Bhíos ag féachaint ar chláracha teilifíse do leanaí le déanaí nuair a craoladh clár a chuir iontas agus alltacht orm – treoir ab ea an clár do pháistí a raibh tuismitheoirí acu i bpríosún.
go bhfuil alltacht ar chuid dá chomhghleacaithe comh-aireachta that some of his Cabinet colleagues are astounded
" Fáth eile a mbeidh sé deacair do Bertie Ahern leanúint ar aghaidh ná go bhfuil alltacht ar chuid dá chomhghleacaithe comh-aireachta mar gheall ar a iompar.
Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu Some of them would astond today's health and safety people
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
alltacht wildness
"alltacht, uafás agus brúidiúlacht an chogaidh le mothú sna pictiúir ach is léir fosta go bhfuil an t-ealaíontóir idir dhá chomhairle maidir le ról na bhfórsaí Meiriceánacha ina thír.
halltacht horror
" Ní raibh a fhios aige ag an am go raibh an gníomh cairdiúil seo le halltacht a chur, chan amháin ar dhílseoirí, ach ar a phobal Preispitéireach féin.
an alltacht the horror
" Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin? Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.
a n-alltacht their disdain
" Fiú nuair a chinn siad casadh iomlán a dhéanamh ar an cheist, theip orthu é seo a chur ina luí ar phinsinéirí agus d’fhreastal na mílte acu ar mhórshiúl chun na Dála an lá dar gcionn chun a n-alltacht a chur in iúl.
chuir alltacht disgusted
" Chríochnaigh aitheasc Obama ar an 24ú Feabhra le freagra ó Ghobharnóir Louisiana, Bobby Jindal, a chuir alltacht ar go leor.
alltacht horror, astonishment
" Bítear ag baint na sála dá chéile leis na figiúirí caiteachais is mó a chuirfeadh alltacht ar a bpobal léitheoireachta a fhoilsiú.
alltacht horror
" Is fíric é a chuirfidh alltacht ar éinne gur cás leo cúrsaí oideachais in Éirinn.
alltacht ar horrified
" Shíl sí go gcuirfeadh sé feabhas ar chúrsaí slándála agus má bhí praghas polaitíochta le híoc - rannpháirtíocht rialtas na hÉireann i gcúrsaí Thuaisceart Éireann - gurbh fhiú é ach chuir an Comhaontú alltacht ar aontachtaithe.
alltacht horror
" Agus cuirfear iontas ar an bheirt sa tír nach bhfuil a leithéid cluinte acu cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile.
alltacht disgust
" Ní nach ionadh, chuir fíochmhaire an dúnmharaithe alltacht ar dhaoine ag tréimhse ina bhfuil imní ag méadú ina measc go bhfuil dream beag daoine réidh le feachtas fadtéarmach paraimíleatach a chur sa tsiúl.
alltacht disgust
" Cuirtear alltacht ar an phobal nuair a nochtaítear gur thug an tUas Wall mála le stg£30,000 do Bhertie a cuireadh i dtaisce ina oifig Dáilcheantair sular cuireadh isteach i mbanc i Sráid Uí Chonaill é.
alltacht horror
" Rhydychen ====== Chuir an t-ár seo alltacht agus fearg orainn.
chuirfeadh alltacht horrify
" Ach le gairid, chonaic saineolaithe cnoc oighir nuabheirthe a chuirfeadh alltacht ar an naomh féin, fiú tar éis na n-iontas go léir a chonaic sé ar an turas aige go Meiriceá.
chuir alltacht ar sickened
" Chinn a réamhtheachtaí, Martin McGuinness, go gcuirfí deireadh leis an scrúdú, rud a chuir alltacht ar go leor daoine.
Chuir sin alltacht ar that disgusted
" Chuir sin alltacht ar Dhéaglán agus Daithí: *"What, we need our mums to sign a form to go up on the hills with you! We're getting sent to Iraq when this course ends in the summer"* a dúirt siad liom.
Bhí alltacht ar dhaoine people were horrified
" Bhí alltacht ar dhaoine a dúirt nár cheart go mbeadh ról i riaradh na Sé Chontae ag a leitheid de dhuine.
bhí alltacht orthu they were horrified
" Sin ráite, bhí alltacht orthu nuair a fuarthas amach nach raibh go leor Protastúnach ag obair don Choimisiún Comhionannais - faillí a aithníonn an eagraíocht féin.
alltacht níos mó ar more horrified
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
Cuireann sé alltacht orm I’m horrified
" ”* Cuireann sé alltacht orm go raibh Darwin, duine de na bunmhachnóirí is iontaí riamh, chomh claonta i gcoinne shaíocht an mhuintir dhúchais.
alltacht ar a bhean horrifies his wife
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
Tá alltacht ar dhaoine áirithe certain people are horrified
"Tá alltacht ar dhaoine áirithe faoin méid ata bainte amach ag na dojos ach tugann sé misneach dom go bhfuil glúin de chruthaitheoirí cumasacha ag teacht chun cinn”, a deir sé.
Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc people were amazed and horrified because
" Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc nach bhfaca siad gníomh mar é ag Ó Drisdeoil cheana.
tá alltacht ar chuid acu some of them are astonished
" Labhraím leis na hionadaithe tofa freisin agus tá alltacht ar chuid acu faoin méid atá ag tarlú.
Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine people were revolted and disgusted
" Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain.
chuirfeadh alltacht ar would horrify
" Tá fuath aige ar phoblachtánaithe agus ina intinn, is ionann gach Caitliceach agus Poblachtach, dearcadh seafóideach a chuirfeadh alltacht ar David Ervine.
rud a chuir alltacht ar dhaoine something which horrified people
" Níorbh fhada gur thosaigh an drochíde ciníoch ar an idirlíon, maslaí pearsanta ar Anna Lo, ar na Sínigh agus ar an dóigh a labhraíonn siad Béarla, rud a chuir alltacht ar dhaoine - seachas an DUP.
alltacht ar horr/or/ified
" Chuir an cinneadh seo alltacht ar Choláiste na nGael agus scríobh siad chuig an Aire Oideachais, Michael Gove, lena n-imní a chur in iúl.
bíonn alltacht orm leis I’m astonished
" De ghnáth nuair a éiríonn liom Comhar nó Feasta a cheannach bíonn alltacht orm leis an leagan amach seanaimsearach leadránach, a bhíonn orthu.
alltacht amazement
" Chuir brúidiúlacht na nGardaí le linn agóide i mBaile Átha Cliath ar an 6 Bealtaine alltacht ar go leor daoine.
alltacht amazement
" Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.