Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ón Sindo a syndicate of Galltacht zealots
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
ón Sun druidic Galltacht zealots
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
Deontas Galltachta grants in non-Gaeltacht areas
" An Deontas Galltachta Ba mheasa i bhfad, áfach, an tionchar a bheadh ag an mholadh go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh.
Galltachtaí ex-Gaeltacht
" Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!” Ar Son na Drúise Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit.
Galltachta non-Gaeltacht Ireland
" Ina dhiaidh sin arís, sheas mé ag cúl halla ag fanacht le Deaidí na Nollag (’09) agus ag éisteacht le Gaeilge na Gaeltachta, chuile fhocal chomh glan soiléir, ó ghasúir ghaelscoile na Galltachta! Dá mhéid mo ghean ar an ghaelscolaíocht roimhe seo, níor shamhlaigh mé riamh go dtí Nollaig 2009 go n-oibreodh an córas chomh ceart críochnúil is atá ag éirí le gaelscoil amháin ar m’eolas.
Galltachta English speaking Ireland
" Tá gné aisteach fíorchumhaíúil le háireamh le linn atuile Gaeilge na Galltachta.
Galltachta English speaking area
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
idir Ghaeltacht is Ghalltacht everywhere in Ireland
" Is cuma mura bhfuil siad in innimh míniú don domhan mhór cén fáth nár labhair tuismitheoirí teanga a ndúchais lena gclann, nó cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeilge, idir Ghaeltacht is Ghalltacht, a dteanga go neambalbh agus le mórtas, nó cad chuige nach mbeidís bródúil as a gceol féin anuas na blianta go dtí gur thosaigh Ó Riada, na Dubliners, na Clancy Brothers, Horslips, agus buíonta eile, agus mheall iad leis an cheol cheart a athbheochaint ar ball, - is cuma! Is cuma mar go bhfuil an ceol níos forbartha agus níos fairsinge ná mar a bhí riamh.
ar shliabh Galltachta on a mountain in English speaking Ireland
" Cúpla lá ina dhiaidh sin ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan.
sna ceantair Ghalltachta in the post-Irish areas
" Bayda, ní thrasnófar é go tráthrialta mar atá ag tarlú le blianta, go háirithe ó tháinig borradh faoin Ghaelscolaíocht sna ceantair Ghalltachta.
Galltacht a place of rampant English
" Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann.
Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge if things are bad in Anglo-Ireland the G. and the Irish speakers are worse
" *" Cad tuige gur tugadh oiread sin suntais don eagarfhocal seo? ’Sí freagra na ceiste ná go raibh ríméad orainn deimhniú oifigiúil a fháil ónar gcomharsain béal dorais ar an rud atá soiléir do chách - gur cluiche maith í an iománaíocht! Mar a dúirt an té a dúirt: "*Arise Knocknagoshel, and take your place among the nations of the earth!*" Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge ===================== Dá olcas an tír frí chéile, is measa i bhfad cíocras phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta stampa aitheantais a fháil ón taobh amuigh go bhfuil tábhacht ag baint lena n-oidhreacht.
sa ghalltacht a thuilleadh in English speaking Ireland anymore
" Ní raibh mé sa ghalltacht a thuilleadh, nó bhí sin leáite ina ceo.
óige ghaelach Ghalltachta his Irish youth in English Ireland
" Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar.