Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian
it would really amaze/surprise Ciarán
Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian dá gcuirfeadh Fiachra lá suime i gcúrsaí éadaigh nó faisin.
leathalltacht, leathsceitimíní orthu
half amazed, half excited
Mná leathnochta ag rince sa stíl Thaihítíoch agus scata ban Dúbaiach ag breathnú orthu,
leathalltacht, leathsceitimíní orthu.
ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo
being amazed by this rural view
Agus ó shin i leith, tá daoine ina suí sa Chlabhstra agus iad
ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo i lár Nua-Eabhrac.
Bhí ionadh orm
I was amazed
Bhí ionadh orm – d’inis sí a scéal go breá nádúrtha.
Chuir sé iontas orm
I was amazed (by)
Chuir sé iontas orm chomh sona is a bhí daoine agus chomh héasca is a rinne siad meangadh mór álainn gáire, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an bhrú a bhaineann lena saol.
ionadh orm
amazed me
Chuir Cathy
ionadh orm ansin nuair a d’fhiafraigh mé di, cé mhéad uair a bhí sí thar lear le bliain? Deir sí go mbíonn Dervish beagnach leath na bliana ag taisteal, tuairim is coicís an ceann ar sé cinn de thurais.
iontas an tsaoil
completely amazed
Bhí
iontas an tsaoil orm arís eile leis an toradh a fuair mo chomhleacaí, Áine Lally le Nuacht TG4, nuair a d'fhiosraigh sí an scéal tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise.
ionadh air
amazed
Bhí a scéal féin ag gach duine acu, faoin tiománaí a shuigh isteach sa charr mícheart i ngan fhios dó tar éis dó teacht amach as an leithreas agus
ionadh air go raibh an codladh tar éis titim ar an gclann ar fad le linn dó a bheith imithe.
mearbhall iomlán ort
completely amaze one
Cé nár thug sí cuairt ar Éirinn don chéad uair go dtí cúpla bliain ó shin, chuirfeadh dílseacht agus tiomántacht s’aici
mearbhall iomlán ort.
scéala úr iontais
an amazing new tale
Ní
scéala úr iontais é seo, ach is breá liom an t-idirlíon.
dhéanann iontas
are amazed
Is iomaí duine a
dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
Déanaim iontas
I'm amazed
Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
is iontaí
most amazing
An rud
is iontaí faoin India, agus an rud is mó a thugann dóchas do mhuintir na tíre sin, ná gur sheas an daonlathas chomh fada inti ar chor ar bith.
Nach iontach
isn't (it) amazing
”
Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta?
Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
ag déanamh iontais
amazed
‘Dis donc’, a dúirt an boulangère (bean an bháicéara) linn ar fheiceáil Dara di, ‘il a grandi le fiston pendant les vacances’, agus í
ag déanamh iontais den mhéid a bhí sé tar éis fás le linn an tsaoire! Nó i siopa eile, an bealach ina dtugtar aire ar leith dúinn toisc go bhfuil aithne ag an úinéir orainn faoin am seo.
is iontaí
most amazing
An rud
is iontaí, ar ndóigh, nó gur vótáil 20% aontachtach ar son McGuinness.
Bhí ionadh nach beag orainn
we were really amazed
Bhí ionadh nach beag orainn a raibh i láthair.
chuireann iontas ar
amazes
Is ea an chéad difríocht – agus an ceann a
chuireann iontas ar dhaoine go leor thar lear – ná go bhfuil sé éigeantach vótáil san Astráil, ní hamháin sna holltoghcháin ach sna toghcháin stáit chomh maith.
Is díol suntais é
it’s amazing
Is díol suntais é go bhfuil sé anois le feiceáil i suíomh atá lán d’innill agus d’airnéis chogaidh – b’fhéidir le go dtuigfidh muid níos fearr sa chomhthéacs sin toradh millteanach na cogaíochta.
b’ionadh linn
we were amazed
Ach
b’ionadh linn a léamh go raibh ainmhí eile san Astráil a bhí ní ba chontúirtí ná aon cheann eile: an crogall inbhir.
Nach iontach é
how amazing
Nach iontach é go dtiocfaidh na slóite síoraí amach ar na sráideanna lena bhféiniúlacht chultúir a léiriú, ach arbh’fhearr leo a bheith ag breathnú ar Neighbours ar an teilifís ná léirsiú in éadan na gciorruithe seo a fhágfaidh na slóite ar an ghannchuid.
Chuir sé iontas orm
it amazed me
Chuir sé iontas orm a laghad Sasanach a bhí ar an bpáirc.
chuir íonadh orm
amazed me
com a chuirfeadh gliondar ar a gcroí!
Tá neart búistéirí ar líne (rud a fuair mé amach le déanaí is a
chuir íonadh orm!) agus tá duais Gradam Gréasáin na hÉireann is Eircom Spider buaite le déanaí ag James Whelan Butchers <http://www.
Ráiteas iontach
an amazing statement
Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
chuir sin iontas orthu
that amazed them
Nuair a tháinig mé anall anseo sa bhliain 1988, bhí mé in ann labhairt le mo mhuintir in Árainn i nGaeilge, agus
chuir sin iontas orthu.
B’ionadh agus ba bhreá liom
I was amazed and delighted
B’ionadh agus ba bhreá liom an réimse leathan cáise atá ar fáil anseo – agus ar chostas réasúnta.
chuirfeadh iontas ort
would amaze you
* - Frankenstein, le Mary Shelley
Bheadh Mary Shelley ar a compord i dtaispeántas úr nuálach atá ar siúl faoi láthair sa Dánlann Eolaíochta i mBaile Átha Cliath, a nascann an ealaín agus an eolaíocht – taispeántas a
chuirfeadh iontas ort.
Is é an t-iontas
what is amazing
Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
B’iontach
it was amazing
B’iontach mar sin féin an chaoi ar phill na daoine ar Fhine Gael, in áit teannadh leis an Lucht Oibre, cuirim i gcás.
faoi iontas
amazed
Tá Michael Lowry
faoi iontas ag líon a thacaíochta i dTiobraid Árann agus ag líon na n€uro a chruinnigh sé le hallas a mhalaí féin go dúthrachtach.
Bhi ionadh orm
I was amazed
)
Bhi ionadh orm an oiread sin focal iasachta a fheiceáil sa tSeapáinis.
is díol suntais é
it’s an amazing fact
Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus
is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.
Tá iontas orm
I’m amazed
Tá iontas orm go bhfuil gradam bunaithe cheana féin le meas ar dhuine nach bhfuil sa Dáil ach le dornán beag míonna.
faoi dhraíocht aige
amazed by him
I dtaca le Dinny, tá mé go hiomlán
faoi dhraíocht aige; tá mé faoi gheasa aige.
Iontas na n-iontas
absolutely amazing
Iontas na n-iontas, seasfaidh na carranna díreach romhat má léiríonn tú iarracht siúl trasna na sráide! Dealraíonn sé go bhfuil daoine i bhfad níos réchúisí ná na hÉireannaigh, go fiú más in ollchathair thú.
An rud a chuireann ionadh orm faoi
what amazes me about it
An rud a chuireann ionadh orm faoi ná nuair a mhúineann tú don bhfeidhmchlár gurb é sin Seán, gurb shin í Máire, gur siúd Liam tar éis tamaill aithníonn an clár aghaidheanna is cuirtear an lipéad ceart le gach duine i ngach griangraf nua.
gur mháthair iontais iad
they were amazing
Lucht na Cáinte
========
Bhí cuid mhaith diúltach le rá ag go leor daoine faoin gcúpla agus faoin ‘náire’ a tharraing siad anuas orainn, ach is éard a mheasas féin nuair a sheas siad suas ar ardán na hEorpa, nach aon chúis náire a bhí iontu ach
gur mháthair iontais iad.
Níor chuir sé iontas orm
it didn’t amaze me
Níor chuir sé iontas orm nuair a ghlac coiste ionchoisne i Londain leis ar 4ú Aibreán gur mharaigh póilín ó *Scotland Yard* an fear Ian Tomlinson go mídhleathach.
iontas na n-iontas
truly amazing
Agus,
iontas na n-iontas, chrom sí a ceann in ómós dóibh siúd a thug a n-anamacha in éide an Phiarsaigh ar son saoirse na hÉireann.
An t-ábhar iontais ba mhó dom
what most amazed me
An t-ábhar iontais ba mhó dom ná chomh rite síos is atá an ceantar.
ag déanamh tuilleadh iontais
becoming more amazed
Thosaigh mé
ag déanamh tuilleadh iontais den décor a bhí i Disco Paradise.
Iontas mór na linne
amazing
Bhí sé tar éis teacht ar cheathrar ban eachtrannacha ar bharr sléibhe!
Iontas mór na linne!
Bleid Cainte
======
**“Cárbh as dhaoibh?” ar sé.
Tá ionadh orm
I’m amazed
Tá ionadh orm mar gur cheap mé go raibh an spéis chéanna ag na pinnadóirí i gcroisé is atá agam féin.
B’ionadh liom
I was amazed
Feiceann Súil Ghlas Saol Glas
===============
B’ionadh liom a fheiceáil an fhíor-chaoin fáilte a chuir na páirtithe leasmhara roimh an tuarascáil.
chuir ionadh orm
amazed me
Is tús impireacht olla é gan amhras! Ach an rud a
chuir ionadh orm ná a éasca a bhí sé orainn airgead a aistriú ó thír amháin go tír eile.
ag cur ionadh as cuimse ortsa
amazing you no end
(Cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil margadh dubh fothalún na holla
ag cur ionadh as cuimse ortsa, a léitheoir dhil.
mbíonn ionadh orainn
we’re amazed
Is minic go
mbíonn ionadh orainn in earnáil na hearcaíochta, mar shampla, faoi conas ar éirigh le daoine an obair seo a dhéanamh roimh an idirlíon: ní féidir linn é a shamhlú.
díol suntais
it’s amazing
Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach
díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta 'ar an Údarás' seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe.
Is iontach go deo
it’s really amazing
Is iontach go deo an umhlaíocht a léiríonn sé ann.
Chuirfeadh sé iontas ort
it’d amaze you
Chuirfeadh sé iontas ort na teachtaireachtaí agus na léirmheasanna a dhéantar in irisí ar an chlár sin ar fud na cruinne, maidir leis an stíl cheoil a chasann sé.
Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar
what happened amazed
Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad!
Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
B’iontach liom
I was amazed
B’iontach liom gan dáta air.
ba ionadh léi
she was amazed
Rinne sí comórtas ina hintinn leis an chósta san Astráil Thiar agus
ba ionadh léi nach raibh a fhios aici go dtí sin go raibh a leithéid in Éirinn.
B’ionadh liom
I was amazed by
B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
iontas a dhéanamh den rath
being amazed by the success
Is fada fiannach an lá ó tosaíodh ar
iontas a dhéanamh den rath atá ar cheol agus ar rince 'traidisiúnta' (fág gur téarma achrannach é) na hÉireann ar an gcoigríoch.
rinne mé iontas de
I was amazed by
De thairbhe cónaí a bheith orm le fada sa chathair,
rinne mé iontas de dhaoine a bheith ina gcónaí in áit atá chomh beag agus chomh fada ó láthair.
iontas ort
amaze you
’S í do chanúint leathan a nochtann
gur coimhthíoch saonta thú
go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige
is nach bhfuil eolas ar bith agat
ar nósanna na hÉireann
’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann
fiú gan focal amháin a rá
go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren*
’s nach bhfuil eolas ar bith agat
ar nósanna na Síne
Sléibhte maorga atá i do thimpeall
Cuireann na carraigeacha crochta
iontas ort
Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí
Is ar do shuaimhneas atá tú ansin
Agus tú i measc na ndaoine
ag canadh is ag caint is ag ól
Sa teach leanna beoga i nGleann
Nó ag rince in éineacht le comharsana
Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo
Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort
Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó
Mo rabhadh duit, a chara
Uair amháin agus tusa san áit
Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit
is beidh sé do do mhealladh go deo!
Tá íonadh orm
I’m amazed
Tá íonadh orm nach bhfuil dream comhrá Gaeilge ar bith i mBaile Átha Cliath á n-úsáid.
chuir iontas orainn
amazed us
"Rud a
chuir iontas orainn, ná go mbíonn Comhlachas Tráchtála na cathrach ag reáchtáil cruinnithe dá gcuid anseo.
nach bhfaca an t-iontas úd
didn’t see that amazing sight
Ach tá daoine ina gcónaí ar feadh an chósta anseo
nach bhfaca an t-iontas úd ach uair nó dhó lena mbeo.
ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid
could only be amazed at the amount
An duine a thabharfadh camchuairt ar an chontae thuaisceartach,
ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid muilte gaoithe atá scaipthe fud fad na gcnoc álainn gorm.
Chuir an abairt an oiread iontais orm
the sentence amazed me so much
Chuir an abairt an oiread iontais orm go raibh orm dul ag an leagan Bhéarla le ciall a bhaint as agus seo mar a deirtear ansin: *‘Irish language broadcasters insist that there is no evidence anywhere of media being successfully used to teach a language or add to the number of speakers’*.
Tá éacht déanta
has done amazing feat
Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
na cosa amach fúm
amazed me
Agus a leithéid de thuras!
‘Incendies’ le Denis Villeneuve (Ceanada/An Liobáin 2010) Trinity TF016
=========================
Bhain mo sheal i mBosnia i 1996
na cosa amach fúm.
Bhí ionadh orm
I was amazed
**
CAB:
Bhí ionadh orm chun an fhírinne a rá mar is dócha gur rud cineál tirim é an phleanáil teanga.
a chuir an t-ionadh is mó orm
which amazed me more than anything
Caithfidh mé a rá gurb é seo an ghné den tseirbhís seo
a chuir an t-ionadh is mó orm: chomh ard is atá caighdeán na fuaime agus an cheoil á shruthú thar an idirlíon.
is iontach an rud
it’s amazing
Agus
is iontach an rud gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst! Bhí sí tití as a chéilí ansin ó na seachtóidí i leith, ach iad ag cur suas na n-ainmneachaí Gaeilge anois.
nó is cuimhin liom iontas a dhéanamh
because I remember being amazed
Tá cúpla bliain curtha isteach anois ó scríobh mé faoi Youtube,
nó is cuimhin liom iontas a dhéanamh faoina gcúigiú breithlá i 2010.
agus mé ag déanamh iontais de
while I was amazed by it
“Tuigim an chuid is mó de,” a deirim
agus mé ag déanamh iontais de.
Ní dhéanfar iontas de
one won’t be amazed
Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.
Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc
people were amazed and horrified because
Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc nach bhfaca siad gníomh mar é ag Ó Drisdeoil cheana.
bhí ionadh orm
I was amazed
Chun an fhírinne a rá,
bhí ionadh orm nuair a chonaic mé an méid spáis a bhí sa charr fada ach go háirithe.
chuaigh an dá shúil siar ina ceann
she looked amazed at me
“Bhuel,
chuaigh an dá shúil siar ina ceann nuair a chuir mé chun tosaigh uirthi é, ach an rud a raibh suim aici ann, gur luaigh Maureen, an múinteoir a bhí againn ag an Droichead, go raibh cuid mhór Protastúnach ina gcónaí ar Bhóthar na Seanchille a raibh Gaeilge acu de réir daonáireamh 1911.
Díol suntais domsa
I’m amazed
Díol suntais domsa, áfach, nach ndeachaigh an Roinn Sláinte chun cainte leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ná go deimhin le haon eagraíocht Ghaeilge faoin cheist.
iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar
amazes those who view
Ar ndóigh, cuireann dlí California
iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar California mar stát forchéimnitheach, go háirithe in áiteanna mar San Francisco, atá breac leis an bpobal Aerach, ach tá dhá California ann: California na gcathracha, agus California na tuaithe agus na bhfobhailte.
a chuir an oiread iontais orm
(which) have amazed me as much
Is beag leabhar atá léite agam le blianta anuas
a chuir an oiread iontais orm is a chuir leabhar le Bill Rolston agus Michael Shannon.
gcuirfeadh sé ionadh ort
it’d amaze you
Thig le duine teacht ar oiread seirbhísí i bPolannais anois, d’ainneoin an chúlaithe, is go
gcuirfeadh sé ionadh ort.
is mó nach ndearnadh suntas de
which most amazed people
Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu!
B'fhéidir an rud
is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
An rud is iontaí faoin scéal seo uilig
what’s most amazing about all of this
An rud is iontaí faoin scéal seo uilig ná a laghad suime atá pobal Mheiriceá ag cur ann.
dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine
no one should really be amazed
Ach
dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
is mó a chuir iontas orm – agus áthas
which most amazed - and delighted me
) Toscaireacht as Moscó
is mó a chuir iontas orm – agus áthas.
raibh iontas an domhain air
he was amazed
Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go
raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.
Chuir se iontas orm
it amazed me
*”
Chuir se iontas orm nár deineadh aon chomóradh ar an oll-mhórshiúl sin trí bliana ó shin.
a chuir beagán iontais orm
which amazed me somewhat
Rud amháin
a chuir beagán iontais orm ná a laghad suime a bhí ag na Gaeil-Mheiriceánach ar bhuail mé leo sna cluichí Gaelacha agus a laghad eolais a bhí acu fúthu.
Dhéanfá iontas de
you’d be amazed
Dhéanfá iontas de gan amhras ach níor mhór cuimhneamh gur gnó thar a bheith mór í an pheil Mheiriceánach.
iontas ar dhaoine
amazed people
Chuir cuairteoir amháin as an Bheilg, darb ainm Tomás Genicq, ceoltóir as an Bhruiséal,
iontas ar dhaoine ag an seoladh leabhar mar bhí sé liofa i nGaeilge!
Tá cultúr na hÉireann aitheanta anois mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach.
b’ait liom
I was amazed
Ina dhiaidh san,
b’ait liom go dtarraig an óráid an oireadsan cainte.
Chuir sí ionadh ar
she amazed
Chuir sí ionadh ar thráchtairí éagsúla nuair a roghnaigh sí Robert Armstrong mar rúnaí chomhaireacht na Breataine ó 1979 go dtí 1988, an post ba thábhachtaí a bhí le dáileadh aici.
Cuireann sé íonadh ormsa
it amazes me
com>)…? Bhuel…)
Cuireann sé íonadh ormsa a laghad uair is nach féidir leis an slua ar líne ceist a fhreagairt.
An Rud is Annamh
life can be amazing
An Rud is Annamh .
rinne mé iontas
I was amazed
Rinne mé an turas ann le déanaí agus nuair a shroich mé a shéipéal in Demre
rinne mé iontas gur i Rúisís a bhí gach comhartha scríofa thart timpeall orm.
rinneadh iontas de dhéanamh na foirne
people were amazed at the composition of the teams
Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin,
rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
Chuir sé mo sháith iontais orm
it really amazed me
Feicfimid Linn faoi na Bratacha
==============
Chuir sé mo sháith iontais orm nuair a léigh mé gurbh í ceist na brataí an ceann ba chasta san idirbheartaíocht atá á stiuradh ag na toscairí Meiriceánacha, Richard Haass agus Meghan O Sullivan, le tamall anuas.
ionadh ar go leor
amazed many
Chuir an bua sin
ionadh ar go leor agus bhí aird an phobail dírithe go mór air ón mbliain sin ach go háirithe.
iontas na n-iontas
how amazing altogether
Mórtas na Muintire
=========
Ní hamháin go raibh mórtas ar lucht Comhaltais na háite ach,
iontas na n-iontas, bhí sliocht Uí Bheirn i láthair chomh maith.
Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara
amazed by high domineering mountains
Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara Meirionydd a bhí mé nuair a shroich muid baile Dolgellau leath bealaigh.
ba mhó an t-iontas ná an t-áthas
I was more amazed than delighted
Ní mé cé acu
ba mhó an t-iontas ná an t-áthas nuair ba léir gurbh í an Bhreatais a bhí formhór na ndaltaí a labhairt.
Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag
it’s amazing what has been achieved by
Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag náisiúntóirí agus ag poblachtaigh ó thuaidh agus ó dheas le glúin.
an rud is annamh is iontach
amazing in itself
Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, cé tá ag seiftiú, cé nach bhfuil; cad tá fíor, cad tá bréagach? Cá bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos?
In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, ní thiomáintear ‘American Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn -
an rud is annamh is iontach.
a chuireann iontais in iúl
which demonstrates amazing things
Ach anois is arís foilsítear leabhar neamhfhicsean a bhfuil smaointí soiléire agus saibhreas intleachta ann, leabhar
a chuireann iontais in iúl agus a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir.