Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leathalltacht, leathsceitimíní orthu half amazed, half excited
" Mná leathnochta ag rince sa stíl Thaihítíoch agus scata ban Dúbaiach ag breathnú orthu, leathalltacht, leathsceitimíní orthu.
ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo being amazed by this rural view
" Agus ó shin i leith, tá daoine ina suí sa Chlabhstra agus iad ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo i lár Nua-Eabhrac.
Bhí ionadh orm I was amazed
" Bhí ionadh orm – d’inis sí a scéal go breá nádúrtha.
Chuir sé iontas orm I was amazed (by)
" Chuir sé iontas orm chomh sona is a bhí daoine agus chomh héasca is a rinne siad meangadh mór álainn gáire, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an bhrú a bhaineann lena saol.
ionadh orm amazed me
" Chuir Cathy ionadh orm ansin nuair a d’fhiafraigh mé di, cé mhéad uair a bhí sí thar lear le bliain? Deir sí go mbíonn Dervish beagnach leath na bliana ag taisteal, tuairim is coicís an ceann ar sé cinn de thurais.
iontas an tsaoil completely amazed
" Bhí iontas an tsaoil orm arís eile leis an toradh a fuair mo chomhleacaí, Áine Lally le Nuacht TG4, nuair a d'fhiosraigh sí an scéal tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise.
ionadh air amazed
" Bhí a scéal féin ag gach duine acu, faoin tiománaí a shuigh isteach sa charr mícheart i ngan fhios dó tar éis dó teacht amach as an leithreas agus ionadh air go raibh an codladh tar éis titim ar an gclann ar fad le linn dó a bheith imithe.
dhéanann iontas are amazed
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
Déanaim iontas I'm amazed
" Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.
ag déanamh iontais amazed
" ‘Dis donc’, a dúirt an boulangère (bean an bháicéara) linn ar fheiceáil Dara di, ‘il a grandi le fiston pendant les vacances’, agus í ag déanamh iontais den mhéid a bhí sé tar éis fás le linn an tsaoire! Nó i siopa eile, an bealach ina dtugtar aire ar leith dúinn toisc go bhfuil aithne ag an úinéir orainn faoin am seo.
Bhí ionadh nach beag orainn we were really amazed
" Bhí ionadh nach beag orainn a raibh i láthair.
b’ionadh linn we were amazed
" Ach b’ionadh linn a léamh go raibh ainmhí eile san Astráil a bhí ní ba chontúirtí ná aon cheann eile: an crogall inbhir.
Chuir sé iontas orm it amazed me
" Chuir sé iontas orm a laghad Sasanach a bhí ar an bpáirc.
chuir íonadh orm amazed me
" com a chuirfeadh gliondar ar a gcroí! Tá neart búistéirí ar líne (rud a fuair mé amach le déanaí is a chuir íonadh orm!) agus tá duais Gradam Gréasáin na hÉireann is Eircom Spider buaite le déanaí ag James Whelan Butchers <http://www.
chuir sin iontas orthu that amazed them
" Nuair a tháinig mé anall anseo sa bhliain 1988, bhí mé in ann labhairt le mo mhuintir in Árainn i nGaeilge, agus chuir sin iontas orthu.
B’ionadh agus ba bhreá liom I was amazed and delighted
" B’ionadh agus ba bhreá liom an réimse leathan cáise atá ar fáil anseo – agus ar chostas réasúnta.
faoi iontas amazed
" Tá Michael Lowry faoi iontas ag líon a thacaíochta i dTiobraid Árann agus ag líon na n€uro a chruinnigh sé le hallas a mhalaí féin go dúthrachtach.
Bhi ionadh orm I was amazed
" ) Bhi ionadh orm an oiread sin focal iasachta a fheiceáil sa tSeapáinis.
Tá iontas orm I’m amazed
" Tá iontas orm go bhfuil gradam bunaithe cheana féin le meas ar dhuine nach bhfuil sa Dáil ach le dornán beag míonna.
faoi dhraíocht aige amazed by him
" I dtaca le Dinny, tá mé go hiomlán faoi dhraíocht aige; tá mé faoi gheasa aige.
An t-ábhar iontais ba mhó dom what most amazed me
" An t-ábhar iontais ba mhó dom ná chomh rite síos is atá an ceantar.
ag déanamh tuilleadh iontais becoming more amazed
" Thosaigh mé ag déanamh tuilleadh iontais den décor a bhí i Disco Paradise.
Tá ionadh orm I’m amazed
" Tá ionadh orm mar gur cheap mé go raibh an spéis chéanna ag na pinnadóirí i gcroisé is atá agam féin.
B’ionadh liom I was amazed
" Feiceann Súil Ghlas Saol Glas =============== B’ionadh liom a fheiceáil an fhíor-chaoin fáilte a chuir na páirtithe leasmhara roimh an tuarascáil.
chuir ionadh orm amazed me
" Is tús impireacht olla é gan amhras! Ach an rud a chuir ionadh orm ná a éasca a bhí sé orainn airgead a aistriú ó thír amháin go tír eile.
mbíonn ionadh orainn we’re amazed
" Is minic go mbíonn ionadh orainn in earnáil na hearcaíochta, mar shampla, faoi conas ar éirigh le daoine an obair seo a dhéanamh roimh an idirlíon: ní féidir linn é a shamhlú.
Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar what happened amazed
" Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad! Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
B’iontach liom I was amazed
" B’iontach liom gan dáta air.
ba ionadh léi she was amazed
" Rinne sí comórtas ina hintinn leis an chósta san Astráil Thiar agus ba ionadh léi nach raibh a fhios aici go dtí sin go raibh a leithéid in Éirinn.
B’ionadh liom I was amazed by
" B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
iontas a dhéanamh den rath being amazed by the success
" Is fada fiannach an lá ó tosaíodh ar iontas a dhéanamh den rath atá ar cheol agus ar rince 'traidisiúnta' (fág gur téarma achrannach é) na hÉireann ar an gcoigríoch.
rinne mé iontas de I was amazed by
" De thairbhe cónaí a bheith orm le fada sa chathair, rinne mé iontas de dhaoine a bheith ina gcónaí in áit atá chomh beag agus chomh fada ó láthair.
Tá íonadh orm I’m amazed
" Tá íonadh orm nach bhfuil dream comhrá Gaeilge ar bith i mBaile Átha Cliath á n-úsáid.
chuir iontas orainn amazed us
" "Rud a chuir iontas orainn, ná go mbíonn Comhlachas Tráchtála na cathrach ag reáchtáil cruinnithe dá gcuid anseo.
ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid could only be amazed at the amount
" An duine a thabharfadh camchuairt ar an chontae thuaisceartach, ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid muilte gaoithe atá scaipthe fud fad na gcnoc álainn gorm.
Chuir an abairt an oiread iontais orm the sentence amazed me so much
" Chuir an abairt an oiread iontais orm go raibh orm dul ag an leagan Bhéarla le ciall a bhaint as agus seo mar a deirtear ansin: *‘Irish language broadcasters insist that there is no evidence anywhere of media being successfully used to teach a language or add to the number of speakers’*.
na cosa amach fúm amazed me
" Agus a leithéid de thuras! ‘Incendies’ le Denis Villeneuve (Ceanada/An Liobáin 2010) Trinity TF016 ========================= Bhain mo sheal i mBosnia i 1996 na cosa amach fúm.
Bhí ionadh orm I was amazed
" ** CAB: Bhí ionadh orm chun an fhírinne a rá mar is dócha gur rud cineál tirim é an phleanáil teanga.
a chuir an t-ionadh is mó orm which amazed me more than anything
" Caithfidh mé a rá gurb é seo an ghné den tseirbhís seo a chuir an t-ionadh is mó orm: chomh ard is atá caighdeán na fuaime agus an cheoil á shruthú thar an idirlíon.
nó is cuimhin liom iontas a dhéanamh because I remember being amazed
" Tá cúpla bliain curtha isteach anois ó scríobh mé faoi Youtube, nó is cuimhin liom iontas a dhéanamh faoina gcúigiú breithlá i 2010.
agus mé ag déanamh iontais de while I was amazed by it
" “Tuigim an chuid is mó de,” a deirim agus mé ag déanamh iontais de.
Ní dhéanfar iontas de one won’t be amazed
" Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.
Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc people were amazed and horrified because
" Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc nach bhfaca siad gníomh mar é ag Ó Drisdeoil cheana.
bhí ionadh orm I was amazed
" Chun an fhírinne a rá, bhí ionadh orm nuair a chonaic mé an méid spáis a bhí sa charr fada ach go háirithe.
chuaigh an dá shúil siar ina ceann she looked amazed at me
" “Bhuel, chuaigh an dá shúil siar ina ceann nuair a chuir mé chun tosaigh uirthi é, ach an rud a raibh suim aici ann, gur luaigh Maureen, an múinteoir a bhí againn ag an Droichead, go raibh cuid mhór Protastúnach ina gcónaí ar Bhóthar na Seanchille a raibh Gaeilge acu de réir daonáireamh 1911.
Díol suntais domsa I’m amazed
" Díol suntais domsa, áfach, nach ndeachaigh an Roinn Sláinte chun cainte leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ná go deimhin le haon eagraíocht Ghaeilge faoin cheist.
a chuir an oiread iontais orm (which) have amazed me as much
" Is beag leabhar atá léite agam le blianta anuas a chuir an oiread iontais orm is a chuir leabhar le Bill Rolston agus Michael Shannon.
is mó nach ndearnadh suntas de which most amazed people
" Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu! B'fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine no one should really be amazed
" Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
is mó a chuir iontas orm – agus áthas which most amazed - and delighted me
" ) Toscaireacht as Moscó is mó a chuir iontas orm – agus áthas.
raibh iontas an domhain air he was amazed
" Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.
Chuir se iontas orm it amazed me
" *” Chuir se iontas orm nár deineadh aon chomóradh ar an oll-mhórshiúl sin trí bliana ó shin.
a chuir beagán iontais orm which amazed me somewhat
" Rud amháin a chuir beagán iontais orm ná a laghad suime a bhí ag na Gaeil-Mheiriceánach ar bhuail mé leo sna cluichí Gaelacha agus a laghad eolais a bhí acu fúthu.
Dhéanfá iontas de you’d be amazed
" Dhéanfá iontas de gan amhras ach níor mhór cuimhneamh gur gnó thar a bheith mór í an pheil Mheiriceánach.
iontas ar dhaoine amazed people
" Chuir cuairteoir amháin as an Bheilg, darb ainm Tomás Genicq, ceoltóir as an Bhruiséal, iontas ar dhaoine ag an seoladh leabhar mar bhí sé liofa i nGaeilge! Tá cultúr na hÉireann aitheanta anois mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach.
b’ait liom I was amazed
" Ina dhiaidh san, b’ait liom go dtarraig an óráid an oireadsan cainte.
Chuir sí ionadh ar she amazed
" Chuir sí ionadh ar thráchtairí éagsúla nuair a roghnaigh sí Robert Armstrong mar rúnaí chomhaireacht na Breataine ó 1979 go dtí 1988, an post ba thábhachtaí a bhí le dáileadh aici.
rinne mé iontas I was amazed
" Rinne mé an turas ann le déanaí agus nuair a shroich mé a shéipéal in Demre rinne mé iontas gur i Rúisís a bhí gach comhartha scríofa thart timpeall orm.
rinneadh iontas de dhéanamh na foirne people were amazed at the composition of the teams
" Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
Chuir sé mo sháith iontais orm it really amazed me
" Feicfimid Linn faoi na Bratacha ============== Chuir sé mo sháith iontais orm nuair a léigh mé gurbh í ceist na brataí an ceann ba chasta san idirbheartaíocht atá á stiuradh ag na toscairí Meiriceánacha, Richard Haass agus Meghan O Sullivan, le tamall anuas.
ionadh ar go leor amazed many
" Chuir an bua sin ionadh ar go leor agus bhí aird an phobail dírithe go mór air ón mbliain sin ach go háirithe.
Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara amazed by high domineering mountains
" Ag déanamh iontais de chruacha arda, scáfara Meirionydd a bhí mé nuair a shroich muid baile Dolgellau leath bealaigh.
ba mhó an t-iontas ná an t-áthas I was more amazed than delighted
" Ní mé cé acu ba mhó an t-iontas ná an t-áthas nuair ba léir gurbh í an Bhreatais a bhí formhór na ndaltaí a labhairt.
Chuir sin ionadh orm that amazed me
" Chuir sin ionadh orm mar braithim go bhfuil mé an-mhall ag léamh de ghnáth.
bhí iontas an domhain airsean he was amazed entirely
" Tá clú agus cáil air anois i mBéarla mar gheall ar na scéalta bleachtaireachta a scríobh sé, ach dúirt sé in agallamh – agus léigh mé é – gurb é an chéad cheann a aistríodh, an ceann sin go Gaeilg agus bhí iontas an domhain airsean gur tharla sé.
cuid díom ag déanamh iontais part of me amazed
" Bíonn craic ina leithéid ar an teilifís: bíonn cuid díom ag déanamh iontais faoi shaontacht na n-aireagóirí, go gcreidfeadh siad go n-éireodh lena ngiuirléid.
Is ionadh le is amazed
" Is ionadh le Tony Birtill go maraítear daoine neamhurchóideacha 30 bliain i ndiaidh marú Kevin Gately i lár Londain.
Ba iontach le was amazed
" Ba iontach le Colm Mac Séalaigh tuairisc spóirt Raidió na Gaeltachta an mhí seo caite a mhínigh go mbeidh lá eile ag an Seibhleánach le tabhairt faoi Chraobh na hÉireann agus ag Mac Óda i gceann na foirne.
Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar a book on the matter amazed
" Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.
Cén t-ionadh a bhí air was he amazed or not
" Cén t-ionadh a bhí air nuair a chonaic sé roimhe an chéad oíche amhrán Phádraig Uí Mhileadha, cóirithe i bhfráma.
rinne sé iontas den bheocht he was amazed at the vibrancy
" Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.