Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leagan amach amharclainne theatre layout
" Is ionad an-deas é mar tá leagan amach amharclainne air.
Amharclann na Mainistreach The Abbey Theatre
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
compántais amharclainne drama groups
" Is liosta le lua é cheana féin na tionscadail atá i ndiaidh a theacht chun cinn le cuidiú na hIomairte - cuairteanna ó cheoltóirí, compántais amharclainne agus scríbhneoirí as Albain ar Éirinn agus a mhalairt, grúpaí pobail agus scoileanna ag foghlaim óna chéile, cúrsaí speisialta Gaeilge do Ghàidhligeoirí agus cúrsaí Gàidhlig do Ghaeilgeoirí.
amharclanna theatres
" Dá dtiocfadh an bille seo i bhfeidhm (agus is beag seans go dtarlóidh sé sin go luath), bheadh impleachtaí aige do hallaí, tithe tábhairne, amharclanna agus staideanna.
chompántais amharclainne theatre companies
" Beidh an fhéile, atá mar chuid den *ESB Fringe Festival, *ar siúl go dtí an 10ú lá agus, i rith na tréimhse sin, léireofar drámaí ó chompántais amharclainne ó thuaidh agus ó dheas.
go bhfuil bail níos fearr ar Amharclann na Mainistreach that the Abbey Theatre is in a better state
" Lena cheart a thabhairt dó, tá an chuma ar an scéal go bhfuil bail níos fearr ar Amharclann na Mainistreach anois ná mar a bhí le blianta fada anuas.
complacht amharclainne theatre company
" Cé hiad an dream seo agus cén difear atá idir iad na complachtaí léiriúcháin eile? *** Is complacht amharclainne é Rough Magic atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
amharclann an tslada. the theatre of slaughter.
" Más *showtime* é forógra an olltoghcháin, is é seo amharclann an tslada.
i ngrúpa amharclainne, in a theatre group,
" Ghlac mé páirt i ngrúpa amharclainne, mar shampla.
léiritheoir amharclainne theatre producer
" Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh saothair ardchaighdeáin.
Amharclann theatre
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
amharclanna na príomhchathrach. theatres of the main city.
" Bhí Meaney an-tógtha leis an scéal agus d’aithin sé na carachtair ann mar gur chaith sé féin seal ag obair i Londain, ní ar na láithreáin tógála, ar ndóigh, ach in amharclanna na príomhchathrach.
amharclainne sráide street theatre
" Ach an rud a rinne muid ná ionad a bhunú i mBéal Feirste, Art and Research Exchange, agus ba é an fhealsúnacht a bhí taobh thiar de, gur áit a bheadh ann a dtiocfadh le gach duine i measc an lucht oibre theacht isteach agus úsáid a bhaint as an ábhar - bhí ábhair phéintéireachta ann, seomra dorcha do na grianghrafadóirí, bhí mise ag iarraidh áit ar leith a chruthú do lucht na Gaeilge agus an ealaíon a theagasc fríd an Ghaeilge - agus chuaigh muid chuig taispeántas mór a bhí cosúil leis an Venice Biennale agus bhí mise ag dul thart ag déanamh amharclainne sráide agus dá réir, ach mar a tharlaíonn go minic, chuir an mheánaicme a ladhar isteach agus ghlac siad smacht ar an ait.
díon na hamharclainne the theatre roof
" ‘Tá sé ar do CHÚL!!!!’ agus díon na hamharclainne á ardú le scréachanna na n-óg agus iad ag iarraidh rabhadh a thabhairt do Chochaillín Dearg nó do Robin Hood.
amharclann theatre
" Bhínn an-ghníomhach istoíche, ag dul amach go dtí an amharclann, mar shampla.
amharclann theatre
" Leis an smaoineamh seo i réim, eagraíodh coirm cheoil in amharclann Paccar, i gColáiste na Tríonóide mar chuid den taispeántas EyeLight sa dánlann Eolaíochta.
Amharclann an Stáit the State Theater
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
amharclann theatre
" Clár Oibre Tá clár leathan beartaithe ag foireann na Cultúrlainne don bhliain seo agus chomh maith le háiseanna a chur ar fáíl trí Ghaeilge, tá ranganna Gaeilge, ceoil, damhsa agus ranganna ealaíne le bheith ann chomh maith le clubanna don aos óg, amharclann a bhfuil slí ann do dhá chéad duine, siopa leabhar agus ceardaíochta, ionad gorlann ghnó agus spás oifige.
Amharclann theatre
" com/watch?v=raqiKROpNtg) Tá sé chun feachtas a thosú chun an Seanad a choinneáil beo, a luaithe agus a éireoidh lena fheachtas chun Amharclann na Mainistreach a bhogadh go dtí Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.
amharclann theatre
" Bhí mé ag an amharclann le déanaí, cuirim i gcás, agus déarfainn nár thug mé liom ach trí cheathrú den dráma.
hamharclann theatre
" Is éard atá i gceist leis an bhfoirgneamh ná lárionad 13 stór a thógáil, le hamharclann, linn snámha, bialanna, siopa leabhair, agus áit adhartha Dé.
amharclainne fíorshuimiúil of interesting theatre
" Bhí an t-ádh orm a bheith i láthair ag píosa amharclainne fíorshuimiúil agus neamhchoitianta ar na mallaibh i halla Oideas Gael, Gleann Cholmcille arna chur i láthair ag an chompántas ildánach Fíbín.
Amharclann theatre
" ie/) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: **Cén lá i mí Bealtaine 2011 a mbeidh Tráthnóna Siamsaíochta ag Gael-Linn in Amharclann Bewley’s?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
taithí amharclainne theatre experience
" Is dóigh nuair a bhí mé ag smaoineamh ó thaobh Lios Tuathail de, agus Sunday Miscellany a bheith beo de, go raibh an taithí amharclainne agam le muinín a bheith agam as rud éigin nua agus go dtógfaidh tú seans le rud éigin, go dtarlaíonn draíocht éigin; tosú go beag, gan scéal mór a dhéanamh de, agus a rá go ndéanfaimid an chéad cheann.
amharclann taiscéalaíochta an exploratory theatre
" cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.
Amharclann na Maighdine Mara The Mermaid Theatre
" Ach ’sí Amharclann na Maighdine Mara i mBré mo chriatharsa; scagann sí roinnt den ábhar is fearr agus taispeáintear é nuair a bhíonn seal a chéad eisiúna tugtha sna pictiúrlanna.
amharclann theatre
" Osclaíodh an foirgneamh nua-aimsire seo i Mí Aibreán 2000 agus tá dhá amharclann ann, chomh maith le dánlann.
i saol na hamharclainne with the theatre experience
" Tá mé níos compordaí ar an ardán agus tá mé níos compordaí i saol na hamharclainne ná, abraimís, mar mhac léinn i saol na hollscoile.
Amharclann theatre
" Teagmhas Stairiúil ========= Dé Céadaoin, chroith Eilís II lámh le Martin McGuinness, LeasChéad Aire ó thuaidh agus iarcheannaire an IRA, in Amharclann an Lyric i mBéal Feirste.
amharclann gháifeach a flashy theatre
" Ócáidí ceithre lá is ea na coinbhinsiúin, le cainteoirí cáiliúla agus amharclann gháifeach a tharraingíonn aird na meán agus suim na vótóirí.
Amharclann na Mainistreach the Abbey Theatre
" Bhí mé ag *The Plough and the Stars*, léiriúchán de chuid Amharclann na Mainistreach (is fiú go mór é a fheiceáil) agus le linn taighde a bhí mé a dhéanamh ar an dráma, fuair mé amach go raibh an drámadóir Sean O Casey ina bhall den Ord Oráisteach ina óige.
cheann de na hamharclanna is sine one of the oldest theatres
" Tá Teatru Manoel, ar cheann de na hamharclanna is sine san Eoraip.
Amharclann na Mainistreach the Abbey Theatre
" Ní raibh Ray Yeates, stiúrthóir nua Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna, ach cúig bliana is fiche nuair a d'éirigh leis post tábhachtach a fháil in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath.
Aisteoir amharclainne agus teilifíse theathre and television actor
" Aisteoir amharclainne agus teilifíse is ea Darach Ó Tuairisg, a bhunaigh an compántas puipéad Fíbín sa bhliain 2003.
Amharclann theatre
" Ghlac AnnMarie Flanagan an deis chun an chéad léiriú san Amharclann na Mainistreach den dráma “Pygmalion” ó George B.