Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le hamhras a tharraingt air to make him a suspect
" Ar an lámh eile, tá cead a chinn tugtha do Blake, in ainneoin go bhfuil go leor fianaise ann le hamhras a tharraingt air.
in amhras faoi suspicious of
" "Rómhilis!" a mhaíonn fear na súile nimhe, a bhíonn i gcónaí in amhras faoi dhaoine a bhfuil rian ar bith de chineáltas ag baint leo.
iad siúd a raibh amhras fúthu suspects
" Bhí na cúisitheoirí thar a bheith sásta nuair a tháinig tástáil DNA chun cinn mar gheall ar an dóigh a bhféadfadh sé iad siúd a raibh amhras fúthu a cheangal le coireanna go cruinn, go háirithe coireanna foréigneacha mar ionsaí, éigniú agus dúnmharú.
amhras suspicion
" Drochamhras ======= Is léir anois nach raibh an CIA agus an FBI ag comhoibriú le chéile ar feadh na mblianta.
amhras suspicion
" Bhí amhras ag roinnt daoine i Hyde ar Harold Shipman agus chuir siad an t-eolas seo chuig Greater Manchester Police (GMP).
amhras doubt
" Tá staidéar pearsantachta déanta ag Curran ar na tógálaithe - fir mhóra, leathana, a n-aghaidh ag taispeáint meascán den bhród, den ghreann agus den amhras, a gcraiceann dearg leis an aimsir agus leis an sclábhaíocht.
lán amhrais doubting
" Go dtí sin, áfach, tá na híospartaigh ann, idir pháistí a éigníodh, agus an tréad atá lán amhrais.
amhras suspicion, doubt
" Chomh maith leis sin, tá baill aistrithe ag Flanagan ón Bhrainse go dtí ranna eile sa PSNI, ag cinntiú go mbeidh amhras ann i gcónaí maidir le modhanna oibre agus eiticí na ndaoine seo.
amhras doubt
" "Tá amhras mór ar an bpobal i ndiaidh eachtraí na Colóime agus Chaisleán an Rí.
amhras suspicion
" Níl an cás réitithe agus tá amhras faoi roinnt daoine, comharsana ina measc agus cara den teaghlach, síceolaí darb ainm Anna Satragni, an chéad duine a tháinig i gcabhair ar an mháthair nuair a thosaigh sí ag screadaíl.
in amhras faoi suspicious of
" Bheinn sásta dá dtarlódh sé nach raibh daoine, thuaidh agus theas, in amhras faoi nó naimhdeach don Ghaeilge agus ansin go mbeadh go leor de thacaíocht oifigiúil don Ghaeilge go dtiocfadh linn seirbhís iomlán raidió, teilifíse agus idirlín a chur ar fáil.
amhras doubt
" Ag tús ár gcomhrá mhothaigh mé go raibh sí pas beag amhrasach faoi mo leithéidse, bean óg, a bheith ag cur agallaimh uirthi.
a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA who are suspected of being members of the IRA
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
amhras doubt
" Gan amhras ar bith, is seoid é oileán na hÉireann maidir le tírdhreach, cé go gcaithfidh tú do shúile a dhúnadh ar eastáit nua tithe saoire sna 26 Contae, a chuireann cradhscal ort féachaint orthu, agus iad ag dreapadh na mbeann nó ina suí ar a ngogaide cois trá.
amhras suspicion
" Chuala an fiosrúchán gur scríobh Shipman cúiseanna bréige ar 215 teastas eile ar an laghad agus dúirt Angela Woodruff go raibh sé ábalta leanúint ar aghaidh mar seo de bharr go raibh an córas lochtach agus nár chaith duine ar bith amhras air go dtí bás a máthar féin.
amhras suspicion
" Nuair a d'fhág sí £400,000 (gach pingin a bhí aici) ag Harold Shipman, bhí amhras ar a hiníon, Angela Woodruff, faoi chúrsaí.
Gan amhras without doubt
" Gan amhras, beidh a phobal i Hyde ag guí ar a shon.
amhras á chaitheamh suspicion being cast
" Ach fós, gach uile sheachtain beagnach, tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas.
in amhras faoi shlándáil in doubt about security
" Ach an féidir brath ar an eolas sin? Agus conas is féidir inchreidteacht suímh a mheas? Tuairiscíonn an comhlacht Amárach Consulting go bhfuil daoine in Éirinn fós go mór in amhras faoi shlándáil ar an idirlíon - ábhar atá ag brath go mór ar mhuinín agus ar inchreidteacht.
síol an amhrais the seed of doubt
" An fhad is a leanann an t-aighneas ar aghaidh is mó seans atá ann go gcuirfear síol an amhrais in aigne an phobail.
níl aon amhras faoi sin there's no doubt about that
" "Nuair a chuireann tú líne iarnróid sráide i bhfeidhm, cuireann sé isteach ar dhaoine ar dhá thaobh na líne, níl aon amhras faoi sin.
gan amhras of course
" Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin ionad ná na cineálacha éagsúla plandaí as Éirinn atá ann; ach is gá uisce a chur ar na plandaí seo, gan amhras, agus ansin draenáil a dhéanamh go rialta.
go raibh siad in amhras air that they had a suspicion about
" Nuair a tháinig na Gardaí ar ghuthán soghluaiste i dteach duine go raibh siad in amhras air, rinne siad anailís ar an áit ina raibh an guthán roimhe sin agus bhí siad ábalta a fháil amach gur úsáideadh é faoi dhó gar don Ómaigh ar an lá a phléasc an buama.
amhras doubt
" Níl aon amhras air ach gur iarracht a bhí anseo tathant air obair do MI6.
amhras a chur i mo chuid fianaise to cast doubt on my evidence
" Rinne sí iarracht amhras a chur i mo chuid fianaise, ach theip uirthi.
gan amhras without doubt
" Bhí atmaisféar na Nollag ann nuair a phill mé go dtí an coláiste Dé Luain tar éis an cháis, ach bhí ceisteanna á gcur ag a lán múinteoirí fosta, mar shampla, cén fáth an raibh na bainisteoirí sásta tacaíocht a thabhairt do chiníochaí agus brú a chur ormsa, in ainneoin pholasaí an choláiste? Cloisfear tuilleadh faoin scéal seo, gan amhras.
amhras suspicion
" De réir an Ollaimh le Dlí in Ollscoil Uladh, Fionnuala Ní Aoláin, bhí trí ghné ag baint leis na trialacha ollbhrathadóra a chothaigh deacrachtaí: de ghnáth, ní raibh aon fhinné eile ann le tacú leis an fhianaise a thug na brathadóirí, agus chaith an tslí ar mealladh daoine le fianaise a thabhairt, mar aon le carachtar na mbrathadóirí féin, amhras ar an fhianaise a thug siad.
amhras doubt
" Tá na hábhair chonspóide ann gan amhras.
amhras doubt
" Thógfadh sé agallamh eile leis sin a phlé! AÓF: An ndéarfá go bhfuil tú ag síneadh do láimhe siar thar teorainn eile, teorainn an ama b'fhéidir, le bheith ag "windeáil" le hamhránaithe agus le filí ó aimsir eile, aimsir atá thart ar bhealach amháin ach atá fós beo sna hamhráin de réir mar atá siad á ngabháil anois? PNíU: Gan amhras ar bith.
Gan amhras ar bith Without any doubt.
" Thógfadh sé agallamh eile leis sin a phlé! AÓF: An ndéarfá go bhfuil tú ag síneadh do láimhe siar thar teorainn eile, teorainn an ama b'fhéidir, le bheith ag "windeáil" le hamhránaithe agus le filí ó aimsir eile, aimsir atá thart ar bhealach amháin ach atá fós beo sna hamhráin de réir mar atá siad á ngabháil anois? PNíU: Gan amhras ar bith.
gan amhras undoubtedly
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
amhras doubt
" Dá gcloisfeá na fir bhochta a d'fhulaing faoi lámha Tobin, agus iad ag cur síos ar a tharla dóibh, chuirfinn geall nach mbeadh aon amhras ort ach gur chuid choitianta den saol lofa i Leitir Fraic ab ea na hionsaithe, agus go raibh a fhios ag go leor daoine san áit go raibh na hionsaithe sin ag tarlú ar bhonn laethúil.
amhras doubt
" I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach.
amhras doubt, suspicion
" Gnás é seo a úsáidtear go minic sna tíortha neamhfhorbartha agus in áiteanna eile ina mbíonn amhras ar dhaoine faoin gcóras daonlathach ann.
amhras doubt
" "Níl aon amhras nach bhfuil an caighdeán chomh hard is a bhí.
gan amhras without doubt
" Is múinteoir nuatheangacha mé i Sasana, agus ba chabhair é sin gan amhras.
amhras doubt, suspicion
" Ach tá amhras fós ar dhaoine.
amhras suspicion
" Níl aon amhras ach go ndéanfaidh dlíodóirí na nGardaí a bhfuil amhras fúthu gach iarracht clú agus, dá bhrí sin fianaise, Kevin Fulton a loit.
amhras doubt
" Ach ní raibh roimpi ach a scáil féin ag féachaint ar ais uirthi le hamhras.
amhrais i leith gach lúthchleasaí suspicion about every athlete
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach.
amhrais suspicion
" Ní hamháin gur gá do dhaoine a lanna rásúir a fhágáil sa bhaile nó a chaitheamh amach ag an aerfort, ach tá go leor amhrais á chaitheamh ar threalamh leictreonach go ginearálta.
amhras doubt
" Deirtear go minic sa Bhéarla: *'Children of alcoholics have to guess at what is normal'*, agus tá sin fíor gan amhras.
gan amhras without doubt
" Deirtear go minic sa Bhéarla: *'Children of alcoholics have to guess at what is normal'*, agus tá sin fíor gan amhras.
amhras doubt
" Níl aon amhras ach nach ndéarfadh aire ar nós Dermot Ahern a leithéid gan cead an Taoisigh bheith faighte aige.
faoi amhras under suspicion
" Nuair a cuireadh pléascán faoi Dhroichead Hammersmith tháinig halla an chumainn ghaelaigh faoi amhras.
amhras doubt
" Dúirt sí liom gur chuir sí ceist ar "shaineolaí" i Roinn an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Learphoill ar dtús ach dhearbhaigh sé di nach raibh dochar ar bith sna dílseoirí i Learpholl agus gur sórt "féile phobail" a bhí sa 12 Iúil! Bhí amhras uirthi faoin scéal sin mar gur rugadh i Learpholl í féin agus, dá bhrí sin, lean sí ar aghaidh lena taighde.
Beirt fhathach gan amhras two giants, without doubt
amhras doubt
" Níl aon amhras ach thar tréimhse chogaíochta 30 bliain go raibh an IRA freagrach as go leor bancanna a robáil agus go leor daoine a dhúnmharú.
amhras suspicion
" Ba é an aidhm a bhí leis an bhréag seo ná an milleán mar gheall ar an trioblóid a chur ar na hÉireannaigh agus amhras a tharraingt orainn.
amhrais suspicion
" Tá sé ríthábhachtach fosta nach mbeadh siad ag tarraingt amhrais orthu féin ar bhealach ar bith agus seans gur sin a bhí mar croílár na faidhbe i nDún na nGall.
amhras suspicion
"amhras áirithe ar an Bhreitheamh Morris go bhféadfadh go raibh mí-iompar den chineál céanna ar siúl ar fud na tíre.
amhras doubt
" I Meitheamh 2003 bhronn aturnae mhuintir Fullerton comhad ar an Aire McDowell ina raibh fianaise úr ó fhinné nua, fianaise ní hamháin a chaith amhras ar iompar na nGardaí, ach fianaise a thacaigh leo siúd a chreid go raibh claonpháirteachas i gceist i ndúnmharú an Uasail Fullerton.
amhrais suspicion
" Ach tá go leor amhrais ann ó shin go raibh claonpháirteachas i gceist le fórsaí slándála na Breataine.
amhrais suspicion
" Tá sé ríthábhachtach fosta nach mbeadh siad ag tarraingt amhrais orthu féin ar bhealach ar bith agus seans gur sin a bhí mar croílár na faidhbe i nDún na nGall.
amhras suspicion
"amhras áirithe ar an Bhreitheamh Morris go bhféadfadh go raibh mí-iompar den chineál céanna ar siúl ar fud na tíre.
in amhras in doubt
" “Tá mé go mór in amhras mar gheall ar pháistí a thógáil le Gaeilge, mura gcinntíonn tú go mbeidh Béarla den chéad scoth acu freisin.
le hamhras a chur i sábháilteacht na píblíne to cast doubt on the safety of the pipeline
" Tá neart fianaise neamhspleách ar fáil le hamhras a chur i sábháilteacht na píblíne.
amhras doubt
" Má ghlactar leis an mholadh deireanach a rinne an tAire Sláinte Mary Harney (agus níl amhras faoi ach gur duine í atá dáiríre faoina cuid oibre agus a bhfuil coinsias aici) beidh orthu siúd i nDún na nGall a bhfuil ailse orthu taisteal go Béal Feirste le cóir leighis a fháil.
amhras doubt
" Níl aon amhras ach gur mhéadaigh feachtas an IRA an nimh idir an dá phobal ó thuaidh agus, dá réir, rinne ní ba dheacra é teacht ar chomhréiteach.
amhras doubt
" Níl aon amhras orm ach gur ábhar suime ab ea an scéal seo do chuid mhaith de léitheoirí an nuachtáin sin, ach ní hionann suim an phobail agus leas an phobail.
amhras doubt
" “Tá gá le tuilleadh, níl aon amhras orm faoi sin.
gan amhras without doubt
" Bíonn an chéad chúpla bliain an-deacair i gcás gach comhlachta, gan amhras, agus ní haon eisceacht é Gaelchultúr.
amhras doubt
" Déanann siad iarracht fosta amhras a chaitheamh ar bholscaireacht na gcomhlachtaí tobac (féach (www.
amhras doubt
" Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín nó míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? Nó an bhfuil sé ag baint úsáide as Alison Lapper nó ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? Nó an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo? “Bhí mé féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
gan amhras without doubt
" Bíonn an chéad chúpla bliain an-deacair i gcás gach comhlachta, gan amhras, agus ní haon eisceacht é Gaelchultúr.
in amhras in doubt
" I láthair na huaire, mar is léir, táthar in amhras faoin cheannaireacht sin.
in amhras in doubt
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
amhras doubt
" Níl aon amhras faoi: ní mór duit bheith ar d’airdeall sa chathair.
amhras doubt
" Inmharthanacht ======= Tá amhras áirithe ann, áfach, faoi cé chomh hinmharthanach is a bheadh an Ghaeltacht mura mbeadh inti ach daonra de 27,000.
in amhras ar suspicious of
" Ach — agus seo an rud a chinntigh nach mbeadh móramh glan ag na Coimeádaigh — táthar ann atá in amhras ar Harper, ar a pháirtí, agus ar a gcuid polasaithe.
amhras doubt
" Níl aon amhras faoi: ní mór duit bheith ar d’airdeall sa chathair.
amhras doubt
" Ní hamháin nach ndearnadar go minic aon iarracht le dúnmharuithe a raibh réamheolas acu fúthu a stopadh, ach níl aon amhras ar an Uasal Brown ach oiread ach go raibh Brainse Speisialta an RUC páirteach freisin iad féin i go leor dúnmharuithe.
amhras doubt
" Nach maith iad! Ach cad é fá dtaobh de féin, cad é a bhí seisean ag dul a dhéanamh anois? Ní raibh amhras ar bith ar Artair ach go raibh a fhios go rímhaith ag Rose.
amhras doubt
" Níl aon amhras nach mbeadh sé d’acmhainn ag baill den phobal nó ag iriseoirí ó chomhlachtaí beaga táillí den chineál sin a íoc.
amhras doubt
" Ní hamháin nach ndearnadar go minic aon iarracht le dúnmharuithe a raibh réamheolas acu fúthu a stopadh, ach níl aon amhras ar an Uasal Brown ach oiread ach go raibh Brainse Speisialta an RUC páirteach freisin iad féin i go leor dúnmharuithe.
amhrais doubt
" Ba iad comhairleoirí an Chomhaontais Ghlais a mhol an scéim seo; ar dtús, bhí roinnt amhrais ar dhaoine faoin smaoineamh, ach tá an caighdeán nua seo glactha ag forbróir maoine amháin cheana féin, rud a chruthaíonn go bhfuil sé réasúnta.
in amhras in doubt
" Tá eolas ag roinnt mhaith daoine as an tuath ar Bhaile Átha Cliath nó ar shaol na cathrach toisc go bhfuil orthu dul ag obair ann ach tá mé in amhras faoin méid eolais atá ag muintir Bhaile Átha Cliath ar shaol na tuaithe in Éirinn.
amhras doubt
" Trí Donaldson a mharú ní hamháin gur stopadh é ó aon scéalta a insint ach chaith sé amhras arís ar cé acu an raibh poblachtánaigh taréis droim láimhe a thabhairt don fhoréigin go fóill B’fhéidir go bhfuil na Trioblóidí mar a chonachtas iad le 30 bliana thart.
amhras doubt
" Tháinig fonn mór siúil orm anuraidh agus ba bheag amhras a bhí orm nuair a thuirling mé arís i mBaile Átha Cliath an samhradh seo caite, tar éis ceithre mhí a chaitheamh san Afraic, ach go mbeinn ag iarraidh dul ag taisteal arís.
amhras doubt
" Ach sin ráite, níl amhras ar bith ann ach gurbh é an IRA a mharaigh an líon is mó daoine le linn na dTrioblóidí.
amhras doubt
" ” Na scoileanna I dtaca leis na scoileanna Gaeltachta, aithníonn Ó hAoláin go bhfuil cúlú an-mhór ar an nGaeilge sna scoileanna sin, agus nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil dúshlán an-mhór ann don Roinn Oideachais, do Roinn na Gaeltachta agus don Údarás féin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.
amhras doubt
" Níl aon amhras orm ach go raibh go leor daoine in Éirinn sna hochtóidí ar bhreá leo saol pléisiúrtha mar seo a chaitheamh.
níl aon amhras there is no doubt
" Ach níl aon amhras ná gur fear grinn ab ea é.
amhras doubt
" Tá cuid mhaith den chathair cosúil go leor le cathracha na Portaingéile, ach fós féin, ní bhíonn amhras ar bith ort ach gur san Afraic atá tú.
amhras doubt
" Bhí amhras ar chuid mhaith daoine go bhféadfaí tada a dhéanamh leis na tuilte a sheachaint agus cheap siad gurbh fhearr imeacht go háit éicint eile go mbeadh an phráinn thart.
amhras doubt
" Ní raibh, ach bhí Liam ag stánadh ar ais ar an sléibhteoir cáiliúil agus meascán den ghreann, den scéin, agus den amhras ina aghaidh.
in amhras in doubt
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
gan amhras without doubt
" Tá féidearthachtaí ag baint leis an straitéis seo, gan amhras, ach is cinnte go bhfuil infheistíocht mhór de dhíth le caighdeán na n-áiseanna a fheabhsú, chun cuairteoirí a mhealladh ó na hóstáin, lena sólanna agus linnte snámha.
in amhras in doubt
" Nuair a bhuail mé léi go gairid ina dhiaidh sin le hagallamh a chur uirthi don alt seo, caithfidh mé a admháil go raibh mé rud beag in amhras faoi thionscal seo na comhairleoireachta saoil.
amhras doubt
" Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh.
in amhras in doubt
" Ach tá na cásanna dlí seo go mór in amhras anois, ó tugadh le fios gur céasadh na ceithre amhrasach déag lena n-admhálacha a fháil, agus nach dtaispeánfar an fhianaise ina n-aghaidh sa chúirt.
gan amhras undoubtedly
" “Bhí sé deacair gan amhras, ach rinne mé cinneadh leanúint leis an ealaín pé scéal é.
gan amhras ar bith without any doubt
" Tá rudaí áirithe a chuireann in iúl duit gan amhras ar bith go bhfuil tú san Afraic: an ceol, an bia, an deoch, an tsíorghluaiseacht, an trácht.
amhras doubt
" Amanna, tagann amhras orthu an bhfuil duine ar bith amuigh ansin ag éisteacht leo nó ag léamh a gcuid altanna.
amhras doubt
" freagra sin, mar aon le cuid mhór *fecks* agus *jaysuses*, i ndiaidh do mhuintir Fhianna Fáil sa bhaile beag Galltachta sin bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte mura bhfaighidís cinneadh de réir a dtola? Bhuel, a Éamó? Fírinne ar bith?” “Céad slán le Bóthar Lansdún, leis an áit sin a ghineadh agus a ghineann fós amhras agus meascán mearaí faoi Éirinn, faoi Phoblacht na hÉireann, faoi *Norn Ire’and*, agus faoin teorainn féin – go ndéana Dia grásta uirthi.
níl mórán amhrais there is little doubt
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
amhras doubt
" Cén fáth, mar sin, a bhfuil comhlachtaí ag scaoileadh daoine chun bealaigh? Caithfidh mé a admháil go raibh amhras orm faoi thorthaí an tsuirbhé seo – níor chreid mé go raibh an méid sin post tarraingteach ar fáil i réimse na ríomhaireachta.
tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú I doubt if anybody even read it
" “Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh tuiscint chomh maith sin air go dtí sin.
amhras doubt
" Ní raibh aon amhras faoi – bhí mé ar ais sa mbaile anois! I mo thuairim féin, tugann tréimhse thar lear dearcadh nua duit ort féin agus ar dhaoine eile.
in amhras faoi pholaitíocht suspicious of politics
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.