Pota Focal Intergaelic
an | an- | anró | antó |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tallann anó agus éadóchais a bout of misery and hopelessness
" Bhuail tallann anó agus éadóchais Tomás agus é ina shuí ag barr an staighre ag éisteacht leis an racán a bhí thíos.
anó hardship
" Tá spórt agus sult agus sú an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin anó, aimléis agus faoi ainnise.
anó mhór great discomfort
" Tá leibhéal an ioncaim a bhailíonn údaráis an stáit dlúthcheangailte leis an timthriall gnó, rud a fhágann go bhfuil geilleagair an stáit in anó mhór ó thús na géarchéime airgeadais.
anó of misery
" Tugtar ‘cearrbhaigh le fadhbanna’, nó ‘cearrbhaigh anó’, orthu siúd a scaipeann a gcuid ag imirt ar na fearais.
ar Son an Anó for misery
" Feachtas ar Son an Anó?! ============= Ní mó ná sásta a bhí lucht na gclubanna móra leis na moltaí thuas agus chuir siad tús le feachtas láidir ina gcoinne sna meáin.
Anó Scéalta na Liarlóg the rags’ craving for news
" Anó Scéalta na Liarlóg ============ Maíonn go leor iriseoirí gur bhagairt do shaoirse cainte na meán iad na ‘sárurghairí.
nó anó uafásach or some desperate discomfort
" Shíl mé go raibh cuma ar an siúlóir go raibh pian nó anó uafásach air nó go mba gheall le duine a raibh deifir air a bheith in áit éigin (an leithreas mar shampla!) ach nach bhféadfadh sé tosú ag rith le faitíos na timpiste.
D’ainneoin m’anó seachláide despite my eager desire for chocolate
" D’ainneoin m’anó seachláide i mbliana, fuair mé mo sháigh bia anama is intinne ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 16 Bealtaine 2014.