Pota Focal Intergaelic
an- | ana | anal | anam | anas
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ana-chiniciúil very cynical
" Is é a cheapas i gcónaí ná go raibh dearcadh ana-chiniciúil ag na rialtais i dtaobh na faidhbe seo.
ana-dhian very hard
" Chaith sí é a thabhairt suas agus bhí sé ana-dhian uirthi.
ana-phríobháideach very private
" "Bhíos ana-phríobháideach ionam féin agus níor thaitin sé liom a bheith i scoil le nócha éigin dalta eile agus b'fhéidir daichead bean rialta, agus sinn go léir i mullach a chéile, agus ag teacht salach ar a chéile.
Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste I really enjoyed college
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
ana-lách very friendly
" An fear bocht, bhí sé ana-lách agus bhí sé ana-shuáilceach.
ana-shuáilceach very pleasant
" An fear bocht, bhí sé ana-lách agus bhí sé ana-shuáilceach.
ana-mhuinteartha friendly
" Bhí taithí agam ar mhuintir na Tuirce atá ana-fháiltiúil agus atá ana-mhuinteartha.
ana-bhriste very broke
" Bhíos i gcónaí ana-bhriste.
ana-áisiúil very handy
" D'fhoghlaimíos ana-chuid scileanna, ar nós clóscríobh, atá ana-áisiúil anois.
ana-mhíghairmiúil very unprofessional
" ' Cheapas go rabhadar ana-mhíghairmiúil.
ana-mhórálach as very proud of it
" Rud amháin suntasach is ea go bhfuil muintir an pharóiste dílis dá ndúchas agus ana-mhórálach as agus tá ceoltóirí agus amhránaithe óga den scoth ina gcónaí sa pharóiste seo anois.
ana-ghann very scarce
" Is ag dul i léig leis atá cúrsaí iascaireachta agus tá iasc, ar nós an ghliomaigh, ag éirí ana-ghann.
ana-spreagúil very stimulating
" Bhí sé i gceist foireann ollmhór a chur ag obair air agus, sna blianta tosaigh, "bhí atmaisféar ana-spreagúil san áit.
ana-dhian very strict
" "Bhí eagarthóirí den scoth agam sa Ghúm - Seosamh Ó Murchú, Antain Mag Shamhráin, Máirtín Ó Cadhain - a bhí ana-dhian go deo.
ana-chuid fliúiteadóirí maithe lots of good flautists
" AÓF: Cén fliúiteadóir is fearr leat? MNA: Tá ana-chuid fliúiteadóirí maithe timpeall ach is breá liom a bheith ag éisteacht le Conal Ó Gráda, Harry Bradley, agus Tom Doorley a sheinneann sa ghrúpa liom.
ana-chuid a lot
" Tá saibhreas mór amhránaíochta aige baile againn agus ana-chuid amhránaithe nótáilte ar nós Áine "Cheaist" Ní Chatháin, Eibhlín Uí Chearna, Páidí "Mharthan" Mac Gearailt, Éilís Ní Chinnéide agus muintir Bheaglaioch.
ana-mheabhrach very intelligent
" "Bhí léachtóirí againn a bhí go hiontach ach bhí cuid acu, agus tá mé cinnte go raibh siad ana-mheabhrach, ach ní raibh tuairim acu conas ábhar a chur i láthair.
bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart it was very important that I was properly prepared
" Bhí ana-chuid ama agam leis an taighde a dhéanamh agus leis an ullmhúchán a dhéanamh ach ní raibh an oiread sin ama agam chun an taifeadadh a dhéanamh *so* bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart.
ana-bhéasach very mannerly
" “Nuair a chuamar isteach sa mheánscoil ní raibh aon taithí againn ar bheith suite síos agus bheith ciúin, cé go rabhamar ana-bhéasach.
ana-chúramach very busy
" Mar sin bhíomar ana-chúramach agus sinn sa tír.
réitímid ana-mhaith le chéile we get on very well together
" Éiríonn go hiontach linn nuair a dheinimid gigeanna le chéile agus réitímid ana-mhaith le chéile chomh maith.
ana-dhearfach very positive
" “Thaitin sé go mór liom mar dhuine – duine ana-dhearfach agus oscailte is ea é.
ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin very knowledgeable about that religion
" Cén fáth ar scríobh sé dráma faoin Phrotastúnachas, go háirithe nuair is Caitliceach é féin? “Is é an fáth gur scríobhas *Protestants* ná go rabhas riamh ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin – más féidir creideamh a thabhairt air – agus faoin athrú mór sin a tháinig chun cinn sa 16ú céad san Eoraip, arb é an Protastúnachas a ainm.
ana-ilghnéitheach very diverse
" Agus muid ag trácht ar stair an leabhair, tá muid ag trácht ar stair atá ana-ilghnéitheach - baineann sé leis an uile rud.
ana-chuid difríochtaí a lot of differences
" “Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann.
ana-shásamh great pleasure
" Bhaineamar ana-shásamh as an dtírdhreach álainn timpeall an tí ar maidin.
ana-thaithneamh great pleasure
" Bhaineas ana-thaithneamh as ar fad.
ana-chosúil very similar
" Tá Gaillimh, gan dabht, ana-chosúil le Ciarraí.
ana-ghreannúr very funny
" Dúirt fear liom lá amháin, “*there’s one thing worse than being talked about – not being talked about*”, mar san! Agus sin é an saghas rud, tá sé ana-ghreannúr ar fad.
ana-thapaig in rush
" Anuraidh, thógas tros ar abhainn an Sionainne agus déanaim amach gurb é ceann desna laethanta ba deise a bhí agam ar aon bhád, mar bím ag imeacht i gcónaí agus bím ag imeacht ana-thapaig.
ana-cheann great notice
" Is le bliain anuas atáim ag fáil tuiscint níos fearr ar seo, go mbíonn daoine aige baile agus tógann siad ana-aird agus ana-cheann do gach aon rud a bhíonn ar siúl agat.
ana-chliste very wise
" Fear a bhí ana-chliste ar fad.
ana-chosúil very similar
" **SMM: Tá an dá ainm Líos Póil agus Liosbón ana-chosúil lena chéile.
ana-chuid ceisteanna a lot of questions
" D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú.
ana-chion acu ar they’re very fond of
" Ach an rud ná go bhfuil ana-chuid daoine, daoine óga, go dteastaíonn uathu go mbeadh aithne acu ar an nGaelainn, go bhfuil ana-chion acu ar an nGaelainn agus is é sin a chaithfear a chaomhnú agus a fhorbairt agus a chur chun cinn.
ana-acmhainn daonna a great human resource
" Is ana-acmhainn daonna é sin maidir le margaíocht agus tionscal an eolais.
Muna bhfuil breall ana-mhór orm if I’m not too far off the mark
" Muna bhfuil breall ana-mhór orm, ceaptar Teachtaí Dála thar cheann an phobail d’fhonn castachtaí na polaitíochta a mhíniú do thoghthóirí na tíre seo.
Tá cos chlé ana-dheas ag has a lovely left leg
" B’fhéidir gurb é an duine céanna a dúirt “Tá cos chlé ana-dheas ag….
fén réimeas dleathach ana-dhifriúil under a very different jurisdiction
" Agus feidhm á baint as scoláireacht de chuid na hÍsiltíre a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar agus na ndochtúirí sa tír sin fén réimeas dleathach ana-dhifriúil, dhiúltaigh na breithimh aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le ‘*560 patients (some 0.
beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic very often regardless of truth
" Bíonn an reitric beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic, áfach, agus nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti, ní mór dúinn a thuiscint nach coinníoll riachtanach í fírinne sa reitric pholaitiúil.
samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic that approach is very often seen to be a political virtue
" Go deimhin, má bhaintear na spriocanna polaitiúla amach trí bhíthin an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite, samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic.
tá ana-chuid rudaí im’ cheann fós I still have a lot of knowledge
" Uí Chinnéide agus tá ana-chuid rudaí im’ cheann fós uaithi siúd.
Bhí ana-dhúil aici sa she had a great interest in
" Bhí ana-dhúil aici sa nádúir, sa stair áitiúil, sa dúchas, in aon rud a bhain le Paróiste Mórdhach.
Bhí ana-lé agam le I was greatly interested in
" **CB: Eachtraigh dom beagáinín fé do thréimhse san ollscoil?** DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach.
Ghortaigh sé sin ana-mhór it really hurt me
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
bhaineas ana-thaitneamh as I really enjoyed
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
Bhíos ag cur ana-spéis sa I was taking a great interest in
" Bhíos ag cur ana-spéis sa Ghaelainn mar ábhar acadúil, mar theanga agus ní raibh faic uaim ach a bheith aige baile, ag labhairt na Gaelainne agus i measc mo mhuintire féin.
líonadh an bhearna ana-thapaidh the gap was filled very quickly
" Bhí oiread rudaí le déanamh agam bunaithe timpeall ar an gcaid, ar na meáin, an spóirt is n’a’ haon rud eile – líonadh an bhearna ana-thapaidh, mar sin ní bhraitheas an t-uaigneas a bhraitheann ana-chuid imreoirí nuair a éiríonn siad as.
ana-chomhluadar great company
" Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh.