Pota Focal Intergaelic
agam | ana | ana- | an-am | adan
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ár n-anam a dhíol to sell our souls
" Bheimis ana-shásta ár n-anam a dhíol ar mhaithe le hairgead ar feadh cúpla bliain dá mbeadh sé ann, ach níor tharla sé.
a n-eagla anama their deadly fears
" Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo.
anam soul
" Bíonn urraí an ghradaim, Gailearaí an Tate agus Channel 4, ag brath go mór ar chonspóidí chun rud *avant-garde*, corraitheach agus radacach a dhéanamh den ghradam.
anam na coise tinne the soul of that sore leg
" "Cén fáth," a d'fhiafraigh sé, "ar chuir sibh deireadh le liombó agus chomh géar agus a theastódh sé mar áit lóistín ó anam na coise tinne seo atá beagnach ar an saol eile cheana féin.
d'anam your soul
" Tagann an ceol amach ó d'anam.
a anam his soul
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
ag teitheadh lena n-anam astu rushing from them
" org) den tuairim go gcaithfear cuimhneamh ar na hoibrithe tarrthála a bhrostaigh isteach sna túir agus iad trí thine, agus daoine eile ag teitheadh lena n-anam astu.
anam soul
" "Spreag siad muid agus thug siad saoirse dúinn forbairt a dhéanamh ar an rud ba spéis linn féin, agus níor chuir siad srian ar bith orainn.
caipitleachas gan anam soulless capitalism
" Ach níorbh é an caipitleachas gan anam a d'athmhúscail suim Buckley sa tsagartóireacht.
anam soul
" Fuarthas pictiúirí ar chlocha sa Grand Canyon ón seanam, agus tá siad an-chosúil le carachtair a chum mé féin in *The Yellow Man*.
anam soul
" AÓF: An bhfuil aon dlúthdhiosca déanta agat, nó an bhfuil tú ag smaoineamh ar cheann a dhéanamh? CÓCC: Níl, cé go bhfuil cúpla amhrán liom ar roinnt dlúthdhioscaí eile.
anam soul
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
anam an chine dhaonna the soul of humankind
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
Suaimhneas síoraí lena n-anam Eternal rest to their souls.
" Suaimhneas síoraí lena n-anam.
gan anam soulless
" Tá go leor caillte cheana féin, agus tá go leor eastát tithíochta gan anam againn, a bhfuil ainmneacha mar “Ashleigh Downs” nó “Belview Grove” orthu, gan píosa eile dár stair chultúrtha a chailleadh.
anam soul
" In áit sin a dhéanamh, tugadh deis eile d’iar-Theachtaí Dála ar nós Martin O' Donoghue, Des O'Malley agus Padraig Faulkner an Loingseach a bheannú agus diabhal a dhéanamh as Ó hEochaidh.
gan anam soulless
" Tá go leor caillte cheana féin, agus tá go leor eastát tithíochta gan anam againn, a bhfuil ainmneacha mar “Ashleigh Downs” nó “Belview Grove” orthu, gan píosa eile dár stair chultúrtha a chailleadh.
anam soul
" Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
A hanam ag neadú her soul nestling
" A hanam ag neadú idir na crainn agus an claí.
anam soul
" Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
A hanam ag neadú her soul nestling
" A hanam ag neadú idir na crainn agus an claí.
déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi Africa's soul will be torn from itself
" Má leantar ar aghaidh ag marú ainmhithe na hAfraice chun a gcinn a chur in airde ar bhallaí daoine sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain nó san Afraic, déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi.
anamacha souls
" Tá mé olc agus fuathúil, lán mioscaise agus aimhleasa, agus béarfaidh mé liom sibh síos go leac na bpian, in éineacht leis na hanamacha bochta atá sa mhála ar mo ghualainn.
ár n-anam our soul
"ár n-anam díolta againn le mórchorparáidí SAM le fada an lá agus an 30 bonn airgid caite go fánach.
anam soul
" Cuireadh tús leis an tionscadal anuraidh nuair a shocraigh Mícheál Mac Giolla Easbuic, gur as an cheantar dó, rud inteacht praiticiúil a dhéanamh leis an ábhar a bhí bailithe aige féin thar na blianta ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan agus go furasta do dhuine ar bith ar suim leis ceol agus seanchas Dhún na nGall.
anam soul
" Cuireadh tús leis an tionscadal anuraidh nuair a shocraigh Mícheál Mac Giolla Easbuic, gur as an cheantar dó, rud inteacht praiticiúil a dhéanamh leis an ábhar a bhí bailithe aige féin thar na blianta ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan agus go furasta do dhuine ar bith ar suim leis ceol agus seanchas Dhún na nGall.
M’anam go raibh I'd say so
" ” “M’anam go raibh.
ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile milking the soul from other Gaeltachtaí
" Mar thoradh air seo, tá an chontúirt ann go bhfuilimid ag cruthú “Super-Gaeltacht” i gConamara agus ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile.
shúfadh sé an t-anam asat it would suck the soul from you
" An tionscal seo, shúfadh sé an t-anam asat dá dtabharfá do shaol ar fad dó agus is iomaí duine a bhí spíonta agus é ag an aois a bhfuil mise aige anois.
a n-anam their soul
" Cuimhnigh ar na mílte a thug a n-anam ar son na hÉireann.
Cothú anama nourishment of the soul
" Cothú anama domsa a bheith ag breathnú orthu.
guífimid ar son d'anam we'll pray for your soul
" "Éireannach! A dhuine bhoicht! Bhuel, guífimid ar son d'anam agus anamacha do mhuintire.
imní anama worry of the soul
" Seans gur cuid de *malaise* meánaicmeach iarthar na hEorpa é sin, bheith rafar ach imní anama de chineál éigin bheith ort go fóill.
turas anama, a journey of the soul,
" Oileán draíochta, turas anama, tírdhreach Gaelach.
a scanróidh an t-anam astu which will scare the soul out of them
" Mar a mbeifeá ag súil leis, ní bheidh sí sásta labhairt suas lena mbéal, ach fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, teachtaireachtaí a scanróidh an t-anam astu agus a bhainfidh na putóga astu.
caillfear an spiorad agus an t-anam. the spirit and the soul will be lost
" Nó chomh luath is a éiríonn an teagasc agus an seachadadh ró-mhatamaiticiúil nó rófhoirmiúil, caillfear an spiorad agus an t-anam.
anam síoraí eternal soul
" Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne.
aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir. eternal rest for the souls in Purgatory
" Lourdes, mo thóin! Fatima, mo thóin! Cnoc Mhuire, mo thóin! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair nach gcuireadh múinteoirí na hÉireann spéis ag an am seo den bhliain ach sna crosóga Bhríde agus sa Charghas; sna plúiríní sneachta agus sa ghlóthach fhroig; sa tuiseal ginideach agus sa mhodh coinníollach; agus in aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir.
chun a n-anam a shábháil. to save their souls.
" Creideann Mormannaigh gur féidir – agus gur cheart – daoine a bhí ina mball d’eaglaisí eile a fhad agus a bhí siad beo a bhaisteadh in athuair mar Mhormannaigh i ndiaidh dóibh bás a fháil chun a n-anam a shábháil.
eagla a n-anama terrified, in fear of life
" Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunna ná dul sa tseans.
gur nocht Dunne a anam chomh maith. that Dunne revealed his soul as well.
" Dá mbeadh fonn ar dhuine amharc níos doimhne, d'fheicfeadh sé gur nocht Dunne a anam chomh maith.
gan anam. without a soul
" Maidir le stíl mhaireachtála mhuintir Canberra, mothaíonn siad go bhfuil muid rórialaithe – dar le go leor cuairteoirí, níl sa chathair ach cnuasach bruachbhailte gan anam.
go bhfuil dúil a anama sa cheol aige. that he is totally passionate about music
" Labhair sé go bríomhar paiseanta, a chuid cainte breac le tagairtí don litríocht, agus is léir go bhfuil dúil a anama sa cheol aige.
anamacha (the) souls
" Duine ar bith atá ag lorg stair *Rock’n’Roll*, ag cuardadh anamacha *Bob Dylan, Janis Joplin, Leonard Cohen, Jim Morrison, Nico* nó *Patti Smith* – bheul, tá seans maith go dtiocfaidh tú orthu, nó ar mhacalla de shórt inteacht díofa sna ballaí dearga de chuid an *Chelsea Hotel*.
a n-anam their live(s), soul(s)
" Agus cad é faoin Ghaeilge? Caidé faoin chultúr a tháinig slán in ainneoin ionraí agus na Géarleanúna? Cad é faoin dúchas ar thug daoine a n-anam len é a chosaint agus a chaomhnú? Beidh sibh sásta a chloisteáil go bhfuil sé fós slán sna háiteanna nár chuir muintir an Bundesbank spéis ar bith iontu.
anam chéasta tortured soul
" Spreagann portráidí ciúine aislingeacha Leonardo Da Vinci an croí mar shampla agus tugann portráidí de leithéid, Francis Bacon spléachadh dúinn ar an anam chéasta.
Tír gan Anam a country without a soul
" " Tír gan Anam, Riamh! Ba pléisiúr domsa léacht an Ollaimh Daniel Cassidy a chloisteáil ag coláiste Oideas Gael arú anuraidh agus é ag caint faoin sórt 'Béarla ' a bhí acu i Nua-Eabhrac agus an leabhar a scríobh sé ar an ábhar sin :"*How the Irish Invented Slang*.
anam soul
" Nuair a bhain Apollo 11 an ghealach amach ar an 20 Iúil, 1969 agus nuair a d’inis Neil Armstrong don domhan gur ‘céim bheag amháin d’fhear é ach gur léim ollmhór don chine daonna’ a bhí déanta aige, cuireadh idir ríméad agus iontas ar dhaoine gur éirigh leo a leithéid de rud a dhéanamh.
m'anam indeed
" Mar a tharlaíonn sé, níl an leabhairín sin faoi na roicéid i mo sheilbh agam fós, ach feicim ón idirlíon gur foilsíodh é sa bhliain 1967 ag Ladybird, agus m'anam, nach bhfuil roinnt cóipeanna le fáil fós ar ebay.
lena anam alive
" D’éalaigh sé lena anam ón Ghaeltacht ag Irish Fest Milwaukee i ndiaidh do mhná fiánta na háite sin spéis a chur ina cholainn bhreá chaomh.
M'anam I swear
" "M'anam nach raibh a fhios agam go raibh oiread sin geana agat ar an gcathair," arsa mise.
anamacha souls
" Creidtear gur eascair vaimpírí as lucht míghnímh, daoine a chuir lámh ina mbás féin, as cailleacha nó ainsprioraid a ghlac seilbh ar anamacha daoine eile.
anam soul
" ----------------- Codladh an Gheimhridh Ní dóigh liom gur féidir cur síos cruinn gonta a dhéanamh ar an gheimhreadh a sharódh na focail seo ‘gaoth ard fhuar, íseal grian, gearr a rith, muir gan srian’.
dúichí anama soul lands
" Agus is tomhas eile fiúntais é, má shleamhníonn an carachtar i ngan fhios dúinn isteach fá bhun an chraicinn orainn chun imeacht ar fanaíocht ionainn sna dúichí anama istigh.
chlaonann a anam perverts his soul
" Tá cluinte agam faoi chara carad de mo chuid a thiomáineann bus agus a chlaonann a anam le hobair lá Sabóide anois is arís.
t-anam soul
" Bhí an t-anam súite as ardimreoirí cruthaitheacha fearacht Messi agus Tévez agus ba bheag den chíocras – rud a samhlaíodh riamh le sárfhoirne na hAirgintíne san am a caitheadh – a bhí le sonrú sna luathchluichí cáiliúcháin a d’imir siad d’fhonn áit i gCorn an Domhain a bhaint amach.
anama soul
" An Éigse ==== Deir Aurobindo nach é gnó na filíochta é go mbeadh mothú éigin againn nó smaoineamh éigin againn le linn dúinn nó tar éis dúinn dán a léamh ach go mbeadh domhan éigin feicthe againn, ní lenár súile cinn, ar ndóigh, ach le súile an anama istigh.
slánú anama salvation
" Is scannán ar ardchaighdeán cineamatagrafaíochta é Na Cloigne a dhéanann scagadh ar théamaí uilíocha; éad, achrann teaghlaigh, slánú anama, agus tugann sé dá réir spléachadh dúinn ar an taobh dorcha den chine daonna.
le hanam na marbh barely alive
" Bhí ceoltóirí le hanam na marbh i Siceagó agus obair dóibh.
dá hanam for her soul
" Saoirse dá hanam lasmuigh d’fhormheas an phobail, nó an múchadh mall, géilliúil atá in ann di leis an bhfear óg áirithe sin, fiú más laistigh den gcompord coiteann a thugann faomhadh na sochaí di.
dúichí anama regions of the soul
" Sna dúichí anama atáimid an dul seo.
anama soul
" Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn.
dá anam dílis to his noble soul
" Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis? Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe is cuirim paidir chiúin lena anam.
reo anama coldness of heart
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
croí agus anam heart and soul
" Coimeád Údarás na Gaeltachta, cruthaigh níos mó gníomhaíochtaí, agus thar aon rud eile, caithfidh croí agus anam na ndaoine a bheith ann.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Lord rest him
" Ar dheis Dé go raibh a anam uasal! Buntús Cainte ======= **SMM: Thall san Afraic a bhí tú nuair a músclaíodh do spéis i nGaeilge, leis an bhFlannagánach seo.
Troid go hImirt Anama a deadly struggle
" Troid go hImirt Anama ========== Ach, mar is eol dúinn, tá olltoghchán ag drannadh linn agus tuigeann iarrthóirí Fhianna Fáil gur Troid go hImirt Anama atá rompu i ngach aon dáilcheantar.
M'anam by gum
" Slógadh ==== M'anam ach ní raibh sé ag magadh.
conas a éalaíonn sé lena anam how does he escape alive
" Beidh orm labhairt leis le fáil amach conas a éalaíonn sé lena anam, gan trácht ar a phost.
thug a n-anamacha who died
" Agus, iontas na n-iontas, chrom sí a ceann in ómós dóibh siúd a thug a n-anamacha in éide an Phiarsaigh ar son saoirse na hÉireann.
anam briste an duine chomhaimsirigh contemporary man’s broken soul
" Deineann sé anam briste an duine chomhaimsirigh a fhuirseadh.
chréacht anama aching soul
" Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.
anam síoraí an duine dhaonna the eternal human soul
" Mhaígh Foucault os ard ina staidéar cáiliúil ar an gcarcair go bhféadfaí anam síoraí an duine dhaonna a fheiceáil i measc seancharn cartlainne réigiúnda éigin.
gan anam soul-less
" Dar leis, thainig sruthanna intleachtúla éagsúla i dteannta a chéile gan choinne ná chiall, go fiú díreach tar éis na Muirthéachta, iad araon ar thóir phríomhnamhaid an chomhphobail nua-aimseartha úrnua acu, an Gealt arís, na daoine sin gan smacht, gan anam, gan soineantacht, iad ar aon beag beann ar chuspóirí uilíocha na Jacobins.
fód a anama where his heart lay
" Rugadh i nDoire Cholm Cille i 1939 é agus in ainneoin gur chaith sé tréimhse shuntasach dá shaol i mBaile Átha Cliath agus i Loch Garman, ba é Inis Eoghain fód a anama i dtólamh agus chaith sé cuid mhór ama ansin.
léiríonn anam demonstrates the soul
" Má thagann tú ar aon chruthú scáileáin eile i mbliana is fearr a léiríonn anam, dínit, agus áilleacht an duine, ná fág dall orm é.
briathra, anam agus corp speech, body and soul
" In amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann shiúil Philip Larkin, nach maireann, beo beathach ar an ardán, agus ins an stíl aisteoireachta beag-is-fiú sin a chruthaigh sé fadó, siúd chun oibre Tom Courtenay, briathra, anam agus corp Larkin ionchollaithe aige.
anam soul
" Labhrann sí faoi thábhacht agus faoi anam na teanga agus ar sí: “Domsa ’sí an Ghaeilge an rud is luachmhaire atá agam”.
anam úr new zest
" Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo ná é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.
ar chuir na comharsain beannacht lena hanam when the neighbours bade farewell to her
" An lá ar chuir na comharsain beannacht lena hanam, lig siad dhá scór coinneal le sruth na habhann.
I measc na bhfíréan go raibh a anam uasal may he RIP
" I measc na bhfíréan go raibh a anam uasal.
mhinicíocht na ndúichí anama soul territory frequency
" Is daoine iad siúd, braithim, nach bhfuil an aeróg dírithe isteach acu ar mhinicíocht na ndúichí anama.
is ábhar é an t-anam the soul is a matter
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
is as críocha aineoil anama it’s from the unknown regions of the soul
" Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath.
chroí agus ar anam ár gcine our peoples’ heart and soul
" An Duais ==== Cóip den dd 'Aislingí Ceoil’, Cóip den dd ‘Amhráin Ghrá’ agus cóip den dd ‘Ceolta Mhúscraí’ Aislingí Ceoil: ==== Tá an ceol agus na seanamhráin Ghaeilge ar an scáthán is fearr atá againn ar chroí agus ar anam ár gcine.
Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a ceremony to cleanse the soul
" Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a bhí san fhéile seo anallód.
i ndiaidh a anam a dhíol leis an Diabhal sold his soul to the devil
" Maithe & na Móruaisle Meallta Aige ============= Ós ag caint dúinn ar Leamh Ó Cuinneagáin, tá ceist mhór ag Balor na Súile Nimhe: cén draíocht atá ag fear Odious Gael a mheallann daoine clúiteacha go dtí an coláiste sin i nGleann Cholm Cille? Tá Balor den bharúil láidir go bhfuil Ó Cuinneagáin i ndiaidh a anam a dhíol leis an Diabhal.
m'anam upon my soul
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
go raibh a croí agus a hanam istigh she was very devoted
" Ba léir domh an-luath nuair a thoisigh mé ag obair léi, go raibh a croí agus a hanam istigh sa Ghaeilg agus sílim gur thug sí an-mhisneach do an-chuid daoine agus gur chuir sí an-chuid daoine ag foghlaim Gaeilge ins an tír seo.
Nochtú fíochmhar anama atá ann it’s a rending exposition of the human soul
" Nochtú fíochmhar anama atá ann.
atá breoite idir anam agus chorp who are physically ill or lacking in spirit
" Agus an t-uafás ciorruithe ar siúl i láthair na huaire, ní haon tír í Éire don duine lag nó dóibh siúd atá breoite idir anam agus chorp – tá sé sin cinnte.
lón anama soul food
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.
Anam an Diabhail for Jazus’ sake
" Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread.
anama soul
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
go bhfuil a n-anamacha i mbaol their souls are endangered
" Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
ag déanamh a n-anamacha for the salvation of their souls
" Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta: Dul don Róimh, mór saothar, beag tairbhe; an rí a iarrann tú i bhfus, mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
iniúchadh anama ar siúl soul searching going on
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
anam an duine a ghlanadh to cleanse the soul of man
" ’Sé sin, a thátal a mhaíonn gur chóir don drámaíocht iarracht a dhéanamh anam an duine a ghlanadh ‘le trua agus le hár’.