Pota Focal Intergaelic
aonar | ana | ana- | and | aon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aonaid chostasacha d'obráidí expensive operation units
" Tá clár seachanta níos saoire ag deireadh an lae ná aonaid chostasacha d'obráidí a thógáil agus a rith.
aonad unit
" "B'fhéidir nach drochshampla é aonad de chuid an rialtais, taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta, a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Aonad Seirbhísí Éigeandála Emergency Services Unit
" " Cuimhní ceanúla ======= Bhí Driscoll ina bhall den NYPD ó bhí Eanáir 1992 ann, agus ceapadh é mar bhall den Aonad Seirbhísí Éigeandála i mí Lúnasa 1998.
Aonad Coireachta Sráide Street Crime Unit
" Chaith sé tréimhse leis an Aonad Coireachta Sráide chomh maith.
Aonad Taighde research unit
" De réir suirbhé a rinne Aonad Taighde na nGardaí sa bhliain 2000, bhí baint ag an deoch le 88% de na cásanna dlí agus síochána, le 54% de na cásanna ina raibh damáiste coiriúil i gceist agus le 48% de na cásanna a bhain le coireanna i gcoinne an duine.
Aonad Taighde na nGardaí The Garda Research Unit
" Is ar an ábhar seo go bhfuil sé beartaithe ag Aonad Taighde na nGardaí, i bpáirt le hAonad Drugaí na nGardaí, staidéar náisiúnta a dhéanamh ar úsáid cócaoin in Éirinn.
aonad unit
" " Mar gheall air seo, deir Finucane agus iad siúd atá ag tacú leis ina ráiteas misin gur mhaith leo na nithe seo a leanas a fheiceáil: "ainmneacha, mar aon le rang, uimhir shuaitheantais and aonad, liostáilte de réir na haibítre agus de réir roinne.
Aonad taighde research unit
" Aonad taighde a bheith bunaithe a bheas dírithe ar na sainriachtanais atá ag pobal labhartha na Gaeilge.
aonad unit
" Tá Seachtain na Gaeilge Teoranta mar aonad de chuid Chonradh na Gaeilge.
aonad unit
" Is é atá i gceist ná cúig thír is fiche a aontú le chéile in aon aonad amháin.
aonad unit
" An Córas Eadrána ======= Is i ngeall ar chásanna mar seo agus cásanna dlí a thóg imreoirí i gcoinne fo-aonad den chumann a bhunaigh CLG an Córas Eadrána, an *Disputes Resolution Authority* nó DRA.
aonaid úra gheografacha new geographic units
" Bhí ceantar amháin ar Bhóthar na Seanchille sa dara háit i liosta na 890 SOA (*super output areas*, aonaid úra gheografacha a cumadh le staitisticí níos beaichte a bhailiú).
Aonaid Taismí agus Eigeandála Accident and Emergency Units
" Drochbhliain ab ea 2005 don rialtas, idir PPARS, Monicagate, fadhbanna leanúnacha sna hAonaid Taismí agus Eigeandála, Jim McDaid ag tiomáint an treo contráilte faoi thionchar an óil, Conor Lenihan ag tabhairt “Kebabs” ar oibrithe ón Tuirc, srl.
aonad unit
" Is de bhunadh Éireannach í Margaret, mo dhála féin, agus tá sí ag obair le duine amháin eile san aonad beag seo atá suite in Ionad na nDaoine i lár na cathrach.
aonad dlisteanach legitimate unit
" Tuigeann siad gur gá aitheantas oifigiúil mar aonad dlisteanach taobh istigh de CLG a fháil don GPA ar dtús agus ansin is féidir an doras a bhrú ar oscailt de réir a chéile go dtí go nglacfar le prionsabal na híocaíochta i bhfoirm éigin.
an t-aonad dianchúraim the intensive care unit
" ” Tugadh é go dtí an t-aonad dianchúraim in ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste.
Aonad na Gaeilge, the Irish language unit
" Ba chara mór é fosta ag a lán fostaithe de chuid BBC – go háirithe acu siúd a raibh baint acu le hAonad na Gaeilge, agus ag cuid mhór daoine eile i saol na Gaeilge i gcoitinne.
mar aonad amháin, as one unit
" Ag an leibhéal is airde – an leibhéal feidearálach – oibríonn an tír mar aonad amháin, agus is ar an leibhéal seo a thoghtar an t-uachtarán, baill de Chomhdháil na Stát Aontaithe agus na seanadóirí a shuíonn sa chomhdháil sin in Washington.
an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí Air Accident Investigation Unit
" In Éirinn is é an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí atá freagrach as an obair seo.
aonad a bhunú to found a unit
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
aonad teaghlaigh family unit
" Ar an drochuair, i ndiaidh gur imigh nós na siamsaíochta neamhfhoirmiúla san aonad teaghlaigh i léig, níor cuireadh aon struchtúr ar fáil ina áit.
aonaid speisialta special unit
" Ó na seachtóidí i leith tá aonaid speisialta ag gach contae, nach mór, ar a dtugtar SWAT – *Special Weapons and Tactics* – a mbaintear úsáid astu má bhíonn baol ann go bhfuil coirpeach armtha.
aonad treallchogaíoch guerilla unit
" Bhí duine acu, Gyalo Thondup, i gceannas ar aonad treallchogaíoch ar chuir an CIA traenáil air.
aonad unit
" Cláraíonn achan chlub leis an eagraíocht mar aonad nuair a thosaíonn siad ar dtús agus cuireann siad ranganna seachtainiúla sa tsiúl; ní bhíonn ballraíocht aonair i gceist.
aonad frithphóitseála anti-poaching unit
" Ar aon chuma, bhí KAS le traenáil a chur ar aonad frithphóitseála sna tíortha timpeall na hAfraice Theas.
Aonad Faighte Eolais Information recovery unit
" Mura bhfaigheann siad eolas beacht ar chuid ar bith díobh seo, rachaidh na cásanna chuig an Aonad Faighte Eolais (Information recovery unit) a bheas mar chuid den Choimisiún fosta.
haonaid units
" Níl iompar ardnósach ceadaithe anseo Fiú go fóill, níl ach céad amach as ceithre chéad de na ‘haonaid’ sa *Chelsea* ar fáil fá choinne gnáth-thurasóirí agus an chuid eile in úsáid le haghaidh cónaí buan.
aonad unit
" maitheas ó thaobh bhunú an bhealaigh teilifíse, TnaG, ba bhotún mór é, im’ thuairimse, deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta mar aonad riaracháin as féin mar gur chaill sé an fócas a bhí aige ón tús.
aonad unit
" Tuigtear gur ag an bhFrainc atá ceann de na rátaí is ísle ar an aonad aibhléise (kWh) san Eoraip.
aonad unit(s)
" Tá 11 aonad sa chúrsa idirghníomhach agus freagraíonn gach ceann acu don leathanach leis an uimhir chéanna sa *QuickGuide™ Irish Grammar*.
aonad i Státchiste SAM a unit in the US Treasury
" ”* An Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Aisnéis Airgeadais ====================== Ag déanamh cinnte nach mbeidh Poblacht Arabach na Siria in ann na smachtbhannaí a shárú, tá aonad i Státchiste SAM darb ainm Oifig um Sceimhlitheoireacht agus Fhaisnéis Airgeadais a chuireadh ar bun ag tús 2004 i ndiaidh brústocaireachta láidir ó AIPAC.
gcosnaíonn na haonaid chónaithe housing units cost
" Ach leanann rialtas i ndiaidh rialtais mar sin féin le beartais a chuireann brú ar dhaoine lonnú sna cathracha ar mhaithe le buntáisti buiséid gearrthréimhseacha mar go gcosnaíonn na haonaid chónaithe agus an bonneagar i bhfad níos lú airgid ar chistí an stáit.
aonad aistriúcháin a translation unit
" Bhunaigh sé aonad aistriúcháin taobh istigh dá Roinn féin agus an chéad chúram a leag sé ar an aonad ná eagrán athbhreithnithe den chaighdeán a ullmhú.
raibh an t-aonad aistriúcháin le scor the translation unit was to be disbanded
" Tar éis scor an Choiste, bhí ráflaí ag dul thart go raibh an t-aonad aistriúcháin le scor agus a fhoireann le haistriú isteach i Rannóg an Aistriúcháin, agus go raibh an cháipéis a d’ullmhaigh an Coiste le bronnadh ar an Rannóg agus gurbh í a bheadh freagrach as a fhoilsiú (nó gan a fhoilsiú).
ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais by his parents in a family unit in his own country
" Ach cén bhrí atá leis an tsaoránacht ó thaobh an linbh de mura bhfuil ceart aige a bheith tógtha ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais? An tAE ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht ===================== D’fhág breithiúnas na Cúirte Uachtaraí go raibh ar inimircigh nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme imeacht as an tír.
aonad plandála úra new plantation units
" Taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig, cheadaigh coiste slándála Iosrael beartas le 3,000 aonad plandála úra ar thailte na bPalaistíneach.
an t-aonad Ghaeilge the Irish unit
"an t-aonad Ghaeilge a bhíodh ag soláthar clár Ghaeilge in RTÉ scortha.
chartadh le haonaid ECAT flinging their (payloads) at NATO bases
" Má tá an ceart acu, ní fiú dul chun sleanntrach leo, nó dá n-eitlídís céad nó leathchéad ladrann amach as an Tuirc leis an Iaráin ‘a chur ó mhaith’ ní fios dóibh nach dtionfaí san aer iad ina n-éadan féin agus a gcuid diúracán a chartadh le haonaid ECAT nó le cathair Ancara.
dhá aonad airgeadais two financial units
" Ní bheifeá ag caint ar dhá dhlinse, ar dhá aonad airgeadais, ní bheifeá ag caint, mar shampla, ar dhá roinn sláinte.
mar aonad iomlán as a unit
" Níor chóir glacadh leis seo’, ach cuirfear an lipéad ‘gealt’ nó níos measa, ar na daoine seo! “Tá sé doiligh muintir na hÉireann a mhúscailt mar aonad iomlán chun agóidíochta.
Aonad an Gharda the police unit
" D'fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána, Martin Callinan, ina dhiaidh sin gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a deineadh in éadan Uí Lubhlaí sna nóchaidí.
Aonad Forbartha Lárnach a central development unit
" Plean uaillmhianach go maith a bhí ann a mhol go mbunófaí ionaid Ghaeilge i gceantair uirbeacha, go mbunófaí Aonad Forbartha Lárnach le comhordnú a dhéanamh ar an teanga sa státchóras agus go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge.
ceann aonaid unit leader(s)
" Cén fáth go mbeadh muid ag iarraidh ‘na cáipéisí dlíthiúla ar fad’ a bhaineann leis an AE a bheith aistrithe go Gaeilge? Cé léifeadh na cáipéisí céanna? Státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, gan ach codán an-íseal acu inniúil ar an nGaeilge? Postanna do na Gaeilgeoirí sa mBruiséil =============== Maíonn an Conradh go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa ‘103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 ceann aonaid’ breise a earcú le dul ag obair leis an Aontas Eorpach, dá dtabharfaí an stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge, gan aon mhaolú.
dtugtar na haonaid scríbhneoireachta orthu are called writing units
" Gonta go leor, ach tá a lán iontu mar sin féin! Cor nua in oideachas tríú leibhéal na tíre seo is ea forbairt na n-ionad sin a dtugtar na haonaid scríbhneoireachta orthu.
haonaid nua sláinte new health units
" Agus nuair a rinne Róisín Shortall iarracht a chinntiú go mbeadh na haonaid nua sláinte á lonnú sna ceantair ba mhó riachtanais, níor sheas Gilmore léi ach a mhalairt.
Aonad na Gaeilge Irish Language Unit
" An mhí seo: Ciarán Hegarty, Aonad na Gaeilge, an BBC (Béal Feirste).