Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ceapadh mé I was appointed
" Ceapadh mé mar Fheidhmeannach ar an eagraíocht i 1996.
ceaptha appointed
" Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, bhí bainisteoir nua ceaptha ag Bohs.
ceaptha appointed
" Scúpscéal: Scéala díreach faighte ag Balor na Súile Nimhe! Níl seo fiú ag Éamonn Ó Doornail, an t-eagarthóir tirim ar *Beo Ar Éigean:* Cé atá ceaptha ina *Generalissimo* ar Ghall Linn? Cé eile ach an Coileán Calbhach ó Fhoraois na Gaeilge.
a ceapadh who was appointed
" Cá huair a bunaíodh Aonad na Gaeilge agus cé a bhunaigh é? Is mise an chéad léiritheoir Gaeilge a ceapadh ag BBC Thuaisceart Éireann.
nuacheaptha newly-appointed
" An mhí seo caite chuir an tAire Dlí agus Cirt nuacheaptha, Michael McDowell, bille nua Dlí agus Cirt os comhair na Dála.
ceaptha appointed
" Is trua, áfach, nach bhfuil aon duine ó na meáin i measc na saineolaithe atá ceaptha ar an ngrúpa comhairleach.
go gceapfaí duine eile that someone else be appointed
" Tá sé ag éirí tuirseach den taisteal seo agus ba mhaith leis go gceapfaí duine eile mar phríomhfheidhmeannach ar an chomhlacht taobh istigh de bhliain nó de bhliain go leith.
ceaptha appointed
" "Bhíos ceaptha le bheith im léachtóir le Nua-Ghaeilge ach dianmhúinteoireacht a bhí ar bun agam ag leibhéal an cheardteastais.
Ceapadh mé I was appointed
" Cén ról atá agat féin sa Ghaeláras agus cén fhad atá tú sa phost? Ceapadh mé i mí na Samhna 2002 mar Bhainisteoir Scéime le Scéim Tógála Caipitiúla a fhorbairt a bhfuil "Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó" mar chuspóir aici.
ceaptha appointed
" Anois agus Stiúrthóir Iomána, Diarmuid Healy, ceaptha tá dóchas ann go n-ardófar caighdeán agus próifíl na hiomána san Ardchathair.
ceaptha appointed
" Tá céim chróga glactha ag an Uachtarán úr, Carlos Mesa, a bhí ina Leas-Uachtarán roimhe seo: tá rialtas sealadach curtha le chéile aige gan rannpháirtíocht ó na páirtithe móra, agus tá beirt dúchasach i measc na n-airí atá ceaptha aige.
ceapadh é he was appointed
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
nuair a ceapadh Cathal Goan ina eagarthóir when Cathal Goan was appointed editor
" D'athraigh rudaí nuair a ceapadh Cathal Goan ina eagarthóir.
ó athcheapadh Mary Mac since Mary Mac was re-appointed
" Diabhal bealach níos fearr le cur síos a dhéanamh ar na hathruithe seo ná cúpla véarsa a chur le chéile, rud atá déanta thíos ag Balor an Bligeard, go bhfóire Crom orainn! Amhrán beag neamhurchóideach atá ann, murab ionann agus cuid de na hathruithe atá luaite ann - agus cuid eile nach bhfuil! Crochaigí suas é a léitheoirí! (An t-amhrán atá i gceist agam - chan Crom ná Balor fiú!) Níl duine ar bith ag déanamh faic ó athcheapadh Mary Mac.
an Aire Comhshaoil nua-cheaptha the newly-appointed Minister for the Environment
" Is ar an ábhar sin gur chuir an NRA agus Comhairle Contae na Mí achainí faoin leasú ar Acht na Seadchomharthaí Náisiúnta faoi bhráid an Aire Comhshaoil nua-cheaptha, Dick Roche, ar an 20 Samhain 2004.
go n-athcheapfar í that she will be re-appointed
" Tá easpa ban agus oileánach ar an bhord agus seans maith, mar sin, go n-athcheapfar í ar an chéad bhord eile.
príomhfheidmeannach nua-cheaptha newly-appointed chief executive
" Samhlaigh gur tusa príomhfheidmeannach nua-cheaptha Aerfort an Bhaile Bhig, agus go bhfuil tú ag iarraidh seirbhís aerlíne a mhealladh.
cheap seisean he appointed
" Bhí talamh faighte ag John Pagan, úinéir an Hector, thall i Pictou County, agus cheap seisean John Ross as Loch Bhraoin le daoine a fháil leis an bhád a líonadh.
ceaptha appointed
" B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015: “Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann” Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart? Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007: “Logánú gan Rogha” ======= Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh.
agus gur chóir riarthóirí a cheapadh and that administrators should be appointed
" Dúirt Tony Abbott, an tAire Sláinte in Canberra, go raibh cuid mhaith de na pobail dhúchasacha imithe ó smacht ar fad agus gur chóir riarthóirí a cheapadh agus “paternalism” nua a chur i bhfeidhm.
ceapadh é he was appointed
" Chuir Pádraig isteach air, ceapadh é agus chaith sé cúig bliana déag sa phost sin, go dtí an bhliain 2000.
ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach appointed as Chief Executive
" “Cé hé an Fear Dia Mac an Ali seo?” a d’fhiafraigh mé de Bhalor an Scolardach Scolártha, i ndiaidh dom léamh i bpreasráiteas ó Fhoraois na Gaeilge go raibh an fear sin ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach i gcomharbacht ar an fhíor-Joe MacDonagh.
ceaptha sa phost appointed to the post
" Beidh go leor daoine sásta gur Ultach atá ceaptha sa phost, mar gur beag aird a tugadh ar an taobh sin tíre go minic san am a chuaigh thart, agus níor tháinig feabhas ar chúrsaí go dtí gur tháinig an Foras ar an fhód.
ceaptha appointed
" Ní go rómhaith a réitigh cúrsaí leis ansin, áfach, agus i ndiaidh bliana bhí muintir Choileáin ar ais i gCorcaigh agus Seán ceaptha ina Ollamh le Nua-Ghaeilge.
Ceapadh le gairid thú you were recently appointed
" ***Ceapadh le gairid thú mar ******léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
ceaptha appointed
" Trí lá i ndiaidh dom bheith ceaptha ar an Choimisiún, tógadh athbhreithniú breithiúnach i gcoinne mo cheapacháin.
cheap an tIontaobhas, The Trust appointed,
" Ag tús na bliana seo, cheap an tIontaobhas, an t-eagras atá freagrach as maoiniú na ngaelscoileanna ó thuaidh, Réamaí Mathers mar a chéad tiomsaitheoir airgid.
ceaptha go fóill appointed yet
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
ón uair a ceapadh Kevin Rudd from the time Kevin Rudd was appointed
" Cuireadh tús leis an "bhfeachtas bréige" ón uair a ceapadh Kevin Rudd mar cheannaire ar an bhfreasúra - ar a dtugtar an Australian Labor Party (ALP) - i Nollaig na bliana seo caite.
díreach ceaptha just appointed
" Thug baill den chomh-aireacht le fios i dtosach nach raibh i gceist ach tréimhse chneastachta, mar a tharlaíonn go minic agus ceannaire nua díreach ceaptha ag páirtí polaitíochta.
ceapfar Twink mar bhainisteoir Twink will be appointed as manager
" Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó: Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair.
ceapadh é mar chisteoir he was appointed treasurer
" Nuair a d’aistrigh Mícheál Ó Coileáin go Londain sa bhliain 1906, agus é cúig bliana déag d'aois, d'imir sé peil agus iomáint leis na Geraldines agus ceapadh é mar chisteoir ar an chlub sa bhliain 1909.
ceapfar duine someone will be appointed
" Roimh dheireadh na bliana, ceapfar duine mar cheannasaí ar Chomhairle na Breataine, agus ceapfar ceannasaithe contae sna háiteanna seo a leanas: Londain, áit a bhfuil 33 club Hertfordshire, a bhfuil seacht gclub ann Warwickshire, a bhfuil seacht gclub déag ann Yorkshire, a bhfuil sé chlub ann Lancashire, a bhfuil ocht gclub ann Albain, a bhfuil sé chlub inti Tá cuma mhaith ar chúrsaí CLG san am atá romhainn sa Bhreatain! *Is é CLG foilsitheoirí an leabhair *GAA Provincial Council of Britain.
ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain appointed First Minister of Scotland
" Ní luaithe go raibh Alex Salmond ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain ná gur fhógair sé go mbeadh reifreann á ghairm chun an tsreang imleacáin le Sasana a ghearradh.
nuair a ceapadh é when he was appointed
" Thosaigh Kieran ag obair le BBC Thuaisceart Éireann sa bhliain 1983 nuair a ceapadh é mar léiritheoir ar chláracha Gaeilge – an chéad duine riamh a raibh an ról sin aige.
Ceapadh an Seanadóir Stephens Senator Stephens was appointed
" Ceapadh an Seanadóir Stephens ina rúnaí parlaiminte sa rialtas nua.
nuair a ceapadh é when he was appointed
" TrapattoniCuireadh fáilte mhór agus fhairsing roimh Giovanni Trapattoni agus bhí sceitimíní ar dhaoine nuair a ceapadh é mar bhainisteoir nua ar fhoireann sacair na hÉireann.
Ceapadh é he was appointed
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
Ceapadh é ina bhainisteoir he was appointed manager
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán about the way in which the president would be appointed
" (Scoilt idir poblachtaigh – dochreidte!) Tháinig an scoilt seo chun cinn mar go raibh easaontas ann faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán.
ceapadh é mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin he was appointed CEO
" Anuas ar na corparáidí éagsúla fuinnimh ar bhain sé leo, ceapadh é mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Petro-Canada – comhlacht ola ar leis an stát é – sa bhliain 1976.
go gceaptar are appointed
" An féidir a rá go bhfuil sé sin ag tarlúint faoi láthair? Seans gur lig an t-iar-Thaoiseach an cat as an mála san agallamh úd le Bryan Dobson mar is léir i go leor cásanna go gceaptar baill bhoird mar gheall ar a gcairdeas le hAirí Rialtais agus go n-amharctar ar cheapachán mar ghar polaitiúil inar féidir sochar pearsanta nó brabach a bhaint as.
ceapadh was appointed
" Agus nuair a ceapadh Alan Greenspan i 1987 - fear a bhíodh roimhe sin ina stiúrthóir le banc J.
ceapaithe appointed, supposed to
" Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Grossman i 2005 ina leaschathaoirleach ar The Cohen Group, gnólacht stocaireachta bunaithe ag iar-Rúnaí Cosanta Clinton, William Cohen.
ceaptha appointed
" Tá Jindal, mac inimircigh as an Ind, ceaptha le bheith ina iarrthóir d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtaigh in 2012, ach más ea, rinne sé praiseach dá dheis.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh duine nua ag NADC leis an teideal seo gach bliain ó shin i leith.
gceaptar are appointed
" Agus tá go leor ceisteanna faoin chaoi a gceaptar oifigigh shinsireacha do na heagraíochtaí seo.
Ceapadh were appointed
" Ceapadh riarthóirí limistéir agus cumhacht faoi leith acu leis an tionscadal a mhaoirsiú.
ceapadh appointed
" Ó céadtoghadh, nó ó ceapadh, an bord reatha sa bhliain 2005, íocadh nach mór €1.
ceapaithe is appointed
" In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
cheaptar are appointed
" Theastaigh an modh faoina thoghtar is a cheaptar an Bord a leasú.
ceapaithe appointed
" Ba é 2009 an bhliain a tuigeadh go forleathan an fhíric bhunúsach: gur ar mhaithe leis an eagraíocht a chosaint a rialaítear eagraíochtaí ollchumhachtacha agus ní ar mhaithe leis an bpobal ar a mbíonn siad ceapaithe a bheith ag freastal.
ceapadh was appointed
" Bhí alltacht air, áfach, nuair a fuair sé amach go raibh Chaim Herzog (fear a ceapadh ina Uachtarán ar Iosraeil ina dhiaidh sin) ag obair le Lucht Faisnéise Iosrael, agus go raibh onóir sa Ghaeilge faighte aige san Ardteist fad is a d'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre i Sráid Synge! Is fada na cuimhní cinn seo ón chomhcheilg chasta agus an cogar mugar i ndorchlaí cúlráideacha a shamhlaítear le cúrsaí taidhleorachta idirnáisiúnta!
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Éamon Ó Cuív mar Aire Stáit sa Roinn Ealaín, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin tar éis Olltoghcháin 1997 agus cuireadh freagracht na Gaeltachta air.
ceapadh was appointed
" Ag eascairt as an Reachtaíocht sin, ceapadh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga i Feabhra 2004.
baill ceapaithe appointed members
" Seans go mbeadh meascán de dhaoine, tofa agus baill ceapaithe, air.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Maradona ina bhainisteoir ar fhoireann na hAirgintíne i Meán Fómhair na bliana 2008.
ceaptha appointed
" Tá Stiúrthóir ceaptha ar an Rannán ó shin ar thuarastal de idir €97,000 agus €120,000 mar aon le liúntas de €13,000.
Ceapadh é he was appointed
" Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol míleata de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.
cheap appointed
" Coláiste na Máinlianna ======== I Seachtain na Cásca 1916, cheap Connolly Michael Mallin mar Cheannfort i mbun Óglaigh na hÉireann i gColáiste na Máinlianna.
gceapfaí would be appointed
" Mhaígh an tAire Ryan sa Dáil go fiú go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar an hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! Seans gur comhartha ab ea é sin ar a laghad machnaimh nó dáiríreachta a bhain leis an cheist ón tús.
ceapadh was appointed
" I 1973, agus é fós ag imirt le Leeds United, ceapadh Giles ina bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, cinneadh a léirigh go grinn an t-ardmheas a bhí ag lucht sacair, idir imreoirí agus lucht riaracháin, air.
ceapadh was appointed
" Naomh Lorcán Ó Tuathail cuirim i gcás, a ceapadh ina ardeaspaig ar Dheoise Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1162.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Weir uachtarán anuraidh ar *Council for the National Interest,* foras a thacaíonn le *“Middle East policies that serve the American national interest.
Ceapadh were appointed
" Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, dá bhrí sin.
ceaptha appointed
" D’fhógair an Príomh-Aire, Julia Gillard, ar 26 Eanáir go raibh Simon McKeon ceaptha mar Astrálach na Bliana i mbliana.
ceapadh was appointed
" Caithfidh mé a rá gur chuireas féin dóchas ann chomh maith nuair a ceapadh é i 1997 mar Aire Sóisearach le freagracht na Gaeltachta/Gaeilge.
ceapadh é he was appointed
" Bhí Natan Sharansky, iar-aire stáit Iosrael, ina cheannaire ar an Institiúid go dtí gur ceapadh é mar chathaoirleach ar an *Jewish Agency* i 2009.
ceapadh é he was appointed
" 
Theip air suíochán a bhaint in olltoghcháin 1969 agus 1973 ach shuigh sé sa Seanad idir 1973 agus 1977 nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chloígh sé le hobair inmheánach an pháirtí.
ceapadh was appointed
" Maidir le moltaí na meithle, ceapadh Stiúrthóir Iomána go luath tar éis gur glacadh leis an treoirphlean.
Ainmníodh was appointed
" Iomlánú an duine – nach sin bun agus barr an oideachais? Ainmníodh Cearbhall Ó Dálaigh mar uachtarán sa bhliain 1974, tar éis do Erskine Childers bás a fháil, de thaom croí, gan ach bliain go leith dá théarma curtha isteach aige.
cheapadh appointed
" “Tá muintir na hÉireann i ndiaidh Enda Aoibhinn Aoibhiúil a cheapadh d’aon ghair agus d’aon ghuth mar Ardrí Éireann.
ceapaithe appointed
" Caithfear a rá leo go neamhbhalbh go bhfuil an córas oideachais briste agus gurb eisean atá ceapaithe ag an Rialtas leis an bhfadhb a réiteach.
nuacheaptha newly appointed
" Duine de phríomhphearsana an leabhair is ea Caoimhín Ó Caiside, imreoir de chuid Dhún na nGall, a bhí éirithe as an imirt idirchontae nuair a d’iarr an bainisteoir nuacheaptha, Jim Mag Aonasa, air filleadh ar fhoireann an chontae.
ceapadh was appointed
" Iar-Phríomhfheidhmeannach Ghaeltarra, Cathal Mac Gabhann, a ceapadh mar an chéad Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht úr.
sular ceapadh na baill ainmnithe before the nominated members were appointed
" I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn 'vehemently opposed to the appointment' agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe.
Cheap siad they appointed
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
gceapfaí iarbhreitheamh an ex-judge would be appointed
" Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireach nó ollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe.
ceapadh was appointed
" Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
Ceapadh were appointed
" Ceapadh beirt fhear iomráiteacha ina gcomhchathaoirligh ar an gcoiste: an dlíodóir aitheanta, Mark Leibler, agus an tOllamh Patrick Dodson, ceannaire an mhuintir dhúchais.
cé a cheapfar who shall be appointed
" Sna saolta deireanacha seo má tá feidhm cheart le bheith ag an teach níor mhiste rogha barainneach a dhéanamh faoi cé a cheapfar nó a thoghfar ina gcomhaltaí.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh an fear gnó aithnidiúil, David Gonski, ina chathaoirleach ar an gcoiste agus tugadh an Tuarascáil Gonski ar na moltaí a chuir an coiste faoi bhráid an rialtais.
ceapadh duine a bhfuil taithí fhairsing aige a person of wide ranging experience was appointed
" Tá oiliúint fhada curtha isteach agat in go leor réimsí éagsúla den eagraíocht agus is cinnte go raibh lúcháir orainn uilig gur ceapadh duine a bhfuil taithí fhairsing aige a bheith ag obair ar fud na Gaeltachta don phost is sinsirí san Údarás.
cheap appointed
" Ba as an Ghaill é, agus cheap Pádraig é mar Easpag Ail Finn, mar a bhfuil a ainm le feiceáil ar chorrscoil is áras.
ceapadh was appointed
" Sular ceapadh Jim Mac Géibheannaigh ina bhainisteoir ar fhoireann Shinsearach Thír Chonaill ag deireadh na bliana 2010, b’fhéidir gur cheap sé nach bhfaigheadh sé an post go brách.
ceapadh ina chathaoirleach ar he was appointed chairperson
" I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall d'fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.
ceapadh Coiste Athbhreithnithe a reassessment committee was appointed
" Ullmhaíodh plean don athbhreithniú agus ceapadh Coiste Athbhreithnithe - ionadaithe ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta, ó na hollscoileanna, ón Roinn Oideachais agus ó bhrainsí éagsúla den chóras oideachais, ó na meáin, ó réimsí na foclóireachta agus na téarmaíochta, ó réimsí na foilsitheoireachta, na scríbhneoireachta agus an aistriúcháin.
ag an am ceaptha at the appointed time
" “Teach cineál acadúil a bhí ann - bhíodh obair bhaile le déanamh, rinneadh gach rud ag an am ceaptha.
ceapadh ateangaire a translator was appointed
" Ionchúisíodh an cosantóir arís ar an 11 Bealtaine, 1976, os comhair an Breitheamh Larkin ar an chúis chéanna ach chomh luath is a glaodh an cás, ceapadh ateangaire agus cuireadh faoi mhionn é.
ceapadh was appointed
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
ceaptar Teachtaí Dála a TD is appointed
" Muna bhfuil breall ana-mhór orm, ceaptar Teachtaí Dála thar cheann an phobail d’fhonn castachtaí na polaitíochta a mhíniú do thoghthóirí na tíre seo.
a ceapadh who was appointed
" Éireannach eile atá go mór i mbéal an phobail is ea an tOllamh Patrick Mc Gorry, a ceapadh ina Astrálach na Bliana trí bliana ó shin as a shaothar ceannródaíochta ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Robyn Archer, siamsóir mór le rá, ina stiúrthóir ealaíne ar an gcomóradh anuraidh agus leag sí síos a fís uaillmhianach don bhliain ag an am.
ceapadh a mhac ina bhreitheamh his son was appointed judge
" Anuas air sin, ceapadh a mhac ina bhreitheamh agus toghadh ina fheisire é sa pharlaimint in *New South Wales*.
ceapadh duine nua a new person was appointed
" Mar fhocal scoir, ceapadh duine nua ina Ard-Aighne ar na mallaibh.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh William Lygon, an seachtú hIarla Beauchamp, ina Ghobharnóir ar New South Wales sa bhliain 1899 agus sheol sé teachtaireacht chuig a ghéillsinigh dhílse chun iad a thréaslú as an méid a bhí bainte amach acu taobh istigh de thréimhse ghairid.
nach gceapfar comharba air that no one shall be appointed
" Ó chuaigh an tOllamh Steffan Zimmer ar scor i 2011, tá folúntas ina dhiaidh, agus an baol ann nach gceapfar comharba air.
socraithe decided, appointed
" Níl aon structúr socraithe leis an bpleanáil teanga a stiúrú.
bhí tú le ceapadh you were to be appointed
" ” Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith ceist ar bith a chur seachas “An bhfuil na piontaí ag dul síos go maith?” nó “An bhfuil tú sásta leis an aimsir?” Ach d’éirigh le Balor cúpla cruacheist a chur: **Balor: John, nach fíor gur tharraing tú d’ainm siar nuair a bhí tú le ceapadh mar cheannaire ar an CIA ceithre bliana ó shin mar go raibh ceisteanna á gcur faoi do dhearcadh i leith rácáil cimí, is é sin go ndúirt tú go raibh tú i bhfabhar a leithéid? Nach fíor sin?** Brennan: Ní thuigim an cheist.