Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur eolais ar an cheird getting to know the trade
" Tá a bhformhór sin ag obair le foghlaimeoirí fásta faoi láthair, ag cur eolais ar an cheird.
chun an saol mór a chur ar an eolas to inform the wider population
" Ní bhíonn cead isteach ag iriseoirí chuig cruinnithe den choiste rúnda seo, agus ní eagraítear preasócáidí ina ndiaidh chun an saol mór a chur ar an eolas faoin méid a thit amach iontu.
chun eolas a fháil ar an eagraíocht to learn about the organisation
" Tháinig Dubhghlas de hÍde go Nua-Eabhrac in 1891 chun eolas a fháil ar an eagraíocht agus a ranganna agus bhí Cumann Carad na Gaeilge agus a ranganna cáiliúla mar eiseamláir aige in 1893 nuair a bhunaigh sé Conradh na Gaeilge in Éirinn.
bunaithe ar an eolas is déanaí based on the latest information
" Tá gá le measúnú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar pholasaithe agus ar thorthaí na bpolasaithe, bunaithe ar an eolas is déanaí faoi rannpháirtíocht sa spórt.
bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal the Minister Hanafin herself knew about the situation
" Go deimhin, bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal ó Mheitheamh na bliana 2006 ann.
go gcabhróidh an t-eolas seo ar fad leo that all this information
" Deir Google go gcabhróidh an t-eolas seo ar fad leo seirbhís níos fearr a sholáthar duit, agus dar le taighde ón bhFionlainn a foilsíodh le déanaí (“Web on the move: Landscapes of Mobile Social Media” le Santtu Toivonen) b’fhéidir go bhfuil an ceart acu.
a chosmhuintir a chur ar an eolas to inform the grassroots
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air that there is information available online about it
" Má tá comhairle uait maidir leis an mbealach is fearr le rud ar leith a dhéanamh, is cinnte go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar Google.
Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile I put all the information together
" Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin.
ar an eolas in the know
" Caidé mar a bheadh a fhios agamsa é sin? An síleann daoine gur chóir go mbeinnse ar an eolas faoi gach uile roinn bheag stáit sa tír? Ní dúirt duine ar bith liomsa riamh go raibh Roinn Airgeadais ann; ní raibh mé riamh sa Roinn Airgeadais; ní bhfuair mé dig-out riamh ón Roinn Airgeadais; agus níl a fhios agam cé hé Charlie McCreepy.
Teacht ar an Eolais finding the information
" Teacht ar an Eolais ========== Cuid eile den taighde beag a rinne mé ná cuairt a thabhairt ar láithreáin ghréasáin an Gaelic Players Association, an GPA (nó Cumann na nImreoirí Gaelacha - CIG -), Cumann Lúthchleas Gael (CLG), Cumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU (nó CRÉ) agus an Cumann Peile na hÉireann, an IFA (nó CPÉ) le go bhfeicfinn an raibh eolas le fáil iontu i dtaobh fadhb an ghortaithe.
Cuireann siad ar an eolas sinn they inform us
" Cuireann siad ar an eolas sinn faoi aon chead pleanála ins an chathair agus rachaimid i dteangmháil leis an té atá ag iarraidh cead pleanála agus díolaimid an teanga leis an duine sin.
ar an eolas faoi aware of
" Má bhí an bord ar an eolas faoi na fadhbanna úd agus mura ndeachaigh siad i ngleic leo, ní thiocfadh a rá go raibh sé ag feidhmiú i mbarr a mhaitheasa.
a chur ar an eolas faoin tionscnamh to make aware of the scheme
" Chomh maith leis sin, cuireadh feachtas fógraíochta ar siúl chun an méid duine ba mhó ab fhéidir a chur ar an eolas faoin tionscnamh.
ag coinneáil daoine ar an eolas faoi keep people informed about
" Caithfidh tú a bheith ag coinneáil daoine ar an eolas faoi do thogra.
oiread eolais ar an nGaeidhlig such knowledge of Irish
" Dúirt an t-alt seo go sonrach “sa mhéid gur féidir é” go mbeadh ar Bhreitheamh a cheapfaí i gceantar ina raibh an Ghaeilge á labhairt “oiread eolais ar an nGaeidhlig agus chuirfeadh ar a chumas déanamh in éamais conganta ó fhear teangan agus fianaise a tabhairt sa teangain sin.
ní dhéanann sé aon dochar a bheith ar an eolas it’s no harm to know
" Ach ní dhéanann sé aon dochar a bheith ar an eolas faoi na fadhbanna coitianta a bhíonn bainteach le do charr.
Tú Féin atá ar an Maide Eolais you’re the one steering, on the rudder
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
ar an eolas faoin aware of
" Tá cead ag dreapadóirí tosnú idir 5am agus 7am ach ba léir go raibh achan nduine ar an eolas faoin drochaimsir a bhí á tuar ó mheánlae roimhe sin.
na póilíní a chur ar an eolas faoi of informing the police about
" Is cosúil freisin, ámh, gur ghnách dó na póilíní a chur ar an eolas faoi dhaoine amhrasacha, seachas a bheith ag déanamh iomlán na póilíneachta é féin.
gcuirfí an pobal ar an eolas the public would be notified
" Dúirt an nuachtán go gcuirfí an pobal ar an eolas a luaithe is a bheadh leagan clóite don nuachtán ar fáil arís.
chuirfí na húdaráis ar an eolas the authorities would be informed
" Faoin gcóras isteach / amach chlárófaí go leictreonach sonraí na náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach san AE ar bhonn gearrthéarmach agus chuirfí na húdaráis ar an eolas dá bhfanfaí san Aontas níos faide ná mar ba cheart.
mar gheall ar an easpa eolais seo due to this lack of information
" Níl dáta nó teideal ag dul leis na pictiúir agus mar gheall ar an easpa eolais seo, mar aon leis an chur i láthair drámatúil, tá tréith chóir a bheith bíobalta ag baint leis an saothar.
an-chuid eolais mar gheall ar a lot of information about
" Is fíor nach féidir féachaint ar ghluaiseachtaí nó gothaíochta an duine leis an áis – rudaí a chuireann go mór le tarraingt an duine – ach mar sin féin, tugann grianghraf de dhuine an-chuid eolais mar gheall ar an duine sin agus is féidir cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an méid a fheiceann tú den phearsantacht sa ghrianghraf.
ar an eolas go raibh aware that
" Níl mórán daoine ar an eolas go raibh gluaiseacht cead vótála ó thuaidh agus tá níos lú a bhfuil a fhios acu gur reáchtáil siad feachtas míleata.
ar an eolas knows
" Tá Brian Ó Tiomáin ar an eolas faoi chlár raidió a chraolfar go luath, ar an idirlíon chomh maith, faoi mhac duine den slua oirirc sin a cuireadh chun báis i 1916.
eolas ar an bhfoinse maoinithe knowledge of the financial source
" Más ag santú cúpla cianóg le do thionscnamh féin a chur chun cinn, b’fhéidir go bhfuil eolas ar an bhfoinse maoinithe san alt seo duit le Roseanne Smith.
ar an eolas ar fad te bruite has all the latest news
" Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe.