Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Méadóidh sé ar an mbaol the danger will increase
" Méadóidh sé ar an mbaol go n-ionsófar an tír agus a cuid saoránach.
níl aon bhaol ar na hamhráin the songs are not in danger
" Chomh fada is a dhéantar é sin, níl aon bhaol ar na hamhráin.
Ar bhraith sí riamh go raibh sí i mbaol? Did she ever feel she was in danger?
" Ar bhraith sí riamh go raibh sí i mbaol? “Thosaigh mé ag obair sa Tuaisceart ag deireadh na n-ochtóidí ach ní rabhas ag tuairisciú chomh minic sin ón áit ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
níl baol ar bith there's no danger
" Mar sin, cé nach bhfuil ach 50,000 cainteoir ag an teanga, níl baol ar bith go bhfaighidh sí bás.
baol ar bith any danger
" Ní raibh baol ar bith go raibh fear gnó le suí siar ag breathnú ar an cúlchiste brabaigh á ídiú le gach eagrán.
níl baol ar bith there’s no danger
" Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
Ach ní raibh baol ar bith no way
" Ach ní raibh baol ar bith go dtarlódh sin.
nach bhfuil baol ar bith chomh mífheidhmiúil céanna aren’t nearly as ineffective
" Bíodh sé fíor nó bréagach, ach cuireann a leithéid de chonspóid leis an tuairimíocht go bhfuil eagraíocht atá ag oibriú go mífheidhmiúil ag iarraidh deireadh a chur le heagraíochtaí eile nach bhfuil baol ar bith chomh mífheidhmiúil céanna leis.
nuair nár baol do chearta saoránaigh ar bith when no citizen’s rights were endangered
" Scríobh an Príomh-Bhreitheamh Finlay nár chóir don chúirt cur isteach ar obair an Rialtais anseo ach go háirithe nuair nár baol do chearta saoránaigh ar bith dá gcuirfeadh an Dáil an t-acht i bhfeidhm.
i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol to the aid of an endangered boat
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
ní raibh baol ar bith ann riamh there was no way ever
" I gcás go leor de na daoine a fuair morgáistí le deich mbliana anuas, ní raibh baol ar bith ann riamh go n-íocfaidís ar ais iad.
chuirfeadh baol báis ar dhuine endanger one to dying
" Is iad na sainchomharthaí is coitianta a bhíonn ar na hothair ná: fearg as an ghnách a chuireadh baol an urchair mhillte ar dhuine agus dúlagar domhain a chuirfeadh baol báis ar dhuine.
baol ar bith no chance
" Ach is mór idir ‘easpa fianaise shoiléir’ agus ‘baol ar bith’ agus bíonn scéal na Réamhstaire ag síorathrú.