Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar lorg suaimhnis looking for peace
" MÁNAS: Agus iad ar lorg suaimhnis… DENIS: Suaimhneas.
ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair mining for copper
" Bhí siad ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair a bhí de dhíth ar arm na Stát Aontaithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda.
ar lorg daoine looking for people
" Dar leis, bhí sé ar lorg daoine de chuid phobal na Bahutu a bhí freagrach as an gcinedhdhíothú, nó *génocidaires,* mar a tugadh orthu.
ar lorg diabhlaíochta in search of devilment
" Ansin um thráthnóna, sula n-imíodh muid amach ar lorg diabhlaíochta, shuíodh muid siar uirthi ag amharc ar an ghrian ag dul faoi agus ar na céadta gealbhan ag faoileoireacht os ár gcionn ag ceapadh cuileog.
aisíoc a lorg ar to seek a refund
" Má íocann tú cáin íoc mar a thuillir ÍMAT cláraigh leis an gcóras "féinseirbhís ÍMAT" atá curtha i bhfeidhm acu toisc go mbeidh tú in ann do chúrsaí cánach féin a bhainistiú ar líne ansin - agus aisíoc a lorg ar do chostais leighis srl.
ar lorg seeking
" Tháinig na céadta míle thar muir is thar talamh ar lorg an mhiotail, agus rinneadh cathair de bhaile beag San Francisco thar oíche.
Ar Lorg seeking
" Ar Lorg Ardmhá na Síochána =========== Thosaigh an turas, dar leis an iar-Phríomh-Aire, sular toghadh ar chor ar bith é.
ar lorg seeking
" Le linn don iarratas ar an teideal seo a bheith á ullmhú, rinneadh plé agus díospóireacht an-bhríomhar ar cé acu ar cheart do Dhoire a bheith ar lorg aon teideal a bhain leis an Ríocht Aontaithe.
ar lorg oibre seeking work
" Is dea-chomhartha i gcónaí do thír nuair a thagann fás faoin daonra, cé i gcás na hÉireann, bhí an inimirice comhdhéanta d’Éireannaigh a d’fhill abhaile agus iad siúd as Oirthear na hEorpa a tháinig chugainn ar lorg oibre.
ar lorg cabhrach seeking help
" Deir na Samaritans go gcuirtear glaoch orthu gach 5 soicind ó áit éigin in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe ar lorg cabhrach agus faightear glaoch gach 57 soicind ó dhuine atá ag smaoineamh ar lámh a chur ina bhás féin.
tháinig mé ar loirg choise I found footprints
" Ag leanúint ar aghaidh tháinig mé ar loirg choise sa ghaineamh agus lean mé iad chuig na tithe.
ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar he more than anyone left his mark
" Thar aon duine eile dá chomhghleacaithe peile ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar shaol an phobail ar díobh é.
ar a lorg searching for them
" Tá idir 150 agus 200 duine mar seo, iad uilig le litir acu ón Oifig Roinn an Tuaiscirt, ag cur in iúl dóibh nach bhfuil na póilíní ar a lorg.
d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile the program left its mark then on the village
" Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.
ar meisce ag lorg troda drunk and looking a fight
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
d’fhág lorg a láimhe ar left his mark on
" Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
ag lorg bealach teicneolaíochta thart ar seeking a technological solution to
" Tá Roseanne Smith ag lorg bealach teicneolaíochta thart ar fhadhb ghadaíocht na rothar, grá ár gcroí iad na rothair chéanna.