Pota Focal Intergaelic
borg | log | loig | loirg | long
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht lorgtha na fírinne those in search of truth
" 'Bígí ag cuartú faoina bhun, ach ná bainigí sult as!' a chomhairlíonn Balor do lucht lorgtha na fírinne.
lorg mark
"lorg na nDanar ar an leithinis agus tionchar láidir na Normannach - Le Fireter, Le Hore, de More, de Geraldyn - le brath sna sloinnte, chomh maith le tionchar na Sasanach.
lorg méar salach dirty finger marks
" Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d'éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
ag lorg dídine seeking refuge
" Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
Bhíothas ag lorg láithreora a presenter was being sought
" Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
níl bonn ná lorg uirthi there's no trace of it
" An bhfaca aon duine eochair a' gheafta cúil?" "Bhí muid á cuartach ar maidin ach níl bonn ná lorg uirthi.
a lorgaítear cabhair that help is sought
" Ach na laethanta seo má bhíonn ag teip orthu seo is minic a lorgaítear cabhair ó Ghardaí sa National Bureau of Criminal Investigation.
ag lorg cabhrach looking for help
" Bheadh sé i bhfad níos deacra ag an Rialtas seasamh neodrach a ghlacadh anois, fiú dá mba mhian leo, go háirithe agus seans maith ann go luath go mbeidh siad ag lorg cabhrach ón Teach Bán le brú a chur ar Rialtas na Breataine cuid de na geallúintí a rinne siad i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.
á lorg being sought
" Ardú €43 (ó €107 go €150 sa bhliain) atá á lorg acu.
a lorg their mark
" Beidh áit ar leith ag madraí na sráide anois lena gcos a ardú agus a lorg a fhágáil ina ndiaidh ar phríomhshráid na cathrach.
a lorg their mark
" Mar sin, ar aghaidh leo! D'fhág na coilínigh sin a lorg go daingean ar a n-áit nua cónaithe.
lorg mark
" D'fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.
ag lorg tairscintí looking for tenders
" Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é? Bhí mo dheartháir, Cúán, tar éis filleadh ó Londain thart ar 1995 tar éis dó sé bliana a chaitheamh ag obair mar eagarthóir leis an BBC agus rith an smaoineamh leis comhlacht a bhunú tar éis dó fógra ó TnaG a fheiscint sa pháipéar ag lorg tairscintí ó dhreamanna a raibh suim acu seirbhís dubála a chur ar fáil dóibh.
lorg greamannaí the mark of stitches
" Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
lorgaíodh na heagarthóirí dán uaithi the editors used to look for a poem from her
" Ar chúis an-phraiticiúil a cuireadh a céad iarrachtaí fileata i gcló! Nuair a tosnaíodh ag foilsiú na hirise *Comhar* sna daichidí, bhíodh a lán den obair ar siúl in íoslach theach Mháire i bPáirc Leeson; ó am go ham, dhéantaí botún agus bhíodh bearna orlaí nó mar sin idir altanna, agus lorgaíodh na heagarthóirí dán uaithi leis an mbearna sin a líonadh! Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair? *An tOileánach*: an lámhscríbhinn iomlán curtha in eagar ag Seán Ó Coileáin.
B'in a bhí á lorg agam. That's what I was looking for.
ag lorg dídine looking for asylum
" Dúirt an Rialtas i dtosach nach raibh na Curdaigh ag lorg dídine san Astráil ach ba bhréag é sin.
á lorg being sought
" I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach.
ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil looking for an unusual and interesting subject
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
á lorg looking for them
" Bhí na hoibrithe eile ag teacht isteach agus ag dul amach an lá ar fad, agus go minic bhí sé deacair teacht orthu agus daoine á lorg ar an ghuthán nó go pearsanta.
lorg mark
" "An lorg a fhágann pearsantacht an údair ar a shaothar" an dara gné atá i gceist aigesean (*Litríocht agus Léitheoireacht* (1973), lch 21) ach níl ansin ach cuid de, dearcadh amháin ar an litríocht, cé gur slán an deighilt aige í.
lorg mark
" Tá na heachtraí seo curtha síos do shaighdiúirí in éide an Airm ach, bhí lorg na seirbhísí rúnda le mothú orthu.
atá á lorg agam anois that I'm looking for now
" Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé "ar mo bhealach féin é", mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …! AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach? BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla.
ag lorg dídine seeking asylum
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
lucht lorgtha oibre those seeking work
" Fuair mé léargas an-suimiúil ansin ar shaol an inimircigh - agus mise ó thír atá mar bhall den Aontas Eorpach! Níor mhaith liom a shamhlú cén crá a bhíonn i gceist i gcás lucht lorgtha oibre ó thíortha eile.
ag lorg páirtí looking for a partner
" Is féidir freisin freastal ar *cours de séduction*, mar, cosúil le haon chathair eile, is léir go bhfuil neart daoine ann ag lorg páirtí.
agus shín uaidh a lámh á lorg and he extended his hand looking for it
" Gluais • Glossary slatairea slip ar dhath na mealahoney-coloured lasairflame tochtdeep emotion ó shaol na mbeofrom the world of the living deorantachtaloofness colgrage caidéisinquisitiveness ar a buaicat its highest point go lomghéagachwith bare limbs reoitefrozen leáitemelted carnthaheaped gágacracks saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd cleiteánpainter's brush cuideachtúilsociable leafa gáirefaint smile brí fhiáin na beathathe wild meaning of life amhrasachsuspicious ag bá na dtuamaídrowning the tombs go híoróntaironically go neamhshaoltaethereally í a fháscadhto squeeze her tathagsubstance go duasmántagloomily ní háil léi iad a dhíolshe doesn't want to sell them an dúluachairmidwinter cor tolgachstrong turning movement Fastaím!Nonsense! an chreachthe booty bruth féasóigea fluff of beard sméid sí isteach éshe beckoned him in súimínsip coscairtthaw i ngátarin distress ar foluainfluttering i mbreo samhratain a summer-like glow ciumhaisedge ina sheilbhin his possession agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it rian a choshis footprints
a bhí á lorg acu that they were seeking
" Mar bharr ar an donas, tugtar le fios go raibh ar a laghad beirt sásta bás a fháil in onóir iad siúd a bhásaigh rompu, cé go raibh a fhios go maith acu nach raibh seans faoin spéir go mbainfidís na cúig éileamh a bhí á lorg acu amach.
a lorg its mark
" Is cuma cé acu i bhfábhar nó i gcoinne na hagóide a bhí daoine, níl aon dabht ach gur fhág íobairt an deichniúir a bhásaigh a lorg ar an phobal náisiúnach ó cheann ceann na tíre.
ar lorg suaimhnis looking for peace
" MÁNAS: Agus iad ar lorg suaimhnis… DENIS: Suaimhneas.
ag lorg a leithéid looking for such a thing
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
ag lorg sochair i ndáiríre really looking for benefit
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
ag lorg iarratas looking for applications
" ” Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag lorg iarratas faoi láthair don chéad chúrsa eile Dioplóma i Scileanna Raidió, a bheas ag tosú san fhómhar.
ag lorg sochair i ndáiríre really looking for benefit
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
lorg print
" Bhí lorg a cos sna garranta fós.
lorg print
" Bhí lorg a cos sna garranta fós.
nach raibh á lorg againn that we weren't looking for
" Ach nuair a bhíonn muid ag úsáid ríomhairí agus ag lorg eolais ar an idirlíon is beag deis a bhíonn againn “féachaint timpeall” agus teacht ar aon eolas nach raibh á lorg againn.
a lorgaítear which is sought
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
ag lorg díoltais looking for revenge
" Chuaigh scuainí de bhunadh na Liobáine, más fíor, ag lorg díoltais go gairid tar éis na trioblóide i gCronulla.
nach raibh á lorg againn that we weren't looking for
" Ach nuair a bhíonn muid ag úsáid ríomhairí agus ag lorg eolais ar an idirlíon is beag deis a bhíonn againn “féachaint timpeall” agus teacht ar aon eolas nach raibh á lorg againn.
a lorgaítear which is sought
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
lorg mark
" Fear eile a d’fhág a lorg ar chúrsaí CLG, sa pheil ach go háirithe, ab ea an Corcaíoch Dinny Allen.
bhíothas ag lorg cóipe a copy was being sought
" Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas.
ag lorg áiseanna ilmheán looking for multimedia resources
" Más féidir leat teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh, tá na scileanna agat chun blag a fhoilsiú! Léiríonn an lucht leanúna díograiseach atá ag An tImeall go bhfuil a lán daoine le Gaeilge timpeall an domhain ag lorg áiseanna ilmheán chun cabhrú leo an teanga a chleachtadh.
ag lorg cúitimh seeking compensation
" Níl dabht ar bith ann ach go bhféadfadh go mbeadh feidhmeannaigh de chuid na Ranna is na nOifigí Stáit nár tugadh marcanna breise dóibh ag cur an dlí orthu agus ag lorg cúitimh mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu.
ag lorg áiseanna ilmheán looking for multimedia resources
" Más féidir leat teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh, tá na scileanna agat chun blag a fhoilsiú! Léiríonn an lucht leanúna díograiseach atá ag An tImeall go bhfuil a lán daoine le Gaeilge timpeall an domhain ag lorg áiseanna ilmheán chun cabhrú leo an teanga a chleachtadh.
ag lorg tairiscintí seeking tenders
" Sna seachtainí beaga romhainn amach fógrófar go poiblí go mbeifear ag lorg tairiscintí don chonradh le hoifigí a thógáil ar an Muileann gCearr, i bPort Laoise agus i gCeatharlach.
ag lorg tearmainn looking for refuge
" Chuaigh muintir Ross sa tóir orthu, agus chuaigh muintir Mackay ag lorg tearmainn sa lusca.
ag lorg dídine looking for refuge
" Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.
go mbeifeá á lorg that you'd be looking for it
" Agus nílim á rá go mbeifeá á lorg ach go mbeadh sé ag soláthar i gcónaí ar chuma éigin.
ag lorg eolais fá dtaobh díomsa looking for information about me
" Ba é an bharúil a bhí aige ná go raibh na póilíní ag lorg eolais fá dtaobh díomsa, ní faoi na dílseoirí, agus go mbeadh sé níb fhearr gan iad a ligean isteach i mo theach.
ag lorg eitleán mór nua looking for a big new aeroplane
" Agus nach cinnte go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán mór nua dá gcuid bealaí is gnóthaí? Bhuel, ní mar a shíltear a bítear.
loirg traces
" Nochtadh loirg den tréimhse sin i rith na tochailte.
ag lorg oibre looking for work
" ” Nuair a d’fhág Natasha an coláiste ag deireadh na n-ochtóidí bhí an meathlú geilleagrach go dona in Éirinn agus bhí suas le 70,000 duine ag dul thar lear go bliantúil ag lorg oibre.
ag lorg tairiscintí looking for tenders
" Cuir i gcás dá mbeadh leithéidí Fhoras na Gaeilge ag lorg tairiscintí le haghaidh conartha le hiris Ghaeilge a fhoilsiú, ba cheart go mbeadh sé soiléir go gcuirfí fáilte faoi leith roimh iarratais ó Ghaeltacht Thír Chonaill nó ó Chiarraí.
ag lorg chomharthaí dóchais looking for signs of hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
ag lorg aitheantais agus cúitimh seeking recognition and compensation
" Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.
ag lorg cearta sibhialta agus aitheantais, looking for civil rights and recognition,
" Ach de réir mar a thosaigh an Ainu ag lorg cearta sibhialta agus aitheantais, thosaigh na scoláirí ag tabhairt faoi deara go raibh an teanga fós beo – í go mór i mbaol a báis ach beo.
ag lorg ceol Gaelach looking for Irish music
" Dhein mé iarracht gig a eagrú dó i Malaga blianta ó shin – bhí pub Éireannach ag cara liom ann, The Dubliner nó ainm éigin mar sin, agus bhí sé ag lorg ceol Gaelach do Lá Fhéile Pádraig, tá a fhios agat an saghas ruda.
ag lorg faoisimh is sóláis. looking for relief and solace.
" Gach nóta ag lorg faoisimh is sóláis.
ag lorg síochána san Iaráic looking for peace in Iraq
" Agus, don domhan, nílim ach ag lorg síochána san Iaráic agus an Chraobh Iománaíochta do Bhaile Átha Cliath.
ag lorg dídine. looking for shelter.
" Trasna an bhóthair, faoi bháisteach bhog, bhí Ardeaglais Naomh Eoin le feiceáil, agus cúpla bloc níos faide uainn síos an tsráid teach "leath bealaigh" dóibh siúd a bhí díreach tagtha amach ón phríosún agus ag lorg dídine.
ag lorg treoracha, looking for directions,
" Shíl mé go raibh an tiománaí ag lorg treoracha, agus shiúlas i dtreo an chairr.
lorgaí miotail metal sticks
" Rinne leaid amháin damhsa bríomhar le lorgaí miotail agus lasracha ar an dá fhoirceann.
ag lorg amhrán, looking for songs,
" Ach nuair a thosaigh an Bothy Band agus nuair a bhí Tríona ag lorg amhrán, ag an phointe sin dúirt m’athair, ‘Gabh suas chuig Neilí go bhfeice tú - tá neart amhrán ag Neilí.
a lorg a fhágáil to leave his mark
" ” Canann sé amhrán; canann Bríde chomh maith; deir Herward, dlúthchara Ger, sliocht as an *Book of Invasions* – tuigim anois crógacht Ger – é i gcónaí ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an domhan trí mheán na healaíne, trí fhilíocht, ceol nó snoíodóireacht.
ag lorg airde looking for attention
" Níos déanaí dúradh liom go raibh an slua lasmuigh ag breathnú ar éinín beag ar bharr na heaglaise, ag pleidhcíocht, ag poc-léimnigh, ag lorg airde mar a bheadh Ger.
lorg doiléir an airgid fholachasaigh the vague trail of the hidden money
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
ag lorg ceada looking for permission
" Ag deireadh an chluiche tháinig siad trasna chugainn, ag lorg ceada chun Liam a thabhairt chuig an ionad traenála atá acu.
lorg na Gaeilge the mark of the Irish language
" Is leabhar i mBéarla é seo faoin Ghaeilge agus leabhar ina gcíorann Cassidy lorg na Gaeilge ar Bhéarla na Stát Aontaithe.
lorg mark
" Bhí lorg an iolair mhara ar 35 de na huain mharbha, ach meastar go raibh leath acu sin marbh sula ndeachaigh na hiolair in aice leo.
ag lorg béile. looking for a meal.
" Bhuaileamar isteach in óstán agus muid ag lorg béile.
ag lorg seifteanna looking for ways
" Bhíomar ag lorg seifteanna le poiblíocht a fháil don albam úr, *Gamblers’ Ballet*, a bhí á eisiúint againn.
ag lorg áiseanna looking for multi-media resources
" Deir Diarmaid Mac Mathúna, léiritheoir/stiúrthóir i réimse na heolaíochta, in *Beo!* i 2006 go léiríonn an lucht leanúna díograiseach atá ag suíomhanna blagadóireachta ar nós An tImeall go bhfuil: a lán daoine le Gaeilge timpeall an domhain ag lorg áiseanna ilmheán chun cabhrú leo an teanga a chleachtadh.
lorg a láimhe his imprint
" Maireann lorg a láimhe ní hamháin sa chartlann fuaime agus físe a choimisiúnaigh sé ach, níos tábhachtaí fós, i misean Gael Linn, an t-eagras a chomhbhunaigh sé agus lenar chaith sé a shaol oibre.
á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair being sought by the people of Gaoth Dobhair
" Bhí suim faoi leith aige sa ghaelscolaíocht agus rinne sé abhcóideacht éifeachtach ar a son nuair ba ghá, mar shampla, nuair a dúnadh bunscoileanna i Rann na Feirste agus i nDún Chaoin, nuair a bhí scolaíocht dara leibhéal á lorg ag muintir Ghaoth Dobhair agus ag muintir Ros Dumhach agus, arís eile, nuair a bhí muintir Bhaile Munna ag iarraidh gaelscoil a bhunú.
sula lorgaíonn tú an scian before you look for the knife
" Fan, sula lorgaíonn tú an scian chun deireadh a chur leat féin.
ag lorg poist. looking for a job
" Ach tá míbhuntáistí ann freisin agus tá ráflaí ann go mbíonn fostóirí ag breathnú ar na suíomhanna sin nuair a fhaigheann siad CV chun féachaint go díreach cé chomh bríomhar is atá saol sóisialta daoine atá ag lorg poist.
ag lorg stádais mar dhídeanaí, looking for status as a refugee
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
ag lorg faoisimh looking for relief
" Sa dán seo, tá Ó Direáin ag lorg faoisimh – tá sé ag iarraidh a bheith ar ais ar an oileán as ar tháinig sé.
an té atá á lorg agat the person for whom you're looking
" Is féidir leat an té atá á lorg agat a roghnú ón liosta.
is féidir brabhsáil thart timpeall an ábhair atá á lorg agat you can browse around the material you're looking for
" **Suíomhanna gaolmhara**Ní hionann Quintura agus KartOO ó thaobh leagan amach de, ach arís, agus Quintura á úsáid agat, is féidir brabhsáil thart timpeall an ábhair atá á lorg agat agus aimseoidh tú suíomhanna agus eochairfhocail atá bainteach leis an ábhar sin go tapa.
ag lorg faoisimh nó maithiúnais. looking for relief or forgiveness
" Is mian leis go mbeidh an t-amhrán mar a bheadh peacach ag teith – é ag saothrú anála, allas ag sileadh go trom uaidh, é ag lorg faoisimh nó maithiúnais.
ag lorg aisteora looking for an actor
" Bhí Orlaith Rafter ann ag an am céanna agus thug sise m’ainm do dhuine a bhí ag lorg aisteora do pháirt i ndráma i gCorcaigh darbh ainm ‘This Ebony Bird’ (le Micheál Lovett) agus fuair mise an pháirt.
ag lorg cúitimh looking for compensation
" Agus, mar aon le roinnt *iwi* eile, tá na *Tūhoe* ag lorg cúitimh ó Bhinse Fiosraithe Waitangi as an díshealbhú sin.
níl drogall air poiblíocht a lorg. he's not afraid to seek publicity.
" Tá a aghaidh clúdaithe le *moko* (tatúnna traidisiúnta) agus níl drogall air poiblíocht a lorg.
ag lorg díoltais looking for revenge
" Níor labhair sé faoi chúrsaí polaitíochta mórán, ach bhí imní air go mbeadh cuid de na Caitlicigh ag lorg díoltais mar gheall ar an mhéid ionsaithe a bhí na dílseoirí a dhéanamh orthu faoin am sin.
ag lorg aistriúcháin looking for a translation
" Bhíos ag lorg aistriúcháin ar na liricí uaidh.
ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair mining for copper
" Bhí siad ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair a bhí de dhíth ar arm na Stát Aontaithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda.
ag lorg spraoi looking for fun
" ”Bob Burke, múinteoir Gaeilge, Washington State agus Portland, Oregon“Bhíodh Seán i gcónaí ag lorg spraoi – ba bhreá leis damhsa, ceol agus a bheith ag insint scéalta.
ag lorg soiléireachta éigin looking for some clarity
" 1-35); nó go dtéitear ag lorg soiléireachta éigin sa leagan comhdhlúite de na Conarthaí Éagsúla Eorpacha mar a leasaítear iad i gConradh Liospóin (foilsithe ag an Institiúid ar Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ina bhfuil 346 leathanach).
ar lorg daoine looking for people
" Dar leis, bhí sé ar lorg daoine de chuid phobal na Bahutu a bhí freagrach as an gcinedhdhíothú, nó *génocidaires,* mar a tugadh orthu.
ag lorg carbhait dó féin looking for a tie for himself
" Tharla go raibh sé amuigh sa cheantar céanna ag lorg carbhait dó féin nuair a tháinig sé ar shiopa ina raibh cuimhneacháin agus *bric-a-brac* ar díol agus thosaigh sé a chaint leis na húinéirí faoi chúrsaí ealaíne.
ag lorg comhairle looking for advice
" Séadchomhartha náisiúnta Lios na gCat is ea an Cillín úd agus deirtear linn go mbíodh Naomh Pádraig na nÉireannach ag lorg comhairle ó Naomh *Cait*ríona sa tseanaimsir.
lorg carbóin carbon footprint
" In ainneoin gur thosaigh sé ag plé le cúrsaí comhshaoil sna seachtóidí, níor éirigh sé riamh as an tionscal is mó a bhfuil lorg carbóin déanta aige.
ar lorg diabhlaíochta in search of devilment
" Ansin um thráthnóna, sula n-imíodh muid amach ar lorg diabhlaíochta, shuíodh muid siar uirthi ag amharc ar an ghrian ag dul faoi agus ar na céadta gealbhan ag faoileoireacht os ár gcionn ag ceapadh cuileog.
ag lorg tacaíochta looking for support
" Tá an suíomh idirlín beo anois le cúpla seachtain anuas agus tá Mark ag lorg tacaíochta uainn.
aisíoc a lorg ar to seek a refund
" Má íocann tú cáin íoc mar a thuillir ÍMAT cláraigh leis an gcóras "féinseirbhís ÍMAT" atá curtha i bhfeidhm acu toisc go mbeidh tú in ann do chúrsaí cánach féin a bhainistiú ar líne ansin - agus aisíoc a lorg ar do chostais leighis srl.
lorg a mboise their palm print
" Suimiúil go leor, i measc na ndaoine a chuidigh go deonach agus a d’fhág lorg a mboise ar an bhalla, bhí iarphríosúnach, bean a bhí sna 90í agus bhí leanbh nach raibh ach trí lá d’aois.
lorg stádais speisialta seeking special status
" Bhí a stailc ocrais (agus na cinn a tháinig ina dhiaidh) mar chuid d’fheachtas poblachtach a bhí ag lorg stádais speisialta mar phríosúnaigh chogaidh ó rialtas na Breataine do na cimí.