D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus
chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime!
Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.