Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an lámh in uachtar ar the upper hand on
" Sna toghcháin dheireanacha, chóir a bheith go bhfuair John Hume an lámh in uachtar ar Ian Paisley.
ar dhath an uachtair cream-coloured
" Tá leacáin dhearga ar na díonta, tá na ballaí ar dhath an uachtair, agus tá duirleoga faoi do chosa.
an lámh in uachtar a fháil ar an UUP to gain the upper hand on the UUP
" D'éirigh leis an DUP an lámh in uachtar a fháil ar an UUP agus is iad atá ag labhairt anois thar ceann an phobail aontachtaí.
ar an tseilf uachtair on the top shelf
" Tá seastán oíche díreach in aice na leapa, tá leabhair ar an tseilf uachtair agus steirió ar an cheann íochtair.
an lámh in uachtar a fháil ar an ól to get the better of the drink
" D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
fuair sé an lámh in uachtar ar he won against
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
an lámh in uachtar a fháil ar to overcome
" Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.
an lámh in uachtar a fháil ar to overcome
" Chuaigh sé rite le Katie an lámh in uachtar a fháil ar an Rúiseach agus bhí an toradh éiginnte ag an deireadh.
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar the joy I get from them overcomes
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile trying to best each other
" Ní maith liom go bhfuil daoine, saghas ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile.
an lámh in uachtar a fháil ar an olc overcome evil
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
in uachtar ar an mbileog at the top of the page
" É leagtha ar bhord, fráma air, é scríofa go slachtmhar, agus an scríbhinn seo a leanas in uachtar ar an mbileog: do Chór na bhFear, Blaenporth (Ceredigion) ó Chór Fear na nDéise, an 26ú Mí na Samhna 2013.
an lámh in uachtar ar (got) the better of
" Seo an léamh a baineadh as an scéal: fuair an córas liobrálach caipitlíoch an lámh in uachtar ar an chóras chumannach.
an lámh in uachtar ar an dóchas gets the better of hope
" Is fíor go bhfuil díomá orainn, ach má fhaigheann an tsoiniciúlacht an lámh in uachtar ar an dóchas, beidh deireadh linn ar fad.
Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir our dreary world, the vale of tears, overcame the writer
" Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid.