Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ardú meanman a great boost
" Measann sí gur ardú meanman é seo do na daoine atá ag seinm na stíle sin le blianta fada.
ardú suntasach a noticeable increase
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
Thug fear eile ardú meanman dúinn Another man raised our spirits
" Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: "Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge.
nach n-ardófaí na caighdeáin that the standards wouldn't be raised
" Mhaígh siad go mbeadh na hathruithe a bhíothas ag cur i gcrích ina míbhuntáiste acusan, go mbeadh an córas i gcoitinne thíos leis, nach n-ardófaí na caighdeáin, agus go mbeadh nithe níos casta ná riamh do na daltaí agus do na múinteoirí.
an teacht isteach atá acu a ardú to increase their income
" An gcuirfidh na hathruithe atá ag tarlú dá mbarr isteach ar zamano? "Tá na comhlachtaí móra sin ag iarraidh an teacht isteach atá acu a ardú.
ardaithe increased
" Ach is é an dea-scéala ná go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceantracha faoi leith - deisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath mar shampla - ardaithe ó 11% go 20%.
ardú céime promotion
" Thug cuid de na múinteoirí i Sasana faoi deara an treo a raibh an ghaoth ag séideadh blianta ó shin agus léim siad ar an *bandwagon* chun ardú céime agus tuilleadh airgid agus cumhachta a fháil dóibh féin.
ardú meanman raising of spirits
" Taobh amuigh d'ardú meanman agus spreagadh a thabhairt do dhaoine, mórtas cine agus féinmheas a spreagadh iontu, tá lucht an CLG ag íoc cánach go díreach de bharr a rannpháirtíochta sa Chumann.
lem' chroí a ardú to lift my heart
" Is albam é seo a sheinnfidh mé go minic dom féin lem' chroí a ardú.
ardú meanman raising of spirits
" "Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
a chuirfeadh ardú meanman that would raise your spirits
" Bhí radharc den chineál céanna le feiceáil ar fud na Gaeltachta thiar, ó Bhearna go Carna mar a deir siad, ar feadh an tsamhraidh, radharc a chuirfeadh ardú meanman agus gliondar croí ar dhuine ar bith gur mór leis na cluichí Gaelacha.
a gheobhadh ardú céime who would be promoted
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
ardaíonn a malaí she raises her eyebrows
" Breathnaíonn bean an óstáin orainn agus ardaíonn a malaí.
ardú céime promotion
" Thug sé le fios i ndiúscairt a cuireadh faoi bhráid an phobail an mhí seo caite go raibh a fhios aige go raibh gearáin déanta faoin sagart mícháiliúil sin, an tAthair Paul Shanley, ach gur thug sé ardú céime dó mar sin féin.
ardú pá pay rise
" Ardaíodh cánacha, gearradh siar ar sheirbhísí agus ba bheag airgead a bhí ar fáil leis na sráideanna a ghlanadh agus le dídean a thabhairt dóibh siúd a bhí gan áit chónaithe, gan trácht ar ardú pá a thabhairt d'oibrithe na cathrach.
ardú pá pay rise
" B'éigean dom a lán ama a chaitheamh ar achomharc chuig an phríomhoide agus sa deireadh, tar éis éisteachta fada, foirmiúla, fuair mé an t-ardú pá.
lena gcos a ardú to lift their leg
" Beidh áit ar leith ag madraí na sráide anois lena gcos a ardú agus a lorg a fhágáil ina ndiaidh ar phríomhshráid na cathrach.
ardú tuarastail salary increase
" Ní hea! Ní bhfuair sé ardú tuarastail! Is ar éigean a fhaigheann sé tuarastal ar bith ón eagarthóir, Ó Doornail, gan trácht ar ardú.
ardú céime promotion
" Go bunúsach, séard atá uathu ná struchtúr éigin a thabharfas deis níos fearr dóibh ardú céime a bhaint amach.
próifil na heagraíochta a ardú to raise the profile of the organization
" Glacfaidh sé am próifil na heagraíochta a ardú agus tá sé seo thar a bheith deacair gan buiséad margaíochta.
a gcaighdeán a ardú to increase their standard
" Is faoi na contaetha eile atá sé a gcuid iarrachtaí a mhéadú agus a gcaighdeán a ardú.
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit that you were ever refused a job/promotion
" "Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
ardófar na táillí go mór the charges will be greatly increased
" Má ghlactar leis na moltaí, ardófar na táillí go mór agus cuirfear leis an mbrú síoraí i dtreo na spéire atá ar phraghas na dtithe.
ardófar an táille seirbhíse the service charge will be increased
" Ardú sa táille seirbhíse ======= De réir na scéime atá molta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ardófar an táille seirbhíse ó €6,100 go €7,800 i gcás tithe nua i dTuaim, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riabhach, Gort, Uachtar Ard agus bailte eile sa gcontae.
ag ardú rising
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
ardú céime promotion
" Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí ardú céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.
cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh count the frequency with which players pick up the ball off the ground
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin and that the value of the horse would rise as a result
" Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
ardú increase
" Bítear ag caint ar ardú 5 chéim sa meánteocht thar thréimhse céad bliain, mar shampla, agus ardú de mhéadar (nó níos lú ná sin) i meánleibhéal na farraige.
an t-ardú tubaisteach the disastrous increase
" An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe as the inflation rate increases
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
ag ardú de shíor forever rising
" Bhíodh na costaisí ag ardú de shíor ó thaobh na teilifíse de.
a d'ardaíodh mo chroí which used to lift my heart
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
ardú díreach ón talamh lifting directly from the ground
" Aontaím gur cóir triail a bhaint as an ardú díreach ón talamh ach sílim nár chóir go mbeadh cead dhá lámh a leagan ar an liathróid agus í ar an talamh.
á n-ardú being raised
" Níl na laincisí sin orthu a thuilleadh, áfach, agus tá ceisteanna á n-ardú go flúirseach acu anois.
hardú céime promotion
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
hardú céime promotion
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
ardú céime promotion
" Ní hamháin nár cuireadh pionós riamh ar aon duine de na Gardaí a bhí páirteach san eachtra scannalach seo, ach tugadh ardú céime do go leor acu, an bleachtaire Shelly ina measc.
ardú as cuimse a great increase
" Tá dochtúirí áirithe den tuairim go dtiocfaidh ardú as cuimse ar líon na gcásanna MRSA sa tír seo má chuirtear moltaí Hanley i leith athstruchtúrú an chóras leighis i bhfeidhm.
ardú meanman raising of spirits
" ardú meanman ======= Bhí imeachtaí eile ar siúl i mbliana a chuidigh leis an ardú meanman i measc mhuintir na hiomána.
ardú céime promotion
" Ní raibh a fhios agam cad é a bhí i ndán dom i McConnell’s agus bhí a fhios agam gur deis iontach é seo le léim isteach i rud agus ardú céime a fháil go tapa, chomh maith le taithí iontach a fháil nach bhféadfaí a fháil áit ar bith eile.
ardú increase
" Ach an mbeidh sé sásta dul i ngleic le híomhá nua Fhine Gael agus dúshlán Enda Kenny a thabhairt, seachas seasamh siar agus glacadh leis na hionsaithe mar gheall ar chur amú airgid, an córas sláinte agus an t-ardú sa choireacht? Tuigeann Bertie go bhfuil páirtí an Lucht Oibre lag faoi cheannaireacht Pat Rabbitte agus gur fearr an seans atá aige i mbliana ná fanacht go Bealtaine na bliana 2007.
ardú céime promotion
" Thug Terry Ashurst, príomhoide Doncaster College, ardú céime dá bhean, Nina Regan; nuair a chuaigh sí go dtí an coláiste ar dtús, bhí sí ag obair mar rúnaí ag Ashurst ach ceapadh mar cheannasaí na rannóige pearsanrsa í sa deireadh agus tugadh bóthar do John Giddens, rúnaí NATFHE , fear a raibh naoi mbliana déag caite aige ag obair sa choláiste (*Guardian,* 17 Feabhra 1998).
stádas ealaíontóra a ardú to raise the status of an artist
" Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós Ghiberti, Michelangelo, Donatello, Masaccio, Piero della Francesco, Botticelli, Uccello agus Leonardo da Vinci chun cinn faoina gcoimirce agus, ar an dea-uair do chuairteoirí, tá an saothar álainn a d’fhág réaltaí móra seo na hAthbheochana ina ndiaidh le feiceáil go fairsing i ndánlanna agus in eaglaisí ar fud na cathrach.
á n-ardú being raised
" Fiú murar aontaigh sé leis na fir, ba cheart dó a rá, ‘Tá ceisteanna tábhachtacha maidir le polasaí náisiúnta na hÉireann á n-ardú ag na daoine seo.
d’ardú céime inmheánach for internal promotion
" nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach.
gur diúltaíodh ardú céime that promotion was refused
" Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt! Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
á ardú being raised
" Tá glór amháin á ardú a aithníonn an dá thréith sin den Ord agus, an rud is annamh is iontach, baineann an glór sin le ball de chuid an Oird féin.
ardú suntasach noticeable increase
" Tuigeann sé gur gá dó ardú suntasach a dhéanamh ar an mothúchán-mhéadar.
á ardú go caithréimeach being raised triumphantly
" Tá lucht leanta na hiomána i mBaile Átha Cliath ag tnúth agus ag súil leis an lá le fada go bhfeicfidh siad Craobh Iomána na hÉireann gnóite ag foireann na hardchathrach agus Corn Liam Mhic Cárthaigh á ardú go caithréimeach ag captaen na *Dubs*.
ardú suntasach noticeable increase
"ardú suntasach le feiceáil i líon na nEaspáinneach i Meiriceá le corradh is scór bliain anuas.
ag ardú ar an taoide rising on the tide
" Ghairm Donogh O’Malley an Scéim Saor-Oideachais Iar-bhunscoile i 1966, agus bhí an chuma ar chúrsaí ná mbeadh lá gann arís ag éinne, anois go raibh “báid uilig Lemass ag ardú ar an taoide”.
á n-ardú in aghaidh an lae being raised by the day
" Le Ben Dunne ag caint ar bhronntanais airgid sa bhreis ar an milliún punt a thug sé do Haughey sna hochtóidí, agus ceisteanna míchompordacha eile á n-ardú in aghaidh an lae ina choinne, ar deireadh ní raibh aon áit fágtha ag Haughey le dul i bhfolach.
an t-ardú misnigh the raising of spirits
" Sílim go bhfuil an t-ardú misnigh a thugann rud mar TG4 do phobal beag an-tábhachtach.
go n-ardófaí é sin that that would be increased
" ” Tá sciar 3% den lucht féachana ag TG4 agus deir Ó Ciardha gur leagadh síos sprioc tamall de bhlianta ó shin go n-ardófaí é sin go 5%.
caighdeán na Gaeilge a ardú to raise the standard of Irish
" I láthair na huaire, tá muid ag iarraidh caighdeán na Gaeilge a ardú sna coláistí agus sna clubanna.
go n-ardófaí an pinsean ranníocach that the contributory pension be increased
" Tá pinsean réasúnta maith acu fosta agus fógraíodh le gairid go raibh an tAire Airgeadais, Brian Cowen, sásta glacadh le moladh an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Seamus Brennan, go n-ardófaí an pinsean ranníocach sa Cháinaisnéis an mhí seo ó €193 sa tseachtain go timpeall €208 sa tseachtain.
ardú increase
" Má leanann muid mar atá, tiocfaidh ardú 2-3 céim Celsius ar theocht an domhain laistigh de leathchéad bliain.
dá n-ardódh an teocht if the temperature were to increase
" Bheadh baol tholgadh maláire, mar shampla, ar 60 milliún duine san Afraic dá dtiocfadh ardú 2ºC ar an teocht agus chaillfí trí mhilliún duine breise de bharr easpa cothaithe dá n-ardódh an teocht trí chéim.
ardaithe go mór greatly increased
" Tá a gcuid praghsanna ardaithe go mór ag Iarnród Éireann ó foilsíodh an tuarascáil.
a ardaítear praghas na dí that the price of drink is increased
" Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú.
a ardú to increase
" Tá móramh Howard ag sleamhnú sa suíochán sin agus dá n-éireodh le McKew an vóta a bhí acu go deireanach a ardú 4.
ardaithe increased
" **Pionós seachas athinniúlú**Is de bharr drugaí atá líon na bpríosúnach i Meiriceá ardaithe ó thús na seachtóidí i leith, ach le fás na bpríosún i Meiriceá tá na dálaí i bhfad níos measa anois ná cheana, agus tá dearcadh na ndaoine i leith na bpríosún athraithe freisin.
Tosaíonn an cosán ag ardú the path begins to rise
" Tosaíonn an cosán ag ardú i dtreo **Alto del Perdón **(Ard an Mhaithiúnais), mám atá beagnach 800 méadar os cionn leibhéal na farraige.
ardú meanman raising of spirits
" Nach gcuireann sé ardú meanman i gcónaí orainn gar a dhéanamh do bhráthair? É tugtha faoi deara agam nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach ná gar a dhéanamh do chomharsa i ngátar.
ag ardú increasing
" Mar bharr ar an mí-ádh, i rith sheachtain an phléasctha, d’fhógair an comhlacht iompair phoiblí go mbeadh táillí ag ardú 10%, agus ag ardú arís gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
spreagadh agus ardú meanman encouragement and raising of spirits
" Saothar, go díreach, a thabharfadh aitheantas dearfach do Learpholl mar ardchathair chultúrtha na hEorpa agus spreagadh agus ardú meanman dá mhuintir.
dá n-ardódh leibhéal an uisce if the water level rose
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
ardaithe elevated
" Sin léiriú ar chumhacht an mhiotais – gur féidir le fear a bhí ina chiontóir a bheith ardaithe go stádas an laoich.
ardú increase
" Agus ardú tagtha ar phraghas na hola ar bhonn idirnáisiúnta, áfach, b’fhéidir go gclúdódh an t-ioncam a bheadh ag teacht as an Mhuir Thuaidh an t-easnamh seo.
ar mian leo ardú céime a bhaint amach. who want to gain promotion
" Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” – mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
ba bheag nár ardaigh siad díon they nearly raised the roof
" Sheinn Ciaran Tourish, Dermot Byrne, Mike McGoldrick, John Doyle agus John Joe Kelly roinnt fonn, agus ar feadh cúpla bomaite le linn na bhfonn sin, ba bheag nár ardaigh siad díon an Royal Glasgow Concert Hall.
ardófar ceisteanna questions will be raised
" Má tharlaíonn a leithéid, ardófar ceisteanna nár ardaíodh i Meiriceá ó aimsir an cheannaire ghoirm Martin Luther King.
ardaíonn siad próifíl na teanga. they raise the profile of the language
" Dúirt Orla Nic Shuibhne, bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, le *Beo!* le gairid: “Measaim gurb é an rud is tábhachtaí faoi na halbaim seo ná go n-ardaíonn siad próifíl na teanga.
Is oth linn an t-ardú seo, we regret this rise
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
an t-ardú deireanach praghais the last price increase
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
ardú céime promotion
" ***Míbhuntáistí:*** Tá an baol ann go bhfuil ardú céime faighte aige róghasta agus níl taithí dá laghad aige in aireacht gheilleagrach.
ardú increase
" An t-athrú ba mhó a tharla le déanaí ná gur tháinig ardú ar an bpraghas a íoctar as galún peitril go os cionn $4 den chéad uair riamh.
rud a thug ardú meanman dom, something which raised my spirits
" Thaitin pé ní a bhí agam go mór leis, rud a thug ardú meanman dom, óir thuigeas cé chomh géar is a d'éist sé.
Taos fuar-ardaithe cold rise dough
" Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm.
le hardú agus le caitheamh clocha móra with raising and throwing big stones
" D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart; le hardú agus le caitheamh clocha móra; le *teilgeil a’ chabair*.
ardú céime promotion
" ” Tar éis dom slán a fhágáil le hEoghan, léim alt a bhí ar eagrán den iris Phoenix i lár na n-ochtóidí ina maítear gur scríobh Harris alt neamhshínithe ag rá go raibh Mac Aonghusa ag iarraidh ardú céime mar Cheannasaí Raidió na Gaeltachta a fháil dó féin.
n-ardófaí would be increased
" Is é an teoiric sin ná go n-ardófaí praghas an gháis de thoradh ar a ghanntanas, agus go n-athródh tomhaltóirí ansin go foinsí fuinnimh eile dá bharr.
t-ardú increase
" Tuigtear go bhféadfaidh an t-ardú ar líon na ndaoine atá dífhostaithe a bheith ina údar leis an mborradh atá faoin robáil armtha, suas 15.
n-ardaítear is raised
" Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
Dá n-ardófá were you to raise
" Dá n-ardófá do lámh go gasta gan choinne, bheadh céad piléar fríd do chorp taobh istigh de leathmheandar.
ardú céime promotion
" Ar an taobh eile den scéal, is mó go mór an bhuntáiste atá ag fir ardú céime a bhaint amach.
ardaíonn sé it raises
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
ardaíodh dóchas raise hope
" Bhíodh míreanna ann a ardaíodh dóchas ionam.
Ardófar shall increase
" Ardófar líon na vótaí a bheidh ag na tíortha móra sa Chomhairle Eorpach ach ní dhéanfaidh sé difríocht mhór mar go gcaithfidh siad “tromlach dúbailte” a fháil sa chóras nua – “55%, ar a laghad, de na ballstáit, agus é a bheith ionadaíoch de 65%, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.
ardú to raise
" Bhí oscailt oifigiúil Cultúrlann Uí Chanáin ina hábhar mór gliondair ag pobal Dhoire ar na mallaibh agus tháinig idir óg agus aosta le chéile ar an oíche le gloine a ardú ina hónóir agus sult a bhaint as an cheol agus as na himeachtaí spleodracha a bhí ann leis an fhiontar bhreá nua seo a cheiliúradh.
ardú croí encouragement
" Chuile uair a d’airigh mé duine ag cur mo thuairisce, thug sé ardú croí dom, gan amhras ar bith.
Ní ardaíonn doesn't pose
" Bodach na Saoirse Bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
ag ardú increasing
" Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach.
ardú to raise
" Chuaigh scoth ár bhfear amach thar toinn d’fhonn urraim na Poblachta a ardú agus chun dúshlán na bhFrancach a thabhairt.
ardaíonn raises
" Raithneach rua,ceilte a chló,ardaíonn cadhana sheanghlór.
ardaíonn arising from
" Ceist eile a ardaíonn riail agus treoir an CLG ná cad a tharlóidh nuair a théann imreoirí ar fud na tíre chun páirce don chéad uair i 2010? An mbeidh ar an réiteoir gach clogad a scrúdú agus a mheasúnú maidir le caighdeán sábháilteachta? Má tharlaíonn sé sin, beidh sé ina rí rá agus níl aon amhras faoi, ach go mbeidh foirne go leor nach mbeidh in ann foireann iomlán a chur chun páirce ceal clogaid chaighdeánaithe.
ardú céime promotion
" An bhfeiceann tú cad tuige a bhfuil imní orthu? PÓC: Tá an cheist seo ardaithe ag go leor daoine liom ó fuair mé ardú céime agus is léir go bhfuil imní ar an-chuid daoine atá ag plé leis an nGaeloideachas.
ardú breisíoch incremental increase
" Dhá oiread airgid agus dhá oiread solatháir atá i gceist, agus níl an caiteachas mór, beagán faoi mhilliún punt sa bhliain, ach tá ardú breisíoch – incremental increase – geallta acu i ndiaidh 2011.
d’ardaigh lifted
" D’fhéach a athair síos air le mórtas agus le mórchúis, chrom sé síos agus d’ardaigh Balor Óg ina bhaclainn.