Pota Focal Intergaelic
arm | arty | airm | airy | am
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'Arm an tSlánaithe the Salvation Army
" Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an *naga*, an nathair dhiaga! Timpeall an chúinne uainn tá brainse d'Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain.
a scoireadh ón arm who was dismissed from the army
" Tá sé i gceist ag an Aire Cosanta Michael Smith ráiteas a eisiúint laistigh de chúpla seachtain faoi chás Dhónail de Róiste, a scoireadh ón arm i 1969.
iarcheannaire airm former army leader
" Dúirt iarcheannaire airm amháin go gcuirfeadh sé imní air go raibh an oiread sin daoine i gcoinne an chogaidh cé nár thosaigh sé fós.
cúig mhórarm impiriúil five large imperial armies
" "Ó aimsir na Rómhánach anall cailleadh cúig mhórarm impiriúil sa bhfásach sin," a déarfas duine amháin acu, agus beidh an ceart aige.
airm eile other armies
" Srian ======= Nuair a tháinig GPS ar an bhfód i dtosach, chuir an Roinn Cosanta sna Stáit Aontaithe srian ar an gcruinneas a bhí ar fáil go forleathan chun nach bhféadfadh airm eile é a úsáid.
arm na hIordáine the Jordanian army
" In 2002 foilsíodh an leabhar *Forbidden Love *le Norma Khouri, scéal fírinneach a bhain le Dalia, dlúthchara leis an údar ar mharaigh a hathair í sna nóchaidí i "marú onóra" de bharr a cairdis le hoifigeach Críostaí in arm na hIordáine.
Comhairle Airm an IRA the IRA Army Council
" I mí an Aibreáin, scríobh Liam Clarke sa *Sunday Times *go raibh Adams agus Martin McGuinness réidh le “Comhairle Airm an IRA” a fhágáil.
Arm na Seirbia the Serbian Army
" 329 ollsliogán, ar an meán, caite isteach sa chathair gach lá idir 5 Aibreán 1992 agus 29 Feabhra 1996, ag “óglaigh” Arm na Seirbia agus iad i mbun cinedhíothaithe.
Arm na Corónach the Crown Army
" De réir mhiotaseolaíocht ghluaiseacht na poblachta, fear troda a raibh stair onórach aige in aghaidh phéas Uladh agus Arm na Corónach ab ea Donaldson.
éide Arm na hAontachta in the uniform of the Union Army
" Ní rabhamar ag súil le hatmaisféar an champa airm ar an láthair champála, ach dar fia, cé a shiúil tharainn agus sinn ag fadú na tine ach buíon saighdiúirí gléasta in éide Arm na hAontachta.
arm páirtaimseartha part-time army
" Iarbhall den Territorial Army – arm páirtaimseartha de chuid arm Shasana – ab ea iad agus ó Arm Shasana a fuarthas cuid de na gunnaí agus den armlón a bhí ina seilbh ag Barwise agus ag Alan Clair, ball eile den UVF/Derry Club ar gearradh téarma príosúin ocht bliana air i mí na Nollag 2004 (cf.
faoi thodhchaí ról arm Cheanada about the future of the role of the Canadian army
" Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialta — i dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada.
á ídiú ar an arm being spent on the army
" Tá sibhialtaigh ann atá ag caitheamh i ndiaidh laethanta na mbairéad gorm nuair nach mbíodh airgead mór á ídiú ar an arm nó nuair a bhíodh an t-arm féin ar fáil chun tinte foraoise a mhúchadh sa samhradh agus an sneachta geimhridh a ghlanadh ó shráideanna Toronto.
go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta that the Union army was getting on well
" Ba chosúil, dar leis, go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta sa chogadh cathartha, agus ba mhian leis altú a thabhairt dá réir.
a dhúnmharaigh arm na Breataine whom the British army killed
" Bhí daoine ag rá go mba mhasla é do chuimhne Mhíchíl Uí Ógáin, duine d’fhoireann pheile Thiobraid Árann ar an lá úd fadó, agus na ndaoine eile a dhúnmharaigh arm na Breataine i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola i 1921.
ag tionól airm, gathering an army,
" "Tá an Ginearál Washington ag tionól airm, is cosúil.
hearcaigh a fháil don arm. to get recruits for the army.
" Thagadh na tiarnaí go dtí an gleann le hearcaigh a fháil don arm.
dátaí cúlaithe don arm withdrawl dates for the army
" D’éirigh leis na Daonlathaigh an ruaig iomlán a chur ar an Uachtarán Bush le déanaí nuair a sheoladar bille cogaidh chuige agus dátaí cúlaithe don arm luaite ann.
arm ollmhór a massive army
" Gan tuiscint dá laghad a bheith acu ar chastacht an Mheánoirthir (tuairiscíodh tamall ó shin nach raibh an chuid is mó de pholaiteoirí Washinton in ann an difríocht idir Moslamach Sunnaíoch agus Moslamach Síteach a mhíniú), chuireadar arm ollmhór go dtí an Iaráic agus chuireadar isteach rialtas nua atá báúil le Meirceá.
ó bhaill den arm forghabhála. from members of the occupying army.
" Glactar leis, mar shampla, nach bhfuil na meáin ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic faoi láthair ach sáraítear an bhearna eolais le blaganna, bíodh siad ó shaoránaigh den uile fhaicsean nó ó bhaill den arm forghabhála.
arm foirmeálta formal army
" " Dá mba shaighdiúir in arm foirmeálta é Brendan Hughes, thógfaí dealbh dó.
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá the police of America are almost like an army
" Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas.
armshlua army host
" Anois, éist leis seo go cúramach: má bhí armshlua beag Blueshirts ag an dream eile chun a dtoil a imirt ar mhuintir na hÉireann fadó, is féidir fós go gcruthóidh mé fórsa de mo chuid féin chun smacht a choinneáil ar mhuintir an Stáit in am seo na héigeandála agus na práinne agus na géarchéime – ar leas na hÉireann, an dtuigeann tú, a Bhaloir; ar leas na tíre.
Arm Muirthéachta Dé Lord's Resistance Army
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
Chomhairle Airm Army Council
" com/watch?v=TD_1Nar7hsY) Ach tá Sean Murray, fear ar cuireadh ina leith go raibh sé ar Chomhairle Airm an IRA, ina bhall den choiste Athbhreithnithe.
t-arm army
" Chreid Blair as sin amach gurbh é an t-arm an uirlis is oiriúnaí chun dul i gcabhair ar dhaoine a bhí á gcur faoi chois ag a gceannairí féin.
Airm Dheirg Red Army
" Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda.
dúnta airm army barracks
"dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
mbrú Arm an tSlánaithe the Salvation Army hostel
" Nuair a tháinig muid anseo i dtús ama, bhí lóistín oíche curtha in áirithe don triúr againn i mbrú Arm an tSlánaithe, ach bhí an Rialtas den bharúil go mbeadh Eaglais na hÉireann buartha go mbeadh na Caitlicigh curtha as.
Is iomaí arm many are the armies
" Is iomaí arm a ndeachaigh na Gaeil ag troid ar a shon i bhfad i gcéin.
meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe time served in the army or in secondary school
" Tá orthu a bheith gan taifead coiriúil agus meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe nó fós ar siúl acu.
comhbhunaitheoir an Airm sin fellow founder of that army
" Sa stair a scríobh sé ar stair Arm Saoránach na hÉireann, rinne sé tagairt do rud a dúirt comhbhunaitheoir an Airm sin, Jim Larkin, faoi shampla Edward Carson a leanúint agus eagrú ar bhonn míleata.
d’Arm Saoránach na hÉireann to the Citizen Army
" An amhlaidh go bhfuil dílseorí ag úradh tréasa s’acu féin in éadan stát na Breataine mar thréas a bheadh ann da gcuirfeadh siad in éadan a stáit féin le fórsaí airm; go bhfuil siad ag ceiliúradh bua bhagairt an fhoréigin; ag ceiliúradh an spreagadh a thug siad d’Arm Saoránach na hÉireann agus do lucht eagraithe Éirí Amach 1916? Ba é ceannlíne an News Letter Déardaoin seo caite *"A hundred years on, we’re still British"* – agus ar cén costas?
Arm an tSlánaithe san áireamh the salvation army included
" 
Bhí sé ag caint ar Good Morning Ulster agus chuir sé síos ar an oíche a chaith sé i gcuideachta eagraíochtaí carthanachta, Arm an tSlánaithe san áireamh.
cuireadh aigneolaí óg airm ina cheann a young army psychiatrist was put in charge of him
" Éireannach ar m’aithne a mharaigh sibhialtaigh i Libia in am Idris, tugadh ar ais go Sasana é, d’ainneoin iarrachtaí póilíní na Libia, agus cuireadh aigneolaí óg airm ina cheann.
gleasta ina éide airm dressed in his army uniform
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
dréimire an airm óna óige the army ladder from his youth
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
hairm an iarthair to western armies
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
Arm an tSlánaithe the Salvation Army
" B’fhéidir gur mó an sásamh a bhainfimis as ár gcuid ama a thairiscint do chumainn ar nós an Simon Community, Cumann Uinsionn de Pól nó Arm an tSlánaithe.
scoir siad an t-arm uilig they disbanded the army entirely
" Nuair a ghlac Meiriceá seilbh ar an Iaráic, scoir siad an t-arm uilig agus chuir iachall ar na saighdiúirí cur isteach ar phostanna ann as an nua.
tiontaíodh an t-arm the army was turned
" I bhfírinne, is éard a tharla ná gur tiontaíodh an t-arm thar oíche ó cheann a bhí Sunnaíoch go príomha go ceann a bhí beagnach 100% Siach.
Briseadh Dónal de Róiste as an arm Dónal de Róiste was sacked from the army
" Briseadh Dónal de Róiste as an arm i 1969 ach níor míníodh i gceart dó riamh cén fáth ar chaill sé a phost.
nach dteilgeann airm an iarthair that the western armies don’t shoot
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.