Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as éadan a chéile one after the other
" I ndáiríre, is é an tsamhail a bhí i m'intinn ná go raibh daoine ag dul i gcré as éadan a chéile, faoi bháisteach a bhí ag titim gan stad! Sea, *An Béal Bocht.
feabhas as éadan great improvement
" I bhfocail eile, b'fhéidir nach sábhálfadh an Stát aon phingin i ndeireadh na dála, ach bheadh feabhas as éadan ar sheirbhísí sláinte an chontae.
ag méadú as éadan increasing greatly
" Thaithnigh an tír go mór leis an mbuaf agus thosaigh a líon ag méadú as éadan.
as éadan completely
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
athrú as éadan a total change
" Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin.
millte as éadan totally ruined
" Mar is é an comhthoradh is mó atá ar an tsíorthógáil seo ná go bhfuil stráicí móra den tírdhreach is deise ar domhan millte as éadan againn.
as éadan in large quantities
" Le linn ré an tíogair cheiltigh, fágaim, mhéadaigh na hastuithe carbóin as éadan in Éirinn.
as éadan incredibly
" Bhí an geilleagar ag fás as éadan, ach bhí a lán fadhbanna sóisialta agus timpeallachta ag an am céanna.
Íocfaidh siad as éadan they’ll pay through the teeth
" Íocfaidh siad as éadan feasta air ar feadh a saoil oibre.
ag caitheamh airgid as éadan spending hand over fist
" Fiú amháin, agus ní duine mór mé chun a bheith ag caitheamh airgid as éadan.
an saol cumarsáide ag athrú as éadan the world of communications is changing remarkably
" Is díol spéise ar leith é gur ar ardán YouTube atá sé seo ag tarlú seachas ar ghnáthstáisiún teilifíse - léiriú amháin ar an gcaoi a bhfuil an saol cumarsáide ag athrú as éadan i láthair na huaire.
saol an cheoil athraithe as éadan the music world changed absolutely
"saol an cheoil athraithe as éadan le hais mar a bhí deich mbliana ó shin fiú amháin.
ag athrú as éadan undergoing major change
" Caitheann Mícheál Ó hAodha súil sa chéad cheann seo de dhá alt, ar shaol nár bhlaiseamarna de mar dhílseánaigh socraithe, saol atá ag athrú as éadan, saol an Lucht Siúil.
Tháinig athrú as éadan ar an saol life has changed remarkably
" Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.