Pota Focal Intergaelic
asset | sist | ais | ais- | aiste
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhás fóirthe assisted suicide
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
Chuidigh assisted
" Cad a bhí taobh thiar de bhunú an CLG a Chuidigh leis na bunaitheoirí pobal na tíre a mhealladh chuige agus a choinneáil dílis dó suas go dtí an lá inniu féin? An Drochbhail Is gá cúrsaí na tíre sa dara leath den 19ú aois agus an bhail a bhí ar mhuintir na hÉireann a mheas.
Déanaigí díreach bóthar Dé assist the ways of the Lord
" Déanaigí díreach bóthar Dé.
áisíonn assists
" Chruthaigh a chomhlacht iQContent cúig phrionsabail is iad ag cruthú suíomh do pháistí: - Dearadh atá aoisoiriúnach - Dearadh le teorainn soiléir nach ligeann don pháiste gabháil amú ar líne - Dearadh a áisíonn taiscéalaíocht is fionnachtain - Dearadh a áisíonn idirgabháil sóisialta sábháilte - Dearadh a áisíonn forbairt is le luach intreach Dúirt sé leis muna mbíonn muinín ag tuismitheoir i suíomh agus san UX dá bpáistí, teipfidh air chomh maith céanna.
ag cuidiú leo assisting them
" Tá a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú.
thacú le assisting
" Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige *“to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.
Cabhraíonn assists
" Cabhraíonn sé seo go mór leis an rón, éisc a cheapadh nuair atá sé ag lorg bia faoin uisce.
chuidíonn le assists with
" Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus.
tacú le to assist with
" ”* Chuir siad i bhfios go láidir go mbeadh leas ag Iosrael tacú le gníomhartha na Tuirce agus na hIordáine i gcoinne na Siria, cuir i gcás, *“securing tribal alliances with Arab tribes that cross into Syrian territory and are hostile to the Syrian ruling elite.
thacaigh le gníomhaithe assisted agents
" ” Is ar éigean a luafar, áfach, go bhfuil airgead mór ciste fálaithe ag tacú leis an iarrthóir “radacach” seo, nó gurb iad an dream céanna a thacaigh le gníomhaithe an Earraigh Arabaigh anuraidh atá ag iarraidh “daonlathas” a chur chun cinn sa mbaile i mbliana.
chabhródh le gaolta iad a haithint would assist relations to recognise them
" Cuireadh uimhir ar gach corp agus cláraíodh aon rud suntasach faoi na híobartaigh a chabhródh le gaolta iad a haithint, dá dtiocfaidís dá lorg níos déanaí.
thacaíonn sí le feachtas she assists with a campaign
" Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile ============== Gineann cruachás láidreacht sa duine agus is beag a thuigeann Donna nuair a thacaíonn sí le feachtas chun stad a chur le loiscneoir áitiúil go bhfuil a saol ar tí athrú.
Cabhraíodh le was assisted
" Cabhraíodh le tionscadal podchraolta an raidió agus chlosleabhar a thaifeadadh anuraidh.
oibrionn muid as lámha a chéile we assist each other
" Tá an comhoibriú mar sin ann agus tá an ceangal sin eadrainn agus is muid na meáin chraolta Ghaeilge sa tír seo, cuid díofa, agus oibrionn muid as lámha a chéile nuair is féidir.
ag tabhairt tacaíocht mhór dóibh assisting them greatly
" Na ranganna ÙLPAN seo, tá Bord na Gaeilge ag tabhairt tacaíocht mhór dóibh.
ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt doing their best in assisting
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
a bhí ag cuidiú leo who were assisting them
" " Mhair an cath ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo.
ar bun a thugann cúiteamh on the go which assists
" Agus sa Danmhairg tugtar aitheantas oifigiúil don dochar a dhéantar do luach tithe agus tá scéim ar bun a thugann cúiteamh do shealbhóirí tithe.
ag déanamh a dhíchill ag tacú le doing its best to assist with
" Bhí sé beagáinín seafóideach a bheith ag súil go mbeadh RTÉ ag déanamh a dhíchill ag tacú le haidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge, nach raibh an Rialtas riamh dáiríre faoin aidhm náisiúnta céanna.
chun tacú leis an gcraolachán tráchtála to assist commercial broadcasting
" Braithim go bhfuil rud éicint mícheart ansin: airgead an cheadúnais á úsáid mar a bheadh fordheontas chun tacú leis an gcraolachán tráchtála.
thacaíonn leis assists
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.
a chabhródh le which would assist
" Ní dhearna siad aon nasc idir an eisceacht speisialta sin a chabhródh le Mrs Fleming amháin agus na deacrachtaí ginearálta sin san Ísiltír.
gheobhaidh sí cuidiú éicint she’ll be assisted in some way
" Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain.
gan tacú leis an moladh not to assist the motion
" Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin ar son Seanad Éireann a choinneáil is a athnuachan agus beidh a gcuid urlabhraithe ag iarraidh ar a lucht tacaíochta gan tacú leis an moladh.
dtacóidh shall assist
" Na Spriocanna ‘Indéanta’ ======== Sa ráiteas a thug Dinny Mc Ginley uaidh agus an tuarascáil á sheoladh aige dúirt sé rud amháin a thugas suntas dhó: ‘go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta a sheachadadh’.
a chuideodh le which would assist
" A Bheith Rompu ====== An t-aon rud amháin a chuideodh le muintir bhaint na móna, ba é beartas níos tarraingtí a leagan amach os comhair lucht údaráis na hEorpa.
chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas creates a society which would assist racism
" Is é a dhéanann na deacrachtaí seo go léir a chuirtear roimh eachtrannaigh, ar ndóigh, ná béim a leagan ar an idirdhealú idir saoránaigh agus inimircigh, rud a chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas.
ba chóir dúinn tacú leis we ought to assist with
" Céim bheag eile san obair atógála a bheidh ina thuras agus ba chóir dúinn tacú leis san obair sin.
a chuidíonn lena chéile which assist each other
" Bíonn an bhéim chothrom agus an bhéim chorr ann, dhá rud a chuidíonn lena chéile de bharr go mbíonn siad ag tarraingt in aghaidh a chéile.
cabhródh sé go mór it shall greatly assist
" ly/ReamhraInrochtanaGreasain> Ina réamhrá ar an ábhar seo luaitear nach iad muintir na héalainge amháin gur fiú leo gréasán inrochtana: cabhródh sé go mór leo siúd atá in áit le rochtain idirlíon mall nó a bhfuil míchumas sealadach orthu: lámh bhriste nó a leithéid.
nó tacú leo or to assist them
" Bíonn siad ag caint ar bhealaí le daoine a chur ag scríobh na Gaeilge nó tacú leo: bhí sé seo déanta lena aghaidh mar bhí ceartúcháin ann, bhí aistriúcháin ann, bhí tacaíocht ann, agus d’oibrigh sé thar cionn.
tacú leo assist them
" Nuair atá iarracht ar bun arís ag muintir oirthear Bhéal Feirste a n-aithne féin a chur ar chúlra na Gaeilge thart orthu, ba cheart dúinn mar lucht Ghaeilge tacú leo.
cabhair a thabhairt do to assist
" 4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh.
leis an tslándáil assist security
" Beifear a rá go gcuirfidh an t-eolas cruinn seo leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht.
leis an tsábháilteacht assist safety
" Beifear a rá go gcuirfidh an t-eolas cruinn seo leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht.
tréaniarrachtaí cabhair a thabhairt major efforts to assist
" Táthar ag déanamh tréaniarrachtaí cabhair a thabhairt do ghnónna agus d’oideachas sna ceantair Ghorma, ach faraor téann go leor den airgead amú mar gheall ar éillitheacht, neamhinniúlacht, agus gadaíocht.
le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh to assist them in ruling the majority
" Is iondúil gur thug tír Eorpach faoi cheantar éicint eile, sa chéad seo chuaigh thart agus gur bhain siad feidhm as mionlach a bhí sa tír cheana féin le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh.
le cuidiú leis an obair dhúshlánach to assist in the challenging work
" Tháinig capaill chun na hAstráile den chéaduair sa Chéad Chábhlach, thiar sa bhliain 1788, le cuidiú leis an obair dhúshlánach an choilíneacht a bhunú san fhiántas.
a chuidíonn leis an dúlra which assist nature
" Tá dea-nósanna sa cheantar a chuidíonn leis an dúlra, cuirim i gcás, baint an fhéir le speil agus ag déanamh cocaí agus cruach féir le píce.
ag tabhairt cúnaimh dúinn assisting us
" Chabhraigh muintir na Gaeltachta le gach éinne freisin, ag roinnt an tsaibhris orainn agus ag tabhairt cúnaimh dúinn nuair a bhí deacracht againn le teilgean cainte nó le heaspa cruinnis.
a chuideodh leis which would assist the patient
" Thabharfadh an bille cead do lia-chleachtóirí leigheas a ordú agus/nó é a thabhairt d’othar ar leaba a bháis a chuideodh leis lámh a chur ina bhás féin, taobh istigh de bhearta cosanta dhochta.
seirbhísí ar líne a chabhraíos le on line services which assist
" com tar éis an chéad Tweetup as Gaeilge a eagrú ag deireadh Mhí Meán Fómhair, is dóigh le Roseanne Smith gur fiú breathnú in athuair ar na seirbhísí ar líne a chabhraíos le duine imeachtaí neamhfhoirmeálta agus foirmeálta a eagrú.
a chuideoidh thar na bearta leis which shall assist greatly
" Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.