Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghéarchúiseach keen-witted, astute
" Bhí a fhios agam sular bhuail mé léi ar chor ar bith gur bean chumasach, ghéarchúiseach a bhí inti, agus nach raibh mórán foighde aici le hamaidí de chineál ar bith.
géarchúiseach astute
" " An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá "Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach.
géarchúiseach astute
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
leabhar géarchúiseach ar shaothar an astute book on the work
" ’ I measc na bhfoilsiúchán tábhachtach seo, scríobh Louis de Paor leabhar géarchúiseach ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mblaoisc bheag sin: an aigneolaíocht i scéalta Mháirtín Uí Chadhain i 1991.