Pota Focal Intergaelic
A | act | aft | ait | alt
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spás atá á 'roinnt' space being 'shared'
" net/)) ag cuir an choincheapa de spás atá á 'roinnt' ag daoine éagsúla i bhfeidhm.
nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair when you look at them first
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
i ndeireadh achair at the end
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
ait strange
" Is ag na páirtithe beaga seo atá na polasaithe radacacha agus níl mórán ciniciúlachta i measc a lucht tacaíochta.
Déan an dá thrá a fhreastal do two things at once
" "Déan an dá thrá a fhreastal," a chomhairlíonn Balor don eagarthóir.
ag béal an tolláin at the end of the tunnel
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
ar luas mire at a mad speed
" Ach cad chuige a raibh mé i mo shuí i measc na gcearc agus tírdhreach Mheiriceá Láir ag sleamhnú tharam ar luas mire? Ní ba luaithe an lá sin tháinig mé go San Lucas Tolimán, baile beag ar bhruach Loch Atitlán.
ar mo sháimhín só happy and at ease
" Bhí mé ar mo sháimhín só ann! Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, áfach, bhí mé i mo shuí ar bharr bus ag déanamh mo sheacht ndícheall éalú as an áit chomh gasta is a thiocfadh liom.
go tiubh at a fast rate
" com" á gceannach go tiubh agus tá os cionn 20 milliún ainm den chineál seo cláraithe go dtí seo.
na feachtais atá á n-eagrú acu the campaigns that they are organising
" ie/)) lán d'eolas faoi na feachtais atá á n-eagrú acu.
níl agat ach amharc air you only have to look at it
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
níl agat ach amharc air you only have to look at it
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
a laghad atá athraithe how little has changed
" Feiceann sise na fadhbanna sa chóras sláinte, agus labhrann sí fós faoi stailc na n-altraí cúpla bliain ó shin agus a laghad atá athraithe ó shin.
dírithe ar aimed at
" Roinnt blianta ó shin bhí dianchúrsa teanga ar siúl i mBaile Átha Cliath, é dírithe ar dhaoine a bhí ar bheagán Gaeilge.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
ag mallachtaí linn cursing at us
" Is cuimhin liom na *paratroopers* a bheith ag rith thart ag mallachtaí linn.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
dírithe ar aimed at
" Clár raidió é sin atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge timpeall an domhain agus tá suíomh breá mór ag dul leis.
níos fearr chuige better at it
" Tá sé an-tábhachtach bealaí a aimsiú chun é seo a dhéanamh agus tá mná níos fearr chuige ná fir.
atá uait that you need
" " An bhfuil an Eaglais as tiún leis an ngnáthphobal? "An cheist is tábhachtaí ná 'Cén bhaint atá ag an Eaglais le mo shaol? Cad atá ag teastáil uaim chun saol iomlán a bheith agam?' Má tá tú ámharach agus gach rud atá uait agat nuair a theastaíonn sé uait, cad a dhéanann tú ansin? Ní fhéadfainn saol chomh folamh leis sin a shamhlú.
atá i ndán dóibh is what awaits them
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
ar a sháimhín happy, at ease
" Agus é ar a sháimhín mar atá, ba mhaith le Balor a thacaíocht a thabhairt dá raibh le rá ag Máire Ní Chlochráin, an tAire Stáit i Roinn na hÉalainge, Oighearaoise, Galltachta agus Oinniún, i dtaca le cúrsaí óil.
Tá fios a ghnótha aige he knows what he's at
" Tá fios a ghnótha aige.
dírithe ar aimed at
" Bhí an fógra dírithe ar mhná agus bhí sé le feiceáil ar leathanach dúbáilte in irisí ban.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Tá an taispeántas a bhí le feiceáil sa Rubicon snasta, bríomhar agus éagsúil ach tá an cheist go fóill le freagairt: an ealaín é nó fógraíocht chliste? B'fhéidir go bhfuil ag éirí leis an dá thrá a fhreastal.
ag feidhmiú ar bhonn áitiúil functioning at local level
" Feiceann sé é mar pholaiteoir a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn áitiúil, duine nach bhfuil idé-eolaíocht cheart forbartha aige.
ina stad glan completely at a standstill, stopped
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
tá mé ar an dé deiridh agat I'm at the end of my wits with you
" "Treabh fríd an chomad sin anois," arsa seisean, " nó tá mé ar an dé deiridh agat.
Nach ait an mac an saol Isn't life strange
míshuaimhneach ill at ease
" Ag bualadh daoine neamhchiontacha agus ag cumadh ráiteas agus fianaise bréige b'fhéidir? míshuaimhneach ======= Tá a lán Moslamach a rá go mothaíonn siad míshuaimhneach ag dul amach ag siopadóireacht agus mar sin de.
atá á gcruthú that are being created
" " Cé go bhfuil líon na mac léinn ag méadú go mór i ngach roinn san ollscoil, is beag postanna breise atá á gcruthú.
Níl tú ina cheann i bhfad You haven't been at it long
" Níl tú ina cheann i bhfad.
in adharca a chéile at loggerheads
" Tá Ridge agus Condoleezza Rice, Comhairleoir ar Chúrsaí Slándála Náisiúnta, in adharca a chéile, cloisim.
dírithe ar aimed at
" Tá rannóg bhreá den suíomh dírithe ar pháistí scoile ina bhfuil cuid mhaith tionscnamh agus eolas ar conas éin éagsúla a mhealladh chuig do ghairdín - eolas atá úsáideach do dhaoine fásta freisin.
ar a shuaimhneas at ease
" Is iarbhall den Pháirtí Cumannach é John Reid, duine de lucht tacaíochta Glasgow Celtic agus is léir go mbíonn sé ar a shuaimhneas i measc gnáthdhaoine.
níl múineadh madaidh orthu they have no manners at all
" "An bhfuil a fhios agat seo, aos óg an lae inniu, níl múineadh madaidh orthu.
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
Is mé atá ag tnúth leis I'm really looking forward to it
" " "Is mé atá ag tnúth leis," arsa Daire.
an dá thrá a fhreastal to do two things at once
" Bhí sé dian go maith an dá thrá a fhreastal.
Níor chuir an brú isteach ná amach orm The pressure didn't bother me at all
" * Níor chuir an brú isteach ná amach orm.
ag deireadh na péice at his wits' end
" Bhí sé ag deireadh na péice leis faoi seo.
ar an luas ab airde at the highest speed
" Chuir sé na cuimilteoirí ar obair ar an luas ab airde, ach ní raibh maith dó ann.
atá faoi mhíbhuntáiste disadvantaged
" Tá sé mar pholasaí ag ionaid áirithe ealaíon laethanta speisialta a chur ar leataobh do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus iad a ligean isteach saor in aisce.
Cad é atá ag caitheamh ort? What's bothering you?
" "Cad é atá ag caitheamh ort?" "Ná gabh a gháire anois ach tá an diabhal bronntanas Vailintín seo ag déanamh buartha domh," arsa Tadhg.
scaití at times
" Leagadh púir dheataigh ar an gcathair a bhí chomh dona sin nach bhféadfá an taobh eile den tsráid a fheiceáil scaití.
ar mo shuaimhneas at ease
" Mhothaigh mé ar mo shuaimhneas ar an bpointe ina chomhluadar.
a thábhachtaí is atá sé how important it is
" Seo a bhí le rá ag Muireann Ní Mhóráin a labhair faoi a thábhachtaí is atá sé páistí a thógáil le Gaeilge agus an cinneadh a dhéanamh sula dtagann an páiste ar an saol.
ar bhruach aille at the edge of a cliff
" An bhfuil stádas Gaeltachta ag an bpobal sin, a bhfuil an brú ón mBéarla lán chomh láidir air? Dúirt sí go raibh an teanga ar bhruach aille seachas ag crosbhóthar, go raibh an pobal i gcoitinne báúil ach fíorleisciúil.
an teachtaireacht atá á craobhscaoileadh the message being given
" Nuair a chuirtear le chéile an dá ghné seo de pholasaithe an Rialtais is é an teachtaireacht atá á craobhscaoileadh ná gur tábhachtaí airgead agus scéimeanna móra ar nós "Babhla Bhertie" ná spórt ag an leibhéal is bunasaí i measc an phobail.
i dtosach báire at the beginning
" "Theastaigh ó mo dhaid bogadh thar n-ais agus sa deireadh bhí mo mháthair sásta bogadh - cé nach raibh sí róshásta i dtosach báire.
Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé It didn't suit me at all
" Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé.
i mbéal na Cásca at the beginning of Easter
" Ag Dia atá a fhios cad é mar a bheas sé agus muid i mbéal na Cásca.
an teacht isteach atá acu a ardú to increase their income
" An gcuirfidh na hathruithe atá ag tarlú dá mbarr isteach ar zamano? "Tá na comhlachtaí móra sin ag iarraidh an teacht isteach atá acu a ardú.
atá ar bheagán Gaeilge who know very little Irish
" **Antaine:** Agus céard faoi dhaoine a bheadh ag teacht isteach ón taobh amuigh atá ar bheagán Gaeilge? **Neansaí:** Go dtí seo ní raibh aon deacrachtaí againn.
ar mo shuaimhneas at ease
" Cúpla mí ó shin, dúirt mé le bean - agus shíl mé gur chara de mo chuid í - nach raibh mé go hiomlán ar mo shuaimhneas leis an ré nua sa tuaisceart, agus go raibh mé ag smaoineamh imeacht.
atá á chosaint go tréan which is being strongly protected
" Fiafraím díom féin, an bhfuil an "cultúr" Lár-Atlantach (atá á chosaint go tréan ag Bush agus Blair sa "chogadh" seo), an bhfuil an "cultúr" sin ag dul i bhfeidhm ar na hArabaigh? Féachaim ar chréatúr acu.
i ndeireadh na preibe at the last gasp
" Ainneoin bholscaireacht a gcairde sna meáin tá an Páirtí Daonlathach i ndeireadh na preibe.
atá ag síneadh which extends
" Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh.
an tráth sin at that time
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
i dtús báire at first
" Nuair a chonaic siad an tinteán i gcúinne a n-árasáin bhrócaigh i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath i dtús báire bhí siad den bharúil gur ornáid a bhí ann.
ghuthanna atá imeallaithe marginalised voices
" An smaoineamh atá taobh thiar de ná go mbeadh spás ann do ghuthanna atá imeallaithe.
i mbarr a réime at its peak
" Nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime agus foireann sacair na hÉireann ag déanamh thar cinn, bhí an deis ar fáil infheistiú sna háiseanna atá de dhíth ar lucht sacair agus rugbaí.
ar fiar lopsided, at an angle
" " "Bhuel, féadann duine inteacht eile iad a chrochadh san oifig úr, nó ní lú orm an diabhal nó pictiúr atá ar fiar.
dírithe aimed at
" Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlár ná luch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt.
na teorainneacha atá i bhfeidhm the limits that are in place
" Déanann muid ár gcuid oibre laistigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm, agus toisc go ndéanann, ní léir do dhuine ar bith an dochar a dhéanann na laincisí dlíthiúla atá ann faoi láthair do nuachtáin agus do na meáin i gcoitinne.
in árach a chéile at loggerheads
" Iad in árach a chéile ó tháinig cuimhne dom.
iomghaoth the spinning wind that collects rubbish at your door or at the bottom of hedges
" Bhí iomghaoth sa doras aici agus d'fhág sin idir pháipéar agus dhuilleogaí ina luí i mbéal an dorais.
ag daingniú na dáimhe atá aige cheana strengthening the fellow-feeling it already has
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
gach trá a fhreastal do everything at the same time
" Thuig sí nach dtiocfadh léi gach trá a fhreastal.
Más amhlaidh atá if that's the case
" Más amhlaidh atá, sílim féin go pearsanta gur seo an míbhuntáiste is mó a d'eascair ó thoradh an toghcháin agus dúnmharú Pim Fortuyn.
ná teastaíonn sí uathu in aon chor that don't want it at all
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
atá ar fheabhas who are excellent
" Dar ndóigh tá scil agus cumas agus áilleacht ag baint leis na himreoirí atá ar fheabhas - faoi mar atá i ngach uile spórt agus aclaíocht eile.
An ag déanamh éada atá tú Are you jealous?
" "An ag déanamh éada atá tú anois?" arsa Jemma.
atá dá síorfhulaingt that is being continually suffered
" Is iad na dochtúirí is cúis leis an phian sa tóin choiteann chultúrtha náisiúnta atá dá síorfhulaingt ag muintir na hÉireann.
ar mo sháimhín só happy and at ease
" Tá mé ar mo sháimhín só sa Bhuireann i gContae an Chláir anois, ag siúl cois farraige nó go dtí an tobar naofa galánta atá ar thaobh an chnoic, agus mo fholcadh féin le glóthach fholcaidh giúise agus maróis a fuair mé sa Burren Perfumery.
i mbun síorchoimhlinte eternally at odds
" Chonaic daoine áirithe é seo mar an bruíon is déanaí idir an FDNY agus an NYPD, a bhíonn, dar le daoine áirithe, i mbun síorchoimhlinte faoi chúrsaí limistéir.
atá sé in acmhainn againn a íoc that we can afford
" An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
an tsaint atá agam inti the thirst I have for it
" Ach is deacair í a chur i leataobh go ceann i bhfad, agus an tsaint atá agam inti, mar Ghaeilge.
go pras at once
" Tá tacaíocht faighte cheana féin ag Pell ón bPríomh-Aire John Howard a dúirt go pras go gcreideann sé féin nach bhfuil sé ciontach.
ar uairibh at times
" Is fíor nach raibh mórán gréine againn le linn an tsamhraidh agus go raibh cuid mhór báistí ann ar uairibh ach nuair a bhí na cluichí móra á n-imirt is annamh a bhí sé go dona agus is minic a tháinig an ghrian amach do na hócáidí móra amhail is go raibh Dia féin ag iarraidh féachaint cén chaoi ina raibh ag éirí leis na contaetha éagsúla agus iad ag imirt i bPáirc Semple, i bPáirc an Chrócaigh agus mar sin de.
ag deireadh na péice at the end of his tether
" Bhí an t-ádh dearg ar Bhróna nó bhí Frank ag deireadh na péice.
ní raibh brí míoltóige inti she had no energy at all (lit. there wasn't the strength of a midge in her)
" Shuigh Bróna síos nó cé nár thuirling sí ar thalamh ach deich mbomaite roimhe sin ní raibh brí míoltóige inti anois leis an teas seo.
an rún dionbháilte atá acu the determination that they have
" Cuireadh an "Tribute in Light" ar siúl in onóir na ndaoine a chaill a mbeatha ar an lá millteantach sin, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad mhuintir Nua-Eabhrac agus an rún dionbháilte atá acu an chathair a atógáil.
faoi dheireadh thiar thall at last
" (Nílim ach ag magadh!) Níor chailleas dóchas, áfach, agus faoi dheireadh thiar thall, tá cara le Gaeilge agam ar féidir liom an teanga a labhairt leis go rialta.
ag croílár at the heart of
" Go mbeadh Raidió Fáilte ag croílár na Ceathrún Gaeltachta atá beartaithe againn anseo i mBéal Feirste.
is dona an chuimhne atá agam I have a bad memory
" Deir mé é seo chuile bhliain ach is dona an chuimhne atá agam.
boladh ait strange smell
" Bothán le seanbhuncanna, boladh ait sa seomra.
Tá mé i ndeireadh na péice I'm at the end of my tether
atá ar leathchois who is one leg
" Tá sheanbhean chéile chiúin atá ar leathchois ag Khan agus croí mór maith aici.
dírithe ar aimed at
" Mar sin, rinneadh scannáin neamhchoitianta, ina raibh páistí sna príomhpháirteanna, cé nach scannáin iad a bhí dírithe ar pháistí.
súil amhrasach ar an múinteoir suspicious look at the teacher
" Deora, barróga móra, súil amhrasach ar an múinteoir - tharla sé uilig dúinn, gan ach Mamaí agus Daid a lua.
Níor cheart go mbeadh lá buartha ar Áine Áine shouldn't have been at all worried
" Níor cheart go mbeadh lá buartha ar Áine anois nó bhí na scrúduithe thart leis seo.
ar a sáimhín suilt feeling happy and at ease
" Mheasfá mar sin gur ar a sáimhín suilt a bheadh sí, ach ní sin mar a bhí.
an cluasán sin atá crochta asat that dumbo who's hanging around you
" Níl de choinníoll ar an tsocrú seo ach go gcuartóidh tú trí tionóntaí eile agus nach mbeidh an cluasán sin atá crochta asat ar cheann acu.
cosúil mar a bheinn sa bhaile as I would be at home
" Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
ar feadh glúin eile ar a laghad for another generation at least
" Tá a fhios agam go bhfuil an scéalaíocht agus an amhránaíocht ag dul ar aghaidh ar feadh glúin eile ar a laghad.
atá de dhlúth agus d'inneach iontu which are in their very fibre
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
an chloch is mó atá ar an bpaidrín the biggest concern
" Obair ag teastáil ======= Ó thaobh cúrsaí daonra de, is í an chloch is mó atá ar an bpaidrín anois do cheantar Charna ná deis a thabhairt don daonra daoine óga atá ann fanacht sa gceantar.
ag meangadh ar thachrán óg smiling at a young child
" Léargas ar an fhírinne sin a bhí sa ghrianghraf a foilsíodh san *Irish News *ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair a thaispeáin Gerry Adams ag meangadh ar thachrán óg MLA Sinn Féineach a bhí ina shuí i gCorn Sam Maguire i seomra i Stormont agus pictiúr James Craig ar a gcúl.
cad iad na rialacha atá i bhfeidhm what rules are in force
" Is fiú do chomhlachtaí polasaí cinnte a bheith acu maidir le húsáid an idirlín agus an chórais ríomhphoist chun go mbeidh sé soiléir do gach aon duine cad iad na rialacha atá i bhfeidhm.