Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atá in ann an long a aimsiú who can find the ship
" Tá $10,000 á thairiscint ag eagras cearta ainmhithe d'aon duine atá in ann an long a aimsiú.
le freastal ar an éileamh atá ann to satisfy the demand that exists
" Bíonn thart fá ochtar nó deichniúr múinteoirí ag teagasc na ranganna seo, a théann ón bhunrang suas go dtí an ardcheardlann, agus dúradh liom gurb é ceann de na fadhbanna is mó atá acu ná go leor múinteoirí a fháil le freastal ar an éileamh atá ann.
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann to take advantage of the support systems which exist
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
más í an bhean atá mo cheannsa a bhí ann if she's the woman I'm thinking of
" ” “Rinne tú éacht más í an bhean atá mo cheannsa a bhí ann,” arsa an gruagaire eile.
den líon atá ann anois. of the number we have now.
" Measann sé go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo agus go bhfaighidh tuilleadh teangacha bás sa chéad aois eile, go dtí nach mbeidh fágtha ach 5 nó 10% den líon atá ann anois.
Ceiliúradh atá ann it is a celebration
" Ceiliúradh atá ann ar imeacht a tharla sa bhliain 1972 nuair a cuireadh achainí, a raibh 30,000 síniú uirthi, os comhair na parlaiminte ag iarraidh go gcuirfí an Mhaoiris agus cultúr na Maorach ar fáil mar ábhair i scoileanna na tíre.
sa lá atá inniu ann. in this day and age.
" Níl córas poiblí ríomhphoist i bhfeidhm i stáisiúin ghardaí an stáit, cé gur deacair a shamhlú go bhfeidhmeodh gnóthaí móra eile d'uireasa a leithéid de chóras sa lá atá inniu ann.
a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann who reach Britain today
" ” Shocraigh Collins an scannán a dhéanamh trí Ghaeilge seachas i mBéarla, teanga an dráma amharclainne, agus deir go raibh sé ag iarraidh níos mó béime a chur ar an mhearú sóisialta a mhothaigh na fir agus iad ag teacht go húrnua go Londain, agus gur chuir an dráma ag smaoineamh fosta é ar na mílte eile ó thíortha éagsúla a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann gan focal Béarla acu.
Albam an-phearsanta atá ann it is a very personal album
" Albam an-phearsanta atá ann agus is cinnte gur seó an-phearsanta a bheas i gceist sna ceolchoirmeacha.
atá ann sa chiall fhíorúil amháin. which exist in the virtual sense only
" Ach tá saothair eile i gceist chomh maith – dealbha cinéiteacha, cuir i gcás – atá ann sa chiall fhíorúil amháin.
nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis. that there is no recovery for the person who is suffering from it
" Ní hé gurb é an cineál galair é ailse magarlach nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann. the opposition regard him as a weakness.
" Níl ach bliain caite sa phost aige agus feictear don fhreasúra gur laigeacht atá ann.
is beag éalú atá ann there is little escape
" I gcathracha mar Nua-Eabhrac agus Philadelphia, is beag éalú atá ann don fhulangaí ach cúlú go dtí an t-árasán aeroiriúnaithe nó imeacht "*down the shore*" go dtí ceann de na bailte saoire.
Fíorfhíochán atá Ann it’s real tissue
" Fíorfhíochán atá Ann ========== Chuirfeadh *‘Semi-Living Worry Dolls’* bábóga páiste i gcuimhne duit go dtí go bhfaighidh tú amach go bhfuil siad déanta as fíorfhiocháin.
sa lá atá inniu ann these times
" *We are a different people* - Is pobal ar leith muidne – (Nan Joyce, údar Traveller (Farmar Publishing 1985) Nuair a phléitear litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann is minic an ‘t-imeallachas’ á lua léi.
Ní hamhlaidh atá sa lá atá inniu ann matters have changed
" Ní hamhlaidh atá sa lá atá inniu ann.
mar bhunaidhm atá ann as its basic purpose
" ie/?p=4543> Ach tá Instagram rud beag neamhchoitianta mar ghréasán agus ar ndóigh, ní áis é le pleanáil imeachtaí mar bhunaidhm atá ann.
gur cathair ilchultúr atá ann it’s a cosmopolitan, multicultural city
" "Ní cathair de chuid an *UK* an chathair a bhfuil mise i mo chónaí inti," ar sé, "ach ghlac muid cinneadh, in áit an gradam a ionsaí, go ndéanfadh muid ráiteas faoin chathair, gur cathair ilchultúr atá ann agus tá muidinne chun a léiriú gur cathair Ghaelach atá i nDoire.
gur smaoineamh saonta atá ann it’s foolish to imagine
" B’fhéidir go bhfuil na hathruithe a thagann le dianfhógraíocht dosheachanta agus gur smaoineamh saonta atá ann go bhfuil an dara rogha ann.
Nochtú fíochmhar anama atá ann it’s a rending exposition of the human soul
" Nochtú fíochmhar anama atá ann.
Is é an deacracht is mó atá ann the biggest problem is
" Is é an deacracht is mó atá ann do scoileanna ná saorálaithe a mhealladh i rith an lae scoile.
is aer te atá ann i ndáiríre it’s really just hot air
" Ach is aer te atá ann i ndáiríre, níl aon bhunús leis.
atá in ann a bheith fadbhreathnaitheach who is able to be farsighted
" ’ Caithfear aird a thabhairt ar chaint duine ar nós Mhic Sheáin a thuigeann ar tharla agus atá in ann a bheith fadbhreathnaitheach.
is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann the police tactics are the greatest problem
" Ó na mórshiúlta atá feicthe agam sa chathair, is é oirbheartaíocht na póilíní an fhadhb is mó atá ann.
Fad is atá sí lonnaithe ann while she’s resident there
" Fad is atá sí lonnaithe ann, tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh agus ar mhangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile.
D’fhéadfá a rá gur dochtaire atá ann you could say he’s a doctrinaire individual
" D’fhéadfá a rá gur dochtaire atá ann.
cé mhéad de gur finscéal atá ann how much of it is fiction
" Tá mé ag fiosrú taobh istigh de mo pháirtí féin, an dream a bhí ann ag an am; céard go díreach a bhfuil a fhios acu faoi; cé mhéad de gur finscéal atá ann agus cé mhéad de gurb í an fhírinne í? Tá daoine ann gur chuimhneach leob céard a bhí ag tarlú ag an am.
mar atá ann i ndáiríre which it really is
" Bhí sé ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre.
gur sraith cogaí atá ann it’s a series of wars
" Sraith Cogaí agus an Mhoráltacht ============== An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas is ea gur sraith cogaí atá ann a thionscnaíonn an t-iarthar gan náire amhail is nach bhfuil súile an domhain orthu.
An stair agus an lá atá inniu ann history and the present
" An stair agus an lá atá inniu ann: péire ar phéire a bhí cártaí an tsaoil a leagan ar an mbord.
atá in ann who are able
" Tá daoine ann atá in ann jab i bhfad níos fearr a dhéanamh d’amhráin daoine eile, ach níl éinne ag casadh amhráin s’againne seachas muid féin! Is breá linn a bheith ag casadh amhráin atá iomlán nuachumtha agus a tháinig glan amach as ár gcloigne féin – tá an-spóirt ag baint leis sin” a deir sé.
gur rud iontach atá ann a bheith éagsúil that it’s something great to be different
" Tá seo déanta ag lucht na mBascach mar shampla, áit go bhfuil sé soiléir do na daoine óga gur rud iontach atá ann a bheith éagsúil agus gur ábhar bróid an fhéiniúlacht agus go neartaíonn sé thú mar dhuine” a deir sé go paiseanta.
léirscrios atá in ann do utter destruction is in store for
" An dóigh a bhfuil sé anois, áfach, léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí gur léirscrios atá in ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus gur beag suíocháin a bheas idir Fine Gael agus Fianna Fáil an chéad iarraidh eile.
is tréise an dreasú atá ann the incentive is greater
" Nuair a bhíonn cúlú geilleagair, is tréise an dreasú atá ann don choirpeach coir a dhéanamh.
gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach there are less people who are able to
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
ach an tsiocair is mó atá ann but the biggest change
" Tá neart cúiseanna leis an athrú seo, ach an tsiocair is mó atá ann, athbheochan a chur isteach i dtionscal na gcarranna.
Is é an sprioc atá ann anois, áfach the target however now is
" Is é an sprioc atá ann anois, áfach, ná go ndíolfar i bhfad níos mó gluaisteáin le cláruimhreacha 132 orthu idir mí Iúil agus mí na Nollag i gcomórtas leis an sé mhí deireanach den bhliain seo chaite.
is súil chaoch atá ann anois it is now purblind
" Ach más ea, is súil chaoch atá ann anois.
Dochreidte sa lá atá inniu ann unbelievable today
" Dochreidte sa lá atá inniu ann.
an té atá in ann anyone who is able to
" Is léir dom anois gur spórt an-dian agus an-teicniúil é spórt an tsiúil agus go bhfuil moladh thar cuimse tuillte ag an té atá in ann tabhairt faoi rás 50km ar fhad agus a bheith fós ag siúl ag an deireadh.
fiú go dtí an lá atá inniu ann even up to the present time
" “Gan amhras ar bith b'shin buaicphointe mo shaoil oibre, fiú go dtí an lá atá inniu ann.
atá in ann who is able
" – an t-aon bhean san Eoraip atá in ann a cuid sciathán a chur thart ar Bhalor agus é a choinneáil ó imeacht nuair is mian leis.
atá go maith in ann lámh chúnta a sholáthar which is well able to give a helping hand
" Is tír shaibhir í an Astráil atá go maith in ann lámh chúnta a sholáthar do na tíortha dealbhaithe seo.
ní mar gheall ar an leas atá ann féin not because of it being the right thing to do
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
is ciseán báid atá ann it’s a basket boat
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
Fáinne fí atá ann it’s a vicious circle
" Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca.
an gá atá ann freastal ceart a dhéanamh ar the need to properly cater for
" " Eangach na polaitíochta ========== Téama coitianta ina chaint é an gá atá ann freastal ceart a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí óga, idir lucht Choláiste Lurgan féin agus na gnáthscoláirí bochta a bhíonn gafa in eangach pollta na Gaeilge ar an dara leibhéal.
Teanglann ar líne atá ann it’s an on line language lab
" "Teanglann ar líne atá ann.
léiríonn an méid atá ag tarlú ann what’s happening goes to show
" Riachtanas na hInfheistíochta ============= A dhonacht is atá cúrsaí in earnáil déantúsaíocht na ngluaisteán abhus, táthar ann a mheasann go léiríonn an méid atá ag tarlú ann go mbeidh deireadh le hearnáil na déantúsaíochta ina hiomláine san Astráil sul i bhfad.
atá ann de bharr obair stocaireachta which are there due to the canvassing
" Sin dhá shampla de mhíreanna sa reachtaíocht atá ann de bharr obair stocaireachta na Comhdhála.
a mhalairt ar fad atá ann the opposite is the case
" An cheist is mó a chuireann imní ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag ullmhú le haghaidh na béaltrialach: céard a dhéanfadh duine le cnap mór airgid? Ach a mhalairt ar fad atá ann do Patrick Clarke, ní haon údar imní í an cheist seo dó mar tá ceathrú milliún euro bainte aige mar airgead duaise ag imirt cártaí.
gur tromluí atá ann that it’s a nightmare
" Mura raibh an teanga foghlamtha ag an Aire Stáit tar éis 14 bliain de scolaíocht, cén seans go mbeidh sé líofa tar éis cúpla seachtain i nGleann? Mhaígh an tAire Stáit úr sa Dáil gur thosaigh sé ag brionglóidí as Gaeilge ach measann go leor den phobal gur tromluí atá ann.
gur feiceálach gur dá ndeoin féin atá na gasúir ann one can see that the youngsters want to be there
" Is deas an rud freisin gur feiceálach gur dá ndeoin féin atá na gasúir ann.
mar an tseoid luachmhar atá fós ann as the precious gem still tangible
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.