Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tagann tocht goil ar Finucane Finucane gets choked up
" Tagann tocht goil ar Finucane nuair a chuimhníonn sé ar ghrianghraf de chara dá chuid, an Leifteanant Ray Murphy, ag siúl isteach sa smionagar agus sa toit, tar éis don chéad túr titim.
tagann easpa misnigh orm I become disheartened
" Uaireanta tagann easpa misnigh orm ó thaobh mo cheol a cur i láthair mhuintir an cheantair ach caithfidh mé a rá go nglacann siad go hiontach leis.
tagann mearbhlán i mo cheann my head starts reeling
" Tá a fhios agam go bhfuil an ghramadach an-tábhachtach, go háirithe aimsirí na mbriathra, ach nuair a amharcaim ar rialacha gramadaí, tagann mearbhlán i mo cheann.
tagann Rónán ar sheamróg. Rónán discovers a shamrock.
" Níos déanaí, sa ghairdín, tagann Rónán ar sheamróg.
ach le cearta, tagann freagrachtaí. but with rights, come responsibilities.
" Tá cearta ag na meáin maidir le saoirse cainte - ach le cearta, tagann freagrachtaí.
tagann an script le chéile the script comes together
" “Tagann smaointe áirithe agus imíonn smaointe eile, ach tagann an script le chéile ag an deireadh.
Tagann deora lena súile. tears come to her eyes
tagann uisce le mo chuid fiacla my mouth starts to water
" B’an-chócaire mo mháthair; tagann uisce le mo chuid fiacla nuair a smaoiním siar ar laethanta m’óige agus an bia seo ar fad.
tagann fadhb eile chun cinn. another problem comes up
" Ach as seo tagann fadhb eile chun cinn.
tagann siad aniar aduaidh ort. they take you by surprise
" Buíochas le Dia, ní tharlaíonn siad ró-mhinic, ach nuair a tharlaíonn siad, tagann siad aniar aduaidh ort.
tagann tocht orm ó am go chéile. I get emotional from time to time
" Ian: Tá mé buartha má bhí mé ródhian ort, a Bhaloir, ach tagann tocht orm ó am go chéile.
Tagann conspóid chun cinn a controversy emerges
" Tagann conspóid chun cinn go minic agus rudaí suntasacha mar seo ar siúl – go háirithe más é an eachtra atá i gceist ná go bhfuil post tábhachtach tugtha do bhean den chéad uair.
tagann fáth bunúsach chun cinn a fundamental reason emerges
" Ach nuair a chuirtear iad ar fad le chéile, tagann fáth bunúsach chun cinn – fáth atá, mar a deirtear sa Bhéarla, *greater than the sum of its parts*.
tagann an cheist chun cinn: the question emerges
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
tagann ciall le haois we learn from life
" Ach tagann ciall le haois, ní hamháin don duine aonar ach ar bhonn níos leithne don tsochaí chomh maith.
tagann tocht ort you’re overcome
" Ach fós tagann tocht ort nuair a fheiceann tú ollchumhacht an easa ag tuargaint síos uait ar an alt.
tagann claochló ar changes entirely
" Roghnaítear cúlra an Fhómhair leis an gceiliúradh a chur ar bun mar tagann claochló ar an timpeallacht i rith na ráithe sin ar an oileán.
Tagann buairt uirthi she becomes worried
" Tagann buairt uirthi – seo bean ‘a thuigeann rudaí’ – an chéad nóta buailte go bhfuil an domhan as a riocht, go bhfuil anord chugainn.
Tagann an méid sin this agrees
" Tagann an méid sin lenar thug Growing Up In Ireland agus Microsoft araon le fios ina gcuid taighde siadsan.
tagann sé ar a athair he finds his father
" Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara.
tagann a leithéid chun cinn go háirithe such arises particularly
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
Tagann Fionnachrith Orm a creep comes over me
" Tagann Fionnachrith Orm ========== Dúirt Sheila Coleman, ón HJC, leis an slua “shíl mé nach raibh sé inrásta preab a bhaint asam go dtí gur léigh mé faoin dóigh a rinne na póilíní scrúdú do dheoch mheisciúil ar chorp buachalla 10 bliana d’aois mar cuid den fheachtas a bhí acu an locht a chur ar na tacadóirí.
Tagann cumhacht focail ar leith power of specific words
" Tagann cumhacht focail ar leith as achoimriú ealaíonta.
tagann sé seo salach ar this contradicts
" *" Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: "*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.
tagann lagmhisneach orm courage fails me
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
tagann an brú seo salach ar this pressure runs contrary to
" Agus ar ndóigh tagann an brú seo salach ar aon iarracht cearta na n-oibrithe a chosaint.
tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach the gospel according to B. is revealed
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
nó tagann sé ina mhaidhm as it comes in a deluge
" (Eagrán 148 , mí Lúnasa 2013) Ní minic a bhíonn athrú rialtais abhus, ach nuair a tharlaíonn a leithéid bíonn ollbhua, nó tagann sé ina mhaidhm, ag an bhfreasúra de ghnáth, agus mar sin a thit sé amach an iarraidh seo.
tagann gach ré duine aníos chugam every second person comes up to me
" Mar sin féin, tagann gach ré duine aníos chugam le cuma imníoch ar a n-aghaidh agus na focla “Usudu, usudu, usudu” rud a chiallaíonn, “tá sí preáchtaíthe, tá sí preáchtaíthe”.
Tagann ceist eile chun solais another matter comes to light
" Tagann ceist eile chun solais san alt seo i dtaca leis an leagan Gaeilge ar chomharthaí turasóireachta an Stáit.
tagann saincheisteanna chun cinn maidir le issues arise in relation to
" Toisc nach bhfuil aon dream amháin freagrach as an gcur i bhfeidhm i dtaca le teanga, tagann saincheisteanna chun cinn maidir le Gaeilge ar chomharthaí.
tagann fearg agus frustrachas orthu they become angry and frustrated
" Amharcann na daoine ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas, an chaoi ar chuir sé díomá orthu, an bhearna a tháinig idir an gealltanas agus an saol mar atá, agus tagann fearg agus frustrachas orthu ar dtús.
Tagann uafás ar (Alina) is horrified
" Tagann uafás ar Alina áfach nuair a thuigtear di go bhfuil a cara Voichita meáite ar an saol cráifeach a leanúint agus go bhfuil sí ina nóibhíseach anois.